Republican News · Thursday 17 December 1998

[An Phoblacht]

mhonamáine Oráisteach á chreimeadh

Tuigeann cách gurb é doicheall an UUP glacadh le hionadaithe Shinn Féin ar an bhfeidhmeannas ó thuaidh an dris chosáin atá sa bhealach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe. Is í an fhadhb atá acu a bheith in aon chomh-aireacht le Sinn Féin ar chor ar bith. Ní ``coimisiúnú'' ná polaitíocht Shinn Féin atá ag cur as don UUP. Níl ann ach biogóideacht.

Tá sé suimiúil gurbh é Billy Hutchinson ón PUP a dúirt é sin an tseachtain seo caite. Bhí sé ag labhairt ag seimineár a d'eagraigh Fóram Oideachais Shéamais Uí Chonghaile i mBaile Atha Cliath.

Ba é ceann de bhuntéamaí Hutchinson go raibh an UUP agus an SDLP ag iarraidh gach dream eile sa tuaisceart a choinneáil amach as cinntí a d'eascair as an gComhaontú. Dar leis ba é an chontúirt ba mhó a bhí sa staid atá ann faoi láthair go gcuirfeadh an dá pháirtí sin le chéile le polasaithe coimeádacha a chur chun cinn tríd an Chomhthionól. Tá an scéal (go háirithe vis-a-vis an SDLP) beagán níos casta ná sin i ndáiríre ach ba shoineanta an cur chuige é gan chontúirt sin a choinneáil in intinn.

Bhí faitíos ar Hutchinson go mbeadh meon an chomhaontais thuartha seo (idir an UUP agus an SDLP) ag teacht go seoigh le go leor de pholasaithe rialtas an Bhláraigh i Londain. Go deimhin, deir Hutchinson go mbíodh sé níos éasca polasaithe le leas an phobail oibre a chur chun cinn in aimsir na dTóraithe ná mar atá ó tháinig na Bláraigh i gcumhacht.

Tuigim go maith céard a bhí i gceist aige. In aimsir na dTóraithe d'fhéadfaí dul i bhfeidhm ar státseirbhísigh agus is minic ar éirigh leo siúd tionchar a imirt ar airí nuair nach raibh cúrsaí ``slándála'' i gceist. Ach leis na Bláraigh tagann gach cinneadh anuas ón mbarr. Ar eagla na míthuisceana, ní miste a rá gur fada óna chéile iad na Tóraithe agus na Bláraigh maidir leis an bpictiúr mór: gan Páirtí an Lucht Oibre a bheith i gcumhacht i Sasana ní bheadh ann don Chomhaontú.

Thug Billy Hutchinson rabhadh maidir leis an ``danger of nationalising everthing.'' Luaigh sé mar shampla ceist chuan Bhéal Feirste a bhfuil na Bláraigh ag iarraidh é a phríobháidiú.

Bhí imní air freisin faoi ghalar an phríobáidithe in earnáil na sláinte. Dar leis bhí idir státseirbhísigh agus baill den UUP ann ar mhaith leo an clog a chur siar sa raon sin. Faoi mar atá, dúirt sé go raibh áiseanna sláinte sa tuaisceart i bhfad níos measa ná mar a bhí siad i dtuaisceart Shasana, gan trácht ar dheisceart na tíre sin (dúiche dúchais an Bhlárachais, d'fhéadfá a rá).

Agus é ag freagairt ceisteanna, dúirt Hutchinson nach bhfaca sé ciall ar bith sa mholadh go rachadh na 26 Chontae ar ais sa Chomhlathas Briotanach. Dhearbhaigh sé freisin gur Éireannach a bhí ann féin ``ó thaobh cultúir de.''

Ar an taobh diúltach de léirigh Billy Hutchinson daille maidir leis an Ord Oráisteach de. Ní thuigeann sé, dar liom, an nimh, atá san Oráisteachas. Luaigh sé, dála an scéil, nath Uí Chonghaile gur dhá ghné den cheist mhór chéanna iad an cheist náisiúnta agus an cheist shóisialta ach ní léir gur thuig sé a raibh i gceist.

Ag an gcruinniú céanna dúirt James Stewart, Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach na hÉireann go raibh David Trimble ag bogadh na gcuaillí cúil arís agus arís eile. Bhí geilleagar aonair de dhíth ar oileán na hÉireann ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne. Dúirt sé go rabhthas ag dul róbhog ar rialtas Londan a bhfuil éirithe leo iad féin a chur chun cinn amhail is dá mba pháirtí neodrach iad nach raibh aon mhilleán orthu. Chreid sé go raibh faitíos ar Tony Blair roimh aon réiteach radacach sa tuaisceart mar go dtabharfadh sé sin uchtach do mhuintir na hAlban agus na Breataine Bige dul le neamhspleáchas.

