Ná Dumpáil Orainn.... arís
Má bhí aon duine ag smaoineadh go mbeadh `deachrachtaí' ag
polaiteoirí áitiúla na ceisteanna a aimsiú a mbeidh ina gcnámh
spairne is mó sna toghcháin amach anseo,nochtadh freagra ar sin an
tseachtain seo chuaigh thart nuair a `phléasc' dhá abhar aighnis
orainn atá ina n-eiseamláir den saghas aighneas a bheas ann ó anois
go dtí deireadh mí Meithimh. Agus, mar is cuí, `siad eisiúintí
áitiúla, gan amhras iad, agus iad i bhfad ó mhórcheisteanna
polaitiúla, náisiúnta na tíre; ceisteanna fréamhaithe i saol láethúil
na ndaoine, ceisteanna a bhaineas - sa dhá chás - le ceist na
timpeallachta agus a slí a dhéilíonn an pobal seo léí.
Tá argóint bhríomhar faoi lán seol i láthair na huaire i mBré faoin
dóigh gurbh fhéidir leis an Bhainisteoir nó Feidhmeannach Chomhairle
neamháird a dhéanamh de chinniúint an Chomhairle maidir le cead
pleánála a bhaineann le forbairt i gCeann Bré féin. De réir leis an
Chomhairle - a ghlac d'aon ghuth gan ligint don fhorbairt - rialaíodh
ina aghaidh nuair a chinnn an Príomh-fheidhmeannach leanstan ar
aghaidh leis an tionscnamh. Níl aon líomhaintí de chaimiléireacht á
gcur chun tosaí sa chás seo, ach tá ionadh ar na Comhairleoirí ar
conas gur féidir le Oifigeach an Chomhairle cluas bódhar a thabhairt
ar na buairimh a luaigh siadsan agus ar cén bhunús a ghlac sé le
pleán an lucht forbartha. Sa chás áirithe seo, chomh maith, aontaíonn
an tOifigeach Pleánála leis an Chomhairle. Dhiúltaigh sé cead
pleánála cheanna ar an abhar gur suíomh dúchasach áilleachta atá ann
Ceann Bré agus nár chóir go scriosfaí le forbairt tithíochta agus
eile é.
Mar a tharlaíonn sé, tá raic éagsúil - ach cosúil leis seo - ar súil
ar an taobh eile den tíre an tseachtain seo a bhaineas, chomh maith,
le cumhachtaí Oifigigh Feidhmeannaigh na gComhairlí Áitiúla, idir
Uirbeacha agus Chondae. Roimh an Nollaig, phléadáil pobal an
cheantair An Cheathrú Brún, lasmuigh Chathair na Gaillimhe, go raibh
an carn fuílligh ann, (suíomh talamh líonta mar a tharlaíonn sé) ag
fás thar fóir an teorainn a leagadh síos dó. Cé gur chuir sé iontas
ar Bhardas an Cathrach, bhuaigh na gearánaithe an cás cúirte agus
cuireadh iachall ar an Bhardas an carn fuílligh a dhúnadh ón chéad
seachtain de mhí Eanáir. Mar a tharlaíonn i gcásanna den chinéal seo,
ní raibh aon suíomh eile aitheanta fós ag an Bhardas, agus d'éirigh
anord ar na sráideanna dá bhrí.
Thosaigh an Bardas ag seoladh lorraithe ina dhiaidh lorraithe de
bhruascar amach as Chathair na Gaillimh thart ar seasca míle chuig
carn fuílligh an Chontae, i mBéal Atha an tSluaighe, ach mar a
bheifeá ag dual ní raibh bunus na háite sin ró-shásta dramhaíl na
Cathrach a fháil mar bhronntanas agus chuir siad-san picéad ar an
charn. Bhí cruinniú ag an Comhairle Ceantair Uirbigh agus d'aontaigh
na baill de le meon an phobail (na vótóirí, ar ndóigh, i mbliain na
dtoghchán seo) ach rialaigh an Príomh-fheidhmeannach go ligfí do na
lorraithe breise a n-ualach a fholmhú sa charn. De bhrí sin, tá
bruascar 70 000 duine, agus ionaid siopadóireachta, agus na siopaí go
léir i lár Chathair na Gaillimh á chaitheadh anois i suíomh a leagadh
amach do bhaile faoi tuath le daonra de trí nó ceithre mhíle duine.
