| |
Mic léinn ag éirí
|
LE EOGHAN MacCORMAIC
Níl aon réiteach fós san aighneas is déanaí idir micléinn
agus an Aire Oideachais Niamh Bhreatnach a phléasc amach go
tobann an tseachtain seo caite nuair a dheonaigh Bhreatnach
ardú stadais do Choláiste Réigiúnach Teicneolaíochta, Port
Láirge.
Tá tacaíocht ag dul do na mic léinn óna léachtóirí agus
foirne na gcoláistí atá páirteach san aighneas agus ní hé go
bhfuil na mic léinn ag gearán faoin ardú céime per se, ach
tá siad ag argóint gurb ionann ardú céime CRT Phort Láirge
agus ísliú céime dóibh féin a fhad agus atá dhá leibhéal
anois ann sa tríú leibhéal.
Tabharfar níos mó béime ar Institiúd Teicneolaíochta (mar
CRT Phort Láirge anois) ag fostaitheoirí agus cuirfidh sé
leis an tranglam a bhaineas le pointí agus áiteanna
choláiste nuair atá mic léinn ag líonadh iarratas CAO amach
anseo, dar le ceannairí na mac léinn.
tseachtain seo caite chuaigh mic léinn i gCathair
Corcaigh amach ar stailc ón CRT ansin, stailc a mhair go dtí
dé Máirt an tseachtain seo. Bhí stad iomlán ar thrácht na
cathrach le lionn na hagóide agus chuaigh breis agus míle
acu ar conbhua busanna soir go Baile Atha Cliath lena
bhfearg a nochtadh ag Teach Laighean. Geallann Uachtarán
Aontas na Mac Léinn i gCRT Chorcaigh go rachaidh na mic
léinn go léir amach ar stailc arís mura n-éisteann an tAire
lena ngearáin.
tseachtain seo, chomh maith, thus mic léinn agus foireann
an Choláiste Reigiúnach in Ath Luain aghaidh ar na bóithre
nuair a chuir siad bac ar an phríomh-bhóthar go Baile Atha
Cliath. Bhí níos mó ná 2000 mac léinn ag gabháil páirte san
agóid a fuair tacaíocht ó bhord Rialaithe an Choláiste, a
thionól cruinniú speisialta agus a d'eisigh ráiteas ag
cáineadh an Aire as ``cinniúint pholaitiúil, nár bunaíodh
athbhreithniú neamhspleách, ach a bunaíodh ar thuairaisc
teicniúil a thaispeáin, i measc rudaí eile, nach raibh an
mhéid céanna rannphairtíochta i gcláracha céime i lár na
tíre agus atá san oirdheisceart''.
Agus tá bagairt eile ó na mic léinn. Tá sé geallta acu go
seasfaidh siad iarrthóirí agóideacha sa chéad toghchán eile
mura bhfaigheann na coláistí eile cothromaíocht le Coláiste
Phort Láirge. Nuair a cuimhnítear go bhfuil Uachtarán
Chonradh na Gaeilge ag bagairt seasamh sna toghcháin céanna
le cearta Gaelscolaíochta a bhuachaint do dhaltaí scoile
Gaeilge is léir go mbeidh cúrsaí oideachais ina ábhar
conspóideach sna toghcháin amach anseo.
Neach osnadúrtha - an Bhean Sí
Léirmheas leabhar
The Banshee, The Irish Supernatural Messenger
Foilsithe ag O'Brien Press.
Praghas £12.99
Banshees, Beasts and Brides from the Sea, Irish Tales of the
Supernatural
le Bob Curran.
Foilsithe ag Appletree Press.
Praghas £6.99.
Le roinnt blainta tá ag méadú ar spéis na ndaoine sa
mbéaloideas, sa mbaile agus thar lear, rud nár mhiste, mar
cabhraíonn sé go mór le haithne a chur orainn féin.
Mar thoradh ar an spéis nua, seans, tá an dá leabhar seo ar
an mbord romham, len iad a mheas.
Lena tráchtas ar an mBean Sí a bhain Patricia Lysaght amach
a dochtúireacht agus i 1986 a tháinig an chéad eagrán den
leabhar amach. Sa chuid is mó de, athchó atá sa leabhar seo,
a d'fhoilsigh muintir Uí Bhriain anuraidh.
Dar leis an Ollamh Joseph Falaky Nagy:
``The Banshee is arguably the best book-length study of Irish
folklore to come out of the postwar period.''
Ba dheachair sin a bhréagnú (ach gan leabhar Uí Chatháin
faoi Bhrigid a chur in éindí).
Aithníonn gach éinne go ndearna Patricia an-jab go deo sa
leabhar seo, ó thaobh na scoláirechta de, ó thaobh spéise
don ngnáthdhuine, agus cinnte ó thaobh an bhéaloidis.
B'áit liom go raibh orainn fanacht go dtí 1986 le staidéar
den chaighdeán seo a fheiceáil. Cheapfaí go mbeadh a
leithéidí ar fáil i bhfad roimhe sin agus an Bhean Sí chomh
mór in intinn mhuintir na hEireann!
