Conspóid an otharcharr i nGaillimh
LE EOGHAN MAC CORMAIC
Freagra an neamhfhreagra an freagra a thug Otharlann Choláiste na
hOllscoile i nGailimh an tseachtain seo do ghearán a rinne an
scríbhneoir John Arden faoi iompar dhochtúir na hotharlainne
ceithre mhí ó shin i leith Arden nuair a bhuail taom croí é.
Tógadh Arden, ina othar, óna bhaile, i gCorrandulla go dtí an
tOispidéal nuair a bhuail an taom croí é, agus mar a deir sé féin
go raibh an cuma air gur `sheanbhaistiléir mí-chosanta, tuathach'
a bhí ann agus é ina luí gan corr i gcúl an otharchairr.
``An cheart ná cuí `go gcuirfí ceist orm, nó ar aon othar bocht i
gcás mar sin, an mbeadh spéis agam bheith páirteacht i dtriall de
shaghas leigheas nua, faoi tionscnamh `taigdhe Eorpach''', a
fiafraíonn Arden. De reir ráiteas uaidh an tseachtain seo,
cuireadh ceist mar sin air, agus bhí sé ar tí bheith páirteach
nuair a shíl sé gur fearrde fiafraí an mbeadh aon eifeacht
imeallacha ag éirí as an leigheas seo. Bheadh, is dócha. Dúirt sé
gur iarr sé ar an dochtúir teacht ar ais chuige nuari a bheadh sé
sabhailte san Aonad Leigheas Chroíthe.
Faoi am gur fhill an dochtúir uair ina dhaidh sin bhí a chiall ag
teacht chuige arís, agus leigh sé an chaipéis fhada casta a
bhronnaigh an dochtúir air, ag `miniú' i dtéarmaí teicniúla go
raibh dhá chomhlacht phríobháideach - Boehringer Ingetheim Teo,
agus Genetech Teo - taobh thiar den tionscnamh, agus ní raibh,
mar a cuireadh le fios ar dtús, an Comhphobal Eorpach, taobh
thiar den fhiontar. Agus nuair a scrúdaigh sé an baol a bheadh an
d'othair, fuair sé amach gur féidir go mbeadh sé ag cur fola go
hinmheánach ina intinn.
Mar chosaint agus árachas ar `eifeachtaí imeallacha' bhí polasaí
`gan locht' ag Boehringer Ingelheim Teo, agus ag Genetech ar aon
eifeachtaí nach raibh minithe cheanna ach ar an bhileog eolais...
B'ionann sin agus a rá, dar le Arden, nach mbeadh aon arachas ann
in aghaidh na neifeachtaí a raibh a a fhios ag an dhá chomhlacht
faoi cheanna féin. Agus níor chóir, dar leis, go mbeadh
triallacha mar seo á ndéanamh i ngan fhios ar othar taom chroí
agus iad ina luí tinn, imníoch, soghortaithe i gcúl otharcharr.
Ní bheadh a fhios ag an dochtúir féin cén leigheas ná cén mhéad
den druga a mbeadh le tabhairt roimh reidh don othar, nó is
triall `dall' atá ann agus is faoi stiúr ríomhaire a oibreadh an
triall féin. Fiafraíonn Arden -agus is ceist tábhachtach é nuair
a cruimhnimid ar na ceisteanna eile atá beo sa t´ri seo faoi
láthair maidir le cúrsaí leighis. Hep. C, Fuil Truailithe agus
mar sin de - fiafraíonn sé an cóir go mbeadh dochtúir ar bith in
Eirinn ag moladh d'othair bheith páirteach i dtrailalcha ``nuair a
nach bhfuil a fhios ag an dochtúir fiú cén leigheas atá á
tabhairt acu ar galar marfach?'' Molann Arden anois gur chóir go
mbeadh poiblíocht faoina cleachtaidh seo roimh reidh. ``Níl aon
amhras ná go bhfuil gánn do triallacha, agus go bhfuil tábhacht
leo. Ach an bhfuil sé cothrom go mbaintear preab as othair, iad
ar a mbealach go dtí an otharlann, le ceisteanna ag iarraidh
orthu bheith páirteach i dtriallacha mar seo?''
Agus, críochnaíonn Arden le ceist eile, ceist a bhfuil boladh na
firínne leis, go mór mór nuair a cruimhnimid nach raibh Urlabharí
na hOtharlainne sásta aon fhreagra a thabhairt ar líomhaintí
ARden:
``Ar roghnaigh siad mé, toisc gur cheap siad nach ndánfainn aon
deacracht as seo dóibh? Sean fhear, 66 bhlian d'aois, amuigh
faoin tuath, ar mo aonar? Ar chreid an Otharlann gur
sheanbhaitsiléir tuatach míchosanta a bhí ionam nach ndiúltódh
aon leigheas - fiú leigheas triallach - a raibh an teideal
oifigiúil `Taighde Eorpach' ag baint leis.''