Ní nach ionadh go raibh pobal an bhaile buartha faoi; ach, i gcás
cúirte eile an tseachtain seo tháinig breithiúnas a rinne an picéad
mídhleathach agus a chuir dualgas ar lucht an picéad cead a mbealach
a thabhairt do na lorraithe.
Éiríonn go leor ceisteanna as seo. Ar dtús, nach mór ról na
bhFeidhmeannach a scrúdú? Sa dhá shampla seo - agus bí cinnte nach
ann ach sampla den saghas achrainn atá ar súil ar fud na tíre - bhí
na feidhmeannaigh in inmhe rialú ina aghaidh an bhardais /
chomhairle. Nach ionann sin, an chumhacht fheidhmeannaigh seo, agus
frithdhaonlathas? Níl an argóint seo faoi chinniúint cheart ná
mhícheart, ach faoin chumhacht chinniúna féin. Cén fath go mbeadh
comhairleoirí tofa ann dá mba rud é gurbh fhéidir le hoifigeach
neamhtofa rialú ina n-aghaidh i gceisteanna pleánála agus dramhaíola?
Agus ar an lámh eile cén fath, mar shampla, nach raibh `Pleán B' ag
an Bhardas? Mar a dúirt Jarleth Feeney, úrlabhraí Chumann Lucht
Tráchtála na Gaillimhe ag deireadh na seachtaine seo chuaigh thart,
nuair a thosaigh bruascar ag carnadh ar na sráideanna,:
``Tá fadhb amháin ina dhiaidh faidhbe eile sa chathair seo le déanaí.
Bhí achrann Oileán na gCaorach ann, tá fadhbanna reatha faoi easpa
parcála ann agus anois `seo fadhb na Ceathrú Bhrúin. Tá mé ag
cluinsint daoine ag caint faoi chinn ag titim...
``Níl mé ag toiseacht feachtais in aghaidh aon pholaiteora áirithe,
ach tá a fhios ag cách go mbeidh toghcháin i mbliana. Agus ansin,
labhróidh muintir na Gaillimhe...''
Labhróidh, leoga. Ach ag Cruinniú Míosúil an Chomhairle an tseachtain
seo chaite, nuair a bhí aimsiú suímhe nua ar Chlár an Chomhairle
Chondae, chuir na comhairleoirí an cinniúint siar go dtí go mbeidh
Comhairle nua tofa in ionad an chinniúint a ghlacadh. Tuigtear go
raibh eagla ar chomhairleoirí áirithe a dtuairimí a nochtadh ar eagla
go mbainfeadh na vótóirí díoltas amach orthu lá na dtoghchán. Bí ag
caint faoi `cheannaireacht'!
Amharclann I nGaelige do lucht na nGaeilscoileanna
Le Lucilita Bhreatnach
Go h-iondúil tá polasaí againn sa pháipéar seo gan altanna I
nGaeilge a scríobh maidir le cúrsaí na Gaeilge, saol an nGaeilge, I
na nGaeilge, ach cé go bhfuilim taréis cloí leis an bpolasaí seo táim
chun éalú uaidh an t-seachtain seo.
Tá neart tuaraimí ar an gcoincheap a bhaineann leis an mBord uile
Eireannach don teanga Ghaeilge atá le buná mar cheann de na sé Bhoird
Uile Eireannacha, Tá smaointe agus ábhair éagsúla a dteastaíonn ó
Shinn Féin go dtitfeadh amach agus ár ndóigh tuaraimí dearfacha agus
diúltacha ag na páirtí eile taobh istigh san Tionól agus ár ndóigh an
dá rialais.
Caithfear fiacla a bheith ag an mBord seo la daoine atá dáirire faoi
cur chun cinn an Ghaeilge bheith ceaptha ar an mBord. Tá roinnt oibre
agus pleanáil ag titim amach ar seo cheanna féin ach chun go
Iaidreófar I tá sé riachtanach go mbeadh na h-eagraisí uile
lánghaelach aí is a bhaineann le cúrsaí chultúrtha sna Galltachtaí is
na Gaeltachtaí ag cuir Ián-shuim san dtionscnamh seo. Tá sé
riachtanach freisin go mbeadh na grúpaí uile seo suas chun dáta ar na
h-iarrachtaí nó a mhalairt atá ag titim amach. Agus chun go mbeidís
éifeachtúil tá géar-ghá go ndéanfaidís a gcumhachtaí a úsáid I slite
a dtiontaíonn an ath-chóiliniú ar an nGaeilge.
