Sipheonadh na hAcmhainne Náisiúnta
Beidh Enterprise ag buanú na bréige go mbeidh siad páirteach sa gheilleagar
áitiúil/náisiúnta nuair is léir nach mbeidh aon páirt ach ach páirt an
ghadaí. Ba cheart dúinn bheith eagraithe in aghaidh na bréige sin.
Tá daoine ann, creid nó ná creid, a shíleann go raibh ciall agus réasún ag
Maggie Thatcher agus í ina Príomhaire i Sasana.Tá daoine ann a dhéanann an
argóint, fiú, go raibh sé de cheart aici cumhacht na gceardchumann a
bhriseadh agus príobháideachas a thabhairt i bhfeidhm mar pholasaí, í ag
díol seoda agus maoin na Breataine isteach go lámha na hearnála príobháidí.
Ach má a dhíol, ba go Breatanaigh eile, fiú san earnáil phríobhaideach. a
dhíol sí an acmhainn de ghnáth. Is iadsan a rinne brabús as sin is mó a
mholann an Bhean Thatcher agus ina measc-san níl sampla níos fearr - agus
níos cóngaraí d'Éirinn, ná Enterprise Oil.
Bunaíodh Enterprise Oil ag an am céanna go raibh Thatcher ag briseadh
tionscail an ghuail as a chéile sa Bhreataine agus tuigtear go bhfuil a
gcuid féin de scaranna sa chomhlacht go fóill ag clann Thatcher. Agus dá
mbeadh, dá mbeadh nasc idir Thatcher agus Enterprise, cé a chuirfeadh
iontas ar an scéal go bhfuil nimh san fhuil ag an comhlacht do bhunus na
hÉireann agus do leasa na tíre seo?
Bhuel, is nimh san fhuil atá acu don tír seo, gan amhras, nuair a déantar
iniúchadh ar nósanna na comhlachta maidir le haimsiú, druileáil, solathar
agus díol íle na hÉireann nó tá Enterprise ar ceann des na comhlachtaí is
mó i rás na híle ar chosta iartharach na tíre seo - agus ceann des na
comhlachtaí is measa nuair a déantar comhaireamh ar na hÉireannaigh atá
fostaithe sa tionscail agus an brabús a thiocfaidh as don tír seo.
Cuimhneoidh léitheoirí APRN na fíricí a bhaineann le díol na hacmhainne
náisiúnta seo. Cuimhneoidh siad go bhfuil, mar shampla, an ráta cánach do
chomhlachtaí íle ar an ráta is ísle sa domhan. Chun sin a dhéanamh níos
sóiléire, thig linn comparáid a dhéanamh idir ráta na hÉireann agus ráta an
Ioruaidh. In Éirinn ligeann an rialtas do na comhlachtaí taiscealaidh íle
agus gáis an mhaoin luachmhar náisiúnta a tharraingt leo agus gan ach
cánacha 25% á n-íoc. Is nod don eolaí é chomh maith, ní gá domh a rá, go
dtig leis na comhlachtaí a gcostaisí a ghlanadh mar `caiteachas islithe na
cánach'. Agus ansin tá ar an náisiún an gás agus an íle a cheannacht ar ais
ó na comhlachtaí.
Is pictiúir difriúil atá ann i gcás an Ioruaidh, ag a bhfuil ráta cánach de
78%, ach ar ndóigh tá an brabús chomh ard sin nach scanraíonn ard-ráta
cánach na comhlachtaí ón tír sin agus bíonn siad breá sásta an cháin a íoc.
D'íocfaidís an ráta in Éirinn chomh maith, ach go raibh rialtas na tíre seo
chomh lag - nó chomh ceannaithe sin - gur thóg siad an ráta íseal isteach,
agus ansin gur chuir siad deireadh le ríogaíochtaí - na híocaíochtaí a
mbíonn ar chomhlacht íle íocadh as gach bairill a thagann as an ghrinneall
i dtíortha eile... Nach bhfuilimiid fláithiúil mar náisiún.
Tá cealg níos pianmhara fós ann, taobh amuigh den airgead sin, áfach, agus
baineann sé le postanna agus geilleagar fad téarmach.
Le blianta fada, tá SIPTU ag troid do chearta na tíre seo ar na fearais
íle. D'éiligh siad agus bhuaigh siad an ceart go mbeadh ceatadán inghlactha
d'fhoireann Éireannach fostaithe ar gach fearas. Rinne siad seo ar dhá
chúis. Bhí siad ag iarraidh postanna Éireannacha a shábhail ar na fearais
ach chomh maith leis sin bhí siad ag iarraidh go mbeadh an t-eolas agus na
scileanna fad téarmach in Éirinn ionas gurbh fhéidir linn tionscail
dúchasach a dhéanamh as. Sin a rinne an Ioruaidh agus sin a rinne na
hAlbanaigh. Agus ar feadh tamaill, bhí an cath sin buaite acu.
