Duine gan fód é Ruairí rothalchleasach
Gabhaim buíochas le Crom as Michael O'Leary Ryanair. A
bhuíochas dá fhrith-cheardchumannachas cábógach tá
gluaiseacht na gceardchumann dúisithe as a toirchim
suain. Tar éis na mblianta de chomhpháirtíocht
shóisialta, de chomhaontaithe náisiúnta agus de
mhaorlathú plúchtach bhain Ryanair geit as daoine a
shíl go raibh an aicmechogadh passé. D'fhoilsigh an
Irish Times litir ó bhean atá in aois áirithe agus í a
rá go raibh sí mórtasach den chéad uair riamh as a
ballraíocht in SIPTU.
Chomh fada le m'eolas níl oiread is luaidreán gaoil
idir gealtán Ryanair agus an Michael O' Leary a bhíodh
ina cheannaire tráth ar Pháirtí an Lucht Oibre.
Bíonn an buachaill báire dóite sin le feiceáil go
rialta sa Chúirt Dúiche i Sráid Essex Thoir, Baile Atha
Cliath, mar a éisteann sé cúiseanna páirceála. Is beag
ná go mbeadh trua ag duine dó. Tráth dá raibh ba é siúd
buachaill bán na heite clé i bPáirtí an Lucht Oibre. An
chéad uair a toghadh ina Theachta Dála é chuaigh sé
crua agus bog ar dhaoine stuama a chur ina luí ar a
lucht leanúna nach mbeadh sé ciallmhar an
tInternationale a chasadh nuair a d'fhógrófaí an toradh
go foirmiúil.
Ocht mbliana déag níos déanaí thréig sé an páirtí sin
le dul isteach i bhFine Gael. Ní raibh sé fiú de
chneastacht iontusan aon phost tábhachtach a thabhairt
dó. ``Cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú
agus é féin a chailleadh...?'' Ach t'anam a dhíol agus
gan de chúiteamh agat ach a bheith i do mháistir cró ar
fhóram fíneálacha páirceála!
Bhí mé ag smaoineamh ar an ndroch-chríoch a bhí ar
O'Leary agus Ruairí Quinn ag tabhairt a óráid uaidh ag
comhthionól speisialta Pháirtí an Lucht Oibre le
déanaí. Tá cleas níos fearr ag Ruairí ná mar a bhí ag
Michael. Fanann sé sa pháirtí agus ina cheannaire fad
is a dhéanann sé neamhshuim dá chuspóirí. (I gcás
Ruairí de ní bheadh sé cruinn ná cothrom a chur ina
leith gur thréig sé na cuspóirí céanna mar ní léir gur
chreid sé iontu riamh.)
B'éard a bhí ina óráid frithshruthú ar gach cliché a
bhíonn i gcúrsaíocht i mbeáir mhanglam Thriantán
Dhomhnach Broc. Ní raibh téagar dá laghad sa chaint.
Fear éirimiúil é Ruairí ach ní haon smaointeoir é muna
dtugann tú smaointeoireacht ar thodhchas (futurology)
nua-aoiseach leath-dhíleáite.
Éist le Smaointe Ruairí: ``Parenting is important. It
must be supported and encouraged... There is a growing
spiritual unease in the country... With the benefit of
hindsight it is easy to say that Karl Marx's
predictions were wrong...''
Glacann Ho Chi Quinn leis de réir cosúlachta nach
bhfuil dada ar féidir a dhéanamh maidir le hiomaíocht
gan taise. Is iontach an t-ailibí é. Dealraíonn sé go
bhfáiltíonn Ruairí gan cheist roimh dhomhandú an
gheilleagair.
Agus éist leis an tseoid seo: ``Emigration and famine
have scattered her population across the globe. Ours is
a unique experience of globalisation.'' `Sin an ráiteas
is barrúla ó pholaiteoir in Éirinn ó thagair Avril
Belton Doyle don Ghorta Mór mar ``shared experience.''
Sheol Quinn polasaí úrnua ag an gcomhthionól. Den chéad
uair riamh tá ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre a
chuireann píobháidiú chun cinn mar pholasaí. Faoi mar a
dúirt Sam Nolan ó UCATT: ``Not even the PDs would
attempt to privatise everything but we're being asked
to do that and we're the Labour Party.''
Beartas dall é an díograis seo chun príobháidithe. Is i
measc fostaithe na gcuideachtaí stáit is mó a
bhfaigheann Páirtí an Lucht Oibre a thacaíocht. Ní haon
ionadh é go léiríonn torthaí toghcháin go bhfuil an
paírtí ag cailliúnt vótaí do Shinn Féin, an Páirtí
Sóisialach agus Fianna Fáil. De réir mar a théann
ceannaireacht Quinn ar aghaidh rachaidh an teannas idir
Páirtí an Lucht Oibre agus na ceardchumainn i méid.
Agus tá ceardchumannaigh á múscailt na laethanta seo.
Go leathnaí an suaitheadh sin isteach i bPáirtí an
Lucht Oibre!
