Republican News · Thursday 10 July 1997

[An Phoblacht]

ciníochas nach dtráchtaí air

Faoi mar is eol d'aon duine a chónaíonn ann tá sochaí Shasana truaillithe le cioníochas. Is follasach an meon gránna ciníoch atá forleathan sa tír sin maidir le daoine de bhunadh an hAise, na hAfraice nó Mhuir Chairib ach go dtí le déanaí níor tugadh aird ceart ar an gciníochas frith-Eireannach atá chomh forleathan céanna.

``Endemic'' an cur síos atá ag an Dr Mary Hickman ó Ollscoil Londan Thuaidh agus an Dr Bronwen Walter ó Ollscoil Pholaiteicnice Anglia ina dtuarascáil Discrimination and the Irish Community atá nuafhoilsithe ag an gCoimisiún um Chothromaíocht Chiníoch/Commission for Racial Equality (CRE).

Tá an tuarascáil bunaithe ar shuirbhé a rinne na húdair i gcomhar le foireann taighdeoirí i Londain agus Birmingham. Chuaigh siad i gcomhairle le 23 eagraíocht phobail agus chuir siad agallamh ar 88 duine aonair.

Caitheann an tuarascáil solas ar a fhorleithne agus a dtagtar ar an gciníochas frith-Eireannach - in oifigí leasa shóisialaigh, sna póilíní, sna cúirteanna, in earnáil na hearcaíochta, san ionad oibre agus sa chlós scoile.

Go dtí seo d'fhulaing an chuid is mó d'Eireannaigh i Sasana an ciníochas seo go ciúin mar gur shíl siad nach bhféadfaí dada a dhéanamh faoi. Go deimhin is ábhar fonóide é fós i gciorcail áirithe i Sasana labhairt faoi chiníochas i gcás na nEirennach.

Ach tá athrú ag teacht ar an scéal. Ag tagairt do shaothar Hickman agus Walter deir cathaoirleach an CRE, Sior Herman Ouseley: ``The findings in this report reinforce the view that the nubmer of cases which are brought to the CRE is just a small part of the total number of acts of unlawful discirminaiton against people of Irish origin in Britain today.''

Tá gealltantas tugtha ag Ouseley go dtabharfaidh sé faoin bhfrith-Eireannachas ar aon bhonn le gach cineál ciníochais eile.

Is iad na fir Eireannacha an t-aon ghasra d'inimirceoirí sa bhreatain a bhfuil ráta básmhaireachta níos measa acu thall ná mar atá ina dtír dhúchais. Níl aon dabht go dtarlaíonn sé sin de bharr céatadán ard d'fhir Eireannacha a bheith ag obair sna poist is déine agus is maslaí agus cuid mhór eile a bheith gan tithíocht cheart. Innéacs cruinn í i gcónaí an bhásmhaireacht ar sheasamh pboail i sochaí ar bith. Féach, mar shampla, ar an mbásmhaireacht thubaisteach a ghabhann leis an bpobal taistil in Eirinn - agus i gcomhthéacs an ailt seo ní mór a rá go bhfuil Taistealaithe Eireannacha i Sasana san fhaopach i gceart. Bíonn orthu leatrom a fhulaingt óna gcomh-Eireannaigh chomh maith le Sasanaigh.

Tá gránnacht ar leith ag baint leis an gciníochas sna póilíní agus sna cúiretanna i Sasana. Rinne an ceathrú cuid de na daoine a cuireadh faoi agallamh do thaurascáil Hickman-Walter gearán faoin gcaoi ar chaith póilíní seo go pearsanta. Bhí réimse mór sna gearáin sin ó naimhdeas gan náire go bataráil a chuir duine in ospidéal.

Níl faoiseamh ná cothromaíocht ar fáil sna cúirteanna ná sa chóras ceartais. D'fhulaing Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford agus go leor daoine bochta eile príosúntacht fhada éagórach ar chúis amháin, gur Eireannaigh a bhí iontu. Is mahlaidh do Danny McNamee agus tá nimh chiníoch thar na bearta sa chaoi a bhfuil caite le Róisín McAliskey.

Le Colm de Faoite


Fíric agus ficsean

Léirmheas scannáin.

Bogwoman
De Facto Films
Leirithe ag Marta O'Neill agus Tommy Collins.
Aisteoirí: Rachael Dowling, Peter Mullan, Darren Mc Hugh, Maria Mc Dermottroe, Noelle Browne, Sean Mc Ginley.

Uaireanta, tagann fíric agus ficsean le chéile, nó, mar a dúirt Yeats tráth, nách bhfuil aon todhchaí in Éireann, níl ann ach an stair ag teacht ar ais agus ar ais arís. Agus, nuair a déanann duine éigin scannán fírinneach, srairiúil faoin tír seo, cé fios nach mbuailfidh sé nó sí, nó nach mbuailfidh an scannán nó scéal an scannáin lena thodhchaí féin.

Cé fios nach mbeidh inseacht na n-imeachtaí `ficseanacha' ar an scaileáin á ninseacht go `firínneach' ar sráideanna na tíre, agus nach mbeidh ann, idir an scaileán na pictiúrlainne, agus scaileán na teilifíse baile, ach focas, uileann an chaiméara agus atmaisféar/timpeallacht na pictiúrlainne féin. Mar mheán chumarsáide a dhéanann iarracht, uaireanta, eolas agus oideachas a thabhairt don lucht féachana tá fadhb inmheánach sa mheán, chomh maith, go mbíonn an lucht féachana ag fanacht ar `fhicsean'.... agus caithfidh scannán iontach inchreidte a chur le chéile sula gcreidfidh lucht na scannán a bheiceann siad os comhair a súl. `Sin é nadúr an mheáin, go ligeann sé dúinn ár gcreidiúint a chur ar fhiongraí, ach, mar a dúirt mé níos luaithe, uaireanta tagann firic agus ficsean le chéile.

