eiseamláir a scanraíonn
mhí seo caite a cuireadh Ernesto Che Guevara i gCúba 30 bliain
i ndiaidh báis dó. Ba dhuine de mhuintir Uí Loinsigh í a
sheanmháthair athartha. Mar sin féin ní raibh aon ionadaí ón stát
Éireannach i láthair ag an athadhlacadh. Tá diaspora agus
diaspora ann. Níor fhág an tórramh aon duine in amhras faoin
ngean a thugann muintir Chúba dá chuimhne, fiú an ghlúin óg nach
cuimhin leo réimeas Bhatista.
Nuair a bhíonn an crú ar an táirne ní miste eiseamláir laochra a
sheas sa Bhearna Bhaoil a thabhairt chun cuimhne. Is iomaí
tagairt a rinneadh de Che le linn an chúigiú comhdháil de Pháirtí
Cumannach Chúba trí seachtaine ó shin, ní nach ionadh. Rinneadh
tagairt níos minice fós d'fhuascailteoir na tíre sa aois seo
caite, José Mari. Tá sé suntasach gur thug réabhlóidithe Chúba le
38 bliana anuas ómós poiblí níos mó dó siúd ná do bhunaitheoirí
Eorpacha an tsóisialachais. Is mar sin is ceart óir is é an gad
is gaire don scornach ag muintir Mheiriceá Laidinigh an deis a
bheith acu a gcinniúint féin a shocrú.
Nuair a díbhunaíodh stáit shóisialacha tosaigh na hEorpa, agus go
háirithe tar éis turnamh Aontas na Sóivéide, fágadh Cúba san
fhaopach.
Tháinig deireadh le soláthairí óla ar phraghas íseal agus le
hiasachtaí Sóivéadacha. Bhí titim de 75% ar iompórtálacha. Thit
caighdeán maireachtála na ndaoine. D'éirigh busanna agus cairr
gann ar na sráideanna i ngeall ar easpa breosla agus b'éigean
ciondáil a dheánamh ar bhia. Bíonn Cúba ag brath ar iompórtáil
bia ó tá a cuid talmhaíochta tugtha an iomarca don aon bharra
amháin, an siúcra. Cuireadh tús leis an ``Ré Speisialta'' mar a
thugann muintir Chúba ar an éigeandáil ina bhfuil siad.
Agus pobal an oileáin in umar na haimiléise ghéaraigh Washington
ar an léigear eacnamaíoch atá ar bun ó 1964. Chuir George Bush
cosc ar sholáthairtí daonnachtúla (trealamh míochaine agus cógais
leighis) agus tosaíodh ar iarracht ar smachtbhannaí a chur i
bhfeidhm in aghaidh aoinne ó thíortha eile a bhí i mbun trádáil
le Cúba. De réir reachtaíocht Helms-Burton cuireann na Stáit
Aontaithe rompu píonós a ghearradh ar dhaoine, ar ghnólachtaí
agus fiú ar stáit nach mbaineann lena ndlínse féin as trádáil a
dhéanamh le Cúba.
Is éachtach mar atá muintir Chúba ag tabhairt aghaidh ar
fhadhbanna na Ré Speisialta. Tá dhá mhilliún rothar in úsáid sa
tír mar ghnáthchóras taistil (a bhfuil daonra 11 mhilliún inti).
B'éigean an dollar Meiriceánach a cheadú mar airgead faoi chuinsí
áirithe agus tá teacht isteacht suntasach ag an tír dá dheasca.
Tá fadhbanna tar éis teacht chun cinn dá bharr freisin ach tá
ceannairí na tíre idir dhá cheann na meá maidir leis sin.
Sleamhnaíonn na mílte Cúbán-Mheiriceánaigh isteach sa tír gach
bliain (trí Cheanada nó Meicsiceo) agus tugann siad a gcuid
dollar leo. Cuireann Ciubánaigh thar lear neart airgid ar ais
chuig a ngaolta, tuairim is $800m sa bhliain, más fíor. Agus is
foinse mhór airgid chrua í an turasóireacht.
Ceadaítear gnóthais bheaga phríobháideacha in earnálacha áirithe
i gCúba anois ach in ainneoin na ndeacrachtaí móra atá á
bhfulaingt ag muintir na tíre níor smaoiníodh riamh ar chiorrú a
dhéanamh ar bhunghnéithe den chóras: oideachas agus seirbhísí
sláinte saor in aisce do chách agus pinsean stáit a bheith i ndán
do gach saoránach.
