Téann an ghrian faoi ar an impireacht
Is é Hong Cong gona shé mhilliún duine an limistéar is mó daonra
atá fágtha san impireacht Shasanach taobh amuigh de Shasana féin.
Oíche Dé Luain seo chugainn athaontófar é leis an tSín tar éis dó
stádas coilíneachta a fhulaingt ar feadh 156 bliana.
Is féidir an drogall agus an drochfhonn a bhraith ar na
himpiriúlaithe. Le cúpla bliain anuas tá an gobharnóir deiridh
Chris Patten ar nós maistín atá ag iarraidh gan an liathróid a
thabhairt ar ais mar go bhfuil an clucihe á chailliúint aige.
Cuireadh miondhris chosáin sa bhealach ar na Sínigh gach orlach
den slí. Táthar á lochtú mar nach bhfuil siad sách daonlathach,
mura mhiste leat. A leithéid d'éadan ag teacht ó Whitehall! Ní
raibh daonlathas ar bith i fadhbanna a chruthú do na Sínigh. In
óráid a thug sé dhá bhliain ó shin d'aithin Robin Cook - an Rúnaí
Eachtrach i Londain anois - é sin nuair a thug sé faoi rialtas
Major as ``discovering democracy'' i Hong Cong agus an choilíneacht
ag saothrú a bháis.
Shílfeá ó na meáin Shasanacha go raibh bronntanas á thabhairt do
na Sínigh. Tugann sé chun cuimhne mar a deirtear ó tráth go
chéile gur ``bronnadh neamhspleáchas'' ar a leithéid seo de thír
ina leithéid seo de bhliain. Nár dheas uathu é!
Deng Xiaoping a cheap an fhoirmle a chinntigh fuascailt
shíochánta Hong Cong - ``Tír amháin dhá chóras.'' Is ciallmhar an
leagan amach é mar níl aon bhealach ann a bhféadfaí Hong Cong a
chomhshamhlú isteach i nDaonphoblacht na Síne in aon iarracht
amháin nó thar thréimhse ghairid de bhlianta gan fadhbanna móra a
chruthú.
Táthar ann fós a chreideann gur misean éigin chun sibhialtachta a
bhí mar fheidhm ag an impireacht, más de thaisme féin é. Ná creid
focal de. Dúishaothrú agus cinedheighilt na tréithe ba mhó a bhí
i saol Hong Cong ar feadh a staire mar choilíneacht.
Gabhadh an t-oileán an chéad lá le linn Chogadh an Chodailín,
cogadh a fearadh ar na Sínigh ar mhaithe le trádáil an East India
Company sa chodailín/opiam, trádáil a bhí ag déanamh an-dochar
sóisialta agus polaitiúil don tSín ag an am. Nuair a chuir na
Sínigh cosc le himpórtáil an chodailín rinne fórsaí Bhanríon an
Ghorta ionradh orthu ar mhaithe leis an saorthrádáil.
Ar ndóigh, tá tábhacht domhanda le fuascailt Hong Cong. I 1916 ba
í impireacht Shasana an impireacht ba mhó a bhí ann riamh. Bhí an
ceathrú cuid de dhaonra an domhain ag an am - 400 milliún duine -
faoina smacht. I 1945 bhí sé fós fíor nach ndeachaigh an ghriain
faoi ar chríocha na Winsorach. Sna 1960í bhí ciorrutihe míleata
taobh thoir de Shuais ina chnámh spairne polaitiúil i Londain.
Má fhágtar an Ríocht Aontaithe as an áireamh is é Bermuda a bheas
ar an limistéar is líonmhaire daonra san impireacht taobh
thuaidh, theas, thair nó thoir de Shuais tar éis an Luain agus
níl de dhaonra ag an oileán sin ach 30,000 duine.
Mairimid, faoi rath na seanbheannachta Síní, i ré shuimiúil. Go
n-éirí sí níos suimiúla fós!
Le Colm de Faoite
Pinsin abú!
LE EOGHAN MacCORMAIC
Bhí mé ag léamh scéal sna nuachtáin an tseachtain seo faoi
shagart sna Stáit Aontaithe, seansagart, a tharraing síos pinsin
a athair a bhí ina bhall den RIC tráth, ar feadh 10 mbliana i
ndiaidh don tseanleaid bás a fháil. Bhí greann sa scéal, gan
amhras, agus admhaím go bhfuil áit i mo chroí i gcónaí - fiú sna
laethanta seo nuair bhfuil ár dTeachta Dála féin againn - go
bhfuil áit i mo chroí do dhaoine a n-éiríonn leo dallamullóg a
dhéanamh ar an stait.
