Roimh éirí na gréine
Scríbhneoir as Conamara is ea Colm Ó Ceallaigh. Tá trí
úrscéal foilsithe aige. Seo alt uaidh ag trácht ar leabhar
Gerry Adams, Before the Dawn. Tá an leabhar fós ag díol go
maith in Eirinn agus thar lear. An tseachtain seo caite bhí
sé ag uimhir a ceathair sa liosta ``hardback non-fiction''
``D'fhás an-túdar suas mar bhuachaill óg cosúil linn ar fad
in áit bhocht agus i mbochtainis...''
Seo beathafhaisnéis a raibh an domhan ar fad, go háiríthe
iad seo atá faoi mhéires ag súil léithí. Le feiceáil innti
tá féith agus rian thír-ghrách Tone agus an Phiarsaigh. Ní
scathán na Staire í seo...seo í an Stair bheo ar stáitse ár
linne.
Dfhás an-túdar suas mar bhuachaill óg cosúil linn ar fad in
áit bhocht agus i mbochtainis mar ní raibh aon seans oibre
ag a athair i ngeall ar a chreideamh cosúil leis na mílte
eile ach níor chuir sin aon ghaimh éagchórach in inntin.
Ghlac sé le sin. Ansin ina dhéagóir chonaic sé an tuafás ag
brú isteach ina chomharsanacht gan coinne gan údar. Ní
cúrsaí creidimh amháin a ba chúis leis an ár ach imní
dílsítheóirí go gcaillfidís an lámh in uachtar sa gcos ar
bholg a bhí dhá dheanamh aca leis na céadta blian ar na
Náisiúnaíthe. Theastuigh uatha an bata mór a choinneál
crochta i gcónaí.
Ní raibh aon dochar annseo agus ná labhair air sán sléacht a
dheanaidís siúd ach na habraíodh an Caithliceach focal ná ná
deanadh sé aon ní le é fhein a chosaint. Chuir seo iontas
agus alltach ortha faoi go raibh sé de dhánaíocht i
gCaitliceach ar bith é fhéin a chosaint ar an mbullaí. I
ndáiríre bhí na dlíthe peannaideacha i bhfeidm i gcónaí agus
arm Shasana annsin le féachaint chuige go bomhlíonfaí ordú
na coróineach.
Mar dhéagóir rughthas ar an údar agus cuireadh i ngéibheann
é. Tugadh bualadh agus brúidiúlacht mí-dhaonna dhó mar ba
sain-eólaíthe ar a gceird gramaisc bhrocadh Sheáin Bhuí. Bhí
na Black adn Tans síbhialta lena nais seo. Anois a chítear
misneach agus fearúltacht an chinnire ag teacht chun cinn.
Ina dhiaidh seo a chítear é istigh sa bpolitícht.
Is dócha ag an am seo a chonaic sé uisce faoi thalamh na
Sasanach... ag bladaireacht suas le do bhéal agus ag géarú
na scine taobh thiar de do dhroim le do phíobhán a
ghearradh, leis an Impireacht bhearnach bhriste a choinneál
den bhuíochas ar a cosa agus iad sin fhéin ag lúbadh de
bharr an bhrocamuis a bhí ag teacht ón taobh istigh.
Luath go maith fuair siad amach go raibh fear tagtha nach
glacfadh lena gcuid cacamuis. Feiceann muid teóirící,
tuairimí agus fírící fírinneacha praictiúla an údair agus
dha leantaí iad dhéanfaidís leas do chuile dhuine.
Dhlúthódh sé an pobal le chéile le deire a chur go deo leis
an salachar impiriúil sa gcaoi go bmbeadh cead ag cách a
bheatha a shaothrú agus an bóthar a shiúl gan scáth gan
faitíos. Nuair atá fear amháin a chonaic na seacht mbáis
inan a dhaoine a thabhairt leis go síochánta nar chóir
dhúinne ó thauidh agus ó dheas an tacaíocht atá dlite aige a
thabhairt dhó agus `sbáint don domhan mór gur Gaeil muid.
