Go seasa O Cuív an fód!
Ar bhealach tá rud beag íoróine ag baint leis an gcinneadh comhlacht
trasteorann um chúrsaí teanga a bhunú. Glacadh leis an gcomhlacht seo
le go seachnófaí comhlacht eacnamaíoch a mbeadh ``tábhacht'' ag gabháil
leis. Géilleadh an comhlacht teanga toisc gurb í an tuairim
choitianta gur ceist imeallach í an Ghaeilge, nach bhfuil inti ach
siomból. Bhí meon an tsiombólachais in uachtar sa stát ó dheas ó
bhunú an tSaorstáit i 1922. Ní mór a admháil freisin go raibh an meon
sin láidir i gcónaí riamh i ngluaiseacht na Poblachta.
I ndáiríre, níl na heagraíochtaí Gaeilge i bhfad chun tosaigh. Ní
léir uathu go bhfuil idé-eolaíocht nó fealsúnacht thomhasta á
dtiomáint. Is ar éigean go bhfuil mórán ar choistí ceannais na
n-eagraíochtaí nó ar a gcuid feidhmeannach a bheadh i mbaol
smaointeoireacht a bheith curtha ina leith, bail orthu.
Ach is í an íoróin go bhfuil rud an-tábhachtach déanta. Tá comhlacht
trasteorann um chúrsaí teanga ar tí a bunaithe agus tá
féidearthachtaí móra ansin. Is ceart na cumhachtaí is láidre a lorg
don chomhlacht nua leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar an dá thaobh
den teorainn. Dá mbeadh na cumhachtaí sin ann agus dá n-úsáidfí iad
d'fhéadfaí úsáid na Gaeilge a mhéadú go mór ar an dá thaobh den
teorainn.
Ba é an locht ba mhó a bhí i gcónaí riamh ar Bhord na Gaeilge a easpa
cumhachta reachtúla. Is é a theastaíonn údarás a mbeidh de chumhacht
ann treoir a thabhairt d'eagraíocht stáit (mar thús) maidir le
polasaí teanga de.
Tráth dá raibh d'fhoilsíodh an Bord cláir ghníomhaíochta don earnáil
stáit ach d'éirigh siad as sin go ciúin mar ba léir dóibh féin gur
cur i gcéill a bhí ann a bheith ag súil go ndéanfadh comhlachtaí
stáit de réir chomhairle an Bhoird.
Ba dheas an rud é níos mó teanntáis a fheiceáil sa Bhord agus é ag
plé le deacrachtaí a bhíonn ag daoine agus iad ag iarraidh gnó a
dhéanamh le ranna stáit trí Ghaeilge.
Is é a deir daoine ón mBord nach é a bpolasaí brú nó éigean a chur ar
dhaoine, fiú san earnáil stáit. Deargsheafóid é sin. Nár chuala siad
riamh faoi thaictic an phóilín chneasta agus an phóilín ghránna?
Oireann sé don Stát go mbeadh an Bord ``séimh.'' Is mar sin is cuí i
gcás gnó atá imeallach. Léiríonn an líne bhuiséid ``Ciste na Gaeilge''
meon an imeallachais go seoigh. Is éard a bhíonn ansin deontais
d'eagraíochtaí Gaeilge (nó iarsmaí eagraíochtaí). Samhlaigh dá
gceapfadh rialtas go mbeadh a dhualgas comhlíonta maidir le
talmhaíocht de ach slám airgid a bhronnadh ar chumainn
fheirmeoireachta!
Déanann an cur chuige maoinithe an scéal níos measa. Ioctar airgead
le heagraíocht in aon slám amháin agus fágtar faoin eagraíocht é a
chaitheamh de réir mar is mian léi. Téann an chuid is mó ar fad
isteach in oifigí agus i dtuarastail ardfheidhmeannach ar cuma ann nó
as iad chomh fada agus a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge.
Nílim in aghaidh maoiniú stáit a dhéanamh ar imeachtaí Gaeilge - a
mhalart ar fad - ach caitear an t-airgead ar na himeachtaí seachas ar
chóras maorlathach (atá as cuimse mór don mhéid ball atá le
maoirsiú). Ba cheart maoiniú a dhéanamh ar bhonn tionscnamh seachas
cnapshuim a thabhairt mar bhronntanas bliantúil.
Sa deireadh thiar thall ní haon slat tomhais é Ciste na Teanga ar
dháiríreacht rialtais maidir le Gaeilge. Is é atá tábhachtach
gníomhaíocht agus nósmhaireacht an Stáit féin.
Tá dhá éileamh le déanamh go práinneach ar an stát Éireannach, a
chinntiú go mbeadh cumhachtaí láidre reachtúla thuaidh theas ag an
gcomhlacht nua trasteorann agus Acht Cearta Gaeilge a reachtú. Maidir
le hAcht Cearta de tá an tAire Stáit Éamon O Cuív i mbun bille a
réiteach agus creidim go bhfuil sé lán dáiríre faoi. Beidh air
freasúra a shárú taobh istigh agus taobh amuigh den rialtas agus den
státseirbhís, go háirithe ina roinn féin. Go raibh an téagar ann an
fód a sheasamh!
