Republican News · Thursday 8 May 1997

[An Phoblacht]

Beirt idirnáisiúnaí a chronófar

Fuair beirt den scoth bás le déanaí, Albanach agus Gearmánach, beirt scoláire Béarla, idirnáisiúnaithe a raibh grá ar leith acu d'Eirinn.

File, amhránaí, scoláire agus fear cúise ba ea Jack Mitchell a d'éag go tobann de bharr taom croí ar 21 Aibreán. Rugadh é i nGlaschú 65 bliana ó shin de shliocht Béal Feirsteach. Chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre in Ollscoil Humboldt, Beirlín, mar a raibh sé ina leachtóir le litríocht an Bhéarla. Bhí post acadúil aige ar feadh tréimhse in Angóla freisin.

Bhí Jack ina shaineolaí ar Sheán O Cathasaigh (scríobh sé The Essential O'Casey) agus ar Robert Tressel (údar The Ragged Trousered Philantrophists, a rugadh i Sráid Loch Garman, Baile Atha Cliath). Le tamall de bhlianta anuas bhí sé ag scríobh úrscéal dírbheathaisnéise.

Nuair a dhúnmharaigh an SAS Máiréad Ní Fhearghail, Dónal Mac Anna agus Seán Sabhaois i nGiobráltar ar 6 Márta 1988 ghoill an t-ár ar Jack ar níos mó ná cúis amháin ó ba dhearfúir chéile í Mairéad lena iníon Jenny. Scríobh sé dán fada faoin gcoir, GiB A Modest Exposure (The Fulcrum Press).

Dúirt an tOllamh Séamas Deane:

``Jack Mitchell's poem is an angry attack on the hypocricies of a system that kills without compunction in its own defence and then assumes before the world the mantle of morality... Poetry prides itself on having some special or privileged access to language; it seems fitting, then that a poem should try by the most traditional of methods, to restore to language some of the vigour and some of the truth-telling capacity which have been drained from it.''

Tar éis gur gabhadh Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine (PDG) isteach sa Phoblacht Chónaidhme tháinig Jack agus a bhean, Renate, chun cónaí in Eirinn. Níl ann ach díreach roimh a bhás a scríobh sé a dhán deireanach, `Marching Season':

Yes, Adolf Hitler's Brownshirts
had their traditions too -
riotous revels reaching back to the Dark Ages.
No, they were not the first
to go through the ghettos like a dose of salts,
assaulting, insulting, terrorising;
but they enriched the tradition with their own mix
of depravity and efficiency.
Strict-belted, jackbooted, chinstrapped,
the roar was the only mouth-music
they could muster.
Braying their hate-chants,
bearing their barbaric insignia, they marched out of history.

Agus é sa Ghearmáin d'oibrigh Jack Mithcell i gcomhar leis an dara duine a gcaoinim a bás anseo. B'in an Dr Dorethea Siegmund Schultze, ollamh le litríocht an Bhéarla in Ollscoil Halle-Wittenberg ar feadh na mblianta. Ba speisialtóir sa Mhéan-Bhéarla í agus saineolaí ar shaothar Julian of Norwich.

Idir 1976 agus 1988 d'eagraigh Dorethea sé chomhthionól léinn in Halle faoin téama Ireland: Culture and Society agus chuir sí páipéir na gcomhthionóls in in eagar i sé imleabhar. Thionscain sí scéim um mhalartú leabhar idir Eirinn agus an PDG. Ba mhinic í sa tír seo.

Ba dhaonshóisialaí a hathair a cuireadh i bpríosún agus a díbríodh go dtí an tuath le linn réimeas na Naitsithe. Tar éis túrnamh an réimis sin d'éirigh Dorethea gníomhach sa pholaitíocht áitiúil in Halle. Bhí spéis ar leith aici i gcúrsaí ban agus tosca oibre. Bhí sí ina feisire parlaiminte ar feadh tamaill. Ní raibh sí ach 71 bliana d'aois nuair a fuair sí bás i mí an Mhárta. Maireann beirt clainne léi, Reynardt agus Annette.

Le Colm de Faoite


tOireachtas - céad bliain ar aghaidh

Is de thoradh an neart a bhí tagtha i gConradh na Gaeilge agus freisin an dea-shampla a bhí ar fáil dóibh ó Eisteddfod na Breataine Bige agus ó Mod Náisiúnta na hAlban a tugadh faoi bhunú an Oireachtais sa bhliain 1897.

