Bhuaigh an Chlub Carbóin in Kyoto
Le Colum de Faoite
BA é David Pearlman an té ba chumhachtaí in Kyoto an tseachtain
seo caite. Níos cumhachtaí ná Al Gore. Níos cumhachtaí ná
príomheadránaí na Stát Aontaithe, Stuart Eizenstat. Níos
cumhachtaí ná Príomh-Aire na Seapáine, Ryutaro Hashimoto.
Ba é Donald an buaiteoir in Kyoto. Is ´´Pearlman ``rí an Chlub
Carbóin,'' an brúghrúpa ag lucht dúshaothraithe breosla iontaise
(fossil fuel). Dream iad siúd a thugamnn an Comhaontas Aeráide
Domhanda orthu féin. Is teideal thar a bheith íoróineach é (gan
trácht ar a bheith ciniciúil) mar ní hí an aeráid atá ag déanamh
tinnis dóibh ach leasa lucht truaillithe na haeráide.
Airgead idirnáisiúntán, comhlachtaí ola agus lucht déanta
carranna go háirithe, atá taobh thiar den chomhaontas céanna. Is
é an port atá acu nach bhfuil lucht comhshaoil ag iarraidh teacht
teann mioscaise idir rachmasóirí na dtíortha forbartha agus
tuilleadh brabaigh.
Abair é sin leis na hoileánstáit bheaga atá i mbaol a ndíothaithe
fisiciúil san chéad nua romhainn má leanannan téamh domhanda,
toradh ar róshaothrú breoalaí ionaise!
Éist le cri de coeur a n-ionadaithe siúd in Kyoto. Arsa Kinz
Clodumar, Uachtarán Naurú, oileán san Aigeán Ciúin nach bhfuil
ach dhá mhéadar os cionn leibhéal na farraige: ``We are trapped, a
wasteland at our back, and to our front, a terrifying, rising
flood of Bibilical proportions ... Island countries are on the
front lines of the global climate catastrophe.'' Dúirt Aire
Gnóthaí Eachtracha Samoa, Tuala Sale Tagaloa: ``:We are your coral
reefs, your early warning system that only the negligent would
ignore.''
I gcomhthéacs na dtíortha beaga seo atá ar thairseach Lá an Luain
tá gáirsiúlacht ag baint le doicheall na Stáit Aontaithe, an
Aontais Eorpaigh agus Seapáine céimeanna radacha a ghlacadh lena
leithéid de thubaiste a sheachaint.
Bhí Kyoto ag cur thar maoil le fimínteacht. Is bealach é le
ciorrú brúchtanna (emissions) de gháis teach gloine a mhaolú
``boileag an AE'' a thabharfadh deis do thíortha AE áirithe cur
lena gcuid brúchtanna. Bealach eile éalaithe an moladh go
mdéanfaí trádáil ar bhrúchtanna, is é sin go mbeadh deis ag na
truaillitheoirí móra ``cuótaí tíortha'' eile a cheannach.
aon iontas é nach raibh an tSín, an India agus tíortha i mbéal
a bhforbartha sásta géilleadh do shrianta a mhéadódh an bhearna
mhaoine idir iad agus an Tríonóide Naofa (Washington, an
Bhruiséil agus Tóiceo), an Astráil agus Ceanada.
Leanann an phráinn agus an phraiseach in ainneoin chomhaontú
Kyoto. Agus leanfaidh go dti go dtagann athrú meoin sna Stáit
Aontaithe, go dtí go dtuigeann daoine ansin an praghas
éiceolaíochta atá le híoc as carr a bheith ag an uile dhuine agus
teas lárnach a bheith acu ó maidin go hoíche.
Is é tionscal gluaisteán an namhaid is mó atá ag an aeráid. Tá sé
admhaithe ag John Z. DeLorean (ag a bhfuil cuimhne air i mBeal
Feirste): ``When we should have been planning switches to smaller,
more fuel efficient, lighter cars in the late 1960's in response
to growing demand in the marketplace, GM [General Motors]
management refused because `we make more money on bigger cars.'''
Ní thagann dada as dada. Bíonn costas éiceolaíochta i gcónaí le
dúshaothrú an dúlra. Claochaítear ábhar: ní chuirtear ar ceal é.
Ní féidir neamhshuim a dhéanamh de dhramhaíl. Ní dhéanfaidh sí
neamhshuim dínne!
Tráth a raibh dúirt Engles gurbh í an difríocht ba bhunúsaí idir
an duine agus an t-ainmhí go gceansaíonn an duine an dúlra. Ach
chuir sé caveat leis sin: ``Let us not, however, flatter ourselves
overmuch on account of our human victories over nature. For every
such victory, nature takes its revenge on us. Each victory, it is
true, in the first place, brings about the results we expected,
but in the second and third place it has quite a different
unforseen effects which too often cancel the first.''
