Fuair siad bás in aisce
Leag Finian McGrath a mhéar an tseachtain seo caite (``Mála Poist)
ar an mí-ionracas a ghabhann leis na comórthaí ar an Chéad
Chogadh Domhanda.
Trí pháirtíocht a ghlacadh sna comórthaí sin táthar ag tabhairt
ómóis do na ginearáil agus na polaiteoirí a thiomáin fir óga na
hEorpa le léirscrios a dhéanamh ar a chéile. Faoi mar a dúirt
Finian ba cheart coireanna cogaidh a chur ina leith.
Is cuimhin liom rud a dúradh faoi na hainniseoirí a seoladh chun
báis ina dtréada i gceann de na cathanna (an Somme, sílim), go
raibh siad mar ``lions led by donkeys.'' Ní raibh sárú ar Douglas
Haig mar asal. Ba é an ginearál impiriúil par excellence é.
Throid sé in aghaidh na Súdánach, na mBórach agus na nIndiach i
gcogaí coilíneachta. Eisean a cuireadh i gceannas ar arm Shasana
ar an bhFronta Thiar. Bhain sé leis an scoil mhíleata a chreid go
bhféadfaí cathanna a bhuachaint ach dóthain saighdiúirí a
chaitheamh in éadan ghunnaí an námhad, ba chuma cé mhéad acu a
marófaí. Rud amháin í fuarchúis, rud eile ar fad é éadrócaire.
Nuair a d'fhulaing cathlán ó Thalamh an Éisc 710 taismigh as líon
de 810 saighdiúirí ag an Somme scríobh duine d'fhoireann Haig
tuairisc: ``It was a magnificent display of trained and
disciplined valour and its assault only failed of success because
dead men can advance no further.'' Agus meastar gur ceird nua í an
tsnoídhochtúireacht! D'íobair Haig 90,000 dá chuid saighdiúirí ag
cath na Somme. Shílfeá go gcrochfadh a thaobh féin é ach
scaoileadh leis agus ligeadh dó leanacht de dhéanamh a chomhairle
féin.
Faoi mar a deir Longmans Dictionary of 20th Century Biography:
``Haig remained British C in C largely through his connections
with the Royal Family.''
Maraíodh 8.5 milliún duine i gcathanna an Chéad Chogadh Domhanda.
Ag labhairt dó ar News at One (Raidió 1) le déanaí dúirt an
staraí Sasanach, Nicholas Ferguson as Cambridge, gurb í
páirtíocht Shasana sa chogadh a thiontaigh é ina chuthach
cuisleoireachta. Agus dúirt sé: ``They DID die in vain.'' Ba dheas
an rud é an fhírinne lom a chloisteáil. Is mór idir é sin agus an
bhréag gan náire a chualathas ag an gcomóradh a raibh an
tUachtarán McAleese páirteach ann in Mesen/Messines, go bhfuair
na diabhail bhochta bás ar son na saoirse - dúradh é fiú sa
phaidir Ghaeilge.
Haig a bhí i gceannas ag Mesen. Ba é a aitheasc do na trúpaí:
``With our backs to the wall ... every one of us must fight to the
end.'' Gach duine AGAINN! B'in a dúirt an ginearál calma.
Ba é an Chéad Chogadh Domhanda an cogadh clasaiceach impiriúil.
Ní raibh difríocht mhorálta ar bith idir an dá thaobh. Tá sé
gáirsiúil amach is amach a bheith ag iarraidh a thabhairt le fios
go raibh údar fiúntach leis an slad.
Dála an scéil, bhí rud eile an-tábhachtach le rá ag an Dr
Ferguson ar an gclár raidió úd: go raibh an líon Éireannach agus
Albanach a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda as compás ar fad
lena líon in arm Shasana. Meas tú an de thaisme a tharla sé sin?
Sa bhliain 1921 bhunaigh Haig an British Legion agus sheol sé an
poipín (agus Ciste an Iarla Haig, mar a thugtar air i gcónaí). Ba
chliste an gléas é le béascna impiriúil a chothú agus a chaomhnú.
(Ní chaitheann Francaigh ná Beilgigh an poipín dála an scéil.)
Ach níor mhúch an poipín an fhírinne ina measc siúd a d'fhulaing
cruas na n-asal. Bhí cuimhne ag na saighdiúirí a tháinig slán ar
bharbaireacht na nginearál. B'in an teachtaireacht ba mhó a bhí
sa tsraith theilifíse Veterans: the Last Survivors of the Great
War (BBC). Mórán gach seansaighdiúir sna cláir sin cháin siad an
cogadh agus dúirt siad nach raibh ceart ná cóir ag baint leis.
