Slat tomhais an tSochaí an córas príosúntachta...
Níl deireadh fós le truamhéil na mbardach príosúin ó thuaidh, de
réir tuairisc a foilsíodh an tseachtain seo. Ar ndóigh is minic
scéal agus nuacht sa pháipéar nuachtáin seo fa' dtaobh
mhí-iompair na mbardach céanna, i gCampa na Ceise Fada, Mhaghaire
Uí Beirí agus sna carcair eile a bhíodh i mbéal an phobail tráth,
Príosún Bhéal Feirste agus Príosún Ard Macha. Thuigeadh
léitheoirí An Phoblacht gur minic a bhíodh na bardaigh as
smacht, iad ag ionsaí ar mhná le linn cuardacha tornochta, nó ar
fhir le linn bogthaí cillíne, nó ag ocáidí foirsteanacha eile.
Bhí tréimhse fada ó lár na seachtóidí go lár na n-ochtóidí nuair
a chleachtaigh na bardaí céasadh ar bhonn laethúla, agus ní
dhéanfaidh gaolta ná príosúnaigh riamh ar dhrochiompar
coimheadóirí na mBlocanna H nó Ard Mhacha le linn na Stailceanna
Ocrais.
Sa tuairisc nua seo, ríomhaíonn na húdair, faoina gcathaoirleach
Peter Brooke, nach bhfuil, fiú, `caighdeán bunúsach proifisiúnta
ina gcuid oibre' ag na bardaigh. Agus de réir na tuairisce, ba
chóir go mbeadh imní ar bainistíocht na bpríosún mar gheall ar an
léibheal an ráta `tinnis' agus coimheadóirí `as láthair' óna
bpostanna. Bí ag caint faoin Blu Flu, agus an Choo choo flu, `seo
chugaibh anois, a chairde, an Screw Flu. Tá an tuairisc ag caint,
leoga, ar `crisis' nó is léir go bhfuil an tséirbhís féin i mbaol
de bhrí meon na mbardach atá ann faoi láthair.
Díríonn an tuairisc aird ar `meanma íseal' agus `easpa treoir',
agus cuimhnítear, chomh maith, go bhfuil sé cóir a bheith
do-dhéanta oiliúint agus athtraenáil a éagrú mura bhfuil na
bardaigh féin ag freastal ar a gcuid oibre. Luíonn freagracht an
tsuímh seo le `éiginnteacht' i measc na mbardach faoi thódhchaí a
bpostanna, agus todhchaí na séirbhíse príosún.
Má tá fadhbanna ag an tséirbhís i láthair na huaire, nach deacra
fós a bheidh an stáid nuair atá na cimí polaitiúla go léir saor?
Nó, bí cinnte de, ní féidir linn an tséirbhís phríosúin a fhágáil
mar atá, agus má a bhéas coiriúlacht ann, agus mura bhfúil an
tsochaí in inmhe cóir a chinntiú gan feidhm a bhaint as
príosúntacht mar reiteach ar coirpeachas, beidh séirbhís
phríosúin nua ag teastail amhail a's atá séirbhís phóilínteachta
nua ag teastail. Ba chóir tús a chuir leis an díospóireacht faoi
sin anois.
Tá difir amháin sóiléir idir cás na mbardach agus cás an RUC...
tá feachtas polaitiúil láidir, bunaithe ar frithphoblachtachas,
taobh thiar den RUC. Tuigeann aontachtóirí gur oibrigh an RUC, le
breis agus seachtó blianta, chun náisiúnaithe a choinneáill faoi
chois. Ba arm an aontachtachais riamh an RUC. Ní féidir an rud
céanna a rá faoi na bardaigh nó, ag deireadh an lae, bhí a
bhfórmhór acu ann le haghaidh an airgid, le haghaidh pae aird
reatha gan aon obair chrua a chur isteach - agus fiú má bhí
contúirt ann in aimsir na n-agóidí, bhí pá breise agus slándáil
ar leith ann chomh maith. Níor chreid furmhór na gcoimheadóirí go
raibh siad i mbaol agus ní raibh mórán traenála ná scileanna de
dhith chun poist choimheadóra a dhéanamh. Agus mura bhfuil
scileanna acu siúd ag bun an chairn, cén dóchas go mbeidh daoine
le scileanna - nó intleacht / ciall ag teacht chun tosaí? Beag
seans de réir leis an tuairisc.
