Deis ag daonlathas na hAlban buille a bhualadh
Le roinnt seachtainí anuas bhí feachtas fíochmhar ar siúl ag
daorphreas na hAlban in aghaidh an SNP. Mar is dual d'fheachtas den
chineál sin níor bhain loighic ná réasún leis. Is í an imní atá ar
lucht an mheoin choilínigh in Albain go bhfuil níos mó agus níos mó
daoine sa tír sin, go háirithe daoine óga, ag dúil le neamhspleáchas
náisiúnta. Sin an chúis atá le fuath na bunaíochta don SNP. Bainfidh
siad leas as gach cleas leis an treocht sin a mhúchadh. Tá
náisiúnaithe fós in Albain a shíleann go socrófar gach rud de réir
réasúin agus go ngéillfidh an stát ``Briotanach'' go héasca do thoil an
tromlaigh. Beidh maitheas déanta má thuigeann siad gur
réamhbhlaiseadh beag de chur i gcoinne na saoirse an fhíochmhaireacht
a d'fhulaing siad le cúpla mí anuas. Bhí misneach ag Alex Salmond
tabhairt faoi eachtraíocht na nAngla-Mheiriceánach sna Balcáin. Cháin
sé buamáil na hIúgslaive i gcraoladh teilifíse as a mídhlisteanacht
agus as a bheith ina ``unpardonable folly.'' Ba bhreithiúnas measartha
é sin ach is mór an chreidiúint atá ag dul dó as an seasamh sin a
ghlacadh i lár feachtas toghchánaíochta agus Albain ar maos le
bladhmann agus gríosóireacht chogaidh, macalla as Éirinn 1914.
Faoi mar a tharlaíonn sé tá go leor den mhearbhall ar an SNP trí
chéile sna cúrsaí seo. Tá Salmond ar son fanacht amach as ECAT/NATO
ach a bheith páirteach in Aontas Iarthar na hEorpa.
Éilíonn an SNP go mbeadh fórsaí cosanta ag Albain faoi mar is dual do
stát neamhspleách ach níl siad ar aon intinn maidir le feidhm nó méid
na bhfórsaí céanna. Tá dornán daoine, ar a laghad, sa pháirtí a
bhfuil luí acu le harm ollmhór agus cabhlach agus aerfhórsa a bheith
acu. Go deimhin ní fada ó bhí craiceálaí amháin i gceannasaíocht an
SNP ag caint faoi na deiseanna a bhí ann do náisiún beag sa
chogaíocht cheimiceach agus bhitheolaíoch! Le 300 bliain anuas tá an
chogaíocht impiriúil in úsáid le mórtas as ``Briotanachas'' a chothú
d'fhonn an tAontas a dhaingniú.
Cuirtear adú le díograis Blair (Albanach ó bhreith agus ó thógáil, go
slána Crom sinn!) maidir leis na hionsuithe ar an Iaráic (atá ar siúl
i gcónaí) agus ar an Iúgslaiv a fhios a bheith aige go bhfuil an
Ríocht Aontaithe féin i mbaol a díbhunaithe. Agus féach san
impireánacht reatha gurb iad na hAlbanaigh frith-Albanacha Robin
Cook, George Robertson agus Doug Henderson is mó a chlúdaíonn iad
féin le haprún anbhúistéara. Is é an geall a thug an SNP do mhuintir
na hAlban go mbeadh reifreann ann faoi neamhspleáchas ach tromlach a
bheith acu i toghchán an lae inniu. Ach tá rud ann a d'fhéadfadh an
pharlaimint nua a dhéanamh beag beann air sin agus bheadh tacaíocht
fhorleathan ann dó. B'in glacadh le forógra flaithis, deimhniú
sollúnta ó chomhaltaí pharlaimint na hAlban ar an Scottish Right of
Claim a foilsíodh i 1988.
Dheimhnigh an Right of Claim rud níos bunúsaí ná an neamhspleáchas
féin, gur i muintir na hAlban agus iontusan amháin a mhair flaitheas
na hAlban. Bhí an cháipéis sin treascrach go smior mar bhí an
prionsabal daonlathach a chuir sé chun tosaigh glan contráilte leis
an mbunús atá le flaitheas i ndlí Shasana, nach bhfuil sárú ar thoil
Pharlaimint Westminster. Smaoinigh gur shínigh formhór d'fheisirí
parlaiminte Pháirtí an Lucht Oibre agus na nDaonlathaithe Liobrálacha
an t-éileamh chomh maith le líon mór de cheannairí pobail,
ard-cheardchumannaigh agus maithe móra na hAlban. Dála an scéil bhí
John Smith, réamhtheachtaí an Bhláraigh, orthu siúd a shínigh é. Dá
mbeadh an Right of Claim faomhaithe ag Parlaimint na hAlban bheadh
buille marfach tugtha don Ríocht Aontaithe sa chló ina bhfuil sí.
Buailtear an buille sin.
