Tapadóir gan téagar
B'fhéidir gur réabhlóidí go smior é Ruairí Quinn. Más ea
coinníonn sé ina rún é agus is fada ó lig sé an cat as an mála.
Ní cuimhgin le haon duine go ndúirt sé aon rud faoi shóisialachas
ó bhí sé ina mhac léinn. Go deimhin níuor luaigh sé aon rud le
fada anlá a thabharfadh le fios go raibh an mhíchchothromaíocht
shóisialta ag dó na geirbe aige.
Níl d'aisling luaite aige leis na blianta ach ``Eire Liobrálach
nua-aimseartha Eorpach.'' D'fheádfá ceisteanna a chur faoi gach
ceann de na haidiachtaí sin ach fuaimíonn siad go breá agus tú ag
lorg vótaí ó na saibhir i dTriantán Dhomhnach Broc. Bheadh Ruairí
agus a chuid manaí slán sa Pháirtí Daonlathach. Agus bheadh na
vótóirí céanna mar chroíleacán tacaíochta aige.
Ní hé nach n-éiríonn Ruairí corraithe faoi chursaí. Lá dá raibh
sé in Oslann Buswell i ngar do Theach Laighean rinne sé gearán
leis an mbainistíocht go raibh poblachtach aithnidiúil i láthair
agus go raibh freastal á dhéanamh air. Fair play don bhainisteoir
thug sé an chluas bhodhar don ghearán agus níro chuir sé isteach
ná amach ar an gcustaiméir eile.
I gcónaí bhreathnaigh Quinn ar Pháirtí na Lucht Oibre mar
ghaireas le cumhacht a bhaint amach. Ní léir gur tháinig
polaitíocht isteach sa scéal. Nuair a bhí comhaontú ``bogha
ceatha'' ar Chomhairle Cathrach Bhaile Atha Cliath (idir an Lucht
Oibre, an Comhaontas Glas, Páirtí na nOibrithe agus na
comhairleoirí pobail) d'fhéach Quinn chuige gur fágadh Tony
Greogort amach as an gcomhaontú, rud a chinntigh nach bhféadcfadh
Gregory a bheith ina Ardmhéara. Tá sé ráite gur shín Quinn foirm
iarratais ar bhallraíocht i bPaírtí an Lucht Oibre chuig Gregory
nuair a rinne sé siúd gearán leis.
Is cuimhin liom féin ócáid i Halla na dTáilliúirí nuair a chosain
Quinn an nós a bhí ag rialtas Fhainan Fáil na linne a chuid
úspairí a cheapadh ina mbreithiúna. Dar le Ruairí ní raibh dada
cearr leis sin. I mbeagán focal dhéanfadh seisean an rud céanna
nuair a bheadh sé i gcumhacht. ``That is perfectly right. That is
how the system works,'' ar sé. An té a mbíonn an bua aige bíonn an
chreach aige.
Bhí mí-ádh ceart ar Pháirtí an Luicht Oibre lena chuid ceannairí
ach bhí macántacht ag baint le Frank Cluskey, Tom Johnson agus
Brendan Corish. Augs d'fhéadfaí náire a chur ar Dick Spring.
Théadh sé ar buille nuair a chuirtí ina leith go raibh feall
déanta aige ar an gcosmhuintir. Tá Ruairí Quinn gan náire.
Bítear ag déanamh buaileam sciath de gurbh é Séamas O Conghaile
bunaitheoir pháirtí an Lucht Oibre. Bhunaigh sé Páirtí
Poblachtach Sóisialacha na hEireann (IRSP) i 1896. As sin a
d'eascair Cumannacht na hEireann/Socialist Party of Irlenad
arbhlé an Conghaileach a phríomhthimire ó 1910. Thug an
Conghaileach comhthionól le chéile den pháirtí sin móide
craobhacha Eireannacha den ILP agus an BSP san Antient Concert
Rooms, Baile Atha Cliath (fothrach i Sráid an Phiarsaigh anois),
aimsir na Cásca 1912.
Ba é gnó an chruinnithe páirtí aontaithe lucht oibre a bhunú.
D'imigh teachtaí an BSP abhaile ó chuir duine éigin Union Jack ar
thiarseach an dorais. Mar a dúirt Desmond Greaves: ``Trampling on
teh symbol of teh forcible fusion of nations was more than the
represtnatives of teh revolutionary prolatariat could stomach.''
Roinnt seachtainí níos déanaí bunaíodh Páirtí Lucht Oibre na
hEireann de dheasca rún a mhol an Conghaileach ag comhthionól
bliantúil comhdháil na gceardchumann i gCluain Meala. Cé gurbh é
an Conghaileach príomhbhunaitheoir an pháirtí níor ghlac sé mórán
páirte ann. Cúis amháin a bhí leis sin na deacrachtaí a bhí aige
oibriú go dlúth le Jim Larkin, cathaoirleach bunaidh an pháirtí.
Ba é an Lorcánach a bhí i gceannas ar an gConghaileach ina phost
faoi thuarastal san ITWU. Cúis eile ba ea an chaoi ar ghlac na
ceardchumainn smacht ar an bpáirtí nua.
Níl traidisiún Shéamais Uí Chonghaile marbh ar fad i bPáirtí an
Lucht Oibre ach, faraor, ní hé atá in uacthar.
Colm de Faoite