Ag cothú tuiscint ar an saol Ceilteach
Celtic History & Literature Review £2.50
Clochán
36 Fruithill Park
Béal Feirste BT11 8GE
Molann Eoghan Mac Cormaic iris nua atá amuigh ar an mhargadh
TA AN cuma ar an scéal go bhfuil an Celtic History & Literature Review ina chomharba ar dhá iris eile a chuaigh roimhe, sé sin an `Celtic History Review' agus an `Celtic Pen' ar foilsíodh ag an fhoinse céanna nuair a bhí siad ar fáil - An Clochán, i mBéal Feirste. Agus mar atá a fhios ag cách, is suim mhionlaigh í an suim Cheilteach.
Tá taithí de shaghas agam ar an domhan Ceilteach. Tá a fhios agam gur féidir le beagnach gach duine in Éirinn a rá go bhfuil taithí acu ar an domhan Ceilteach, ach is fada go raibh spéis níos doimhne ná cineghrá agam san abhar seo mar a bheadh a fhios ag na céadta comradaí ar chéas mé le hathscríobh focal, agus mar a bhéadh a fhios ag mo mháthair bhocht a chaith oícheanta dóríomhaithe ag athscríobh agus ag clóscríobh litreacha agus liostaí uaim nuair a bhí mé faoi ghlas.
Chuir mé blianta isteach ag bailiú focal fa' choinne foclóir na dTeangacha Ceilteacha... nár foilsíodh. Tá suim an mhionlaigh agus suim an mhionlaigh ann, mar a deirfeá.
Chaith mé tréimhse ina dhiaidh sin ag staidéar Léinn Ceilteach do chéim ollscoile, ach deirfidh mé seo libh ní raibh a fhios agam leath den eolas atá ar fáil san iris nua seo ó An Clochán.
Daoine spéisiúla iad na Ceiltigh, agus daoine spéisiúla iad siúd a chaitheann a laethanta ag staidéar na gCeilteach. Ach á spéisiúil agus atá siad, is spéisiúla fós atá an dream sin a théann i ngleic le foilseacháin faoin saol Ceilteach, nó faoina dteangacha.
Cheapfadh an duine nach dtuigeann é gur beag an ábhar spéisiúil gur féidir aimsiú nó cruthú mí ina dhiaidh míosa, bliain ina dhiaidh bliana ar rud chomh cuing le `Ceilteachas'.
Ach bheadh sé cearr. `Sé an rud is fearr faoi staidéar na gCeilteach ná go bhfuil sé chinn de thír, sé theanga agus sé mhíle bliain de stair i gceist. Ní nach ionadh nuair a foilsítear iris amháil an iris seo nach bhfuil agat ach léargas scioptha ar scéal iontach mór.
I mbealach tá an iris áirithe seo difriúil óna hirisí Ceilteacha eile, nó is i mBéarla na Sasannach a foilsítear é, ionas, is dóigh liom gur féidir le furmhór na gCeilteach (mo thrua sibh a Bhriotanaigh) é a léamh.
Ciallann sé sin go mbeidh leitheoireacht níos leithne ag an iris, nó is féidir, mar shampla, go mbeidh spéis ag duine as an Choirn san alt faoin Ghabha (An Gof) fiú mura gceapann sé gur de shíol na gCeilteach é.
Tá altanna ann atá tráthúil go leor, d'éirigh an Gof amach in aghaidh Coróin na Sasana i 1497, agus tá altanna ann chomh maith faoina hAlbanaigh Aontaithe agus na hÉireannaigh Aontaithe i 1798.
Beidh spéis ag foclóirí ar altanna faoi thionchar na Lochlannach ar an Ghaeilge nó faoi logainmneacha na Breataine Bige. Tá filíocht ann, taighde, leirmheasanna agus stait. Tá idir seanstair agus nua stair araon ann, léigh mar shampla an t-alt fíorshuimiúil le Bernard Moffatt ar thaithí na Manannach a bhí páirteach i dteitheadh Dunkirk.
Tréimhseachán suimiúil atá san eagrán seo, foilsíodh é mí ó shin agus ba chóir go mbeadh rath air. Agus má tarraingeann sé an saol Ceilteach agus saol an choda eile dínn níos cóngaraí le chéile, beidh eacht déanta ag na heagarthóirí.