Truailliú George Thomas
Fuair berit Bhreatnach thábhachtach bás le déanaí, taoibh istigh
de sheachtain óna chéile. Bhí duine amháin acu, George Thomas, an
Bíocunta Tonypandy, i mbéal an phobail. Ní raibh raibh mórán
cainte ar bhás an duine eile, Cliff Bere, ach tharlódh amach
anseo go mbeidh cuimhne air nuair a bheas Thomas bocht lighte i
ndearmad. Tharla gur chas an colúnaí seo ar an mbeirdh acu ag
amanta éagsúla agus go ndeachaigh an bheirt acu i bhfiehdm air an
bhealaí difriúla.
Mac le mianadóir ón Rhondda ba ea Thomas (a rugadh i 1909) a
bhain céim ollscoile amach agus a bhí ina sheanmóirí Modhach.
Agus é ina fhear óg a pholaiteoir Lucht Oibre den seandéanamh é.
A mholadh atá mé. I 1936 d'eagraigh sé máirseáil ocrais ó
Tonypandt go Caerdydd/Cardiff. Sna 1950í thionscain sé feachtas
in éadan cíosanna talún ar thithe cónaithe, feachtas ar éirigh
leis sa deireadh nuair a achtaíodh an Leasehold Enfranchismeant
ACt 1966. Ar nós go leor dá pháirtí níor thuig sé an cheist
náisiúnta riamh. Mar sin féin tá sé le moladh as rud amháin:
d'fhoghlaim sé an Bhreatnais agus é in aois fir.
Ba tghragóid ar an dul Gréagach é mar a ghéill an polaiteoir
éirimiúil idéalach seo do truailliú a thagann ón mór is fiú.
Ceapadh é ina Rúnaí Stáit don Bhreatain Bheag i 1968. Faoi mar a
dúirt Times Londan: ``The Investiture of Prince Charles as Prince
of Wales at Caernarfon [1969] revealed him as teh closest
Conservative he had always essentialy been.''
Nó nocht Thomas féin a mheon go seoigh nuair a dúirt sé: ``it was
a great day for me, without snobbery at all, to be riding in the
coach with teh Prince.'' Bunasíodh an searmanas ``traidisiúnta'' seo
ar script a chum Lloyd George i 1911. Thomas a stiúraigh an
gheamaireacht le cúnamh ó Dhiúc Norfolk agus Harry Secombe. Nárbh
Iseal a thit an sóisialaí ón Rhonnda!
Nuair ab hí comharthaí bóthair dátheangacha á n-éileamh ag
diereadh na 1960í - rud a baineadh amach ina dhiaidh sin - thuar
Thoams go mbeadh ``carnagh'' ar na bóithre bheadh tiománaithe chomh
mór sin trína chéile!
Ba mhór leis an gradam nuair a rinneadh ceann comhairle de ar
Theach an dTeachtaí in Westminster. Fuair sé an post sin i 1976
mar dhuais sóláis toisc go raibh díomá air nuair nár thug Harold
Wilson aireacht dó dhá bhliain roimhe sin (in ainneoin gur gheall
Wilson dó go n-athchepafaí mar Rúnaí Stáit don Bhreatain Bheag
é). Níorbh fhada go raibh feisirí Pháirtí an Lucht OIbre ag
gearán go mbíodh sé claonta i bhfabhar na dTóraithe.
Nuair a labhair mise leis i 1981 faoi na stailceanna ocrais ó
thuaidh ní raibh spéis dá laghadh aige san ábhar: b'fhearr leis
insint dom faoi mar anr léigh sé an ceacht ag pósadh Charles
Windsor agus Daina Spencer in Ardeagl;ais Phóil, Londain, mí
roimhe sin.
Bíodh sé ag rá le cách gurbh í an Bhreatain Bheag ``the next
Ulster'' dá mbeadh cead a gcinn ag náisiúnaithe san tír sin. Mar
cheann comhairle a bhí ag éirí as i 1983 d'fhéadfadh sé a bheith
ag s´yuil le tiarnacht saoil ach chuaigh Margaret Thatachter níos
faide. Rinne sí tiarna oidhreachtúil de féin agus Willie Whitelaw
ar an lá céanna. Titeann an teideal ar lár ón ni fhág sé sliocht.
Níior phós sé riamh agus chaith sé an chuid is mó dá shaol ina
chónaí lena mháthair, bean dhiongbháilte ar a bealach féin a
raibh cáil uirthi ar fud an Rhondda mar ``Mam Thomas''. Bhíodh an
mac ag stocaireacht go poiblí in aghaidh an óil go dtí go bhfuair
Mam bás i 1972. Ansin in aois a 63 d'éirigh sé ceanúil ar an
mbraon fuisce.
Ní bhíodh ach an drochfhcoal aige do Harold Wilson, Jaems
Callaghan agus Michael Foot sna blianta deireanacha dá shol mar
is léir óna dhírbheathaisnéis George Thoams, Mr Speaker (1985).
