Seoltar impireacht den 21ú haois
Is deas an rud é go maireann an náire áit éigin sa domhan
caipitealaíoch. Ba bheag gur chuir sé trua orm le bheith ag
beathnú ar Shohel Nozawa agus é i gcruth titim faoi bhráid na
gceamaraí. Ní bhíonn puinn náire ar ár gciapitealaithe
dúchasacha, leithéid Bhean na dTrí mBó, Margaret Heffernan. Is
cuma cé chomh gustalach agus a bhíonn rachmasóir beidh rachmasóir
eile ann len é a tharraingt anuas. Tiocfaidh lá Margaret.
Go réidh, a bhean na dtrí mbó
as do bhólacht ná bí teann
chonaic mise gan gó
bean is ba dhá mhó a beann.
Ach nuair a thagann an bhuille mór ar Margaret, ní móide go
bhfeicfimid í sna reachtanna caointe agus í ag gabháil leithscéil
lena cuid fostaithe.
Chuir Turnmah Yamaichi straois ar a chuid iomaitheoirí i iarthar
na hEorpa. Ba bhreá le lucht an airgid san Aontas Eorpach go
lagófaí geilleagar na Seapáine. Tá an tAontas, na Stáit Aontaithe
(nó Limistéar Soarthrádála Mheiriceá Thuaidh) agus an tSeapáin i
ngleic lena chéile le ceannas a bhaint amach ar an margadh
domhanda (agus domhandaithe).
ghleic sin atá taobh thiar de go leor de na moltaí i bPáipéar
Uaine an A.E. um fhorbhairt a foilsíodh níos luaithe i mbliana.
Doiciméad leamh leadránach é an Páipéar Uaine céanna ach turann
sé athrú bunúsach ar pholasaí an AE i leith thíortha an Tríú
Domhain. Chuirfeadh sé direadh le cúnamh ar mhaithe le cúnamh.
Feasta bheadh beartas forbartha an A.E ina uirlis pholasaí
eachtraigh. No more Mr Nice Guy!
Cheana féin tá tús curtha le hathstructúrú ar mhaorlathas an
Choimisiúin leis an bpolasaí nua a chur i gcrích. Tá an
Stiúrthóireacht um Pholasaí Forbartha á haistriú ó
Stiúrthóireacht-Ginearál VIII (Forbairt) go
Stiúrthóireacht-Ginearál I (Gnóthaí Eactracha). (Tá
Stiúrthóireacht-Ginearál sa Bhruiséil ar aon dul le Roinn
rialtais ag an leibhéal náisiúnta.) Ní bheidh fágtha sa
Stiúrthóireacht-Ginearál um Fhorbairt ach áisíneacht le deontais
a dháileadh ar bhonn cinnteoireachta a déanfar in áit eile ar
mhaithe le cuspóirí an A.E seachas riachtanais an fhaighteora.
Is í an staritéis atá á moladh go ndéanfaí bloc de chlianstáit
den 71 tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus an Aigéan Ciúin
atá ceangailte le Coinbhinsiún Lomé mar ghléas vótála i bhfóraim
idirnáisiúnta a thacódh le leas an A.E.
Thabharfadh an 86 vóta (15 ballstáit móide muintir Lomé) téagar
don A.E.vis-a-vis na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin san
Eagraíocht Trádála Domhanda.
Má bhíonn aon cheann den 71 tíortha úd ag smaoineamh ar
fheidhmniú go neamhspleách amach anseo déanaidís dearmad ar
chúnamh eacnamaíoch ón A.E. Sin polasaí oscailte an Choimisiúin
Eorpaigh mar atá sé leagtha amach sa Pháipéar Uaine. Sin ár
`nEorpaigh' hugaí wugaí duit!
Beidh níos mó ná vótaí á n-éileamh ag an mBruiséil nuair a
chuirfear tús le comhcainteanna maidir le Coinbhinsiún Lomé nua i
bhfómhar na bliana seo chugainn. Lorgóidh siad ``good governance,''
smacht ar chúrsaí imirce, comhordú ar bheartas trádála agus rialú
ar chearta um shealús intinne.
Tugann an clár seo léargas dúinn ar an gcineál impireachta atá á
bheartú don 21ú haois. Impireacht í nach mbeidh costasach ar an
lucht ceannais i gcomparáid le himpireachtaí na 19ú agus na 20ú
haoise. Níl á íoc ag an A.E leis an ngrúpa 71 tíortha faoi
láthair ach £8,000m (beagán níos mó ná mar atá na 26 Chontae ag
fáil ó na cistí struchtúrtha). Tá na tíortha úd chomh bocht sin
gur féidir leis an mBruiséil iad a chur faoi smacht trína
bhagairt go dtarraingeofaí siar an déirc shuarach. Níl ach 1.5%
de thrádáil an domhain ag na 71 stáit Lomé agus tá an sciar sin
ag dul i laghad. Meastar nach fada go mbeidh sé íslithe go 1%.
Colm de Faoite