Colm de Faoite


Binb nó caoinfhulaing?

Dhá chéim ar aghaidh agus céim amháin siar. Tcítear go mbeidh forbairt stadas na teangan mar sin i gcónaí nó gach uair go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh daoine sasta ligint don Ghaeilge dul ar aghaidh, `seo chugainn duine eile a chuirfeadh stop lei agus constaic i mbealach na forbartha.

`Sí an nós is leadránaí faoi cholún Gaeilge ná é a scríobh faoin Ghaeilge. De bhrí sin, seachnaíonn leathánach Gaeilge APRN ceist na Gaeilge per se nuair is féidir. Ach an tseachtain seo chuaigh thart scaoileadh scéal litreach oscailte a sheol léachtóir staire i gColáiste na hOllscoile, Michael Laffan chuig uachtarán na hollscoile, an Dr. Art Cosgrove. Sa litir úd, (litir ar chuir Foinse na seachtaine seo chuaigh thart `binbeach' uirthi), cháin Laffan cuid mhaith gnéithe den dhátheangachas atá i bhfeidhm san Ollscoil. De réir leis, tá an páipéarachas dhátheangach `cluttered and ugly', ach nuair a bristear fríd a chuid argóintí `ealaíonta' sroichtear ar fhíorchúis a ghearáin: polaitíocht agus náisiúnachas. Scríobh sé gur féidir go bhfuil an chontúirt ann go mbeadh an bua acu siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun chinn, tharstu siúd nach bhfuil ag iarraidh bheith `proselytized'. Dar leis go bhfuil an brúghrúpa Gaeilge `small but deeply committed' agus gur féidir leis `flag waving national sentiment' a mhealladh.

Ar ndóigh níl aon rud nua faoin mheon sin, ach le tamall anois bhí Coláiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath ag déanamh a dhícheall éiseamlár na hOllscoile Náisiúnta, Gaillimh a leanúint ach de réir Laffan bheadh isliú ar chaighdeán acadúla na macléinn dá leanfaí leis, ag ceadú scrudaithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge nó ag eisteacht le léachtanna tríd an Ghaeilge.

B'fhéidir go bhfuil blas na baothghalántachta sna hargóintí seo, ach cosnaíonn Laffan féin ag maíomh: `A University should be concerned with scholarship and not with cultural nationalism'. Is léir, áfach, go bhfuil Laffan féin trína chéile faoi cad is `scholarship' nó níl aon bhunus ar bith le teoiric a deir nach bhfuil an caighdeán foghlamtha sa Ghaeilge inchurtha le caighdeán foghlamtha i mBéarla.

Agus déanann sé féin iarracht an milleán a chur ar an íobartach: `In some quarters' a scríobh sé, ` the Irish language inspires an intolerant and semi-religious fervour, and against such a background we must be careful to protect the rights of linguistic atheists or agnostics'. B'fhéidir go musclaíonn an Teanga smaointe mar sin, ach mar a thaispeánann port an Dochtúra Laffan, níl a leithéid de thuairimí teorannta do lucht tacaíochta na Gaeilge. Tá easpa caoinfhulangtha i bhfocail an léachtóra féin ar fud a litreach. Níos fuide sa litir deir sé go bhfuil an Ghaeilge á cur chun chinn `in what might be viewed as an underhand matter.. agus de bhrí sin gur féidir go bhfuil ceist seo an pháipéarachais `an ominous trend'.

Tá bliain ann anois ó cuireadh Bord na Gaeilge ar bun i gColáiste na hOllscoile agus ag an am sin tuigeadh go raibh an Coláiste i bhfad siar ó na coláistí eile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach go háirithe. I nGaillimh (NUIG) feidhmníonn Bord na Gaeilge chun stadas na Gaeilge a fhorbairt agus a chosaint i ngach gné de shaol na hOllscoile agus bíonn ceapúcháin ar an Bhord ó lucht foirne, lucht acadúil agus lucht léinn, rud a chinntíonn gur polasaithe iomláine maidir leis an Ghaeilge a oibríonn san ollscoil. Níor thuigeadh go dtí seo go raibh aon isliú céime i gceist agus is féidir le mic léinn go leor leor ábhar agus scrudaithe: sna dáimh eolaíochta, dán, leighis, dlí agus iriseoireachta a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Glactar go foirleathán go gcuidíonn sé le híomha na hollscoile.