Pléifear an ábhar seo níos mionne go luath
Chonnacthas an t-seachtain seo go bhfuil Amharclann in Oideachas don
Teanga Gaeilge molta ag drámadóir ó Bhaile Atha Cliath darbh ainm
Paul Mercier dhó. Is mac é Paul Mercier le Peadar Mercier a bhíodh
ina mbodhránaí leis na Chieftains tráth go dtí gur bhuail
drochshláinte air. Deir Paul Mercier go gcuirfeadh an Amharclann nua
seo le lucht féachana a spreagadh do dhramaí I nGaeilge. Le déarnaí
tá an dramadóir Mercier taréis tús a chuir le scannáin ghearr a
scríobh is a stiúradh I nGaeilge.
Ba ag comhdháil dhá theangach faoi theideal amharclann
chomhaimseartha I nGaeilge a bhí ar siúl in Amharclann na Péacóige an
deireadh seachtaine seo chaite an áit a cuireadh gaoth leis an
bhfocail seo.
Deir Mercier le méadú ar mhéid na nGaeilscoileanna timpeall na tíre
go bhfuil cuir ar fáil mhillteanach de lucht éisteachta chumasach atá
Gaeilge anois acu ós rud é nach bhfuil clár amharclainne scoile ann I
láthair na h-uaire níl na féadarachtaí na h-éilimh seo a sholáthair
do dhaonra na nGaeilscoileanna.
Bhi iar stiúrthóir an Abbey, Tomas Mac Anna, I láthair ag an
gcomhdháil a rinne argóintí ar son bunú amharclainne a bheadh
caidreamh go láidir le obair I dteangacha mhionnlaithe. Léirigh an
drámadóir ón Bhreatain Bhig, Ian Rowlands, conas ar athraigh an
cainéal teilifíse Breatnaise suíomh iad siúd atá ag obair leis an
dteanga.
Bhí roinnt plé theibí freisin seachas plé phraicticiúil ar ábhair
fealsúnach. Cheistigh an drámadóir Liam O Muirthile agus an
t-Oifigeach Oideachais, Kathy McArdle, ceard is brí le scríobh I
nGaeilge da mba rud é go bhfuil an cleachtadh nó gur thárla an
eachtra taobh thair den drama I mBéarla. Caithfidh a áit fhéin a
bheith ag na drámaí as Gaeilge chun nach mbeadh gimmíocht ag baint
leo.
Is é an chéad drama eile gaeilge á léiriú ag an Abbey dráma atá
aistruithe ag Tom McIntyre ar ``Chúirt an Mheán Oídhche'' bunaithe ar
an dán nó mír fhada a scríobh Brian Merriman san ochtú aios déag. Tá
sé le h-oscailt san Phéacóg sa bhFómhar.
Nach bhfuil aon dramai Gaeilge eile le bheith ar siúl sa phríomh
chathair ar feadh seacht mhí eile? Conas a n-úsaidtear na deontaisí a
thugtar do lucht amharlcainne? Abhar alt nó díospoireacht eile!
Níl riail ná dlí ar an nGarda Síochána
Bhí mí-ádh ar an Sáirsint James Cunningham gur ciontaíodh é an
tseachtain seo caite as cúrsaí ceartais a chur as a riocht. Mí-ádh,
mar ní raibh sé ach ag déanamh an ruda a dhéanann comhaltaí den
Gharda Síochána gach lá den tseachtain, aire a thabhairt dá gcairde.
Go deimhin chreid sé go diongbháilte, dar leis féin, go raibh sé ag
déanamh de réir treorach ó cheannfort.
Níl ar chumas an cholúnaí seo a rá ar inis an sáirsint nó an
ceannfort bréaga. Ach tá sé lán inchreite go gceapfadh sáirsint go
bhfaighfeadh sé a leithéid de threoir ó oifigeach sinsearach. Bheadh
a leithéid d'iompar ag teacht leis an mbéascna atá in uachtar sa
Gharda Síochána. Séamas bocht!
