Bréagáin núicléacha ag tiarnaí cogaidh - féar ag na daoine
Cloistear miotas ó thráth go chéile gur éirigh leis an India
neamhspleáchas a bhaint amach gan doirteadh fola. Ó léirscrios
Amritsar i 1919 (gan dul níos faide siar ná sin) go dtí 1947
d'fhulaing náisiúnaithe Indiacha bás, díshealbhú agus príosúnacht
gan triail ar na mórchóir, bliain i ndiaidh bliana. (I 1932, mar
shampla de bhliain amháin, bhí 66,000 Indiach ina bpríosúnaigh
pholaitiúla.)
Ach ba í an tubaiste ba mhó a bhuail an India san aois seo an
cinneadh a rinneadh le linn ghobharnóireacht Louis Mountbatten
críochdheighilt a dhéanamh ar an bhfomhór-roinn i 1947. In
imeacht seachtaine maraíodh na mílte ar an dá thaobh den deighilt
reiligiúnach agus rinneadh teifigh de 70,000 daoine.
Ní raibh a leithéid de thír agus an Phacastáin ann riamh roimhe
sin. Níor smaoiníodh ar a leithéid fiú go dtí 1932 nuair a cheap
miondream seicteach an coinceap agus an t-ainm. Fiú bhí an té a
luaitear mar bhunaitheoir na Pacastáine, Muhammad Ali Jinnah, in
éadan stát Ioslamach ar leith go dtí 1940. In olltoghchán na
bliana 1935 bhí Comhdháil Naísiúnta na hIndia cathréimeach i
ngach cearn den India mhór, na ceantair Ioslamacha san áireamh.
Gluaiseacht shaolta neamhsheicteach a bhí sa náisiúnachas Indiach
den chuid is mó i gcónaí, ní hionann agus lucht na scarúinte
Pacastáiní. Ón tús ghlac an India bóthar an daonlathais agus
chothaigh sí an t-iolrachas cultúir, frithimpiriúlachas, forás
eacnamaíoch státurraithe agus an chaonfhulaingt reiligiúnach
taobh istigh de stát saolta.
Chuir rialtais tosaigh na tíre rompu an India a nua-aimsearú gan
í a iartharú. Tríd is tríd leanadh leis an traidisiún sin go dtí
teacht chun cinn an pháirtí sár-Hiondúigh Bharatiya Janata (BJP)
atá anois i gcumhacht bíodh is gur rialtas mionlaigh iad. Lucht
leanúna an pháirtí chéanna a bhí taobh thiar de mhosc mórghradaim
a scrios i gcathair naofa Ayodhya i 1992.
Cúis scéine ceart pléascáin núicléacha a bheith á dtástáil ag an
BJP agus réimeas Islamabad araon. Is contúirtí an áit í an domhan
dá dheasca. Dá thír iad an India agus an Phacastáin atá céasta ag
an mbochtaineacht. Ní hacamhainn leo na táinte a chaitheamh ar
fhorbairt armlainne núicléiche. Agus ní hé nach bhfuil fhios acu
an rogha atá siad ag glacadh. Dúirt Zulfiqar Ali Bhutto tráth go
mbainfeadh an Phacastáin stádas núicléach amach ``fiú más gá dúinn
dul i muinín an fhéir mar bheatha.'' Ith, a chapaill, agus
gheobhair féar!
Bhí sé truamhéileach a bheith ag breathnú ar Indiaigh agus
Pacastánaigh araon ag ceiliúradh (munar mhiste leat) na
dtrialacha admhacha. Ach is féidir cuid de sin a thuiscint i
bhfianaise an tsotail mhínáirigh a léiríonn na cumhachtaí móra
sna cúrsaí seo. A leithéid d'éadan agus atá ag Washington agus
Londain agus iad ag tabhairt seanmóirí uathu!
Cruáltacht anuas ar shotal é smachtbhannaí a chur ar an dá thír i
ngeall ar iompar a gceannairí. Is iad na daoine is dearóile a
bheas thíos leis na smachtbhannaí, mar is gnáth. Ar ndóigh, tá
clár gnó eile taobh thiar de na smachtbhannaí céanna agus is é
sin a chinntiú nach mbeadh forbairt ar thíortha mar an India ach
go háirithe, a laghdódh an bhearna idir í agus na tíortha
tionsclaíocha. Is iomaí bealach a throidfear cogaí acmhainne na
21ú haoise.
Ná déanaimís dearmad go bhfuil fhios ag madraí na sráide go
bhfuil armlann núicléach ag Iosrael ach níl aon cheist faoi
smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ansin, nó fiú an scéal a fhiosrú.
Ba é ceann d'éachtaí móra na Náisiún Aontaithe é an Conradh um
Neamhiomadú Núicléach (1968). Tá an conradh sin sínithe ag 185
tíortha agus cuireann sé cosc iomlán ar leathnú gléasanna
núicléacha go tíortha nach raibh a leithéid ina seilbh acu ag an
tráth sin.
Ach níl an oiread sin cainte ar an dara prionsabal sa chonradh a
chinn go n-éireodh an ``club núicléach'' - SAM, Aontas na Sóivéide
(mar a bhí), Sasana, an Fhrainc agus an tSín - as gléasanna
núicléacha de réir a chéile. Níl aon iarracht mhacánta déanta le
30 bliain anuas é sin a bhaint amach. Is é sin eithne na faidhbe.
Go dtí go gcoscfar airm núicléacha scun scan gan eisceacht beidh
an tubaiste os ár gcionn.
Colm de Faoite