Tá tuairimí an Dochtúra Laffan cáinithe ag go leor leor grupaí Gaeilge ó d'éisigh sé a ráiteas ach b'fhéidir gur thuig sé go mbeadh sé mar sin cibé scéal. Go minic `sé an gearán agus chan an reiteach atá ó dhaoine nach bhfuil am ná `caoinfhulaingt' acu don Ghaeilge agus go bhfuil sé níos tábhachtaí dóbhtha an gearán féin a fhoilsiú. Díreach agus dul chun chinn á dhéanamh nach fearr do lucht na gclamhsán deireadh a chur leis? Mar a dúrirt an duine a dúirt, dhá chéim ar aghaidh, céim amháin siar; rial buan na Gaeilge.


Smaointí um Nollaig

Le Lucilita Bhreatnach Nollag na bliana seo chaite, bhíos ag smaoineamh, bhí mé thall ag Uimhir 10 Sráid Downing, ar an 10ú lá de mhí na Nollag measaim. Ba é sin an chéad cruinniú a bhí ag toscaireacht Shinn Féin le Phríomh Aire na Breataine, Tony Blair. Lá stairiúl a bhí ann de bharr go raibh muid ag bualadh le Tony Blair, ceannaire Páirtí an Lucht Oibre i Sasana, Príomh Aire le tromlach compórdach sna toghcháin, duine atá le bheith i gceannas ar Rialtas Shasana ar feadh cúpla bliana ar a laghad, is seans mhór an feadh 10 mbliain eile. Stairúil freisin ós rud é gurb é an chéad uair de thoscaireacht ó Shinn Féin a bheith taobh istigh de Shráid Downing óna toscairí a bhí ann ag am na gcomhráití ar an gConradh idir foireann Mhíchíl Uí Choileáin agus foireann Lloyd George. Tháinig is d'imigh an Nollaig, tháinig dúnmharú i ndiaidh dúnmharú i mí Eanair ag lámha dílseoirí, le tacaíocht óna gcomhleacaithe sna páirtithe Aondachtacha. Bhí cruinniú eile le Blair ag brú ar ábhair Chothromais, an Chirt, Dí-mhíleatú is ceist saorú na gCimí is go mall bogadh ar aghaidh chuig Socrú Aoine an Chéasta. Is tá a fhios againn cada thárla ó shin. (Clúdaithe in Athbhreithnú na bliana san eagrán dheireannach de nuachtan na bliana seo.) Chuir Tony Blair brú ar David Trimble tíocht chuig socrú Aoine an Chéasta. An mbeidh sé ábalta an rud céanna a dhéanamh au uair seo? Ní fios, ach tá an cosúlacht ar nach dtárlóidh mórán roimh an Nollaig agus is cinnte go dtí an nóiméad dheireannoch i Feabhra nó Márta. Beidh iar-chimí, poblachtóirí is cairde linn ag caitheamh a chéad Nollag is iad saor lena gclann is beidh príosúnaigh eile ag filleadh i ndiadh na Nollag chuig príosúin in Éirinn ag feitheamh ar dáta le bheith cinntithe dá shaoirse féin. Beidh poblachtóirí timpeall na tíre ag glacadh sos beag lena gcáirde is claclann is tiocafidh muid go léir thar nais go bríomhar le fuinneamh inár gcoirp is inár meoin tabhairt faoi an obair atá romhainn. Is go cinnte bliain eile fíorghnóthach a bhéas ann ag brú ar na hábhair i Socrú aoinse an Chéasta is níos leithne amach. Beidh mé féin ag déanamh an rud ceannan céanna is a bhéas á dhéanamh ag formhór an daonra. Ag ullmhú san nóiméad dheireannach, ag cócaireacht is ag beathú páistí, deartháireacha, tuistí is cáirde. Cothófar mise freisin. Beidh mé ag faire amach do Bhean Uí Claus Oíche Nollag óir taím ag fanacht is ag súil go dtiocfaidh sí chugham i mbliana. Anois chuirfeadh sé sin íontas orm is gliondar ar mo chroí. Is Oíche na Nollag beidh mé ag faire ar "Choinnle na nAingeal san spéir amuigh breacaithe... is réiteoidh mé an tine is rachaidh mé chuig mo leapain" ag brionglóidaigh faoi "Dhaidí na Nollag ag tíocht anuas anuas an Similéir." Nollag Shona dhaoibh is Sláinte, Sonas is Saoirse do 1999!

Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News