The Pope's Brass Band rides again!
Le Colm de Faoite
NI MOR dom Gradam De Faoite le haghaidh baothráiteas na
míosa a bhronnadh ar Peter Sutherland ó Goldman Sachs
agus BP.
Ag labhairt dó le comhthionól eaglasta sa Bhruiséil
mhaígh sé gur eascair an t-imeascadh/integration
``Eorpach'' agus an t-airgeadra aonair as na traidisiúin
eitice Ghiúda-Chríostaí ``that imbue successive European
Community treaties.''
Munar leor an tseafóid sin lean iardhalta Choláiste
Chluain Ghamhna leis ag tabhairt ``haven of peace'' ar an
Aontas Eorpach.
Níor luaigh sé go raibh an ``haven of peace'' seo ag
iarraidh fórsa núicléach a dhéanamh de féin, go raibh
sé tosaithe ar eachtraíocht mhíleata taobh amuigh dá
chríocha (sa Bhoisnia, mar shampla) agus go raibh sé ag
imirt cos ar bolg i gcúrsaí trádála ar thíortha an
deiscirt.
Deir Peter go mba chóir don Eaglais Chaitliceach
Rómhánach a bheith ``activist'' ina tacaíocht don Aontas.
Ní dheachaigh sé chomh fada lena iarraidh go mbeadh
fiúntas ollphéist na Bruiséile ina dhogma
do-earráideach ach ba léir céard a bhí uaidh, go
ruaigfí easaontóirí go fearann an damnaithe shíoraí.
1922 arís!
Nach mbriseann an dóchas trí shúile an chait ar na
Léinte Gorma!
Is cinnte go mbeidh go leor de na fíréin maslaithe leis
an iarracht seo ar theacht i dtír ar a gcreideamh agus
ar a n-eaglais.
Daoine iadsan a bhfuil léamh eile acu ar shoíscéal na
Críostaíochta seachas Peter Sutherland. Níl spás i
luachanna Giúda-Chríostaí na ndaoine sin don saint, don
fhorlámhas ná don chogaíocht chreachach.
Ar ndóigh beidh daoine in oifigí tábhachtacha san
eaglais Rómhánach a chuirfidh fáilte roimh chaint
Sutherland mar chrios tarrthála dá n-institiúid
chumhachta. Bhí a leithéid ann ó aimsir Chonstaintín i
leith, pápaí agus easpaig a bhí sásta striapach a
dhéanamh de Chathaoir Pheadair.
Ní hionann a nDia siúd agus Dia an tsóláis a ndearna
Marx cur síos air (uirthi?): ``the sigh of the oppressed
creature, the sentiment of a heartless world and the
soul of soulless conditions.''
Ba é an Dia a cheap lucht an striapachais pholaitiúil
sna heaglaisí ``Dia an údaráis is an chumhachta `s an
phoimp/ seachas Dia an láimh chúnta.'' (Nath ón dán ``As
Agreed At X'' le Pádraig O Snodaigh, Carn 100).
Má leanann Peter Sutherland ar an téad seo beidh sé i
mbaol a bheith ina ridire pápúil. Féach ar a tharla le
déanaí do Rupert Murdoch!
Dhá mhí ó shin insealbhaíodh eisean ina Ridire
Ceannasaí d'Ord Marcach Ghréagóir Naofa. Ní léir cén
cineál marcaíochta a rinne sé leis an ardghradam sin a
bhaint amach ach bhí an Cairdinéal Roger M. Mahoney (as
Alabama) i láthair thar ceann an Phápa le fáilte a chur
roimhe sa mharcshlua.
Ceithre bliana ó shin dúirt an drámadóir Dennis Potter:
``There is no one person more responsible for the
pollution of what was already a fairly polluted press.
And the pollution of the press is an important part of
the pollution of British political life...''
Rud eile a dúirt Potter: ``Commercialisation of
everything means you're putting a commercial value upon
everything and you turn yourself from a citizen into a
consumer.''
Níl mórán de thraidisiúin eitice Ghiúda-Chríostaí le
haithint sa tomhaltóireacht chéanna ach sin an bhéascna
a mórann Peter Sutherland agus soíscéalaithe eile an
tsaormhargaidh gan laincis.
bhfaighidh an bhéascna sin beannacht na Róimhe? Tá
an stocaireacht tosaithe le haghaidh an chéad toghchán
pápúil eile.
Biogóideachas i mBaile Meánach
Le Marcas Mac Ruairí
DAORADH cúigear fear ó Baile Meánach as ionsaí
seicteach ar clann Caitliceach ar an chúirt i mBéal
Feirste Dé hAoine.
Agus á gcur go priosúin dúirt an breitheadh gur eachtra
biogóideacht dall a bhí ann.
Chuala an chúirt gur scrios siad a mbealach isteach
baile na ban a chónaigh lena hiníon 18 mbliana d'aois
agus a mac 11 bhliana san eastát dílseach Bhaile
Chaoil.