Ní mó ná sásta a bhí an-cuid de bhaill Pháirtí an Lucht Oibre
leis an leabhar céanna.
uraidh d'fhógair sé a thacaíocht do Pháirtí an Reifrinn agus
labhair sé ar aon ardán le James Golsmith.
Bhí sé ina uachtarán ar an bhfeachtas ar son ``Na'' (i.e. in éadan
comhthionóil Bhreatnaigh) i refireann an 18 Meán Fómhair. Ba
chrann taca é don impiriúlachas ag direadh a shoail.
Agus Cliff Bere? Cérbh é siúd? Faoi mar a dúirt Jimín Mháire
Thaidhg tráth dá raibh, tá barr an leathanaigh seo lán. Fillfidh
mé ar scéal Bere an tseacthain seo chugainn.
Colm de Faoite
Seoladh Leabhar
I measc na n-imeachtaí `cultúrtha' a tharla le linn Slógadh Shin
Féin i mblian, seoladh leabhar nua, Bánú Phartraí agus Thuar Mhic
Eádaigh, le Pádraig Ó Láimhín. Níorbh fhéidir leris an údar
féin bheith i láthair don tsaeoladh, ach labhair Párdaig Ó
Snodaigh, foilsitheoir an leabhair, leis an tslua, á moladh an
fhoileacháin, a scrúdaíonn impleachtaí an Ghorta ar dhúiche bheag
Gaeltachta i gCúige Chonnachta.
Leabhar taighde, nó leabhar ag éirií as tréimhse taighde do chéim
MA atá ann sa leabhrán seo, agus luíonn an t-údar a chlár agus a
chuspóir amach romhainn mar `iniúchadh a dhéanamh ar dhúiche
bheag Gaeltachta amháin i ndiaidh an Ghorta féachainty cad é an
saol a bhí acu, múnlaithe ag a n-oidhreacht, a stair agus a
dtimpeallacht, crann taca a gcultúir is a dteanga mar a
thuigfeadh an tAthair Peadar é'.
Ach níor chóir go mbeadh aoinne ag brath ar leabhar `trom' ná
tiúbh ná fada - `séard atá ann ná timpeall caoga leathanach ón
údar seo atá ina oide le stair i gColáiste na gCaipisíneach,
Corcaigh, agús cé gur staraí é ní stair tirim túr atá faoi
chaibidil aige. Déanann sé iarracht scéal a insint don
léitheoir, agus déantar sin i stíl inléite, agus é ag brath ar
fhoinsí comhaimseartha agus bolscaireacht ón am.
Líonann an leabhar `bearna' de shaghas éigin, nó mar a deir an
t-údar féin, gur scríobhadh dhá leabhar eile faoin abhár roimhe
seo, ach gur `leabhair bholscaireachta' a bhí iontú: leabhar
amháin leis an Athair Pádraig Lavelle The Irish Landlord, ( a
scrúdaigh iompaitheoireacht agus drochiompar tiarnaí talún) agus
leabhar `frithbholscaireacht' Doings in Partree ( a scríobhadh
faoin ainm cléite Lex, leis an Tiarna Easpaig Pluincéad.
Agus ní fíor, dar leis an údar, gur dhrochdhaoine iad na tiarnaí
talún go léir. Luann sé cás George Henry Moore, tiarna talúin a
dheileáil go fial agus go carthanach leis na tionóntaigh a bhí ag
íoc cíosa leis. Agus d'fhulaing dá réir: `D'admahigh muintir
Bhaile an Tobair.. go ndearna More a dhícheall dóibh... ach má
rinne sé íobairtaí ar a son ba dhona go leor an toradh ar staid
an eastáit. Ó 1845 amach theip glan air ús ar bith a íoc ar na
morgáistí agus na fiacha eile. Dá bharr san baineadh cúram an
eastáit de, agus cuireadh é faoi chúram ghlacadóra Chúirt na
Seansaireachta....'.
Ach má bhí an corr tiarna talún maith ann, bhí tuilleadh a bhí
míthrocaireach agus craosach don talún faoi chosa a
dtionóntaithe. Luann an t-údar cás an Tiarna Easpaig Pluincéad:
`Cheannaigh Pluincéad an sealúchas, ceithre bhaile fearainn san
iomlán, agus cheannaigh a dheirfiúr dhá bhaile fearainn eile. Ós
rud é gur lonnaitheoirí formhór na dtionóntaithe, fuair an Tiarna
Easpaig ordú cúirte leis an ruaig a chur orthu....'.
Leanann an t-údar ar aghaidh leis an scéal, agus na himpleachtaí
don dúiche don fíche bliain ina dhiaidh sin, agus, mar a dúirt,
is scéal a insíonn sé in ionad firicí fuara neamhphearsanta. `Sé
seo an saghas comóradh gur chóir bheith déanta in achan cheantar,
go dtuigfidh daoine cá as a tháinig a gcultúr, agus a gcúlrá. Ba
fhiú a thaighde, is fiú a leabhar.