Níor sparáil siad na hasail a sheol a gcomrádaithe chun báis.
Ba é mallacht Thomas Hardy ar na tiarnaí cogaidh:
``Whosoever they be
At root and bottom of this, ...
...........................
``Sinister, ugly, lurid be their fame;
May their families grow to shun their name,
d their brood perish everlastingly.''
Colm de Faoite
I mBolg an Bheithí
chéad uair a chuir mé cos istigh príosún, bhí mé deich mbliana
d'aois, agus mé ar thuras go Baile Atha Cliath ag céiliúradh an
50ú Comóradh d'Éirí Amach na Cásca 1916. Ar an lá gur oscail siad
Cill Mhaighneáin mar iarsmalann, chuaigh mé, in eineacht lemo
thrí aintín, ar chuairt an phríosúin. Is cuimhin liom gur fhan
tionchar na háite sin orm go cionn tamaill fhada; na cillíní, na
geataí, na doirse faoi ghlas, na barraí ar fhuinneoga na
carcrach, so-fheicthe ón taobh amuigh agus an taobh istigh araon,
leis an ghruamacht céanna.
Deich mbliana níos déanaí, bhí mé féin faoi ghlas cosúil leis na
céadta céadta daoine eile, i bPríosún Bhéal Feirste. Bhí an
príosún den déantús céanna le Cill Mhaighneáin, cillíní airde,
cúng, poirse mar thollan agus tú ag dul isteach sna cillíní, trí
urlar agus ardán nó balcóiní taobh amuigh de shraith cillíní ar
achan urlar. Ar ndóigh, bhí príosúin eile feicthe agam faoin am
sin, ar chuairteanna go príosún Ard Macha, Campa na Ceise Fada
agus Campa Magh Giolla Uí Chathain. Ach sna carcair `nua' sin, na
campaí, ní raibh aon ceim ar aghaidh tógtha fós ag lucht dearaidh
carcracha. Príosúin éigeandála a bhí iontu, bothóga stain,
foirgnimh réamhdhéanta as adhmaid, agus an tslándáil is mó a
bhain leo ná an sreang deilgneach a chlúdaigh an áit mar líon
damhain alla ar maidín tais ceomhar.
Nuair a d'oscail siad na Blocanna H i 1976 afách, ins an Chéis,
bhí mullach úr slándála bainte amach acu. Bhí deireadh tagtha
leis an seanleagan príosún agus ina áit bhí foirgneamh íseal, aon
urlár agus gan níos mó ná 25 chillín in aon sciathán amháin.
Tuigeadh go raibh na húdaráis phríosúin ag iarraidh smacht a
athghábhail ar na geibhinn ina dhiaidh do na cimí stadas
polaitiúil a chailleadh ach ar ndóigh, sna blianta a lean ar sin,
idir 1976 agus 1981, chrúthaigh na cimí arís agus arís eile nach
raibh siad briste, fiú má bhí lámh láidir á imirt ag na
Sasannaigh.
Thall i Sasain, sna geibhinn ina raibh cimí poblachtanacha á
gcoinneáill, bhí athraithe ag tarlú chomh maith ar an chóras
príosúntachta. Timpeall an am céanna a d'oscail an Oifig
Thuaisceart Éireann an chéad Bloc H, bhí an Oifig Bhaile i Sasana
ag oscailt príosúin nua cosúil le Long Lartin, nó Full Sutton. Ní
fada ina dhiaidh sin gur thosaigh siad ag crúthú aonaid
spéisialta taobh istigh dena príosúin seo la haghaidh na gcimí is
mó slándála. Ní gá a rá gurbh iad na hÉireannaigh is minice a
ghnothaigh an chéimíocht sin. Agus i rith an ama seo bhí éileamh
thar na héilimh go léir a chur chun chinn ag na cimí: go
dtabharfaí abhaile iad. D'fhulaing siad stailceanna ocrais, fuair
Michael Gaughan agus Frank Stagg bás dá bharr, bhí agóidí ar
dhíonta príosúin, i gcásanna cuairte, ar na sráideanna. Ach
choinnigh na Sasannaigh a ghialla i gcónaí.