Rug siad greim ar an chailín leis an ghruaig chaith
siad chuig an leaba í aguis iad á ciceadh ar an cheann
agus sna heasnaí.
Creachadh an teach agus i rith an eachtra rinneadh
damáiste £6,000 don arás féin agus do shealúchas na
clainne. Cuireadh bagairtí báis orthu siúd istigh ann.
As an chúigear daoradh priosúntachta sé bhiana ar
cheathrar agus ceitre bhliana go leath ar an duine
eile.
Tharla an ionsaí ar 6ú Mí na Nollag 1996.
Is léiriú é seo ar an fáilte a chuirtear roimh
Chaitlicigh i gceantracha dílseacha a sheasann go lom i
gcompáiráid leis an chaoi a ligtear do Phrotastúnaigh
páirt iomlán a ghlacadh i saol sna háiteanna siúd ina
bhfuil tromlach náisiúntóirí.
Seachtain na Gaeilge
Le Eoghan Mac Cormaic
TA Nollaig ag na Críostaithe, an 12ú Lá ag na
hOraistigh, an 4ú Lá d'Iúil ag na Poncanaigh ... agus
ar ndóigh Seachtain na Gaeilge ag na Gaeilgeoirí.
Bliain ina dhiaidh bliana tagann an imeacht mhór seo
timpeall agus aidhm agus cuspóir ag an tseachtain ná
líon na nGaeilgeoirí a mhéadú.
`Sí an rud is fearr faoin seachtain, de ghnáth, nach
mbíonn ar dhaoine bheith líofa sa Ghaeilge bheith
páirteach sna himeachtaí, cé go sasaíonn eagraitheoirí
na seachtaine dúil na gcainteoirí líofa agus spéis na
bhfoghlamthóirí ar aon i réimse an chláir.
`Sí Cathair na Gaillimhe an t-ionad is mó d'imeachtaí
Gaelacha an t-am seo den bhliain agus lucht Chonradh na
Gaeilge a ghlacann curaim de stiúr na n-imeachtaí.
D'fhoilsigh siad Clár na Seachtaine Dé hAoine seo
chuaigh thart agus mar a bheifeá ag dual tá go leor
leor rudaí difriúla ar siúl.
Mar a deir Eibhlín Ní Clochartaigh faoin cheiliúradh
náisiúnta bliantúil seo, tugann sé deis do dhaoine
féile spraoiúil a bheith acu agus an Ghaeilge a
labhairt agus a chraobhscaoileadh ar fud na tíre. `Is
deis chun ár gcairde ar bheagán Gaeilge a spreagadh
agus an saibhreas a bhaineann leis an Ghaeilge a léiriú
dóibh.'
I mbliana tá dhá chomórtas ann do scoileanna, comórtas
aistí agus comórtas postaeirí.
In aois seo na teicneolaíochta is trathúil agus
oiriúnach go bhfuil comhlacht áitiúil, Galmac, ag
bronnadh duais d'ríomhairí ar scoileanna na
mbuaiteoirí. Naomh Pádraig agus an 20ú Aois an téama i
mbliana dona comórtais, agus le duais chomh mór le
ríomhaire ar thairiscint nár chóir do Gaelscoileanna ar
fud na tíre dul san iomaíocht.
Tá réimse imeachtaí do dhaoine fásta chomh maith.
Seolfar idir leabhair agus dluthdhioscaí ag imeachtaí
in Aras na Gaeilge, Sráid Doiminic ag tús na
Seachtaine: `Affairs of the Harp' leabhar agus
dlúthdhiosca le Kathleen Loughnane, ag 8.00 Dé
Domhnaigh 8 Márta, agus dhá oíche ina dhiaidh sin
seolfar `Drioball na Fainleoige' le Johnny Connolly,
`An Chéad Chló' - cnuasacht le seisear de nuafhilí ár
linne, agus `I mBéal na Farraige' - scéalta béaloideas
faoin fharraige.
Ach ní bhíonn na himeachtaí go léir chomh dairíre le
seoladh oifigiúil. Beidh seisiúin ceoil sa Chlub gach
oíche agus in áiteanna eile sa chathair, ach beidh an
craic is fearr b'fhéidir, ar an Chéadaoin nuair a
chruinníonn na mic léinn le chéile le haghaidh oíche
Karaoke An bhfuil Báidín Fheidhlime nó Péigí Leitir
Mór ar eolas agat?
Tá gach eolas faoi imeachtaí na seachtaine ar fáil ó
Chonradh na Gaeilge ag 45 Sráid Doiminic, Gaillimh nó
glaoch a chur ar (091) 567824. Má tá sibh ar chuairt
san Iarthar i rith na seachtaine táim cinnte go
gcuirfear fáilte Gaelach is fiche romhat bheith
páirteach insan spraoi.