When constabulary duty's to be done,
A policeman's lot is not a happy one.
Ba é a tharla sa chás seo gur ghabh garda soineanta tiománaí agus
cuma an óil air. Nuair a bhfuarthas amach gur seantaobhaí de chuid an
``fhórsa'' a bhí gafa bhuail driopás na leads. Amach leis an
gCuinneagánach le cosc a chur leis an dochtúir a bhí leis an
bpríosúnach a scrúdú. Stop sé an dochtúir ar an mbóthar agus dúirt sé
leis dul abhaile agus a theilfeafón gluaisteach a chur as agus glaoch
ar an mbearaic níos déanaí lena rá go raibh a charr briste.
Ní hé sin an nós nuair a bhíonn Seán Saoránach gafa agus cúpla deoch
air. Agus is cinnte nach mar sin a bpléifí le daoine nach dtaitníonn
leis na gardaí. Samhlaigh céard a tharlódh dá ngabhfaí díograiseoir
frithdhrugaí nó agóideoir frithchiníochais nó - Crom idir sinn agus
an anachain! - poblachtach mór. Bheadh na línte teileafóin go dtí na
nuachtáin ag crónán ar feadh na hoíche. Ansin, an mhaidin dar gcionn,
chuirfí fostóir an té a bheadh gafa ar an eolas.
Is é an meon atá in uachtar sa Gharda Síochána gur sainaicme ar leith
iad féin. Tabhair faoi deara mar a luann siad an focal ``comhalta'' nó
``member'' ag tagairt dóibh féin. ``Is comhalta é/í'' i.e. den ``fhórsa.''
Níor shroich an coinceap an tír seo fós, thuaidh nó theas, gur
``seirbhís'' seachas ``fórsa'' ar ceart a bheith sa chomhlacht
phóilínteachta.
Is ``civilians'' iad an pobal mór taobh amuigh den fhórsa. Tugann siad
``gougers'' ar dhaoine nach dtaitníonn leo (nó nach dtuigeann siad). I
gcónaí riamh bhí an dearg-ghráin acu ar an bpobal taistil nó
``knackers,'' mar a thugann gardaí orthu. Tá an téarmaíocht seo le
cloisteáil i mbearaicí gach lá agus ar chóras raidió an Gharda.
Cloiseann oifigigh shinsearacha é agus ní dhéanann siad dada faoi.
Le cúpla bliain anuas tá téarma eile le cloisteáil go minic i
dtabhairní in a n-ólann ``comhaltaí.'' Sin an focal ``nigger.'' Tá sé
scanraitheach a chiníche is atá an-chuid gardaí - an tromlach,
b'fhéidir. Tá iarracht ar siúl ag roinnt gardaí i gceantar Bhaile
Atha Cliath ráfla a scaipeadh go bhfuil líon na n-éignithe méadaithe
faoi dhó ó tháinig méadú ar an inimirce. Is mar sin a seoltar miotais
chiníocha.
Ní fada, is dócha, go mbeidh an clúmhilleadh áirithe sin ag teacht
chun cinn sna meáin, a bhuíochas do na comhfhreagraithe slándála. Níl
sna comhfhreagraithe seo, tríd is tríd, ach seoladáin trína gcuireann
faicsin éagsúla den Gharda Síochána claoninsintí i gcúrsaíocht. Faoi
láthair tá daoine i measc na ngardaí atá scanraithe as a n-anamacha
go mb'fhéidir go n-éireoidh leis an bpróisias síochána. Tá siad ag
iarraidh gach cineál driopáis a chothú le nach ngearrfaí ar ragobair.
Is gá an Garda Síochána a leasú go feirc. An chéim thosaigh ná an
eagraíocht a dhípholaitiú. Ní mór cúraimí polaitiúla a bhaint de na
gardaí agus aonaid ar tascanna polaitiúla a sainchúram a scor. Ansin
ní mór tabhairt faoi athruithe bunúsacha maidir le hearcaíocht,
oiliúint agus cleachtais de. Ach baineann an t-athrú is mó atá de
dhíth le cúrsaí meoin agus béascna agus glacfaidh sé sin tamall fada.
Colm de Faoite