| |
Arm na 26 Chontae ag ullmhú chun dul faoi NATO
|
LE MICHEAL MacDONNCHA
Tá Arm na 26 Chontae ag ullmhú chun dul faoi ordú NATO san
iar-Iúgslaiv. Tá pleananna ó na Forsaí Cosanta curtha chuig
an Roinn Ghnóthaí Eachtrannacha
Tá cinneadh le déanamh go luath ag Rialtas Atha Cliath chun
saighdiúirí a chur chuig Bosnia. Níor chuireadh saighdiúirí
na 26 Chontae faoi ordú NATO riamh ach má leanann siad ar
aghaidh leis an phlean seo bheadh siad faoi ordú Cheannasaí
NATO i Lár na hEorpa, Bill Crouch, Ginearál de chuid Stáit
Aontaithe Meirceá.
Tá fórsaí NATO san iar-Iúgslaiv in ainm is a bheith faoi
bhratach na Náisúin Aontaithe, ach obráid NATO amach is
amach atá ann.
Ní bhaineann an ceist seo leis an iar-Iúgslaiv amháin. Tá
NATO agus an Western European Union (WEU) ceangailte leis an
Chomhphobal Eorpach. Is géag NATO san Eorap é an WEU agus tá
iarrachtaí á dhéanamh le fada chun an WEU a ath-bhunú mar
géag míleata an CE. Chuidigh rialtas Atha Cliath leis an
phroiséas seo nuair a bhí Uachtarántacht an CE acu ó
Meitheamh go Nollaig 1996.
Má chuireann rialtas Atha Cliath saighdiúirí faoi ordú NATO
bheadh siad ag tógáil céim eile i dtreo chaitheamh amach na
neodrachta.
Gheall Dick Spring le pobal na 26 Chontae i 1992 go gcosnódh
sé an neodracht agus go gcuirfeadh sé é sa bhunreacht. Ina
thréimhse sa rialtas d'imigh sé sa treo eile ar fad.
Tabhair na mummies ar ais
LE MICHEAL MacDONNCHA
Daichead blian ó shin i 1957 bhí ar Anthony Eden éirí as
oifig mar Phríomh-Aire na Breataine. Sa bhliain roimhe sin
chuir sé tús le cogadh impiriúlach i gcoinne na hEigipte mar
gheall ar Chanáil Suez. Maraíodh na mílte saoránaigh
Eigipteacha sa chogadh.
Theip go hiomlán ar iarracht na Breataine, le chuidiú ón
Fhrainc agus ó Iosraeil, chun Canáil Suez a ghabháil ó
phobal na hEigipte. Bhí Uachtarán Nasser na hEigipte tar éis
an chanáil a náisiúniú. Buille mór polaitiúl ar an mBreatain
agus ar an bhFrainc a bhí ann agus spreag deireadh na
himpearachta san Eigipt daoine ar fud na hAifrice chun
streachailt ar son a saoirse. Ach tá rian an impiriúlachais
san Eigipt anseo in Eirinn inniú.
Ar an 16 Eanáir chuir Ard-Mhusaem na hEireann tús le
taispeántas nua ar an Eigipt Arsa. Seargáin (mummies),
sarcófagais agus iarsmaí eile ó ré órga na tíre sin atá le
feiceáil sa mhusaem in aice le Teach Laighean i Sráid Chill
Dara. ``Cad tá cearr le sin?'' a deir tú.
Tháinig na hiarsmaí seo go hEirinn, agus irasmaí mar iad atá
i musaeim ar fud na hEorpa agus i Meirceá, ón Eigipt le linn
impiriúlachais na Breataine sa tír sin. Bhí seandálaithe an
Iarthair in ann dul isteach agus na hiarsmaí seo a ghabháil
gan cead ó phobal na hEigipte. Ní raibh aon cumhacht ag an
pobal sin chun stop a chur le ghabháil a noidhreachta
náisiúnta ag eachtrannaigh.
In ionad an taispeántais seo ba chóir don Ard-Musaem
dea-sampla a thabhairt do thíortha eile na hEorpa agus na
hiarsmaí goidte seo a thabhairt ar ais do phobal na
hEigipte.
Contúirt bóithre i nGaillimh
LE MICHEAL MacDONNCHA
Tá an t-am thart nuair a féidir le tuismitheoir fanacht ar
Bhardas na Gaillimhe le sábháilteacht na mbóithre a chur ar
an mhéar fhada. Sin mar a dúirt Mike Egan, ionadaí Sinn Féin
i gCathair na Gaillimhe, an tseachtain seo.
D'fhógair Mike Egan tús feachtas Sinn Féin in Iarthar na
Cathrach le brú a chur ar an mbardas beart a chur le
briathar agus trasnú slán a chur in áit gan mhoill ar
Bhóthar Séamus Quirke, bóthar `marfach' a ghearann a
bhealach tríd dhá cheantar mhóra tithíochta - Páirc na
Coiribe agus an Seantalamh.
Roimh an Nollaig maraíodh gasúr óg, Timothy Mannion, i
dtimpiste ar an mbóthar seo. ``Le blianta anuas, tá timpistí
rialta ar an chuid den bhóthar a ritheann cóngarach de
Dunnes Stores ag Westside agus is le fada an lá atá
tuismitheoirí ag éileamh go ndéanfaí an bóthar níos
sábháilte,'' arsa Mike Egan.
Beidh picéad ar an mbóthar Dé hAoine seo agus mórshíul ón
Westside go dtí cruinniú an Bhardais ag 6.00 i.n. Dé Luain
seo 27ú Eanáir nuair a bhéidh Egan agus taidhleoireacht
tuismitheoirí ag ardú a ngearáin leis na comhairleoirí agus
iad ar a mbealach isteach sa chruinniú.