Cuidíonn carbhán Críostaí le Cúba
In ainneoin an diansaol atá á bhfulaingt ag muintir Chúba ó thús
na ``Ré Speisialta i dTráth Síochána'' tá méadú déanta sa tír sin
ar an gcaiteachas ar shláinte, oideachas agus ar an gcóras leasa
sóisialta. Is é 75 bliana an t-ionchas saoil i gCúba, is é 26
daltaí meánmhéid rang scoile agus tá pinsean seanaoise ar fáil ag
cách. Cuireann fíricí mar sin Cúba chun tosaigh i measc tíortha
atá i mbéal forbartha.
Mar sin féin fágann an trádbhac Meiriceánach go bhfuil ganntanas
an-mhór ann maidir le trealamh míochaine, breosla agus
tráchtearraí de agus nach bhfuil an éagsúlacht is fearr bia ann.
Ba mhór an fháilte a cuireadh in Habana roimh charbhán cairdeasa
ó na Stáit Aontaithe a d'eagraigh Pastors for Peace (comhaontas
de lucht eaglasta) an mhí seo caite. Bhí triúr Éireannach,
Michael O'Riordan, Bernie Dwyer agus Jessica O'Riordan i measc
lucht tionlacain an charbháin.
Chuir an coiste tacaíochta in Éirinn (atá faoi choimirce
tréadaithe Caitliceacha agus Protastúnacha) síntiús £1,500 ar
aghaidh roimh ré ach ghabh na húdaráis Mheiriceánacha an
t-airgead thall tríd an chóras bainc. Go dtí seo níl aon
chosúlacht ann go bhfuil sé i gceist acu é a thabhairt ar ais. Ní
hé seo an chéad phíosa chúnamh ón tír seo go Cúba. Tá ábhar a
bailíodh in Éirinn in úsáid i Scoil Eliso Noel Coamano in
Mantazes agus in Policlinico Carlos Verduga sa mbaile céanna.
Ba é a bhí sa charbhán a shroich Cúba ar 23 Iúil 200 tona de
chúnamh ar a raibh dhá otharcharr, cúig bhus, dhá leabharlann
taistil, dhá vean, trucall, ríomhairí agus luach $1m de chóir
leighis, trealamh míochaine agus ámhábhar antaibheathach,
inneallra leictreacardagraif agus lasta de ghairis análaithe do
dhaoine a mbíonn asma orthu.
Nuair a bhí an carbhán ag fágáil Texas (le dul isteach go
Meicsiceo ar a bhealach go Cúba) d'éiligh na húdaráis liosta
d'ainmneacha, seoltaí agus uimhreacha slándála sóisialta na
Caravanistas. Dúirt urlabhraí ó Pastors for Peace: ``We
contemplated giving them a list of those we know are with us:
Jesus Christ, Malcolm X, Mahatma Gandhi, Jose Martí, Che Guevara,
Dorothy Day, Martin Luther King and others.'' Faoi mar a tharla
níor tugadh liosta ar bith.
In eachtra eile dúirt feidhmeannaigh Mheiriceánacha leo nach
mbeidis in ann dul ar aghaidh mar nach raibh córas nua
ríomhaireachta lucht custaim na Meicsiceach i bhfearas fós agus
go mbeadh orthu fanacht air sin. Bréag a bhí ansin ó bhí na
Meicsicigh in ann a dheimhniú go raibh an córas nua i bhfeidhm
cheana féin agus nach raibh aon deacracht leis, agus pé ar bith,
nach raibh sé i gceist acu scrúdú a dhéanamh ar an lasta os rud é
go raibh sé faoi bhealach go Cúba. Dála an scéil, d'oibrigh
foireann de dhugairí Meicsiceacha go deonach leis an lasta iomlán
a chur ar bord loinge in Tampico.
Le déanaí d'fhoilsigh an New York Times ``faoistin'' le Luis Posada
Carriles inar thug sé siúd cuntas ar an gcaoi inar mhaoinigh an
Cuban American National Foundation sraith de ghníomhartha
saibitéireachta in aghaidh Cúba ó leagadh eitleán paisnéireachta
go talamh i 1977 go pléascáin a chur in óstáin anuraidh. Thug an
fhondúireacht chéanna síneadh láimhe, dála an scéil, d'fheachtas
toghcháin an Uachtaráin Clinton i 1996.
Ach sa deireadh thiar thall is é an trádbhac an tsaibitéireacht
is measa atáthar á imirt ar Chúba. Bíonn ar mhórán gach uile
Chúbánach a bheith páirteach sa mhargadh dubh i ngeall ar an
nganntanas. Bíonn caighdeán i bhfad níos airde acusan a mbíonn
teacht acu ar dhollair, go dleathach nó go mídhleathach.
