Fíorlaochra an Chéad Chogadh Domhanda
Léiriú maith é ar bhanchbhristeacht mhorálta nua-aontachtaithe
Thriantán Dhomhnach Broc na himeachtaí atá ar bun acu
rómánsaíocht a athchruthú faoin Chéad Chogadh Domhanda agus páirt
na nEireannach ann. Tá sé mímhacánta amach is amach a bheith ag
teacht i dtír ar na hainniseoirí bochta a fuair bás sa chogadh
sin le hiar-Bhriotanachas a chur chun cinn.
Níor gháirsiúlacht go dtí é an Cogadh Mór mar a thugtaí air.
Daoradh na milliúin saighdiúirí chun báis ghránna ar mahithe le
ahtroinnt choilíneach ar an domhan. ``Your country needs you,'' a
dúirt na póstaeir earcaícohta. Dulce et decorum est pro patria
mori. Abair é sin leis na teaghlaigh a scriosadh agus leis na
pobail a bánaíodh. Níor chuir sé le milseacht an bháis nach raibh
sa patria ach cumadh impiriúil ar nós na Ríochta Aontaithe.
Lá i ndiaidh lae tiománadh na mílte buachaillí óga trasna na
machairí fola le go bhféadfadh na ginearáil marc a chur orlach nó
dhó chun tosaigh ar léarscáil. Iad siúd a raibh sé de chiall acu
rith sa treo eile chuir a n-ofigigh féin chun báis iad.
Níorbh iad na ginearáil amháin a bhí ciontach ina mbás.
Cruthaíodh histéire chun cogaidh i ngach tír chomhpáirteach. I
Sasana cuireadh an cogadh chun cinn mar chrosáid in aghaidh na
``Huns'' barbartha agus na dTurcach neamhn-Chríostaí. In Eirinn bhí
blas ``náisiúnaíoch'' ar an mbolscaireacht - `the real Irish
spirit.'' Baisteadh ``na Géanna Fiáine'' orthusan a ghlac scilling
an rí amhail is go raibh cosúilacht idir iad agus na hEireannaigh
a liostáil in airm na mór-roinne sa 17ú haois.
Ghlac polaiteoirí, fostóirí agus eaglaisigh páirt ghníomhach i
gcur le chéile an inneall búistéireachta. Bhris comhlachtaí móra
ar nós Guinness cuid mhór dá bhfoireann le hiallach a chur orthu
dul isteach in arm Shasana. An té nár liostáil ní riabh post i
ndán dó ag deireadh an chogaidh, nó go bráth, in Guinness.
Ar fhaitís go raibh aon amhras ann faoin scéal bhí an Cairdinéal
Logue agus an chléir idir Chaitliceach agus Protastúnach in ann a
chur ina luí ar dhaoine go raibh Dia ar thaobh mhuintir
Saxe-Coburg agus go raibh lorg Shátain ar a gcol ceathracha
Hohenzollern.
Bhí Irish Independent William Martin Murphy agus an chuid is mó
de na nuachtáin áitiíula chomh lán céanna leis an masmas
impiriúil agus a bhí an Irish Times.
Ghlac sé misneach thar na bearta seasamh in aghaidh na histéire
sin. Ba iad fíorlaochra an Chéad Chogadh Domhanda iadsan ar fud
na hEorpa a d'fhógair ``Non serviam!'' Bhí dornán beag
síochánaitghe i ngach tír a dhiúltaigh dul isteach sna hairm agus
caitheadh go dona leo. Bheifí ag súil le seasamh frithchogaidh ón
ngluaiseacht idirnáisiúnta shóisialach ach nuair a tháinig an crú
ar an tairne ghéill sí sin don táirísleacht. Ní riabh ach beagán
de cheannairí sóisialacha a sheas an fód, Léinín, Trotsky,
Luxemburg, Liebknecht, Maclean agus an Conghaileach.
Bhí páirt cheannasach Uí Chonghaile in Eirí Amach 1916 ag teacht
go himlán lena sheasamh idirnáisiúnaíoch in éadan an chogaidh
impiriúil. Iarracht a bhí san éirí amach an cogadh impiriúil sin
a thiontú ina chogadh chun fuascailte náiisúnta. Ní riabh sárú
san Eoraip diir 1914 agus 1918 ar lochas, misneach morálta agus
uaisleacht lucht an éirí amach sin.
I 1918 ghlac pobal náisiúnaíoch na hEireann seasamh aontaithe in
aghaidh na Coinscríbhe. Níor ghlac aon náisiún eile san Eoraip
seasamh dá leithéid ar scála náisiúnta. Ní miste smaoineamh air
sin agus iarrachtaí ar bhun ag tiarnaí cogaidh na linne seo
neodracht na hEireann a chur ar ceal agus muide a tharraingt
isteach i gcogaí acmhainne na 21ú haoise.
Abhar trua iadsan a chuir éide an rí orthu féin sa Chéad Chogadh
Domhanda. Is féidir comhthuiscint a bheith againn dóibh. Ach
bímis soiléir nach raibh an ceart acu.
Colm de Faoite