Na bac leis na hOscairs
fíor-gearrliosta foilsithe
Ag ocáid i nGaillimh ag túis na seachtaine seo foilsíodh
gearrliosta na mbuaiteoirí do Ghradam Litríochta Chló
Iar-Chonnachta 1997, agus i mbliana b'iad rogha na bhfilí in
Eirinn a chruinnigh i gClub Aras na nGael d'éisteacht cé a
bhuafadh Duais Mhór na Filíochta sa Chomórtas. Bean
chuthaileach a sheachnódh pobilícht de ghnách ach a bhris a
clúdach don oíche áirithe seo a d'ainmnigh na filí a bhéas
ar an ghearrliosta, nó b'i Máire Geoghegan Quinn a bhí ina
haoí don ocáid.
O bunaíodh Cló Iar-Chonnachta i 1985 tá ós cionn 150 leabhar
Gaeilge curtha i gcló acu, ina measc sin cnuasachtaí
gearrscéalta, úrscéalta, filíochta agus amhráin, chomh maith
le drámaí, leabhair do pháistí, leabhair do dhéagóirí agus
tráchtas taighde. Dhá bhliain ó shin cheap siad an comórtas
seo a bhunú nó chreid an comhlacht go raibh sé de dhualgas
uirthi nuascríobyhnóirí ár linne a thabhairt i láthair an
phobail agus, mar chomhlacht Gaeltachta, cúram faoi leith a
dhéanamh de scríobhnóirí Gaeltachta freisin.
Agus, i mbliana, beidh ceathar san iomaíocht don duais,
beirt as Corcaigh, file Conamara agus duine den diaspóra
Eireannach a rugadh i Meirciea Thuaidh. `Siad Colm
Breathnach agus Michael Davitt an bheirt Chrocaíoch, agus
filí a bhfuil aitheantas bainte amach acu cheanna féin.
Duine de na bunaitheoirí Innti is ea é Davitt atá ag obair
mar léirhteoir teilifíse i láthair na huaire. Is téarmeolaí
é Colm Breathnach, cónaí air i Léim an bhradáin, agus is é
atá sa chnuasach An Fear Marbh ná sraith dánta dá athair a
cailleadh i 1979.
Rugadh an triú file i Meiricea Thuaidh, Pól Breathnach (cé
go bhfuil an chuid is mó dá shaol caite aige in Eirinn, i
mBaile Atha Cliaith agus Oileáin Arann). Bhí sé ar na daoine
a chur an Comhaontas Glas ar a cosa i dtús na nOchtóidí.
Agus níl an Ghaeltacht féin in easnmah i mbliana nó is an
Lochán Beag, in Indreabhán Conamara, do Learaí O Finneadha,
fear a bhfuil ilionad duasieanna gnóite aige agus duine a
áirítear ar an filí is fearr atá ag scríobh sa stil
traidisiúnta.
Augs bhí dhá chúis ceiliúrtha ag Mícheál O Conghaile,
bunaitheoir Cló Iar-Chonnahcta, nó sheol John O Donoghue An
Fear a Phléasc an cnuasachta is déanaí de gearrscéalta le
Mícheál.
Dráma ag taisteal
Tá an dráma `An Gaiscíoch Beag', cumtha ag an Scéim
Fostaíochta Pobail, script le Daithí O Muirí, bunaithe ar an
leabhar le Dara O Conaola dar teideal céanna, a bhí ar
chamchuairt i gConamara an mhí seo caite le dul ag taisteal
aríst.
Beidh sé dhá léiriú san Ionad Pobail i Rath Cairn ar an 15ú
Feabhra agus san Ionad Pobail Pilots Row, Doire ar an 16ú.
Is dráma é seo atá dírithe ar an teaghlach mar go bhfuil rud
éicínt do chuile aois grúpa ann.
Tá an léiriú déanta le comhoibriú ón gcompántas Briotánach,
Ar Vro Bagan, agus le cúnamh airgid ón gComhphobal Eorpach
agus Udarás na Gaeltachta.
Beidh táille £3.00 do dhaoine fásta, £2.00 do dhaoine
dífhostaithe le cárta agus £1.00 do ghasúir. Beidh ráta
speisílata do theallaigh.
Beidh `An Gaiscíoch Beag' a léiriú sna háiteanna seo a
leanas:
Dé Sathairn, 15ú Feabhra, 9.00
Dé Domhnaigh, 16ú Feabhra, 8.00
Ionad Pobail Rath Cairn
Pilts Row Community Centre,
Rossville St., Doire.