Tá Enterprise, áfach, ag briseadh an aontais sin as a chéile anois - le
comhoibriú nó geilleadh rialtas na tíre seo. In ionad postanna Éireannacha
a chruthú (thuas le ocht bpost tacaíochta istíre a fhásann as gach post ar
an fearas féin) agus díolachán earraí agus seirbhísí Éireannacha a bhuanú,
tá an rialtas ag ligint d'Enterprise na postanna agus an seirbhís
tacaíochta a bhogadh as Éirinn go dtí costa iartharach na hAlban.
Níl ach comhartha seirbhíse Éireannach fágtha ag Enterprise anois don
druilleáil amuigh ó chosta Mhuigh Eo, beagáinín ó na Cealla Beaga agus an
corr heileacaptar ó Charraig Finne. Taobh amuigh de sin tá an freastal agus
seirbhís go léir ag teacht ó chosta na hAlban, rud a cheadaíonn an rialtas
faoi théarmaí `saoirse ghluaiseacht na n-oibrithe' san AE.
tseachtain seo, tosaíonn Enterprise Oil feachtas bolscaireachta i
nGaillimh nuair bheidh lón saor ann d'éinne ar mhaith leo teacht, chun cás
na comhlachta a chluinsint faoin todhchaí geal d'iarthar na hÉireann mar
gheall ar aimsiú na híle. Beidh go leor caint ann faoina spin-offs, faoi
comhlachtaí eile a thiocfaidh don reigiún le monarchana a lonnú ann mar
gheall ar an íle agus gás fluirseach ag praghas íseal.
Ach cé a bheas ag íoc as? Sin an cheist a chuireann Seosamh O Tuathail,
úrlabhraí SIPTU san iarthar. Má osclaíonn comhlachtaí nua, gheobhaidh siad
deontais rialtais, agus ansin ceannóidh siad gás saor Éireannach... mar
saghas `maoiniú faoi dhó' gan aon buntáiste as do mhuintir na hÉireann. Is
scannal é, amach agus amach.
Tá ciall leis an moladh go mbeimis níos fearr as mura mbeadh an seirbhís
chomhartha sin idir na fearais agus na Cealla Beaga , agus na fearais agus
aerphort Carraig Finne ann ar chor ar bith. Cuireann an dhá sheirbhís sin
le tuiscint go bhfuil `cos Éireannach' ag an comhlacht, nuair is léir nach
bhfuil. Déanta na fírinne níl aon Éireannaigh ag obair ar na fearais anois
agus ní fios cé go díreach atá ann nó faoi cén coinníollacha atá siad
fostaithe. Fuarthas amach bliain ó shin, mar shampla, go raibh buíon
Filipeanaigh fostaithe ar fhearas de chuid Enterprise amuigh ó chosta na
hAlban agus nach raibh siad ag fáil ach 81 pingin in aghaidh na huaire.
D'éirigh le hEnterprise sin a dhéanamh toisc an fearas a bheith 12 mhíle ón
chosta, nó, i bhfocal, lasmuigh an teorann idirnáisiúnta.
Tá sé i gceist ag Enterprise camturas an iarthair a dhéanamh lena
bholscaireacht a scaipeadh. Ar ndóigh má éiríonn aon duine ceisteanna
breathnófar air nó uirthí mar fhealltóir atá ag obair in aghaidh an Mhór
Bhuntáiste seo do bhailte i dTir Chonaill, Sligeach, Maigh Eo agus i
nGaillimh. Beidh Enterprise ag buanú na bréige go mbeidh siad páirteach sa
gheilleagar áitiúil/náisiúnta nuair is léir nach mbeidh aon páirt ach ach
páirt an ghadaí. Ba cheart dúinn bheith eagraithe in aghaidh na bréige sin.
Tá seans ann, áfach, go ndéarfaidh daoine go bhfuil sé rómhall, cibé scéal,
le beart a dhéanamh faoi seo. Is fíor go bhfuil na ceadúnais díolta, agus
go bhfuil an chuid den aigean mhór atá mar `sheilbh' ag Éirinn, díolta
amach anois leis an comhlachtaí. Beidh sé deacair an suíomh sin a athrú nó
beidh na comhlachtaí ag brath ar dhlithe idirnáisiúnta chun a gcuid
infheistíochta a chosaint. Is fíor, chomh maith, go bhfuil rialta agus
dlithe Eorpacha i gceist nuair atá saoirse ghluaiseacht na n-oibrithe i
gceist. Ach tá ceart móralta - dualgas móralta fiú - orainn postanna
Éireannacha a chosaint, agus daoine a chur ar na fearais sin a bheas in ann
na scileanna agus an t-eolas a thabhairt ar aghaidh do ghlún Éireannach
eile.
Níl Enterprise chun an ceart sin a gheilleadh gan sreachailt, ar ndóigh,
ach ba chóir dúinn tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí SIPTU brú a chur ar
an rialtas agus ar na comhlachtaí íle araon, cúlú siar ó pholasaí a
choinníonn oibrithe Éireannacha ar an dól, agus a ligeann do phostanna
seirbhíse bhogadh amach as an tír.
Nuair a thóg Thatcher príobhaideachas isteach bhí sé de chiall aici, ar an
laghad, comhlachtaí príobhaideacha Breatanacha a chruthú agus an acmhainn a
díol don tairiscint is airde. In Éirinn, áfach, tcítear gur don tairiscint
is lú a théann ár maoin.