Tá an-imní nach bhfuil an tséirbhís ag solathar nó ag tabhairt
iarrthóirí chun chinn fa' choinne `postanna bainistíochta', rud
a chiall, mar shampla, go raibh Rialtóir na Ceise Fada ag
feidhmiú mar Stiúrthóir an phríosúin freisin.
Cé a thógfaidh na postanna seo amach anseo? Nó, níos tábhachtaí
fós, cé a bheadh sasta obair bhardaigh a dhéanamh? Cuimhneofar,
ar ndóigh, ar líne Bobby Sands a dúirt nach raibh aon ghairm
bheatha níos ísle ná gairm an bhardaigh, seachas b'fhéidir, gairm
an rialtóra. Ach ag deireadh an lae tá orainn daoine carthanach,
macanta, córa a aimsiú chun na postanna seo a thógadh má táimid
chun sóchaí nua a chruthú. Tá go leor leor iarchimí a bheadh
toilteanach a ndualgais a chomhlíonadh agus postanna a líonadh i
séirbhís phóilínteachta nua, ach beidh sé níos deacra bardaigh a
dhéanamh as iarphríosúnaigh nó iarchimí a mhealladh ar ais chun
an phríosúin mar bhardaigh. `Sin ráite, ní féidir na bardaigh atá
ann faoi láthair a fhágáil i gceannas nó leanfar leis an meon
leisciúil, féiniúl, cungaigeanta a sheas mar éiseamlar den
tséirbhís le tríocha bliana.
Slat tomhais aon sóchaí an córas príosúntachta, dar leis an nath
cainte. Táimid ag iarraidh sochaí nua a bhunú. De bhrí sin, ní
mór córas príosúntachta nua a aimsiú agus foireann nua a earcú a
chuirfidh aidhmeanna an chórais sin i bhfeidhm. Cé fios nach
mbeidh iarphríosúnaigh ag filleadh ar an alma mater chun na
céachtanna a d'fhoghlam siad agus iad istigh, a chur i gcrích
anois.
Tugtar bata agus bóthar do Bhanríon an Bháis
Léirigh meáin Bhaile Atha Cliath a choilínithe agus atá siad sa
chineál fáilte a cuir siad roimh Príomh-Aire Shasana. Aon duine
nár fheac an ghlúin dúradh nach raibh sé ``aibí'' nó ``fásta.'' Taobh
thiar den mheon sin tá máchail dhomhain shíceolaíoch, coimpléasc
ísleachta agus sodar i ndiaidh na n-uasal.
Cheana féin tá an bealach á réiteach le haghaidh cuairt ar an
gceannchathair ón Winsorach mná. Tá sé truamhéileach go mbeadh
Éireannaigh ag iarraidh an dé a choinneáil i monarcacht mhuintir
Saxe-Coburg agus an oiread sin Sasanach ag iarraidh a bheith
réidh léi.
Tá sé mí-ionraic amach is amach a bheith ag caint ar
athmhuintearas idir Éireannaigh agus Sasanaigh sa chomhthéacs
sin. Tá athmhuintearas de dhíth ach ní mór dó tarlú ar bhonn
ionraic. Ní féidir athmhuintearas a bheith ann ar bhonn síneadh
beatha a thabhairt don uaslathas. Ní féidir athmhuintearas a
bheith ann ach ar bhonn daonlathais agus idirnáisiúnachais. Is
dual d'Éireannaigh agus Sasanaigh araon athmhuintearas a dhéanamh
lena chéile: ach ní féidir athmhuintearas a bheith ann idir
daonlathas Éireann agus an stát Briotanach cinsealach.
Ní hamháin gur ginteoir bunúsach í an mhonarcacht Shasanach ar an
mbéascna impiriúil ach cothaíonn sí an lútáil, an úirísleacht
agus an lí tónach is féindiúltaí. Is masla é don traidisiún
daonlathach i Sasana umhlú don rítheaghlach úd.
Rachainn chomh fada is a rá gur gníomh frith-Shasanach é a bheith
ag iarraidh sporadh a thabhairt don Choróin.