Ní mór a scar féin den chreidiúint a thabhairt do réamh-Chonraitheoirí, do na cumainn a bhunaíodar agus don obair a dheineadar roimh bhunú an Chonartha. Bhí a gcabhair agus a gcomhairle ar fáil go fial do lucht eagraithe on Oireachtais ón tús, rud a bhí fíor leis i gcás Chumann Lúthchleas Gael. (`Sé Seosamh Mac Donncha, Uachtarán CLG a thabharfaidh léacht an Oireachtais i mbliana.)

Bhain tábhacht ar leith leis an taobh sóisialta agus caidrimh den Oireachtas. Chuir an cainteoirí ó dhúchas agus foghlaimeoirí na Gaeilge aithne ar a chéile. Chabhraigh an tOireachtas le lucht Gaeltachta pé náire a bhí orthu maidir le húsáid na Gaeilge a chur uathu. Tugadh deis no mhuintir na tuaithe agus lucht na gcathracha bualadh lena chéile agus i iomaí cairdeas a snaidhmeadh agus cleamhnas a deineadh dá thoradh sin. is deacair a rá cé acu den dá thaboh - an taobh intleachtúil nó an taobh soisialta - ba thábhachtaí mar bhí a lucht leanúna féin ag gach taobh.

Cé gur bhain tábhacht nach beag leis an tionól féin ba thábhachtaí fós an obair a dheinti roimh ré le haghaidh na gcomórtas. Taispeánadh go bhféadfaí litríocht nua a chumadh is a chruthú sa Ghaeilge.

Bheadh leabhair riachtanach chun déileáil leis na buaiteoirí sna comórtais ardáin agus leabhar eile fós chun cur síos ceart cóir a dhéanamh ar na scríbhneoirí a tháinig de thoradh an Oireachtais.

Naoi gcomórtas ar fad a bhí ar an gClár - dhá chomórtas filíochta, cúig chomórtas do aistí, agus i gcomórtas amháin acusan D'féadfadh an t-aiste a bheith i mBéarla, comórtas de chnuasach de dhánta, de amhráin, nó de scéalta Gaeilge nár cuireadh i gcló fós, comórtas do amhrán nua a bheadh oiriúnach le canadh ag tionól de chuid Chonradh na Gaeilge agus comórtas reacaireachta. Céad agus dó iomaitheoir ar fad a bhí ann agus bhain nócha acu sin leis na comórtais liteartha.

Ní raibh i gceist ag an gcéad Oireachtais seo ach na comórtais agus an Ceolchoirm. Cuireadh an comórtas reacaireachta ar siúl san arnóin. Bhí daoine i láthair ag an gCeolchoirm ó gach cuid den tír agus ó Shasana. Chuir bainisteoirí na mBóithre Iarainn ticéid fillte ar fáil dóibh siúd a bhí ag teacht chuig an Oireahctas ar chostas leath an ticéid singil.

Tháinig sreangscéalta agus teachtaireachtaí dea-mhéine ó dhaoine i gcéin is i gcóngar - ceann acu ón Athair Eoghan O Gramhnaigh, ó Prescott, Arizona - an chéad sreangscéal i nGaeilge trasna an Atlantaigh.

Bhí slua ón mBreatain Bheag i láthair agus T.H. Thomas, Herald Bard an Gorsedd, ann mar Theachta Bráithreachais ón Eisteddfod. Eagraíodh an tOireachtas i gcomhar leis an bhFeis Ceoil an bhliain sin agus dhein na teachtaí freastal ar an dá ócáid. Ní raibh teachta i láthair ó Mod na hAlban ach chuaigh Eoin Mac Néill agus Pádraig MacCathmhaoil mar ionadaithe ón Oireachtas chuig an Mod a thionóladh in Inverness, 15 Meán Fómhair 1897.

In Aras an Rotunda a bhí an Ceolchoirm agus dúradh go raibh idir 1,000 agus 1,200 duine i láthair. D'aithris an Craoibhín Aoibhinn an dán - ``Eireochamaoid Feasta'' - a cheap sé d'aon turas agus idir an dá chuid den Chlár thug sé oráid ghairid uaidh dá dhearbhú nach gcaillfimisne seod na teanga a tháinig chughainn ónár sinsir.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News