``I'' for Ireland nó ``É'' do Éire
le Micheál Mac Piarais
Cuir Trevor Sargent, Teachtaí Dála den Chomhaontas Glas, ceist
don Aire Gnóthaí Eachtracha le deanaí, ag iarraidh cén fáth go
bhfuil Éire cláraithe go h-idirnáisiúnta faoin litir ``I'' do
Ireland in ionad ``É'' do Éire.
Ceapfá gur rud beag, beagáinín seafóideach, an agóid seo a
dhéanamh, ach is ábhar dáiríre é má chuirfear é san gcoimhthéacs
gurb é an protocol san Aontas Eorpach ná go liostáiltear tíortha,
de réir aibítear, faoi ainm na tíre ina teanga náisiúnta fhéin;
sin é go mbíonn An Ghearmáin faoi `Deutschland'(über alles), an
Spáinn faoi Espania agus ar aghaidh leis.
Is é an freagra a thug David Andrews ar an cheist seo ná go raibh
sé i gcónaí mar chleachtadh ag an rialtas leagan Béarla ainm an
stáit a úsáid in eagraíochtaí idirnáisiúnta. De réir an t-aire is
é seo a rinneadh nuair a chuaigh an 26 chontae mar ball den
Comhphobal Eorpach i 1973 agus leanfar leis an chleachtadh seo
san todhcaí.
Is buarthach é a fheiceáil go bhfuil Éire an t-aon tír san Eoraip
gan muinín go leor ina teanga, a cultúr nó a dúchais chun a
teanga fhéin a úsáid. Cén fáth go gcaithfimid teanga eachtrach a
úsáid, fiú amháin in ainmniú ár dtíre fhéin. Is comhartha easpa
muiníne agus bróid, agus go bhfuilimid fós ag maireachtáil i ré
meoin cóilínithe, nach féidir lenár dtír seasamh ar a dhá chosa
agus ár dteanga a ath-bheochain.
Ní gnéith sean-nósach nó mí-thairgiúil é an teanga dúchasach. Is
rud álainn, beomhar agus foinse muinín náisiúnta é. Is comhartha
é freagra an aire do pholasaí détheangach an rialtais. Deirtear
go bhfuil gach iarracht ar bun acu an teanga a fhorbairt, ach i
ndáiríre tá siad sásta é a fhágáil ar taobh an bhóthair, chun bás
mall, ciúin a fháil. Is féidir gluaiseacht i dtreo Eoraip
aontaithe go heacnamúil, gan ár gcultúr agus ár n-aitheantas a
chailliúint.
Fiú dá leanfaí leis an nós atá i bhfeidhm ar an idirghreasaí, mar
a bhfuil `.ie' mar ainm réimse na hÉireann, bheadh sé rud beag
níos fearr ná `I' amháin.
Sos ar phraghasanna tithe ag teacht?
Cé go bhfuil sé ro luath go fóill torthaí na n-athruithe is
déanaí a mhothú fós ar an mhargadh tithíochta, tá na ceantálaithe
agus mangairí talúin agus tithe ag tuar go bhfuil deireadh i ndán
do choras ina mbeadh praghasanna na dtithe ag méadú gan srian
gach bliain.
Níos luaithe i mbliana thug Rialtas Bhaile Átha Cliath rialacha
nua isteach chun cabhair a thabhairt do dhaoine a bhí ag
ceannacht tí don chéad uair. I measc rudaí eile cuireadh deireadh
le cáin stampa ar thithe athlámh; cuireadh deireadh le faoiseamh
cáin ar thithe a tógáladh go spéisialta mar infheistíocht le
tabhairt amach ar chíos; ordaíodh don lucht forbartha níos mó
suíomhanna le seirbhísí a sholathar agus islíodh an cháin ó 60%
go 20% ar shuíomhanna nua a díoltar le haghaidh tithe. Ní
mhairfidh an t-athrú deireannach sin ach ar feadh tréimhse
ceithre bhliana agus tathar ag súil go meallfaidh an faoiseamh
cánach seo úinéirí talúin a suíomhanna a dhíol anois, láithreach,
agus brabús a dhéanamh ionas go mbeidh tuilleadh suíomhanna ar
fáil. Tathar dóchasach, chomh maith, go gcuideoidh deireadh le
cáin stampa ar sheantithe le daoine óga ag cuardach amach a gcéad
tí nó bhí an cháin mar a bhí ina constaice ar athdhíol.
