| |
Fadhbanna sa Bhille Oideachais ó thaobh na Gaeilge de
|
LE MICHEAL MAC DONNCHA
D'fhoilsigh Niamh Bhreatnach, Aire Oideachais sna 26 Chontae, an Bille Oideachais nua ar an Máirt 7 Eanáir. An dlí is tabhachtaí ar an ábhar a foilsíodh ó bhunú an Stáit atá ann.
Tá díomá ar na heagraíochtaí Gaeilge leis an Bhille. Dúirt Conradh na Gaeilge gur locht bunúsach ar an mBille Oideachais nár ghlac an tAire Oideachais le héileamh an Chonartha go mbunófaí Bord Oideachais ar leith chun plé le scolaíocht lánGhaeilge. Bhí an t-éileamh sin á dhéanamh ag gluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne.
Ina ráiteas ar an 7 Eanáir dúirt Conradh na Gaeilge:
``Tá Conradh na Gaeilge go láidir den tuairim go bhfuil géarghá le Bord Oideachais ar leith chun freastal i gceart ar riachtanais speisialta na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lánGhaeilge atá ann cheana féin.
``Is den riachtanas é go mbeadh Bord Oideachais ar leith ann chun an fhorbairt atá i ndán don scolaíocht lánGhaeilge a bhaint amach ar bhonn eagraithe agus pleanáilte. Léirigh suirbhé i ndiaidh suirbhé go mba bhreá le 30% den phobal, céatadán an-suntasach, go mbeadh a bpáistí ag freastal ar scoil lánGhaeilge ach ceann a bheith gar dá gceantar cónaithe.''
D'aontaigh Gaelscoileanna leis an méid sin ón gConradh agus tá an dá eagras chun leanúint ar aghaidh lena bhfeachtas do Bhord Oideachais don scolaíocht Gaeilge.
Deir an Bille go mbeidh sé mar `aidhm lárnach' ag na boird nua oideachais ``cur le polasaithe náisiúnta maidir le dátheangachas agus chun oideachas trí mheán na Gaeilge a soláthar''. Deir sé go mbeidh `key role' ag na boird i gcur chun cinn agus foghlaim na teanga ina réigiúin. Beidh coiste seasta ag gach bord chun moladh ar mhúineadh na Gaeilge agus beidh an Aire Ealaíon, Cultúr agus Gaeltachta ag ainmniú leath den choiste sin. Beidh Udarás na Gaeltachta ag ainmniú ball den bord nuair atá ceantar Gaeltachta i reigiún an bhoird.
Dúirt Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go raibh an Bille ``doiléir'' ó thaobh na Gaeilge de. Ní bheidh sé de dhualgas ar stiúrthóirí na mbord oideachais an Ghaeilge a bheith acu. ``Boards must have regard to the desirability'' do stiúrthóirí le Ghaeilge a fostú, a deir an Bille. Dúirt an Comhdháil agus Gaelscoileanna go ndéanfar neamaird ar an alt seo sa Bhille.
Priomhmoltaí an Bhille
- Deich mbord oideachais réigiúnach
- Comhionadaíocht do thuismitheoirí agus múinteoirí ar na boird
- Bord bainistíocht riachtanach i ngach scoil
- Tuismitheoirí, múinteoirí agus úinéirí ar na boird bainsitíocht
- Dualgas ar na boird éagsúlacht san oideachas a sholáthar ina réigiún.
|
Cuimhní cinn ar sráideanna Luimní
Sabhat agus O hAnluain - 40 bliain ar aghaidh
Nuair a labhair Mitchel McLaughlin ag comóradh Seán Sabhat agus Feargal O hAnluain i gCathair Luimní ag deireadh na seachtaine seo chuaigh thart, d'ainmnigh sé `South agus O Hanlon' mar `tionchair síolta' ar dhaoine a ghlac páirt sa choimhlint agus freasúra in aghaidh riail na Breataine sa tír seo le beagnach triocha bliain anuas.
Luaigh sé ainm Sheáin Sabhat mar ainm eile sa liosta a shíneann tríd Padraig Mac Piarais go dtí Wolfe Tone, agus chuir sé i gcuimhne don dream a tháinig i láthair sa reilig cé chomh tábhachtach agus a bhí gníomhaíochtaí Sabhat agus a chomradaithe sa tréimhse sin sna Caogaidí. Bhí leanúnachas ann, agus tá leanúnachas ó shin. D'amharc mé timpeall agus rinne mé iarracht a smaoineamh ar an radharc agus ar an tsuíomh a bheadh ann ar an lá ar cuireadh Seán South of Garryowen.