D'oscail Mícheál D O hUiginn an naoú Fleadh Scannán na Gaillimhe oíche Dé Máirt le premiér den scannán nua le Tommy Collins, `Bogwoman'. Is cuimhin liom anúraidh nuair a léirigh an Fleadh an premier den scannán Some Mothers Son. Taobh istigh, sa phictiúrlann, bhí radharcanna de ghaolta agus de chairde na gcimí ag agóidíocht ar son cearta agus saol na bpríosúnach..... taobh amuigh Halla na Cathrach, Gaillimh, bhí agóid ar son Paddy Kelly, nach maireann, ag eileamh cearta agus saol dó. Firic agus `ficsean' ag teacht le chéile, nó an stair ag teacht ar ais mar an todhchaí. Agus bhí sé mar an chéanna nuair a chríochnaigh Bogwoman, bhí an stair i ndiaidh teacht ar ais orainn agus bhí scéal an scannáin mar aon le scéal an lae ar scaileán na teilifíse.

Tá Bogwoman le Tommy Collins, suite i nDoire agus i nDún na nGall ó lár na gcaogaidí go dtí an lá atá inniú ann. Tá an scannán lán go béal le sean iarsmaí `scannán baile', le fuaimeanna raidió agus teilifíse, le radharcanna teilifíse na blianta sin. Níor thaitin na `craoltaí raidio athdéanta' liom, caithfidh mé a rá; ní raibh an blas midAtlantach, Radio Ulster-iúil sin riamh ag léiritheoirí Radio Free Derry , mar shampla. Ach sin ráite, tcimid arís, sa scannán seo, Willie Craig, ag iarraidh miniú don domhan go bhfuil ceart mairséala ag gach duine, ach amháin nuair is poblachánaithe agus náisiúnaithe atá ann. Cluinimid glór Bernadette Devlin ag dearbhú go bhfuil a bhfuil acu le tabhairt tugtha ag muintir an Bhogaigh. Tcimid an `colourful community spectacle' , mar dhea, atá ann san Ord Oráisteach agus iad ag mórshiúil go cathréimeach ar mhuintir náisiúnach Dhoire. 84 nóiméad lán de chumha pholaitiúil.

Tá na híomhanna seo, íomhanna na staire, íomhanna a chuimhníonn muid go léir go sóiléir, fite fuaite le scéal simplí teaghlaigh cailín óg (Rachael Dowling) ag teacht go Doire, ag posadh ar fear áitiúil, cinéalta, ag déanamh cairde nua, ag sreachtailt, ag fulaingt, ag foghlam, agus diaidh ar dhiaidh, á polaitiú ag na fórsaí atá ag feidhmniú mórthimpeall uirthi. Agus cad iad na forsaí seo? Bhuel, ar ndóigh, tá tionchar mór ag an comhphobal i dTaobh an Bhogaigh uirthi, ualach páistí, an eaglais agus meon an chliarlathas/cultúr Caitliceach. Imríonn siad go léir uirthi, agus imríonn forsaí an stait uirthi agus ar a clann agus ar a comharsán chomh maith. Tcímid, arís, na B Speisialta, an easpa tithíochta, an tOrd Oráisteach/RUC, an dífhostaíocht... ach instear na firicí seo go léir i mbealach caolchúiseach, gan aon ráitéisí móra polaitiúla. Tá fir Dhoire dífhostaithe, tá saol gan aidhm, gan chuspóir acu, tá siad trom ar na mná, gan amhras ach tá a mbrod féin acu. Agus ní thosaíonn Collins ag inseacht scéal trom, fada dúinn faoi cumhacht na nOraisteach agus idirdhealú i dtéarmaí fostaíochta. Ina áit sin cuireann sé seo go léir le chéile in abairt bheag amháin. Scríobhann cúpla gasúr mana le peint ar bhalla `Down with the Bosses'. Tagann Mr D. (Sean McGinley) orthu agus insíonn dóbhtha gan bheith ag deanamh amhlaidh ach ansin, amharcann sé ar an mhana agus deireann, dó féin, `go mbeadh jabanna de dhíth sula mbeadh bosses againn...'

Is scéal taitneamhach, greannmhar agus brónach atá ann agus, toisc go bhfuil a fhios againn cad atá chun tarlú i 1969, tá an scéal ag leanúint bealach dosheachanta chuige sin. De bhrí sin, cuideoidh sé le hiarrachtaí chun an tréimhse roimh 1969 a mhiniú do dhaoine a cheistíonn, fós, an raibh cúrsaí `chomh dona sin'. Ach is athrú polaitiúil eile atá mar phríomhábhar an scéil seo: athrú polaitiúil pearsanta, fuascailt na mban, cinniúint na mban páirt a ghabhail i stiúradh a saol agus saol a gcomhphobal féin. Beidh Bogwoman le Tommy Collins á léiriú i nDoire ar an 17ú Lúnasa sa Rialto. Is cinnte go dtuigfidh muintir Doire an scéal seo níos fearr ná einne, is cinnte go bhfeicfidh siad a gcairde, a ngaolta, iad féin sa scannán, is cinnte go bhfeicfidh siad cleasanna beaga agus píosaí grinn príobháideacha ann (féach, mar shampla, ainm an tsagairt ar bharr an bhosca faoistíne!), agus is cinnte go bhfeicfidh siad an tábhacht atá ann le scannán mar seo. Taifead staire atá ann. Firic agus ficsean i gcomhleaba a chéile.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News