Beidh go leor eile le clositeáil faoina leithéid seo má cheapann
Arden, agus a bhean chéile, Margaretta D'Arct, gu `éagóir' atá
ann, nó tá siad aitheanta le fada mar feachtasóirí den
túschadhnaíocht ar go leor cúiseanna polaitiúla. Cé fios anois
nach `cosaint na seandaoine' nó cosaint na n-othar a thogfaidh
siad mar chuspóir fómhar an tsaoil.
Oidhreacht nár mhiste a thabhairt chun cuimhne
Agus an mhonailit aontachtaíoch ag titim óna chéile tá iarrachtaí
fuinniúla ar bun teacht ar shainchultúr
aontachtaíoch/Protastúnach. Léiríonn cuid de na hiarrachtaí is
truamhéilí tanaíocht chultúir agus mhachnaimh ar nós Joel Patton
agus a chairde ag bronnadh stádas saintréith phobail ar
pharáideanna Oráisteacha. Ansin tá bréagstair agus fantasíocht
Ian Adamson ann.
Ar an taobh eile de tá tóir mhacánta go lforleathan i measc
phobal Protastúnach an Tuaiscirt ar fhéiniúlacht a thabharfaidh
brí dá saol. Is ceart tuiscint don bhfiosrú sin mar is comhartha
sóirt é ar thitim ó chéile na bréagfhéiniúlachta ``Briotanaí.'' Gné
den tóir ar fhéiniúlacht is ea an spéis nua sa Scotais, urlabhra
a bhíodh in uachtar i gceantair fhorleitheadacha ó Dhún na nGall
go hAontroim agus ó Mhuineachán aduaidh. Ceist achrannach í an
teanga ar leith í an Scotais nó canúint den Bhéarla. Tá cás
láidir teangeolaíoch ar son ``theoiric na teanga,'' gur forás
neamhspleách í ón sean-Bhéarla. Pé ar bith, ní bhaineann an
t-aighneas sin le héirim an ailt áirithe seo.
Cumadh beagán de litríocht Scotaise in Eirinn. Ba í an chuid ba
shuntasaí di ``filíocht na bhfíodóirí'' a chum gasra filí i
gceantar dheisceart Aontroma - tuaisceata an Dúin ag deireadh na
18ú haoise agus tús na 19ú haoise. Ba Eireannaigh Aontaithe, a
chaith tréimhse i bpríosún an bheirt ba mhó cáil orthu siúd,
James Orr (1770-1816) agus James Campbell (1758-1818) agus nuair
a d'fhoilsigh duine eile díobh, Samuel Thomson, Poems on
Different Subjects Partly in the Scottish Dialects i 1793 bhí
liosta d'Eireannaigh Aontaithe mór le rá mar shíntiúsóirí aige.
Scríobhadh James Orr (``the Poet of Ballycarry'') in The Northern
Star (réamhtheachta An Phoblacht) agus sa bhliain 1797 foilsíodh
ansin a dhán ``The Irishman'' (i nglan-Bhéarla an Rí). Ghlac sé
páirt ghníomhach in Eirí Amach 1798 agus chum sé dán Scotaise le
cur síos an-réalaíoch ann ar thiomsú arm na Poblachta in
Aontroim. Tar éis Cath Aontroma i Meitheamh 1798 chuaigh sé ar a
choimeád agus theich sé go Meiriceá mar a d'oibrigh sé mar
iriseoir, an fear bocht. Scríboh sé ``Song of an Exile'' ar an
turas farriage ansin.
D'fhill sé ar Bhaile Cora, Co Aontroma, thart faoi 1804. Sa
bhliain sin foilsíodh cnuasach dá dhánta, Poems on Various
Subjects, agus léiríonn an liosta síntiúsóirí an meas mór a bhí
air ar fud dheisceart Aontroma. Chuaigh sé i mbun oibre arís mar
fhíodóir agus mar fheirmeoir. Sna blianta deireanacha dá shaol
foilsíodh saothar dá chuid sa Belfast Magazine, an Commer0cial
Chronicle agus an News Letter. Ach de réir tuairisce bhíodh sé go
minic is ísle brí, rud nach ábhar iontais é ag cur staid na tíre
san áireamh.
Fuair James Orr bás ar 24 Aibreán 1816 agus tá sé curtha sa
reilig i mBaile Cora. D'fhoilsigh a chairde cnuasach breise dá
dhánta in 1817 agus in 1831 tógadh leacht ar a uaigh. Cuireadh
ráillí thart timpeall uirthi tráth éigin san aois seo agus tá sí
coinnithe go maith i gcónaí. Tá an teach inar chaith Orr deireadh
a shoail tagtha slán freisin agus é píosa siar ó Bhaile Cora
díreach os comhair theach an mhinisir Phreisbitéirigh beagnach.
Dar le John Hewitt (Rhyming Weavers of Antrim and Down) ba é Orr
an file Scotaise ab fhearr a scríobh ar thalamh na hEireann.
Níor mhiste é dá gcuirfí an Scotais agus a litríocht ar churaclam
na scoileanna sa Tuaisceart. Cérbh iad na príomhscríbhneoirí san
urlabhra ach Robbie Burns agus Hugh MacDiarmid, náisiúnaithe agus
poblachtaigh go smior. Chuirfidís siúd séideán sláintiúil gaoithe
trí scoileanna.
Le Colm de Faoite