Ní haon chuid é den traidisiún poblachtach in Éirinn a bheith
frith-Shasanach. Ní hionann sin agus a rá nach ann dó sa tír ach
ar nós seicteachais de chineál ar bith eile níl gnó ann dó i
ngluaiseacht fhuascailte. Is ceart fuath gan leithscéal gan náire
a thabhairt don impiriúlachas gona chuid scéiméireachta agus
institiúidí. Scéal eile ar fad í cosmhuintir Shasana.
Lá éigin amach anseo tá súil agam féin a bheith ag Aerfort Bhaile
Atha Cliath le fáiltiú roimh uachtarán ar phoblacht neamhchiníoch
neamhchreachadóireach Shasana. Agus beidh ambasadóirí na hAlban
agus na Breataine Bige ann roimhe nó roimpi ar an tarramhac.
D'fhógair an rialtas Blárach le déanaí go bhfuil siad chun
deireadh a chur le ceart tiarnaí oidhreachta suíocháin a ghlacadh
i dTeach na dTiarnaí. Más mall is mithid. Faoi dheireadh tá droim
láimhe á thabhairt i Sasana don phrionsabal go ngabhann
pribhléidí nó cearta ar leith le sainaicmí daoine de dheasca a
ngéinte.
Bíodh na Bláraigh loighiciúil! Más ceart tiarnaí oidhreachta a
dhíbhunú níl call le monarcacht. Cuirtear an ruaig ar na
huafásóirí ar fad agus ar a lodarthacht lofa! Is í an taobh
dhearfach den Bhlárachas go bhfuil said ag iarraidh a dtír a
nua-aimsearú. Faraor, síleann siad gur féidir leo é sin a
dhéanamh agus iarsmaí den seanré impiriúil a choinneáil. Ag cur
dallamullóg orthu féin atá siad.
Beagnach 100 bliain ó shin thug an Banríon Victoria cuairt ar
Bhaile Atha Cliath le go n-umhlódh na veistí bána di. Thréig
náisiúnaithe an chathair agus thug siad aghaidh ar Bhaile Uí
Bhuadháin. Ba í siúd Banríon an Ghorta. Is í a sliocht Elizabeth
Windsor Banríon an Bháis. Tá fuil Mhalae, na Céinia, na Cipire,
Aidin, na Siombáibe agus na hÉireann ar a meirg aici. Tá aga na
fáilte caite aici.
Colm de Faoite
Cá bhfuil an Reabhlóid Chultúrtha?
Le Lucilita Bhreatnach
Bhíos ag léamh an Mála Poist san `Irish Times' le déanaí, `sé sin
litreacha a chuireann an tEagarthóir i gcló ón bpobal. Bhí litir
ann ó fear, scríobhneoir darbh ainm Fred Johnston is bhí sé ag
nochtadh a chuid smaointe mar gheall ar an laghad filí atá ag
scríobh filíochta san lá atá inniu ann faoi chúrsaí móra
polaitíochta na tíre seo nó faoi imeachtaí móra stairiúla atá
taréis tarlúint le cúpla bliana. Cad chuige? Cén fáth nach bhfuil
filí móra le rá nó filí nua sásta smaointí polaitiúla a nochtadh
os comhair an phobail?
Mar is eol duinn i ngach tír ina raibh `is a bhfuil coimhlint bhí
agus tá daoine ann i gcónaí a spreagtar lena dtuairimí a
thabhairt ar an dtionchar a bhí ag torthaí na coimhlinte ar a
saol feín, ar a gclann, ar a gcomharsain. Chuireadar a
macasamhail chruthanta ar fáil. Smaoinítear ar dhaoine ar nós
Goya, Picasso, Garcia Lorca, scríobhnóirí reabhloídithe tús an
réidh seo in Éirinn agus cantóirí ar nós Christy Moore san tír
seo.
Bíonn daoine ann a bhíonn toilteanach seasamh ar son a gcearta,
iad fhéin a chosaint, ag cosaint ní amháin a bpobal go fisiciúil
ach ag cosaint smaointe an phobail, sé sin cead shaoirse.
