Acht Teanga mar éilimh ag Slógadh Shinn Féin
Acht Teanga nua a chur i bhfeidhm sna 26 Chontae, stadas ceart don
Ghaeilge sna Sé Chontae, agus athnuachan ar pholasaí agus gníomhaíocht na
Gaeilge ag Sinn Féin - b'shin iad na téamaí polaitiúla ba mhó ag an
Slógadh i gCluain Eois ag an deireadh seachtaine seo thart.
Cuireadh tús leis an Slógadh oíche Aoine le díospóireacht ar an gá le Bille
Cearta/Acht Teanga don Ghaeilge. Leis an Comhairleoir Pádraigín Uí
Mhurchadha, Baile Mhuineacháin, sa chathaoir labhair Uachtarán Chonradh na
Gaeilge Tomás MacRuairí, an dlíodóir Daithí MacCarthaigh agus Caoimhghín O
Caoláin TD. Mhol Tomás MacRuairí do dhaoine feachtas a dhéanamh ar son Acht
Teanga nua. Léirigh Daithí MacCarhtaigh conas is féidir Acht mar sin a chur
i bhfeidhm, ag tabhairt samplaí ó Cheanada. Tá Daithí ina eagarthóir ar
leabhar a foilsíodh i mbliana I dTreo Deilbhcháipéise D'Acht Teanga
Éireannaigh (foilsithe ag Coiscéim).
Chuir Caoimhghín O Caoláin fáilte roimh an Plécháipéis Maidir le hAcht
Tenaga a d'fhoilsigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an seachtain seo caite.
D'iarr sé ar an rialtas Bille Teanga a chur os comhair an Oireachtais sa
téarma seo agus dúirt go mbeadh sé ag cur an éilimh sin i dTeach Laighean.
Oíche Aoine seoladh leabhar nua filíochta ag Collette Nic Aoidh Ball Seirce
(Coiscéim).
Ag oscailt an Slógadh go hoifigiúil maidin Shathairn dúirt Caoimhghín O
Caoláin go raibh moladh tuillte acu siúd uile a rinne sár-obair ar son na
Gaeilge i gContae Mhuineacháin agus i gContae an Chabháin, ach go háirithe
daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí an cheathair Ghaelscoil atá anois sa
cheantar.
Bhí an béim ar 1798 maidin Shathairn agus thug staraí Loch Garman Brian O
Cléirigh caint spéisiúil ar Phoblacht Loch Garman. Dúirt Breandán
MacSuibhne, léachtóir staire i gColáiste Ollscoile BAC, go raibh an iomarca
béim ar 1798 mar fheachtas míleata agus gan béim ar na cúrsaí polaitiúla a
bhí mar chúlra don Eirí Amach. Léirigh sé cé chomh láidir is a bhí na
hÉireannaigh Aontaithe i measc na daoine i dTuaisceart Ulaidh. Mhínigh
Gordon McKoy conas a tháinig an scoilt idir Caitlicigh agus Protastúnaigh
tar éis an Eirí Amach. Dúirt sé go raibh alán suim i measc Protastúnaigh
inniú i roinnt ceantair den Tuaisceart i gcúrsaí 1798 agus gur chóir é seo
a spreagadh.
Slógadh Shinn Féin (an dara leath)
le Micheál Mac Piarais
I ndiaidh lón bhí camchuairt stairiúil le Brian McDonald, stairí
áitiúil i gCluain Eois.
Thug Brian lucht an Slógadh ar turas leathan ó ré na gCeiltigh,
trí am Eirí Amach 1798, agus na nithe a thug le chéile na
hÉireannaigh Aontaithe.
Thosaigh an camchuairt i lár an baile ina d'fhás fealsúnacht
polaitíochta raidiceach na bpoblachtánach ag deireadh an 18ú
aois. De réir Brian, de bharr an teagmháil trádála a cruthaíodh
idir an baile agus Béal Feirste trí mhean an tionscail
línéadaigh, forleathnaigh dlúthbhaint idir polaitíocht an dá áit.
Ag an am céanna foilsíodh an Northern Star, nuachtlitir
reabhlóideach, a craolaigh smaointe úrnua. Tar éis tamaill,
d'eirigh i bhfad níos fearr leis an nuachtlitir seo ná an Ba
leis na Cosantóirí (Defenders) an áit úd ag an am, ach bhí
tionchar mór ag na smaointí nua ar Caitlicigh na h-áite chomh
maith. Taobh istigh de cúpla bliana, áfach, chuiredh an
seicteachais ar leathaobh don aontas a bhí á lorg ag na
hÉireannaigh Aontaithe.
Lean an cuairt ar aghaidh trí Co Fear Manach, thar pointe
seiceála na fórsaí Breatanacha agus trí na céadta bliana de stair
saibhir na háite.
I ndiaidh dinnéir bhí díospóireacht eagraithe faoin téama ``An
t-athrú polaitiúil ó thuaidh'' agus straitéis na gluaiseachta i
dtaobh an athrú sin. Labhair Cathaoirleach Sé Chontae Shinn Féin
Gearóid O Héara agus oibrí don dteanga Séamus Mac Seán ag an
cruinniú, le Ard Rúnaí an Páirtí Lucilita Bhreathnach mar
Cathaoirleach.
Dúirt O hÉara gurbh é príomh aidhm Sinn Féin san tionóil ná chun
críchdheighilt na hÉireann ``a chur bun ós cionn''. Labhair Mac
Seán ar ``spiorad an dá mhéar'', ``go dtig linn i gcónaí an dá mhéar
a thabhairt''. Dúirt sé go raibh súil aige nach gcaillimid riamh
é.
Ag deireadh gabh Eagraitheor an Slógadh, Micheál Mac Giolla
Ghunna go raibh cabhair ó Roinn An Chultúr ó lucht poblachtánaigh
a bhfuil suim acu san teanga, agus mhol sé Ogra Shinn Féin. ``An
t-aon ball a tháinig ina sluaite ná Ogra Shinn Féin''.