Is é a chreideann slua mór de mhuintir na hEireann i gcónaí
gur neach osnádúrtha atá sa mBean Sí a leanann clanna Gael
agus a chuireann in iúl lena caoineadh go bhfuil uair a
mbáis ag druidim leo.
Míniú bacach atá sa méid sin, cé nach bhfuil sé ró-fhada ó
iomlán an chreidimh; agus go deimhin is ar an dóigh sin a
tháinig mise an chéad uair ar an neach céanna.
Ar scoil chónaithe a bhíos ag freastal. Lá, agus duine de na
múinteoirí tinn sa leaba, chualas an Bhean Sí amuigh is í ag
caoineadh, agus bhí a fhios agam gur ar leaba a bháis a bhí
sé. An mhaidin dá gcoinn bhí sé caillte.
Má bhíonn locht ar bith ar an saothar seo is é nach dtéann
an t-údar isteach go doimhin i ngnéithe eile den teachtaire.
Nuair atá an bás i ndán do mhuintir Bhláca i gContae na
Gaillimhe, mar shampla, is amhlaidh a chruinníonn na
préacháin thart timpeall ar an teach mór, mar rábhadh. Sin
mar a chualas féin an scéal i gConamara, ar aon chaoi.
Mar rábhadh ar bhás mhuintir Preston, i gContae na Mí, is
iad na sionnaigh a thugann an teachtaireacht, nuair a
chruinníonn siad thart ar an gcaisleán.
Le mo linn féin, tharla a leithéid nuair a maraíodh an
Tiarna Gormanston thar lear sa tarna cogadh domhanda agus
mise i mo shaighdiúr sa chontae sin.
Tá, ar ndóigh, an sionnach agus an préachán luaite ag
Patricia ach measaim go bhfuil a thuilleadh oibre le déanamh
fós ar na gnéithe seo.
Chomh fada agus is eol dom, níor cuireadh fós inár láthair
aon teoiric a mhíneodh cúrsaí na Mná Sí, ó thaobh na
heolaíochta de.
Maidir le foinse, tá an scéal sin pléite ag Patricia (ich.
191-218) agus go fíor-mhaith.
Ní maith liom an focal, Banshees i dteideal an leabhair le
Bob Curran: Neach aonair atá inti, de réir an traidisiúin
(tá an botún céanna le léamh ar lch. a 6.)
Tá an-difríocht idir an dá leabhar. Sa chéad cheann, tá
scoláireacht i bhfeidhm thús deireadh; sa tarna ceann, níl
aon innéacs ar fáil, fiú, ná aon leid a thabharfadh le fios
gur ar an mbéaloideas beo atá na scéalta bunaithe.
Go deimhin, ba dheacair dom a chreidiúint gur i gCúige
Uladh, agus i gContaie an Dúin, go háirithe, a fuarthas an
scéal seo faoin bPúca. Deir Bob Curran gurbh é Briain
Borumha an chéad duine ar éirigh leis ``to bring it under
control''. Ba bhreá liom foinse an scéil sin a fháil!
Is trua liom nach gan locht atá Béarla an tsaothair seo,
féach (lch. a 5): ``This meant that anyone who wanted
their...'' - an droch-Bhéarla is coitianta ar na saolta seo,
Dia linn (é le cur i gcomparáid le droch-Ghaeilge mar ``an
duine bocht atá ag piocadh suas na Gaeilge'', dar le Raidió
na Gaeltachta féin, fiú, scaití).
Dhéanfadh leabhar Curran cúis le tosú, b'fhéidir, ar an
mbéaloideas, agus ansin dul i muinín na scoláirí, leithéidí
Uí Shúileabhaín, Uí Ogáin agus Uí Chatháin.
LE DEASUN BREATNACH
Jim Larkin
Caoga bliain ó shin fuair Jim Larkin bás ar an 30 Eanáir
1947. Ceannaire lucht oibre na hEireann le blianta fada,
bhunaigh sé an ITGWU agus comráid le Seamus O Conghaile a
bhí ann. Thug sé féin-mhuinín agus cumhacht ceardchumannach
do oibritheoirí Atha Cliath ach go háirithe i 1913 agus ina
dhiaidh sin. Scríobh Breandán O Beacháin, scríobhneoir agus
poblachtánach, an dán seo tar éis bás Larkin.
Ba mise é! Ba gach mac máthar againn é!
Sinn féin. Láidir. Mar ab áil linn a bheith.
Mar ab eol dúinn a bheith.
Eisean ag bagairt troda is ag bronnadh fuascailte -
Is sinne ag leanúint a chónra trí clabbhéal na cathrach
I mbéiceacha móra feirge.
Ag leanúint a chónra trí chlab na cathrach aréir
sinne a bhí sa chónra?
Níorbh ea: bhíomar sa tsráid ag máirseáil
Beo, buíoch don marbh.