Dara naíscoil d' Iúr Cinn Trá d'ainneoin ionsaí tine
Le Marcas Mac Ruairí
TA gníomhaithe teanga in Iúir Cinn Tra ag gealliúint go
mbeidh naíscoil san eastát Doire Beag d'ainneoin tine a
scrois an portacabin ina riabh an scoil le bheidh
lonnaithe.
Creidtear go forleathan sa phobal go raibh déagóirí
ciontach as an tine luath maidin Dé Chéadaoin 15ú
Feabhra agus nár thuig said caidé mar a úsádfaí an
arás.
Tugdh an t-arás don phobal áitiúil ó Buscoil an Iúir a
bhog isteach go arás nua ar na mallaimh.
Tá tuismitheoirí ó Bunscoil an Iúir ag troid le
aitheantas a fháil ó Udaráisí Oideachais sna Sé Chontae
ónar bunaiodh an scoil ocht mbliana ó shin agus bhí
súil acu go gcuideodh an dara naíscoil sa bhaile lena
gcás.
Ach tá tuismitheoirí na háite ag rá anois nach
gcuirfear óna n-iarrachtaí agus táthair ag iarraidh
tacaíocht ó duine ar bith arbh fhéidir cuidiú leo.
Tá siad chean féin ar lorg portacabin eile agus iad ag
iarraidh tacaíocht airgid ó duine ar bith arbh fhéidir
á thabhairt.
Ag cáineadh na ndaoine a rinne an ionsaí dúirt an
Chomhairleoir Sinn Féin Brendan Curran, ``Iarraim orthu
siúd a rinne seo chun staonadh óna leitheid amach
anseo.
``Tá dian iarrachtaí déanta ag na tuismitheoirí le
oideachas Geailge reamhscoilíocht a chur ar fáil sa
cheantar seo agus is iad na páistí atá á ngortú le
ionsaithe mar seo.''
Greann marbh in Ollscoil na Ríona
Le Eoghan Mac Cormaic
Ar chuir tú spéis sa scéal, an tseachtain seo chuaigh
thart gur cuireadh cosc ar PTQ? Pro Tanto Quid,
irisleabhar Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona,
Béal Feirste, a coscadh agus b'iad Udaráis na
hOllscoile a rinne an chinsireacht airithe seo.
Cad chuige an cosc? Bhuel, b'é an rud a chuir isteach
orthu ná go raibh dhá leathánach de scéalta grinn ann
faoi Diana, nach maireann. Dhá leathánach a foilsíodh
chun aoibhneas a chur i gcroíthe na léitheoirí agus
mionghaire a thabhairt ar a mbeola.
`Sé an rud a chuireann iontas orm ná gur shíl mé gur
chaith an Diana céanna a saol ar fad ag iarraidh
aoibhneas a chur i gcroíthe na ndaoine agus mionghaire
a thabhairt ar a mbeola. B'fhéidir nach ionann
aoibhneas agus aoibhneas.
Tá mé cinnte de go raibh lucht foilsithe PTQ ag
iarraidh go mbuanófaí an taobh sin de Diana ina diaidh
agus ar ndóigh is foilseachán carthanach é PTQ. Ní nach
ionadh go mbeadh mic léinn, agus iad ag obair i rith a
seachtaine giobalaí le hairgead a chruiniú do
chúiseanna carthanacha, sásta ainm Diana a úsáid ina
n-iarrachtaí.
`Sin oidhreacht Diana nach ea? Agus i bhfábhar na mac
léinn a d'fhoilsigh PTQ, ní raibh siadsan ag baint aon
tairbhe ná brabúis péarsanta as an fhoilseachán - rud
nach féidir a rá faoi na boic mhóra i dtionscail na
Banphrionsa. Tá dlíodóirí agus foilsitheoirí agus
cúntasóirí agus fógróirí agus cé fios cén daoine eile
ag éirí ramhar ar brabus na n-imeachtaí cuimhneacháin ó
fuair sé bás.
Ach cuireadh cosc cibé scéal ar PTQ, toisc gur
`mhaslaigh' na leathánaigh Dhiana. Níl sé ceadmhach
masla a chur ar an bhandia, ar ndóigh.
Is fada mo chuimhne ar PTQ. Nuair a bhí mé i mo ghasur
scoile bhíodh daoine ag tabhairt amach i gcónaí faoin
iris bheag. Sna laethana sin bhíodh leathánaigh ghorma
ann, lán de scéalta amhrasacha, ranna agus luimhneacha
salacha, cartúin ghnéasta.
Bhí PTQ saghas brodúil as a chlú mar iris a bhí maslach
do gach rud a bhí naofa agus luachmhar do dhaoine, agus
b'é sin a tharraing clú agus spéis air. Cuirfí cuid de
i gcló ar pháipéar ghorm ionas gurbh fhéidir le daoine
na leathánaigh a stroicheadh as nár mhaith leo a léamh
sula dtruallófaí leis an dríodar iad. Ach ní leor an
rogha sin anois, is léir, agus cuireadh stop ar
scaipeadh an leabhrán.
Ní glacfaí le masla ar Dhiana, cé go bhfuil glacadh
leis na blianta ar cheap magaidh a dhéanamh as Dia, as
daoine bacacha, as ghnéas, as mhná, as Iúdaigh, as
dhaoine den chine ghorm, as an uile rud.
Ach Diana, sin scéal eile. Tá an greann marbh in
Ollscoil na Ríona, b'fhéidir, nó b'fhéidir nach raibh
sé an in aon chor.
sceimhle anuas
Le Com de faoite
Níl aon amhras ar George Robertson ach go mbíonn toradh
ar an gcogaíocht. I bhfad uaidh an tláithíneacht!