Colm de Faoite
Comháltas Idirnáisiúnta ar
Scaoileadh Saoir Príosúnach
Trí seachtaine ina dhiaidh dóibh Comhdháil a reáchtáil
i Westminster. D'fhoilsigh Comhchaidreamh na Náisiún
Aontaithe in Éirinn acoimriú an tseachtain seo de na
haighneachtaí éagsúla a rinneadh le linn na comhdhála
ar cheist fuascailt na gcimí agus príosúnach
polaitiúla. Bunaíodh, leis, `Comháltas Idirnáisiúnta ar
Scaoileadh Saoir Príosúnach' mar gheall ar an
chomhdháil agus tá an Comháltas sin ag éileamh anois go
gcuifí amchlár fuascálta i bhfeidhm láithreach.
Deir an Comháltas - a bhfuil grúpaí cearta daonna,
eolaithe ar leasaithe príosúntachta agus daoine acadúla
páirteach ann - go gcreideann siad gur chóir go mbeadh
`ráiteas sóiléir ag miniú amchláir do scaoileadh saor
na bpríosúnach fite fuaite le haon phacáiste a
aontaítear sna cainteanna an tseachtain seo.'
Ag labhairt ar an ábhar seo, dúirt Muireann O' Brian,
ball den Comhchaidreamh na Náisiún Aontaithe in Éirinn,
gur léir go bhfuil `ceist na bpríosúnach polaitiúla
lárnach in aon reiteach aontaithe i gcomhlint
fóréigneach. Mura bhfuil na príosúnach páirteach sa
reiteach, tá an baol agus contúirt ann go mbeidh
tuilleadh fóréigne ann dá bharr.'
Tá an dlíodóir idirnáisiúnta, Richard Harvey ina bhall
den Chomháltas nua agus áiríonn sé go bhfuil na
príosúnaigh `ina ionadaí dá gcomhphobail féin. Is
ionann, de bhrí sin, meon an rialtais ar cheist na
bpríosúnach agus meon an rialtais ar an phróiséas
síochána féin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go
n-aithnítear gur cimí polaitiúla iad.'
Agus molann an Comháltas gur chóir `cinneadh
feidhmeannach' a dhéanadh i scaoileadh na gcimí. Deir
an Dr. Terry Duffy, Ollscoil Uladh, go bhfuil taithí na
mbotún a rinneadh ins an Afraic Theas foghlamtha anois.
`Níor chóir an próiséas scaoileadh na gcimí a ligint i
lámha an mbreitiúna. Agus ba chóir do na rialtais an
cathú próiséas a sheachaint a scrúdódh gach cás diaidh
ar dhiaidh. Thógfadh a leithéid de phróiséas an
iomarca ama agus theipfeadh air sa deireadh'.
Ag déanamh tagairte d'íobartaigh na coimhlinte,
cuimhníonn an Comháltas ar an Afraic Theas arís ag rá
`go gcruthaíonn an cuardach ann d'fhírinne agus
athmhuintearas gur próiséas fad téarmach atá ann a
bhfuil go leor oibre agus curaim bainte leis. Ba chóir
go bhfeicfí ar fhuascailt na gcimí mar pháirt dearfa de
sin, agus mar pháirt deimneach chuig muinín agus
iontaobh, cóir agus síocháin a thógáil sa chomhphobal'.
Labhair Brian Currin, Aturnae do Choimisiún ar Chimí
Polaitiúla san Afraic leis an Chomhdháil. Bhí
ceachtanna tábhachtacha le foghlamh ag Rialtas na
Breataine, dar leis.
B'iad na pointí ba chruinne a rinne sé ná:
- nár cóir próiséas `cás ar chás' a leanúint nó go
dtógfadh sé an iomarca ama
- ba chóir cinneadh feidhmeannach in ionadh cinneadh
breithiúna a bheith ann
- caithfidh an rialtas critéir fhláitiúil chuig
saoirse na gcimí a chruthú
- caithfidh dáta deireannach cinnte chun an próiséas
scaoileadh na gcimí a chríochnú a bheith ann, nó beidh
na príosúnaigh féin ina bhfocas le haghaidh
míshuaimhneas amach anseo.
Tá sé i gceist an an Comháltas anois tuairisc iomlán a
fhoilsiú den chomhdháil i Londan,agus coiste
idirnáisiúnta `ad hoc' a bhunú le scaoileadh an gcimí a
scrúdú. Chomh maith le sin tá siad ag iarraidh
cruinniú eile, níos móille sa bhliain agus sna sé
chontae féin a eagrú ina mbeadh deis ann do na cimí a
dtuairimí féin a thabhairt don chomhdháil.
D'fháiltigh Eoghan Mac Cormaic, thar cheann Saoirse, an
tuairisc agus dúirt sé go bhfuil an cath ar son
aitheantas mar cimí polaitiúla buaite ag na príosúnaigh
anois. `Bhí go leor grúpaí éagsúla ag an Chomhdháil,
gach duine acu ag déanadh tagairte do na `príosúnaigh
pholaitiúla'. `Sí an chéad céim eile anois ná an
tuiscint a chur ar Rialtas na Breataine go gcaithfidh
na príosúnaigh polaitiúla sin a scaoileadh saoir. Is
cuma cén crut atá ar an `aontas' an tseachtain seo,
mura bhfuil pleán dearfa, fíorghearrthéarmach ann leis
na cimí a scaoileadh saor, ní fiú faic é. Tá na
príosúnaigh ann mar thoradh den choimhlint, caithfear
iad a scaoileadh saor anois mar chuid den reiteach.'