Deirtear go bhfuil socraidí áirithe ann a chuimhníonn daoine i gcónaí agus a mhaireas sa bhéaloideas agus i gcuimhne na ndaoine i bhfad ina dhiaidh imeacht cuimhní eile. Cuimhnítear ar adhlacadh Bobby Sands mar an tsocraid i mó in Éirinn le glúinte agus cuimhnítear ar shocraid Thraolach Mhic Shuibhne sa dóigh céanna. Laochra ar lár a bhí iontu agus bhí meas an phobail orthu. Agus de réir le stair na tíre seo, agus de réir le sean-nuachtáin na tréimhse, ghnothaigh Sean Sabhat agus Feargal O hAnluain meas an phobail in Éirinn, agus tháispeáin siad an meas sin nuair a thionól suas le céad míle duine, i mbailtí trasna na tíre, le hómos a thabhairt nuair a togadh corp Sheán Sabhat ó dheas dá mhuintir féin don torramh.
Smaoin mé ar sin agus mé ag siúl sráideanna Luimnigh an tseachtain seo chuaigh thart i measc dream beag daoine as Luimneach a fhanann dílis do chuimhne an laoich.
Cá ndeachaigh na sluaite a bhí ann an lá stáiriúil sin? An bhfuil siad aosta anois, ag breathnú suas orainn óna fuinneoga arda sin sna tithe i lár an bhaile, nó an bhfuil a sliocht ag amharc trasna orainn ón eastat tithíochta sin in aice na reilige? Nó an bhfuil cuid acu, fiú, ag breathnú orainn, a súile lán de fhearg agus fuath, ó na gluaisteáin sin a sníonn, taobh linn, fad an bhealaigh ó thús go deireadh na páráide?
Eistim le Mitchel McLaughlin anois, ag tabhairt faoi deara na biall den Chraobh Speisialta agus na Gardaí faoi éide atá ag plodú isteach sa reilig. Tá cách ag caint faoi, anseo i gCathair a bhfuil droch-chlú agus cáil air mar gheall ar dhrugaí, agus coireanna eile, seo na céadta gardaí ag brú isteach ar chomóradh poblachtánach. Agus fiafraím, cá háit a ndeachaigh siad, na Craoibhíní seo, cearr; cá háit a chaill siad idéalachas agus teachtaireacht Sabhat.
Ina ngluaisteáin, ar chos, le caiméara, le físchaiméara, ag déanamh iarrachta anois a bheith i bhfolach, ag déanamh iarrachta eile anois a bheith so-fheicéalach, agus ag díriú méara treascracha inár dtreo ón tús go deireadh. Bhagair siad, go hoscailte an lá sin, ``nach dtarlódh an léithéid de seo arís; nach n-ardódh aon phoblachtanach a cheann i Luimnigh arís dá mb'fhéidir leo stad a chur leis''.
Teipfear othrú ar ndoigh. Ach arís agus arís eile, chuimhnigh mé ar carachtair Stephen Rea, Ned Broy, sa scannán Micheal Collins. Cóipleabhair ina lámha acu, iad ag scríobh síos ainmneacha, nó cé bhí ag labhairt le chéile, nó eolas tábhachtach domhanchreathach eile, agus thuig mé nár chaill cuid de na daoine seo a dtreo in aon chor: ní raibh treo acu riamh. Tá na comhaid ag líonadh fós le heolas faoi phoblachtánaigh, tá Éireannaigh fós sásta obair in aghaidh na Poblachta a bhunaigh an Piarsach agus a chomrádaithe i 1916.
Bhreathnaigh mé os mo chomhair ar uaigh Sheán Sabhat agus chuimhnigh mé ar fhocail an amhráin agus ar an íomha a thugann sin dúinn den fhear féin. Idéalaí ceart a bhí ann, mo bhuíochas do sin, a mhothaigh go croí náire na críochdheighilte. A dhuine gníomhacha, daichead bliain ina dhiaidh do bhais tá d'fhealsúnach, do pholaitíochtaí, ina gcuis bhuairimh chomh mór sin fós don stat seo go luíonn an stat go trom ar dhaoine a chuimhníonn d'íobairt. Tionchair síola thú daichead bliain ó shin, a deir Mitchel. Is tionchar fásta thú fós, dar liom.
Tuilleadh faoin comóradh