Cothaíonn seicteachas amháin seicteachas eile
Níl siad imithe uainn fós, bíodh fhios agat! Sin a ritheann liom
nuair a fheicim comharthaí sóirt d'athbheochan sa sárchaitliceachas.
Sin an cineál Caitliceachais ar mhaith leis an tsochaí a múnlú de
réir a mheoin féin trí institiúidí an stáit. Sampla den athbheochan
sin is ea an síorbhrú ar son ``luachanna famaile'' (nath a chiallaíonn
clár gnó sochapholaitiúil den eite dheis). Tá sé sin ag teacht le
gnéithe eile den sárchaitliceachas e.g. an seanleagan amach
faisisteach go bhfuil an náisiún bunaithe ar theaghlaigh seachas ar
shaoránaigh aonair.
Sampla eile den athbheochan le cúpla blain anuas ba ea feachtas
uachtaránachta Dana. Ar ndóigh, vótáil an-chuid daoine nár
shárchaitlicigh iad ar a son siúd: duine cumasach í agus tá sí
ionraic. Mar sin féin léirigh a hiarrthóireacht a bhríomhaire is atá
an Caitliceachas polaitiúil i gcónaí.
Léiriú eile ar an athbheochan chéanna is ea an iarracht le cosc lom
ar ghinchealú a chur ar ais sa bhunreacht. Agus ansin tá an ghleic
chúlgharda tosaithe le daonlathú na scoileanna thuaidh theas a chosc.
Is léir go bhfuil feachtas ar bun, go háirithe sa tuaisceart le
mearbhall a chur ar Chaitlicigh maidir leis an gceist seo. Táthar á
rá leo gur bunphrionsabal dá gcreideamh é greim a choinneáil ar na
scoileanna, rud nach fíor.
Is bocht an scéal é ag deireadh an 20ú haoise go bhfuil troid le
déanamh fós leis an scoil a scarúint ón eaglais. Ach is troid
riachtanach é a eascraíonn ón mbundualgas daonlathach an stát agus an
eaglais a scarúint óna chéile.
Tá níos mó fós i gceist i gcás na Sé Chontae. Ní hamháin go bhfuil an
scoil ansin le saorú ó smacht eaglasta ach ní mór an balla seicteach
idir dhaoine óga a leagadh. Beidh sé sin deacair agus fadálach ach
más féidir daoine óga, idir Chaitlicigh, Phrotastúnaigh agus eile, a
chur ar scoil le chéile ba chéim í i gcreimeadh an tseicteachais.
Is é an Moinsíneoir Donncha O Maolfabhail an trodaire is mó i measc
na sárchaitliceach sa ``chrosáid'' le smacht a choinneáil ar na
scoileanna. Tráth dá raibh rinne O Maolfabhail cion fir sa ghleic ar
son cearta sibhialta. Feictear dom go raibh daoine mar é breá sásta
troid ar son cearta sibhialta do Chaitlicigh qua Caitlicigh ach gur
theich siad faoi dhriopás nuair a fuair siad boladh den
phoblachtachas neamhsheicteach.
Ní shílim go bhfuil mé ag déanamh éagóir ar an moinsíneoir. Seo duine
a chreideann go bhfuil a leithéid de rud ann agus fisic Chaitliceach
agus ceimic Chaitliceach! Ag scríobh dó san Irish Times ar 1 Nollaig
anuraidh dúirt sé: ``Even paganism is preferable to secularism.'' Shíl
mé go raibh an sean-nós ``pagánaigh'' a thabhairt ar neamh-Chríostaithe
imithe uainn ach is léir nach bhfuil. Is cosúil nach bhfuil spás i
leagan amach an tsaoi seo d'Éireannaigh Ioslamacha, Búdaíocha nó
Hiodúcha (trí dhream atá ag dul i méid) gan trácht ar dhaonnaithe.
Ar ndóigh ní mór an cheist seo a fheiceáil sa chomhthéacs ceart. Níl
ach piscíní - bheul, piscíní fiána - sa sárchaitliceachas agus a
chúpla, an náisiúnachas Caitliceach, i gcomparáid le hollphéist an
Oráisteachais. Ach cothaíonn seicteachas amháin a fhrithchaitheamh de
sheicteachas. Sin an fáth go bhfuil an sárchaitliceachas níos láidre
ó thuaidh ná mar atá sé sa chuid eile den tír.
Is de dhlúth agus d'inneach an phoblachtachais an stát saolta a
rathaíonn saoirse an duine aonair beag beann ar a chreideamh
reiligiúnach (nó easpa creidimh). Ina leithéid de stát baineann an
reiligiún leis an earnáil phríobháideach mar is ceart. Ní réitíonn an
córas deighilteach scolaíochta thuaidh nó theas leis an leagan amach
daonlathach sin.
Is iomdha cath a bheas le troid ar an mbóthar chun na poblachta. Seo
ceann acu. Téimis ina chóir!
Colm de Faoite
Dream na Liathróide Pointithe..
tá an seicteachas ann i gcónaí, faraor
Ina dhiaidh an vóta náireach a glacadh ag Comhairle na Cathrach,
Bhéal Feirste oíche de Mháirt nach maoineodh an Comhairle Féile Lá
`le Phádraig i mbliana, maithfí an duine a cheapfadh gur ar chúl in
ionad ar aghaidh atá meon na nAontachtóirí ag bogadh.
