Omós na Gréine
Is dócha go bhfuil neart daoine tógtha fá urú na gréine a bhí le feiceáil 11 Lúnasa agus nach mbeidh le feiceáil arís go dtí an bhliain 2080.
San am i láthair, tá scaifte ann ar mhaith leo ómós na gréine a mholadh agus iad ag glacadh bolg na gréine is araile: agus bhí an t-ádh ar chuid acu a leithéid a dhéanamh ar feadh tréimhse in Éirinn i mbliana. Bhí tréimhse eile sa tír seo ina raibh fíor ómós na gréine a chleachtadh ag muintir na hÉireann.
Tuigeadh dár sinsir gurb í an ghrian fíorfhoinse ollchumhachtach an bheatha do gach ní beo agus go dtiocfadh léi an bás a tharraingt fosta. Gan amhras tá an ghrian iontach tábhachtach do gach uile rud ar an domhan agus ní chuireann sé iontas orainn gur chreideadh gur dia a bhí inti.
Ar ndóigh, tá roinnt áiteanna sa tír ina bhfuil clocha tógtha go ciorcalach. Glactar leis gur bhain na háiteanna seo le seanreiligiúin in ómós na gréine. B'fhéidir gurb í Grinán Ailigh ar cheann de na háiteanna is clúití ó thaobh ónóir na gréine.
Mar aon leis sin, tá seanuaigheanna na ndraoithe tógtha sa dóigh is go mbuaileann solas na gréine pointe ar leith ar an lá is gairide den bhliain 21 Nollaig nó an lá is faide 21 Meitheamh. {m.s. Brú na Bóinne}
I measc déithe na Tuatha Dé Dannan, tugadh Mac Gréine ar an rí deireanach a mhair leo.
Is féidir seaniarsmaí rathanna, liosanna agus dúnta a fheiceáil ar fud na tíre agus tá tuairim ann a chreideann gur tógadh iad uilig go ciorcalach in ómós na gréine chomh maith. Aisteach go leoir ach bhí ar an scríobhaí Johnathan Swift a theach a thógáil I gciorcal taobh amuigh de Charraig Fhearghais. Chreid sé nach mbeadh an diabhal ábalta greim a fháil air nuair nach raibh cóirnéal sa teach.
Cé nach bhfuil reiligiún in øonóir na gréine a chleachtadh go forleathan in Éirinn anois, caithfidh a admháil go bhfuil tionchar nach beag orainn go fóill.
Ní thig a rá go cinnte go raibh reiligiún na gréine a chleachtadh in achan áit ina bhfuil an focal `grian' luaite i logainmneacha na Tíre oir gach seans gurb iad seo áiteanna breátha grianmhara. Ag taisteal tríd na tíre is féidir teacht ar a leithéid de Ard...Baile...Cor...Móin...Tulach...Cúl...na Gréine.
Bhí an focal `grian' coitianta go leoir i measc bandraoithe ar feadh tamaill chomh maith. Deirtear gur sin an t-ainm a bhí ar bhandraoi clúiteach a mhair taobh amuigh de Luimneach agus go bhfuil Cnoc Gréine ann in ónóir di. Cinnte, tá an t-ainm Gráinne coitianta go leor sa lá inniú agus creidtear go bhfuil baint éigin leis an fhocal `grian'. Sa scéal `Toraíocht Dhiarmuida agus Ghráinne', tá le feiceáil nach féidir leo fanacht dhá oíche san aon áit, rud a dhéanann an ghrian ar ndóigh.
Is léir go bhfuil tionchar go fóill ag an seanreiligiún in ómós na gréine ar Críostaíocht na hÉireann inniú. Feictear ar aifreann má tá gá ag an sagart an altar a bheannú, go dtéann sé thart I dtreo na gréine.
Áit ar bith ina bhfuil turas naofa á dhéanamh ag daoine. Loch Dearg mar shampla, téann daoine thart i gciorcal deiseal freisin. Déantar amhlaidh ag tobracha naofa fosta. Tá áit in Inis Mór I Sligeach darbh ainm `Our Lady's Bed' fiú agus má luíonn bean atá ag iompar clainne ann ag tiontiú deiseal trí uaire ní bhfaighidh sí féin ná an leanbh bás lá breithe.
Ba ghnáth go raibh damhsa na gréine déanta maidin Domhnach na gCásca I gceiliúradh aiseeirí Chríost. Leoga, bíonn ríleanna le feiceáil go minic ag na Gaeil go fóill agus damhsa ciorcalach in ómós na gréine atá ann leis.
Lena chois sin, thug roinnt de na seandraoithe bearradh gruaige dóibh féin inar fhág siad a gcloigne le ciorcal maola ar a bharr in ómós na gréine. Is saoithiúil go leor go mbíonn roinnt de manaigh le feiceáil mar seo sa lá inniú.
B'fhéidir gur chuala cuid agaibh aistriúcháin ar seanbheannacht págánach in ónóir éirí na gréine ar na mallaibh: `Top of the morning to you!'
Draoi Rua.