Ní fheicfear buntáiste ná míbhuntáiste na moltaí seo ar feadh
tamaill eile, ach `sé an toradh atá infheicthe anois ná an
t-athrú `siceolaíoch' dar le mangairí talúin. I rith an chéad
ráithe den bhliain seo níor mhéadaigh praghas na dtithe ach
pointe nó dó faoin chéad. Anúraidh, áfach, bhí praghasanna ag
méadú gach seachtain agus bhí méadú de 33% i bpraghasanna i
mBaile Átha Cliath le linn 1997. I gceantracha áirithe bhí
arasáin agus tithe ag méadú suas le £1 000 gach seachtain agus i
mbailte mar Ghaillimh ní raibh teach ar fáil ar níos lú ná £60
000 - ba chuma cé chomh suarach agus a bhí sé.
Tá, ar ndóigh srian fisiciúil ar bhaile cosúil le Cathair na
Gaillimhe (nó Bhaile Átha Cliath) mar gheall ar an fharraige.
Ciallann sé sin nach bhfasann an chathair go cothrom. Ligeann an
fás aontaobhach (i dtreo Connamara ach go háirithe) do
phraghasanna a mhéadú thar fóir agus déantar an fhadhb níos measa
fós nuair a chuimhnítear go bhfuil an mhórchuid de Chonnamara ina
Ceantar Caomhnaithe Speisialta.
I mBaile Átha Cliath tá scannal reatha ann mar gheall ar
cheisteanna a bhaineann le cead pleánála agus athrú feidhme
duichí éagsúla. Rinneadh go leor brabús as díol agus ceannacht
suíomhanna le blianta anuas agus cé nach bhfuil sé ceangailte
isteach go díreach le praghasanna na dtithe níl aon dabht ná go
bhfuil suíomh beagnach chomh daor anois agus an teach a togfar
air.
Ach mar a dúradh, tá comharthaí ann anois go bhfuil athrú ag
teacht ar an scéal. Níl na mangairí ag fáil an líon céanna
fiosrúcháin faoi thithe agus a bhí, dar leo féin agus mar gheall
ar sin tá méadú suntasach le feiceáil ar líon na bhfógraí a
foilsítear sna nuachtáin le haghaidh na dtithe céanna. Agus cé go
bhfuil figiúirí an fórlíonaidh tithíochta i nuachtán mar an Irish
Times dochreidte, uaireanta, le mílliún agus milliún go leith á
chaitheadh ar thithe, tá praghas na dtithe sna ceaint ag titim,
agus chomh maith le sin is minice anois go dtarraingíonn daoine
siar ar `aontas' a rinne siad le teach a cheannacht ag praghas
áirithe, toisc go bhfuil siad ag teacht ar theach inchurtha ag
praghas níos lú i gceantar eile.
Tá difir suntasach idir méadú praghasanna anuraidh agus i
mbliana. Le linn an chéad trí mhí den bhliain seo chuaigh thart
bhí méadú de bhreis agus 11% ar phraghas tí taobh amuigh de
Bhaile Átha Cliath, agus 12% sa chathair féin ach i mbliana thit
an ráta méadaithe go 2.3%sa tír agus níos lú ná 2% sa chathair.
Ach níl an cath thart fós, ná leath thart. Cé go bhfuil an ráta
méadaithe ag cothromú, níl na praghasanna féin ag titim go
fóill. Má fhanann siad ag an mullach ar a bhfuil siad faoi
láthair, beidh siad ró-ard fós do go leor daoine... agus is léir
le blianta go bhfuil na comhlachtaí morgáiste `flaithiúil' sa
dóigh a scrudaíonn siad ioncam iarrthóirí. Tá praghas na dtithe
níos airde, go coitianta, ná an suim airgid gur chóir go mbeadh
lanúin óg in ann a fháil ar iasacht de réir a gcomh-ioncaim, agus
bhoilscigh sé sin `luach' na dtithe níos mó fós.
Ag Ard Fhéis Shinn Féin i mbliana glacadh le roinnt moltaí a
d'iarr go gcuirfí leis an líon tithe nua a thogálann Comhairlí
agus Bardais gach bliain, agus go ndéanfar `banc talúin' chun
cabhair a thabhairt do dhaoine nach bhfuil in ann suíomh tí a
cheannacht ag praghas boilscithe an mhargaidh. Fiú má tá maolú
anois ar an fhadhb - má's fíor an méid a tuairiscítear - beidh gá
le banc talúin agus cabhair in aghaidh na ngnéithe is measa den
mhargadh go fóill.