Colm de Faoite
rachaidh nó nach rachaidh
rachaidh nó nach rachaidh P Flynn, `sin í an cheist ar bheola go
leor leor daoine in Éininn an tseachtain seo ina dhiaidh do
rúnscaoileadh Tom Gilmartin ag deireadh na seachtaine - rúnscaoileadh
a d'éirigh mar fhreagra díreach ar bhéalscaoileadh P Flynn féin ar an
Late Late Show coicís ó shin. Níl aon amhras i mbarúil an phobail
anois ná go bhfuil Flynn ciontach as caimiléireacht éigin, bíodh sé
tríd airgead a ghlacadh ar chúiseanna polaitiúla, nó airgead a
ghlacadh chuige féin ar bhonn phearsanta, nó tríd chuir isteach ar
fhinné an Fhiosrúcháin Flood.
Ar ndóigh níl ach duine amháin atá in inmhe fáil reidh le Flynn mar a
sheasann an scéal ( murach go bhfuil an Iomchúisitheoir Póiblí le
cúiseanna a chur ina leith) agus `sé sin Pádraig Mag Fhloinn é féin,
nó, faraor, tá sé i bhfad ó smacht aon rialtas in Éirinn anois, suite
mar atá sé ina Choimisinéir Eorpach.
Agus níl Flynn féin ag iarraidh deireadh a chur leis na ráflaí atá i
mbéal an phobail faoi. ``It is not my intention to make a statement,''
arsa sé an tseachtain seo.
``I will co-operate fully with any tribunal. As I understand it Mr
Gilmartin has made no charge against me. I do know Mr Gilmartin. I
haven't met him for some time.'' Ach séanadh an scéil ná bréagnú na
ráflaí faoi £50 000 ní dhéanfadh sé.
Ar ndóigh, cuidíonn an leithéid d'imeacht leis an meon a láidriú i
measc na ndaoine go bhfuil polaiteoirí - agus iarpholaiteoirí - saor
ó chúiseanna, imdhíonaithe ó Chóras na Córa. Cuimhníonn siad ar
Haughey, an luach, an táispeántas póiblí dá shaibhreas, an saol mar
phrionsa agus gan ioncam infheicthe a thacódh leis. Anois, ina
dhiaidh fiosrúchán, tá Haughey mar a bhí i gcónaí agus nuige seo níl
aon rud caillte aige ach a ainm... má bhí a ainm aige riamh. Amach
anseo, cuimhneoidh glún eile air mar an tEalaitheoir Mór, chan ar an
Rogaire agus coinneoidh sé a chuid saibhris ba chuma cén chaoi a
fuair sé é. B'amhlaidh an scéal do Flynn, Lowry agus go leor leor
eile nach iad. Cluinfidh muid na n-ainmneacha agus déanfaimid dearmad
ar na hainmneacha ina dhiaidh tamaillín nuair a foilsítear scéal
caimiléireachta eile.
I ndiaidh do P Flynn teacht ar an Late Late, bhí léirmheas i gceann
de na nuachtáin faoin mhéad a bhí le rá aige. Dar leis an
léirmheastóir, b'í ceann des na rudaí is measa faoi, ná an slí a
labhair Flynn faoina thithe agus faoina shaibhreas. Luaigh sé na
deacrachtaí a bhaineann le trí theach a choinneáill ach mhaígh sé a
chuid phinseán féin, pinseáin, ní mór a rá, a íocfaidh muintir na
tíre seo dó go ceann deireadh a laethanta.
Ach an ceart é, dár le heiticí an tsaoil seo, go mbeadh maoin agus
saibhreas ag duine de bharr caimileireachta? Agus go mbeadh duine a
ghnothaigh a theach, ná a ghnó, nó brabús ar mhódhanna pleánála
mímhacanta agus faoi thoradh breabaireachta, an ceart é go mbeadh na
daoine sin saibhir fós nuair a thiteann deannach na bhfiosrúchán go
talamh?
Níl ach sé mhí ann ó thug Rialtas Baile Atha Cliath dlíthe nua,
draconian mar a chur Bertie Aherne féin orthu, isteach sa tír seo. De
bhrí barúil an phobail ina dhiaidh uafás an Ómaigh, níor ardaigh
morán glór ná agóid faoina dlithe seo, a cheadódh don Gharda, ina
measc cumhachtaí eile, talamh, tithe agus feirmeacha a ghabháil dá
gceapfaí uinéir na seilbhe bheith ceangailte le himeachtaí
mídhleathacha... nó scéimhlitheoireacht mar a chur siad air. Ní dlí
maith é an dlí céanna agus tá go leor a chreideann go saraíonn a
leithéid de dhlí cearta an duine, nó ceanglaíonn sé seilbh an duine
le gnó an duine nach bhfuil bainte leis an tseilbh. Ach an amhlaidh
an scéal nuair atá an seilbh féin bunaithe ar chaimileireacht? Nuair
atá an saibhreas agus an mhaoin fite fuaite le campholaitíochtaí;
clúdacha páipéir doinne; something for yourself, big fella nó eile?
An ceart é, `sin í an cheist, go mbeadh polaiteoirí, lucht pleánála
agus a macasamhail in inmhe a maoin drochfhaighte a choinneáill fiú
nuair is léir nach bhfuil sé faighte go macanta? Go dtí go reitítear
an cheist bhunúsach sin ní nach ionadh go mbeidh daoine ag smaoineadh
go n-íocann coir as féin.