Níl de mhíniú ar an bhfuath aonsmaointeach atá ag an mbunaíocht
Mheiriceánach do Chúba, go gcuireann eiseamláir na réabhlóide
ansin scanradh orthu.
Saoirse Anois do Sheán Kinsella!
Tá tacaíocht ag fás don fheachtas atá á eagrú ar son Seán
Kinsella, cime atá faoi ghlas i bPríosún Phortlaoise. Chruinnigh
400 duine le chéile an tseachtain seo chuaigh thart le haghaidh
feighil coinnle i gCluain Eois, Contae Muineacháin agus iad ag
eileamh saoirse don chime. Tá cás Sheán Kinsella ar cheann des
na cásanna is míchothroime faoi láthair, nó tá Seán ag cur téarma
saoil isteach sa tír seo, téarma a gearradh air siar i 1974.
D'éalaigh sé as an phríosún tamaillín ina dhiaidh sin ach gabhadh
air arís i sasana. Idir an dhá linn, chaith Seán Kinsella 21
bhliain faoi ghlas thall. Scaoileadh saor é i Mí Márta 1996 agus
d'fhill sé ar an bhaile, agus ba mhór an fáilte poiblí a cuireadh
roimhe ansin. Chaith sé an chéad bhliain eile ina chónaí, go
hoscailte, sa cheantar. Ach bliain ina dhiaidh sin gabhadh arís
é, de bharr an téarma saoil ar daoradh air in Éirinn i 1974.
Tá fearg ar go leor daoine ina cheantar, mar is léir ó mhéid an
tslua a bhí páirteach san agóid an tseachtain seo caite, mar
gheall ar an chasadh seo ar scéal Kinsella, agus ceapann go leor
anois go bhfuil an stait ag imirt díoltais air mar gheall ar éaló
as Charcair Phortlaoise 23 bhliana ó shin. Agus cé go bhfuil 21
bliain curtha isteach aige thall, tá na húdarais anseo anois ag
súil go gcríochnóidh sé an téarma iomlán den céad daoradh.
B'é Máire Connolly, úrlabhraí an Ghrúpa Saoirse i gCluain Eois, a
bhí ina cathaoirleach don chruinniú ar 24 Deireadh Fómhair agus
ar an ardán lei bhí an tAth. Joe Mc Veigh agus Comhairleoir Pat
Treanor. Léamh litir tacaíochta óna cimí i Sasana chomh maith.
Bhí imeacht eile níos moille an oíche céanna nuair a labhair
Caoimhghin Ó Caoláin TD i bhfabhar an fheachtais.
Camchuairt ar an Bhruiséal
`Labhair muid le go leor ionadaithe tofa, le dlíodóirí, le
feisirí pairliminte agus fiú le Uachtarán an Chúige Gent i
bhFlanders, agus d'ardaigh muid cás na gcimí chuile áit'. Sin
mar a chuir Bernie Farrell síos ar chamchuairt ar an Bhruiséal
lei féin, Anne O Sullivan (Roinn na gCimí) agus Edel Kelly, céile
Patrick Kelly atá faoi ghlas i Sasana. Eagraíodh an chuairt le
poiblíocht a ardú ar mhoill ar na cásanna aistrithe, ar cheist na
SSU, ar chás na gcimí a bhfuil breis agus 22 bhliana déanta i
Sasana agus na cimí a bhfuil téarmaí 40 bliain le déanamh i
bPortlaoise.
B'é an dlíodóir Piet de Pauw a d'éagraigh camchuairt an tríur
agus le linn an deireadh seachtaine chruinnigh siad le Magda
Aelvoef, Patricia Mc Kenna agus Jaac Vandemoullebrouckf, Teachtaí
Pairliminte na hEorapa. Labhair siad chomh maith le seisear
Teachta ó Phairlimint na Beilge agus Teachta Pleamais chomh maith
agus tugadh eisteacht maith dá n-éilimh. Bhí an-speis ag na
meáin chumarsaide Beige i scéal an tríur agus labhair siad ar
theilifis agus ar an raidió faoi dhrochstat na gcimí.