Chuimhnigh mé ar seo go léir an tseachtain seo chaite nuair a
chuaigh mé ar chuairt don chúigear cime deireannach atá fágtha
faoi ghlas ag Gallaibh - i Sasana. (Tá, faraor, go leor leor cimí
eile faoi ghlas ag Gallaibh in Éirinn chomh maith, cuid acu sna
Sé Chontae agus cuid eile i bPríosún Portlaoise. Nach aisteach an
scéal é go bhfuil tromlach na gcimí i bPortlaoise á gcoinneáill
anois mar gheall ar dhaorthaí a ghearradh orthu i Sasana?) Thug
muid cuairt ar thrí phríosún, i nDurham, Eabhrac agus i
mBirmingham, trí phríosún éagsúil, ach, i mbealach trí phríosún
ana-chosúil le chéile.
Ceann des na céad rudaí a thabharfaidh cuairteoir fa' dheara
thall, ná nach bhfuil aon difríocht mór idir na príosúin. I
seomra `fáilte' na gcuairteoirí tá an leagan amach céanna i
bhfeidhm, bíonn an bae cuardaigh do chuairteoirí mar an gcéanna,
an t-inneal x-gá céanna, an próiseas céanna, an crot céanna...
Ina dhiaidh trí chuairt ní raibh mé cinnte nárbh iad na bardaigh
céanna a bhí ag obair sna carcracha dífriúla agus ag bogadh ó áit
go háit ag fanacht orainn.
Taobh istigh na príosún féin `sé an rud is mó a sheasann amach ná
an cosúlacht, an t-ionannas idir carcair amháin agus carcair
eile. Is fíor gur boige na suíocháin sna cuairteanna i Long
Lartin, is fíor gur blasta an tae i bhFrankland, ach, dá gcuirfí
léaróga ar chuairteoir, ní bheadh a fhios aige ná aicí cén
príosún ina mbeidís. Agus má tá sé chomh hionann sin do
chuairteoir, cé chomh measa agus a bheadh sé do phríosúnach, nach
bhfeiceann aon rud seachas na ballaí, na barraí, an sreang, na
soilse flannbhuíthe agus na bardaigh le naghaidheanna dúra,
fuara, ó ceann ceann na bliana, agus iad a gcoinneáill sna SSUs
agus sciatháin ardslándáil.
Ní raibh aon bardach aineolach linn, an triúr againn a chuaigh ar
an chuairt oifigiúil. Dúradh liom nach mbíonn sé amhlaidh nuair
atá cuairteoirí ann ar a gconlan féin agus is féidir liom sin a
chreidiúint. D'fhan duine dínn lá breise chun chuairt
príobháideach a thabhairt ar a fear chéile agus cuireadh moill
daichead nóimead uirthi ar a bealach isteach, rud a chaill
daichead nóimead dá gcuairt dá bhrí. At ndóigh ba mhinic thar na
blianta go mbeadh cuairt caillte ina iomlán nuair a aisteofaí
cime go príosún eile ar mhaidín a chuairte.
Bhí na cimí go léir i spioraid mhaithe, cé go bhfuil siad ar a
n-aonar i measc an tslua, iargulta ó bhaile agus ó chairde agus
gaolta. Ach mar a dúirt siad féin, tá siad ag maireachtail ar
shraith a leag a gcomradaithe síos sna laethanta dorcha i lár na
seachtóidí nuair a bhí ar chimí Éireannacha troid gach aon lá do
chuile rud.
Gheill rialtas Baile Atha Cliath d'éilimh na Sasannach an
tseachtain seo chaite, go gcuirfeadh na cimí a aistríodh cheanna,
agus a aistreofar amach anseo, gach uile lá isteach den téarma go
dtí críoch na tréimhse a leagadh síos i gCaipéis Aoine an
Chéasta. Tá John Bull ag iarraidh carcair Bhreatánach a dhéanamh
as carcair Phortlaoise, agus srian a bhuanú ar shaol na gcimí fiú
nuair atá siad ar ais ar Chríocha Fodhla. Thuig na cimí thall cad
a bhí i gceist, thuig siad go bhfuil Sean Buí ag iarraidh gialla
a dhéanamh astu i gcónaí agus b'oth leo rialtas Bhaile Atha
Cliath ag glacadh le coinníollacha ó Jack Straw.
Ach tá sin déanta anois, agus níl aon chiall ag cur ama amú ag
caoineadh cad a bheadh. `Sé an rud is tábhachtaí anois ná na fir
a thabhairt ar ais roimh an Nollaig agus ansin lig dúinn leanúint
ar aghaidh le feachtas chun na cimí go léir a fhuascailt. Nuair a
tá sin bainte amach againn, tig linn iarsmalanna eile a oscailt
ar nós Cill Mhaighneáin ach an uair seo, cinnteoimis nach mbeidh
a gcomharba de phríosúin ag fanacht ar ghlúin eile deich mbliana
thíos an bóthar.