Ní mór na hIarácaigh a phléascadh ón aer, dar leis. An
é seo an George Robertson céanna a bhíodh ag
seanmóireacht do throdairí saoirse faoi neamhéifeacht
an fhoréigin?
Tugann sé chun cuimhne dúinn an rud a dúirt Breandán O
Beacháin tráth faoin difríocht idir Oglaigh na hÉireann
agus na Sasanaigh, go raibh pléascáin bheaga ag na
hOglaigh agus pléascáin mhóra ag Seán Buí (mar a fuair
muintir Dresden amach, mar shampla).
Go deimhin, is cuimhin le cuid againn faoi mar a
d'iompar George Robertson é féin i 1988 tráth a
dhúnmharaigh an SAS triúr dár muintir i nGiobráltar.
D'fhógair na maidríní lathaigh sna meáin go raibh
carrphléascán mór curtha ar an láthair ag an triúr i
lár an bhaile. Deargbhréag a bhí ansin. B'éigean do
Rúnaí Gnóthaí Baile na linne, Geoffrey Howe, a admháil
nárbh ann do charrphléascán.
Láithreach bonn sheas George Robertson agus cháin sé go
fadálach an carrphléascán nach raibh ann in ainneoin
iarrachtaí barrúla a chomhghleacaithe leide a thabhairt
dó go raibh a script as dáta.
Is breá an straidhn bhuile a thagann ar pholaiteoirí
Angla-Mheiriceánacha agus iad ar bís le cogadh a
fhearadh. Meabhraítear dúinn sa bholscaireacht laethúil
in aghaidh na nIarácach an sruth finscéalta faoi
bharbarthacht na nGearmánach a scaipeadh i 1914.
Bhí scéalta den chineál céanna le cloisteáil le linn an
chogaidh dheireanaigh i limistéar Mhuarascail na Peirse
i 1991. (Bulaí fir Pearse Hutchinson as a mheabhrú
dúinn san RTÉ Guide reatha go bhfuil níos mó ná
muarascail amháin ar domhan!)
Tuairiscíodh an tráth sin gur ghabh na hIarácaigh
ospidéal i gCuáit agus gur réab siad amach na seoltáin
leictrise as goradáin, ag marú na leanaí beaga bídeacha
iontu. Ar ndóigh, níor tharla a leithéid riamh faoi mar
a admhaíodh ar ball.
I 1991 bhí daoine áirithe corraithe faoin ionradh ar an
gCuáit, iamhchríoch nach bhfuil de bhunús leis ach gur
ghearr na Sasanaigh amach ón Iaráic é in 1899. Níl
ionradh mar leithscéal ar an gcogaíocht i 1998 ach gur
mithid ``ceacht'' a mhúineadh do na hIarácaigh toisc gur
deachtóir é Saddam Hussein.
Sin caint thaidhleoireacht na ngunnabhád ón 19ú haois.
Chualamar macallaí den chaint sin i nDoire i 1972 agus
in Amritsar i 1919.
Tagann sé seo, munar mhiste leat, ó na daoine a
thacaigh le Samoza, Mobutu, Batista, Pinochet,
Trujillo, Duvalier, Marcos, Galtieri, Sukarno agus
muintir Saud.
Ar feadh na mblianta fada thacaigh na
hAngla-Mheiriceánaigh leis an Saddam céanna. Ghléas
siad go fial é sa chogadh a d'fhear sé ar na
hIaránaigh. Ní dhearna siad gearán ar bith nuair a
d'úsáid sé gás nimhneach mar uirlis troda sa chogadh
sin.
Dhíol Washington antracs agus bunábhar eile do
ghléasanna troda bitheolaíocha leis an réimeas i
mBagdad idir 1986 agus 1988. Chuir na Sasanaigh lastaí
móra de mheáin fáis go Saddam i 1987 agus 1988 le go
mbeadh sé in ann an t-abhar nimhneach a fhás.
Ba ó na hAngla-Mheiriceánaigh a fuair Saddam na
gléasanna cogaidh a d'úsáid sé bliain i ndiaidh bliana
in aghaidh na gCordastánach (atá faoi ionsaí i gcónaí
agus ag an am céanna ón Tuirc, ballstát de chuid
ECAT/NATO).
Aon dream ar cás leo deachtóireacht Saddam Hussein
tugaidís tacaíocht don bhfreasúra mídhleathach
daonlathach san Iaráic. Aon dream atá dáiríre buartha
faoi Saddam a bheith ina bhagairt do thíortha máguaird
seasaidís le muintir na Cordastáine ina ngleic
náisiúnta le go mbeadh stát dá gcuid féin acu.
Faoi mar a tharlaíonn sé tá idir dhaonlathaigh
Iarácacha agus Chordastánaigh, taobh istigh agus taobh
amuigh den tír, glan in éadan na buamála
Angla-Mheiriceánaí.
Is é an t-aer-ruathar ar chathracha an modh coghaidh is
barbartha dá bhfuil ann ó maraíonn sé agus martraíonn
sé sibhialtaigh, idir dhaoine fásta agus pháistí, ar an
mórchóir scun scan. Is é an t-aer-ruathar
sainbharbarthacht na 20ú haoise.
Thuar Siegfried Sasson é sin i 1932 nuair a scríobh sé,
ceithre bliana roimh Guernica:
``In years to come
Poor panic-stricken hordes will hear that hum
d Fear will be synonymous with Flight.''