Briseann conspóid ar áit ar chóir foinsí a dhíriú
By Marcas Mac Ruairí
TA cogadh focal tar éis titim amach mar gheal ar ionsaigh san
Irish Times ar Uachtarán Conradh na Gaeilge as alt a scríobh sé
ag lochtú an bhealaigh a dtugtar deontaisí don Ghaeilge sna Sé
Chontae.
Ina alt i Lá mhol Gearóid O Cairealláin go gcuirfear an Gaeilge
chun cinn agus saol na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí inti
féin, in áit iarrachtaí speisialta a dhéanamh chun Protastúnaigh
a mhealú chun na cúise.
Sé a dúirt an Caireallánach gur chóir go mbeadh gnó agus ealaíona
as Ghaeilge ann.
Ag scríobh lena theanga ina leiceann, chúisigh sé hiarrachtaí le
Protastúnaigh a mhealú as dochar a dhéanamh don teanga agus rinne
sé comparáid leis na daoine a mholann seo agus na daoine siúd a
ndéanann iarracht cimí poblachtánacha a choinneáil i bpriosún
agus Alt 2 agus 3 a chur ar leathaobh.
Dúirt sé go marófar an teanga le léachtaí agus seimineáir ar
cheist Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge.
Ach ag scríobh dó san Irish Times, dúirt Pól O Muirí gurbh
fheidir an'7th Cavalry' a thiomáint fríd na poill in alt an
Chaireallánaigh.
Deir an Chaireallánach go bhfuil sé chun an dlí a chur ar an
Irish Times as é a mhílua.
O chompardachas Baile Atha Cliath go dtí an mhothar i Meisciceo
theas
Le Marcas Mac Ruairí
TAR éis do chlann Éireannach an tsamhradh a chaitheadh i
gChiapas, Meicsiceo, áit ar chónaigh siad leis na bocht sa
mhothar Lacondonach, tá TnaG chun clár faisneise a chraoladh ar a
dtaithí agus caidé mar a chuaigh sé i bhfeidhm orthu.
Inseoidh an clár scéal turas Eamonn O Doherty, a bhean Deirdre
Horgan agus a mbeirt iníon agus iad ag taisteal go sráidbhaile i
Meicsiceo theas, ceantar a thacaíonn le ceannaircigh Zapatistigh.
Tá na Zapatistigh ag streachailt le talamh agus saoirse a bhaint
amach i gChiapas, gan suim acu i gcumhacht stáit.
D´Éirigh siad amach inn 1994 agus nuair a chonaic an Rialtas
chomh láidir is a bhí a dtacaíocht, eagaíodh sos chogaidh a
mhaireann go foill d'ainneoin brú.
Tigeann Eamonn ó chúlra aicme oibre i mBéal Feirste sna 60í agus
70í. D'fhreastal sé ar Choláiste na Tríonóide agus chaith sé
treimhse dhá seachtain i bpriosún mar gheall ar feachtas agóide a
bhí idir lámha ag na mic léinn ag an am. Is Baile Cliathach
Deirdre ag a bhfuil sium láidir i gcothromas, cóir shóisialta
agus i dtuiscint saolta daoine, cáilíocht a threoraigh go
Meicsiceo í.
Bhí Eamonn agus Deirdre gníomhach i bpolaitíocht radacach agus
iad ina n-óige, ach mhothaigh siad gá le nasc a dhéanamh leo siúd
insan Tríú Domhain a fhulaingníonn athraithe domhanda an lá atá
innue ann.
Nuair a d'iarr sean chara, atá ina iriseoir, orthu dul chuig an
mhothar i Meisciceo, chonaic siad faill féidearthachtaí úra
polaitíochta a scrudú. Ach níor ullmhaigh léitheoireacht ar bith
iad dona coinníollacha a bhí rompu.
Ag fágáil bruachbhaile compordach Baile Atha Cliath, i gChiapas
dháil siad teach úrlár clábair le clán dúchasach i nDiez de
Abril. Leanann an clár a scéal agus a dtaithí le cultúr na
ndúchasaigh - clann Gaeilgeoirí ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh
le daoine a labhraíonn Tzeltal, mionteanga í féin.
Tá an turas lán de chontúirt - coinníollacha an Tríú Domhain,
aimsir treochreasach, arm naimhdeach an Mheicsiceo agus cogadh
salach.
Déanta ag an chomhlact úr Vinger Hill Productions, taispáineofar
é ar Tna G, 8.30in Lá na Bliana Uir.