In ainneoin na daorsmachta agus smacht an stát á úsáid tríd gach
cumhacht a bhíonn acu le daoine a chuir faoi choisc `sé an
chinnsireacht ceann dena cumhachtaí a úsáidfí go h-oifigiúil is
go neamh-oifigiúil le cosc a chuir le aon smaointe a chuireann i
gcoinne tuair is na bealaí atá múnlaithe ag an stát. Ach, fós is
feídir a rá nár éirigh go h-uile is go h-iomlán leis na córais
seo óir tháiníg filí, ealaíontóirí, scríobhnóirí, ceoltóirí,
amhránaithe, cumadóirí srl, tríd is sheasadar suas.
seo in Éirinn bhí cinnsireacht pholaitiúil an stát i réim ó
1972 go 1994 sna 26 chondae. Agus cé go bhfuil ré oifigiúil na
cinnsireachta briste againn d'fhág sé a lorg ar tuairimí daoine
fásta.
Mhúnlaigh sé tuairimí chraoltóirí go muinteoirí go h-óganaigh.
Mar a dúirt ball den pháirtí liom le deánaí in dhiaidh dhó caint
a thabhairt ag oíche oideachais do bhaill nua in Ógra Shinn Féin,
nár thuigeadar cad a bhí i gceist le Acht a 31 óir bhíodar 13 no
14 bliain d'aois nuair a cuireadh deireadh leis agus is gnách leo
úrlabhraithe de chuid Shinn Féin a chlois go minic sna meáin.
Ach d'fhág an daorsmacht is an chinnsireacht a rian, is tá
athbhreithnithe na staire fós ann, cé go bhfuil cuid mhaith dá
gcosa cumhachta speacaithe againn faoina bhun.
Tá án reabhlóid chultúrtha chomh tábhachtach le gach gné eile den
streachailt. Ba chóir go mbeadh sé fite fuaite ag snaidhmiú le
gnéithe eile an streachailt. Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos
mó de lucht na gcultúir ina h-eágsúlacht sásta a gcloigeann a
ardú agus a dtuairimí a bhí faoi smacht a scaoileadh saor?
Dhéanfainn argóint go bhfuil an cultúr reabhloídeach tosaithe ag
borbú i measc an phobail i gceantracha an lucht oibre in áiteacha
ar nós Tamhlacht, bailte beaga agus feiltí an phobail eagruithe
gach bliain ag fás is ag oscailt an spás dona modhanna
cruthaitheach seo. I bpobail náisiúnta sna sé chontae an áit ina
bhfuil sí á nochtadh féin. Ach toisc gurb iad na `gnáth daoine'
atá i gceist agus ní daoine móra le rá níl an meachan céanna ag
baint leis. Dá mba rud é go raibh daoine móra le rá sásta a obair
a roinnt linn, ag obair leis an bpobal céanna thuas luaite bheadh
sé níos deacra ar na meáin an obair seo a cheilt.
Dá bhrí sin, tá freagarthacht éigint orthu siúd, mar atá ar
foilsitheoirí obair a chuir i gcló, mar atá ar na h-instiuídí
cultúrtha is ealaíona, na boird scannáin, is na comhairlí
cathrach an spás seo a oscailt.
Nach mbeadh sé iontach i gcúrsaí staire na tíre seo dá mba rud é
go raibh na modhanna cultúrtha éagsúla seo á nochtadh féin ar
théamaí ar nós an dí-mhileatú, ar an sórt seirbhís póilínteacht
nua atá de dhíth, ar an gcothromas, ar an Éire nua ina bhfoirm
eagsúil? Níl aon srian ar na smaointe a bhféadfaí a chuir le
chéile ar seo uile. Tá sé tosaithe, tá sé ag tarlúint. Nuair a
oscloídh an spás níos mó leathnoídh sé amach.
Le deireanneas, bhíos ag eisteacht le caiséad ar amhraín a bhain
le 1798 á chanadh ag Franke Harte le Donal Lunny á thionlacan
agus le bailéid á chanadh ag na `Wolfe Tones' sa bhaile is duírt
mo mhac liom is é ag deánamh gáire fúm, nach mbaineann sé sin
leis an séan tréimhse is nach bhfuil aon amhráin nua agaibh ós
rud é go bhuil sibh anois go `respectabáilté'. Bhuel, téann an
t-sean leis an nua is tá sé tábhachtach go mbeadh an leanúnachas
i gceist. Ach cá bhfuil na h-amhráin a bhaineann leis an
dtréimhse ón stailc ocrais ar aghaidh? Cá bhfuil na h-amhráin a
bhaineann leis an dtréimhse seo den streachailt? Caithfí a nglór
a chloisint.