Cruthaíonn sé sin teannas sóisialta a chreimeann an
dlúthpháirtíocht shóisialach más go mall féin é. Tá an Maifia ag
suí go te ag dúil le lá a bhfillte ar an oileán. Is iad is mó atá
ag gríosadh Washington le cloí leis an trádbhac.
Colm de Faoite
Rabhadh don Gharda
Tá rabhadh tugtha don Gharda go mbeidh an Coiste Eorpach in
aghaidh Céasta agus Córa Mídhaonna ag teacht ar chuairt go
hÉireann agus go mbeidh spéis ag baill an choiste iniúchadh a
dhéanamh ar choinníollacha in Éirinn do dhídeanaithe agus do
dhaoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo. Tá cúig bhliain imithe
thart ón uair dheireannach a thug an Coiste airithe seo cuairt ar
Éirinn, agus bíonn cumhachtaí ag an choiste scrúdú a dhéanamh ar
an chaoi a choinníonn tíortha cimí agus príosúnaigh, idir
gnathphríosúnaigh, cimí polaitiúla agus anois, dídeanaithe.
Bunaíodh an Coiste i 1987, faoi Choinbhinsiúin Eorpach in aghaidh
Céasta agus Córa Mídhaonna, agus cé go bhfuil cumhachtaí acu
cuairt a thabhairt aon uair ar mhaith leo, de ghnáth insíonn siad
do rialtais coicís nó trí sheachtain roimh ré.
Nuair a foilsíodh tuairisc an Choiste ina dhiaidh a chuairte i
1993, cáineadh go trom ar choinníollacha gábhála i staisiúin
Gharda agus i bpríosúin Éireannacha. Dúirt an tuairisc, leis, go
raibh príosúnaigh agus daoine a bhí faoi cheist ag na Gardaí in
Éirinn `i mbaol nach beag drochíde agus céasta' i staisiúin
áirithe. Mar chruthúnas ar seo, d'fhoilsigh an Coiste liosta de
ghléasanna, airm agus uirlisí a fuarthas i rith a iniúchtha i
staisiún i mBaile Átha Cliath, airm nár dháileadh caighdeánach
oifigiúil iad. Thuairiscigh an Coiste fianaise leighis gur
imríodh drochíde ar phríosúnaigh, chomh maith.
De réir le meamram a scaipeadh le déanaí do staisiúin éagsúla,
comhairlíonn ceannairí an Gharda go bhfuil cead ag an Choiste seo
cuairt a thabhairt ar staisiúin, príosúin nó ionaid inimirce, ag
aon am nó dáta ar mhaith leo agus tuigeann an Garda go dtiocfaidh
an Coiste ar chuairt lá éigin roimh deireadh na bliana seo.
Beidh spéis ag baill an coiste cuairt a thabhairt ar ionad
ceistiúcháin ar ndearnadh gearáin ina n-aghaidh cúig bhliain ó
shoin chun fáil amach an bhfuil aon athrú ar an scéal, agus tá
imní ar na Gardaí go dtabharfaidh siad cuairt ar staisiúin ina
hbfuil taifead de ghearáin sna blianta ó shin. Beidh siad ag
tabhairt cuairte, is cinnte, ar ionaid dídeanathe mar gheall ar
mhéadú ar tarraing na ndídeanaithe ar an tír seo le cupla bliana
anuas.
I dtairisc san Irish Times níos luaithe an tseachtain seo, dúradh
go raibh meamram an Gharda den tuairim `go bhfuil an grúpa seo ag
súil go mbeidh an Garda Síochána ag cosaint cearta daonna, agus
ag cinntiú go mbíonn gach cime ag fáil na cúirtéise, dínite,
measa agus córa' atá tuillte acu. Tá go leor leor daoine a mbeadh
iontas orthu an tuairim sin a chluinsint, nó is minice na Gardaí
ag sarú ar chearta daoine ná á gcosaint.
I 993, cháin an Coiste na coinníollacha a bhí i réim i bPríosún
Moinseoighe, nó bhí na húdaráis ag baint feidhme as seomraí san
ionad fáilte, ag an am sin, mar áit inar choinnigh siad
príosúnaigh. Bhí níos lú ná 600 príosúnach faoi ghlás sa
seancharcair i 1993, ach ó shin tá breis agus 700 ann i gcónaí.
Cúig bhliain ó shin bhí na seomraí in úsáid mar ionad chun
príosúnaigh a choinneáill `thar oíche'; cúig bhliain ar aghaidh
tá an nós seo, nós a bhí `doghlactha' ag an Choiste ar a chuairt
deireannach, mar pholasaí. I láthair na huair bíonn suas le 30
príosúnach ina gcodladh ar thochtanna, ar urlair na seomraí
fáilte gach oíche i Moinsoighe. Tá go leor le déanamh fós chun
clár cearta daonna na tíre seo a thabhairt isteach san 21ú aois.