Is seantraidisiúin atá ann, agus cé go bhfuil a fhios agam nach
bhfuil sé dleathach ná dlíthiúil ná cóir, tá mé cinnte gur ag
gáire agus nach ag gearán a bhí daoine nuair a chuala siad faoi
chleas an tsagairt. Miniú nua ar saol síorraí, gan amhras, agus
murach an bhean rialta sin a chuir na seiceanna ar ais sa phost
agus a chuir deireadh de bhrí sin le ioncam iontach an tsagairt
bheadh an fear naofa ar mhuin na múice fós. Bí ag caint faoi
cherchez la femme!!
Ach tá taobh eile don scéal, agus taobh atá i bhfad Éireann níos
dáiríre ná píosa grinn a bhaint as gliceas ná cuntasóireacht
chruthaíoch an Chabhánaigh chraosaigh. Ní gnáth phinsean stait a
bhí i gceist sa chás seo, ach pinsean an RIC. An RIC. Lámha in
airde ag cúl an ranga einne a cuimhníonn an RIC. 1922, blianta,
blianta, fada ó shin sin nuair a tharraing athair an tsagairt a
phá sheachtainiúil deireannach ón RIC. Sin cúig bhliana dhéag
agus trí scor ó shin agus caithfidh mé a rá gura fada buan ar
fhod Fhodhla einne a tharraingíonn pinsean le haghaidh trí
cheathrú chuid den chéad. Agus má's beo einne eile fós a bhí ina
bhall den RIC tráth, is dóigh liom go bhfuil pinsean de chineal
éigin tuillte acu, nó aithint éigin as fhadbhuaine a saol. Ach
ní dóigh liom go bhfuil móran acu beo beatha fós, nó meastar go
mbeadh athair an tsagairt sanntaigh níos mó ná 102 bhliana d'aois
anois - dá mbeadh sé linne, nó lena mhac mímhacanta, fós. 102
bhliana d'aois... nach gceapfá go gcuirfead duine inteacht
ceist, sa roinn, faoi shláinte an tseanleaid ó am go h-am. Nach
gcreidfea go mbeidís ag iarraidh cárta breithlá an chéid a chuir
chuige ó Mháire Bhean Nic Roving? Cuireann sé an scéal i
gcuimhne dómh faoin láithreoir ar Highland Radio a léigh
beannachtaí amach lá amháin `For John Doherty, who is 111'.
`Agus' ar seisean, `nach iontach an fear é 111 bliain d'aois'.
Ach cupla noinéad ina dhiaidh sin d'admhaigh an laithreoir bocht
`That John Doherty is ill, and not 111'. Ach tcítear nach raibh
einne sa Roinn Airgeadais ag léamh na dátaí breithe ro-chruinn,
agus lean siad ar aghaidh ag íocadh pinsean póilín a fuair bás
níos mó ná deich mbliana ó shin.
Agus ar ndóigh, tá taobh eile fós den scéal.... pinsean
cóilíneach a bhí ann sa phinsean seo, cuid de `dhualgais' an
stait íocadh pinsean na ndaoine siúd a rinne slad agus cos ar
bholg agus spiaireacht agus diansmacht ar an tír seo le linn
laethanta an chóilíneachais. Cé fios cá mhéad airgead a théan
amach as an tír seo gach bliain ar thoradh conradh a síníodh,
faoi bhagairt, 75 bhliana ó shin? Cé fios cé mhéad airgead a
imíonn as an tír mar gheall ar chíos talaimh do thiarna talaimh
eachtrannacha gach bliain? Tamall ó shin, scríobh mé sna
leathánaigh seo faoi `Cháisleán an Mhéaracáin' nó Thimble Castle
agus sreachailt Mhicheál Mullins in aghaidh dúbhchíos ar theach a
theaghlaigh i nGaillimh. Tá an tUasal Mullins - a chuirfeadh
fáilte i gcónaí roimh litreacha tacaíocta ó leitheoirí APRN - ag
seasadh fod in aghaidh iarsma eile den chóilíneachais, cíosanna
talaimh.
Tá daoine ann a deirfeadh, go magúil, go raibh an sagairt ag
troid a chogadh éacnamaíochta féin in aghaidh an chórais, nó gur
ghearr sé idir £30 000 agus £35 000 breis ar phinsean a athair i
ndiaidh a bháis. Ach má a rinne, agus níl mé ag gearán faoina
cháimiléireacht per se, tharraing sé airgead na hÉireann mar
aisíocadh ar obair na Sasana in Éireann. Uaireanta bíonn samplaí
mar seo ag teastail le amaideacht an chórais iarchóilínigh a
nochtadh. Bímis buíoch don bheanrialta as a haireacht agus
togadh an stat a chéacht as... deireadh a chur ler costaisí
iarchóilíneach a íocadh láithreacht. Táimid fuilbhanaithe le 75
bhliana... tá sé in am anois don aisíocadh!