Gan amhras, bhí an-mheas ar dhaoine ar fud na tíre ar pharáid Bhéal
Feirste anuraidh agus bhí siad ann, sna meáin cumarsáide ach go
háirithe, a mhól agus a chuir an tuairim chun tosaí go raibh ré an
bhiogoideachais thart agus go raibh aontachtóirí Bhéal Feirste ag
teacht isteach, fa' dheireadh, in aois nua. Ach, mar a tharlaíonn go
minic, ní réitíonn pleánanna ná dóchais na meáin leis an fhírinne
searbh agus tá na biogóidí linn fós.
Bhí sampla eile den nós seo an deireadh seachtaine seo chuaigh thart
nuair a chruinnigh na sluaite i mBaile Atha Cliath i gcomhair cluiche
rugbaí. Ar ndóigh, is talamh nua, éiginnte é an pháirc rugbaí do
náisiúntóirí an tuaiscirt. Mar gheall ar dúnadh seicteach agus dúnadh
aicmeach araon, ní minic a chuireadh caitliceach cos istigh ionad
rugbaí, agus is annamh a bheadh fáilte roimhe cibé scéal. Go deimhin,
aithnítí rugbaí mar sport na bpéas, sport an dream bhuí, sport Davy
Tweed, sport dream Harryville, sport na scoileanna agus na gcoláistí
protastúnacha. Agus mar gheall ar sin, d'fhas míthuiscint idir
náisiúntóirí an tuaiscirt - nach raibh spéis, de ghnáthi gcúrsaí
rugbaí - agus muintir na tíre i gcoitianta a thug lántacaíochta don
fhoireann náisiunta. Agus ina dhiaidh na mblianta de dhúnadh agus
imeallú, drochfháilte agus fuarfháilte, bhí sé deacair do
náisiúntóirí a meon-san ar an sport `gallda' a athrú. Agus bhí sé
deacair, chomh maith, do náisiúntóirí a thuiscint rialtais ó dheas,
uachtaráin fiú, ag tabhaairt a mbeannchta ar sport a raibh siad féin
dúnta as.
Dé Sathairn seo chuaigh thart, d'athraigh go leor leor náisiúntóirí a
meon, in aon bhuille fhláithiúil amháin nuair a chruinnigh siad,
gualann le gualann leis an dream a dhún a amach iad ar feadh na
nglúnta, agus thug tacaíocht d'fhoireann na nUltach sa chluiche
cheannais Eorpach. Bhí sé aisteach, difriúil, úr, ach éiginnteach
fós, an módh nua seo, caithfidh mé a rá. Suim ar bith níor chuir mé
sa chluiche féin.. ach níl aon rud nua faoi sin nó is beag spéis a
chuirim in aon spoirt.. ach bhí an-spéis agam sa chúlrá a bhain leis,
sna `trappings' a chuaigh leis, agus ar ndóigh sa dóigh a thaispeáin
an meánchumarsáide an imeacht.
Dá mbeifea ag brath ar an raidio, cheapfá go raibh chuile rud
athraithe. I rith an Aoine, agus ar feadh na maidine, ar an
tSathairn, bhí tuairiscí tráchta ann agus scéalta ag insint dúinn
faoin slí go raibh `the sons of Ulster' ag máirseáil le chéile,
aontaithe faoi dheireadh. Ní raibh aon caint ann faoi seicteachas,
faoi dhúnadh amach, faoi dheighilt. De réir na dtuairiscí bhí ré nua
i réim, aontas, chomhchuspóir, sean-naimhdeas agus searbhas
dearmadta. Bhí sé cosúil, nuair a smaoinim faoi, cosúil leis an idéal
a chuir na meáin chun tosaí faoi Lá'le Phadraig anúraidh agus cosúil
leis an idéal neamhchasta a sheolann an meán faoi go leor leor
imeachtaí ó thuaidh. Ach ní mar a tcítear a bítear.
Nuair a bhí na sluaite measctha ag scairteadh agus ag beiciú don
Fhoireann Ultach Dé Sathairn, bhí sluaite eile ag beannacht na foirne
le bratacha `Ultacha' eile; bratacha bana, le crosanna dearga, le
corónacha, le réaltacha Daibhideacha. Bratacha, leoga, nach siombal
iad d'Uladh an Naoi gContae ach Northern Ireland an Sé Chontae. Go
deimhin, níor shiombalacha foirne rugbaí iad in aon chor ach
siombalacha polaitiúla, siombalacha aontachtóireacha, siombalacha na
ndilseoirí, siombal an stáit - agus an mheoin - seictigh.
Dé Sathairn seo chuaigh thart bhí deis ann do lucht tacaíochta na
foirne rugbaí Ultaigh deireadh a chur leis an dúnadh amach, deis chun
an lámh oscailte a shíneadh lena gcomhUltaigh ach chaill siad an
deis. Dé Mháirt bhí deis eile ag a n-ionadaithe polaitiúla an lámh
oscailte a fhearadh roimh náisiúntóirí, agus dhiultaigh siad-san an
deis chomh maith. B'fhiú do lucht an `deá-scéal' sna meáin a
chuimhniú ar sin: fiú nuair atáimid ag cur deireadh leis an stát
seicteach tá an meon seicteach i mbarr réime, faraor, i gcónaí.