Comóradh na Cásca?
Tá an Cháisc linn arís, muid ag comóradh an 83ú cuimhneachán d'Éirí
Amach na Cásca 1916, na híobairtí, an fhulaingt, na básanna, an
lasadh splainc... I mbliana, mar a tharlaíonn gach uile bliain,
cruinneoidh daoine ag uaigheanna na marbh, ag leac cuimhneacháin, ag
dealbhanna de laoch nó mairtíreach áitiúil chun ómós a thabhairt ar a
ndearna fir agus mná 1916 chomhmaith leis na glúnta a chuaigh rompu
agus na glúnta a tháinig ina ndiaidh ar son saoirse na tíre.
Chreidfea go mbeadh ardmheas ag muintir na tíre seo ar na laochra
seo, daoine a chuaigh amach faoi airm agus a thug troid ar fhórsaí
níos láidre chun cóir agus ceart a bhaint amach don náisiún.
Chreidfea go mbeimis, ar a laghad, buíoch as ucht a gcrógacht, agus
as ucht a bhflaithiúlacht, iad a chur a saolta féin i mbaol agus a
d'íoc praghas ró-ard as an gníomh. Chreidfea nach ndéanfaimis
dearmad.
Chreidfea.
I mbeagnach gach sráidbhaile, baile agus cathair in Éirinn tá scrín
de chinéal éigin ann do laoch a fuair bás ar son na tíre. I mbailte
áirithe, tógadh na scríneanna, agus leachtanna cuimhneacháin seo ar
shíntiúis mhuintir na háite i nglún a chuaigh romhainn, agus is minic
na leachtanna ina bhfócas sráidbhaile nó cearnóige. Ina dhiaidh
tamaillín, éiríonn a chlú féin ag leacanna áirithe agus cruinníonn
turasóirí ina thimpeall ó am go ham, iad ag déanamh ómóis ina
mbealach féin dár dtírghráthóirí marbha.
Smaoinigí, mar shampla, ar Leacht Chrois Mhig Leannan, nó na
huaigheanna poblachtacha i Réilig Bhaile an Mhuillinn, Béal Feirste,
nó Baile an tSíoda, Ciarraí gan tracht ar Crois a' Bharraigh, Glas
Naíon, Cill Cheallaigh i Maigh Eo agus go leor leor áiteanna eile
nach iad. Nuair a fhéachann na turasóirí agus cuairteoirí ar leacht
go bhfuil ord agus eagar leis, atá glan agus maisithe aithníonn siad
go bhfuil meas againn ar ár stair, agus meas againn orainn féin mar
phobal.
Ach cén saghas teachtaireacht a tugtar amach nuair a nach bhfuil
leacht cuimhneacháin maisithe? Nuair a anach bhfuil sé glan, nó
slachtmhar? Nó níos measa, nuair atá sé ina charn bruascair? Agus, má
a feictear go bhfuil rannóg éigin de rialtas áitiúil na tíre
freagrach as an bruascar agus an scrios agus an drochchaoi ina bhfuil
an leacht, cén saghas teachtaireacht é sin do thurasóirí?
Cháin Michael Loughrey, ionadaí áitiúil Shinn Féin i nGort na Guaire
Comhairle Chontae na Gaillimhe an go trom an tseachtain seo nuair a
thosaigh oibritheoirí an Chomhairle - a bhí i mbun oibre ar bhóithre
tríd an Uarán Mór - ag baint féidhme as Leacht Cuimhneacháin
Commandant Joe Howley, a maraíodh ar Nollaig 4 1920 atá suite i lár
an tsraidbhaile, mar láthair dumpála do sheanphíosaí adhmaid,
bollaird bóithre agus caiteachas eile.
Lámhaíodh Joe Howley ar a bhealach ar ais go Gaillimh ina dhiaidh cás
cúirte nuair a rinne fórsaí na Breataine luíochán air taobh amuigh de
staisiún traenach i mBaile Atha Cliath. Mar a dúirt Michael Loughrey,
is náireach an rud é, go mór mór in aimsir na Cásca, go mbeadh
drochmheas mar sin tugtha ag Comhairle Contae ar bith ar leacht
cuimhneacháin stairiúil. Ach ní rud nua é seo.
Táimid ar thairseach na mílaoise anois agus tá plean faoi seo agus
plean faoi sin á chur le chéile le tamaill, sinn meath le tionscnaimh
mhílaoiseacha. Beidh go leor airgid á chaitheadh ar an scéim seo agus
an scéim sin, agus tuilleamh airgid fós á chaitheamh ar thine
ealaíne, táispeántais agus araile. Níl a fhios ag éinne cé mhéad
airgid a chaithfear ar na tionscnaimh seo, ach bígí cinnte de nach
suimeanna suaracha atá i gceist. Nach bhfuil sé naireach, mar sin,
nach gcaitear ach pinginí ag na comhairlí contae agus bardais ar
choimeád na leachtanna seo - agus, níos meas fós, i gceantair mar
Chontae na Gaillimhe nach ar mhaithe cothú na leachtanna atá siad ag
obair um an Cháisc seo, ach i gcoinne?