Colm de Faoite
Ní héisteacht go labhairt
Nuair a chruinníonn Sinn Féin le chéile don Ard Fheis an deireadh
seachtaine seo ní bheidh orthu ach rún amháin a phlé a bhainfeas leis
an Ghaeilge, rún, mar a tharlaíonn sé, a iarrann comharthaí
dhátheangacha agus a cuireadh isteach ag cumann nuabhunaithe i
mbliana in Ollsoil na Trionóide, Baile Atha Cliath. Rún amháin.
Maithfí an duine a cheapfadh go mbeadh cath na Gaeilge thart agus an
bua faighte ag lucht na Gaeilge, ach bheadh sé nó sí ar strae. Níl an
cath thart fós agus tá skirmish eile le troid ann i rith na hArd
Fheise féin, dála an scéil, a bhaineann leis an dhátheangachas agus
ár gcoimitmint dó.
Ach má táimid chun méar a dhíriú i dtreo éinne, gur chóir dúinn
bhreathnú orainn féin ar dtús.
Tá Sinn Féin mar páirtí ag cur córas aistriúcháin comhuainigh ar fáil
i mbliana arís don Ard Fheis. Tá costas nach beag ag baint leis an
chóras seo a thabhairt amach ar léasa don deireadh na seachtaine ach
`sin coimitmint a ghlac an páirtí tamall de bhlianta ó shin nuair a
bhí muid chun tosaí i sreachailt na teangan, agus ag ardú ceisteanna
faoi imeallú agus díchlaonadh in aghaidh na Gaeilge.
Níl aon dabht ná gur ghnothaigh an páirtí meas ó ghrúpaí ar fud na
tíre dá bhrí an díograis a chur gníomhaithe Shinn Féin isteach san
fheachtas a mhair ó lár na n-ochtóidí ar aghaidh. Níl a fhios agam
anois, agus Clár na hArd Fheise i gcló gan ach rún amháin faoin
Ghaeilge ann, an bhfuil an cath thart? Ar bhuaigh lucht na Gaeilge a
sreachailt agus gan fios a chur orainn? Nó ar bhog muid ar aghaidh,
mar a mhol Máirtín Ó Muilleoir ceithre nó cúig bliana ó shin le linn
díospóireachta ag Slógadh Shinn Féin, ó bheith inár `mbrúghrúpa' ar
son na Gaeilge, muid ag déanamh na hoibre gurbh fhearr do na ngrúpaí
teangan féin a dhéanamh?
Ag cruinniú i nGaoth Dobhair dhá mhí ó shin, nuair a chruinnigh
iarchimí le Gaeilge ó na carcaireacha éagsúla le chéile chun Cumann
na Fuiseoige a athsheoladh, thuairimigh cuid des na cainteoirí go
raibh, go pointe, an talamh athraithe; go raibh cuid mhaith des na
héilimh bainte amach a chur Gaeil chun tosaí - ó thuaidh agus ó dheas
- agus go mbeadh ról nua, feasta, ag Poblachtanaigh le Gaeilge...
úsáid na Gaeilge a láidriú, seirbhisí tré Gaeilge a neartú agus a
leathnú, agus cumas na Gaeilge mar teanga oibre a chruthú agus a
spreagadh.
Beidh deis againn sin a dhéanamh i rith an deireadh seachtaine seo
nuair atá an Ard Fheis ar siúl. Tá lán cead ag chuile cainteoir a
rogha teanga a úsáid - tá an Béarla chomh inghlactha leis an Ghaeilge
mar theanga oibre ag imeachtaí mar seo - agus níor chóir go mbeadh
aon easpa ocáidí cainte ag daoine a dtuairimí a roinnt linn ar go
leor leor téamaí, trí Gaeilge.
Ní fiú dúinn bheith ag maíomh as ár n-iarrachtaí féin
`dhátheangachas' ná chomhurraim don ghaeilge a bhaint amach má tá
muid ag brath ar sampla na gcluasán córas aistriúcháin na hArd
Fheise. Ní fiú faic na cluasáin céanna mura bhfuil:
a) daoine sa lucht éisteachta nach dtuigeann Gaeilge
b) daoine ag labhairt Gaeilge, chun `leithscéal' a thabhairt dóibh a
chomhlíonann (a) na cluasáin a chrochadh lena gcluasa breatha
poblachtacha.
Deirtear liom, ó am go ham go mbíonn poblachtanaigh áirithe
robhrodúil na cluasáin a chaitheadh ar eagla go gceapfadh daoine eile
nach mbeadh an Ghaeilge acu. Ní chreidim sin.Bheadh daoine
ro-fhiosrach ar `cad a bheadh an boc sin thuas ar an ardán' á rá! Ní
fadhb éisteachta nó éisteoirí atá ann ach fadhb cainteoirí.
Caithfidh Gaeil an pháirtí seo - agus tá a lán againn ann - an
Ghaeilge a bhrú chun tosaí ar imeachtaí móra poiblí mar Ard Fheis
Sinn Féin. Bíodh na comharthaí dhátheangacha ann, agus bíodh an córas
dhátheangach ann chomh maith, ach ní fiú faic iad mura bhfuil daoine
chun úsáid a bhaint astu.
Tá éisteoirí Gaeilge againn amuigh ansin. Tugaigí a lá dóibh, a
chainteoirí. Labhraigí an teanga an deireadh seachtaine seo.