Republican News · Thursday 7 August 1997

[An Phoblacht]

Dul chun cinn ag feachtas Uí Néill

Tá an-dul chun cinn á dhéanamh ag an feachtas Justice for Diarmuid O Néill i Londain. Ag deireadh na míosa seo thart bhí cruinniú acu i dTeach Phairlimint Westminster agus tá roinnt feisirí phairliminte ag tacú leis an bhfeachtas.

Reachtáileadh an cruinniú ar an 23 Iúil agus bhí an feisire nua de chuid Pairtí an Lucht Oibre do Hayes and Harlington, John McDonnell, mar cathaoirleach. Fuair an cruinniú teachtaireachtaí tacaíochta ó Jeremy Corbyn MP, Ken Livingstone MP, Michael Mansfield QC, Bruce Kent, Arthur Scargill agus Kenneth Griffith.

Le déanaí d'fhoilsigh an feachtas cárta poist atá á chur chun an Home Secretary Jack Straw ag daoine ar fud na Breataine agus ar fud an domhain.

Ag obair ar an gcás chomh maith leis an bhfeachtas tá Amnesty International agus British and Irish Human Rights Watch. Ardaíodh an cás ag na Náisiúin Aontaithe. Beidh Tuairisceoir Speisialta na NA ar `Summary and Arbitrary Executions' ag fiosrú an chás.

Maraíodh Diarmuid O Néill, a bhí ina Oglach de chuid Oglaigh na hEireann, ina árasán i Londain ar an 23 Meán Fomhair 1996. Bhí sé leis féin, gan airm, agus gan armlón san árasán nuair a tháinig na póilíní timpeall an tí. Scaoileadh é gan rábhadh agus is léir ó ghriangraf a foilsíodh sna nuachtáin ag an am go raibh sé ag cur fola nuair a tharraing na póilíní é anuas an staighre agus amach ón teach.

Chuir na póilíní scéal amach díreach tar éis an mharú go raibh gunna aige agus gur scaoil sé urchar. B'shin a scéal a foilsíodh an lá ina dhiaidh sin.

Tá seo ráite ag Ken Livingstone MP:

``The appalling picture published later that day suggestas that, rather than being treated where he lay or removed on a stretcher in order to receive appropriate medical attention, Diarmuid was dragged down the steps of his home, his blood smeared on the pavement... Press and police reports are shrouded in confusion and contradiction, and I strongly endorse the comments of William Schulz, Executive Director of Amnesty International USA, who srote on 27 September last year that `nothing short of an independent and impartial inquiry into the circumstances of Mr O'Neill's death will suffice.''


tSean Bhean Bhocht

Fuair an bhean - agus an duine, má's fíor a deirtear - ba shine sa domhan bás an tseachtain seo san Fhrainc nuair a d'éag Madame Jeanne Calment ag aois 122 bhliain di. Duine aibí, gan amhras, agus crónófar go mór í ag lucht an Guinness Book of Records ach go háirithe. Beidh orthu dul amach anois agus seanduine críonna íontach eile a aimsiú le lasair Jeanne Calment a thabhairt suas.

Nuair a fuair an tseanóir cáiliúil seo bás, scaoileadh an scéal ar an phointe, nó ba nuacht é, deireadh ré i saol na haoise seo. Agus chuir sé mé ag smaoineadh faoi sheanbhean eile atá go mór i mbéal an phobail... bhuel, go mór i mbéal phobal na nuachtán cibé scéal, an tseachtain seo. Tuairiscíodh go raibh Eilís, Máthair na Banríona i Sasana 97 mbliain d'aois. Tuairiscíodh é sin, ach ní mise a deirfeadh gur fior an scéal é in aon chor nó táimse den tuairim go bhfuair an seanlady áirithe úd bás blianta ó shin agus níl fagtha anois ach an mála láimhe.

Ceapadh an duine is maith leis é a smaoineadh gur maslóir mé ag ionsaí ar sheanbhean gan chosaint nach ndearna pioc dochar d'aoinne riamh ina saol, ach ní ionsaí atá ann. Níl mé ach ag insint daoibh go gcreidim go bhfuil sí básaithe le tamall agus lá éigin, amach anseo, nuair is gá, cluinfear an ráiteas oifigiúil go bhfuil sí imithe go Corgiland mór sa spéir. Agus sé a ciallaim nuair a deirim `nuair is gá' ná go bhfuil amanna níos féiliúnaí ná amannta eile do dhaoine ríoga bás a fháil.

Cén luach é go bhfaighfeadh sí bás ar lá go bhfuil rath agus toradh ar an eacnamaíocht? Nach gcuirfeadh sé sin díoma ar dhaoine thall. Cén maith di bás a fháil ar laethanta nuair atá aird na ndaoine gafa ag rudai eile... nach mbeadh sé i bhfad Éireann - nó i bhfad Sasain fiú - níos fearr dá dtiocfadh tairbhe éigin as a bás? Abair, dá mbeadh scannal mór i saol polaitíochtaí na Sasana, nó dá mbeadh tubaiste mór nó dá mbeadh cogadh ag teacht... cniotálfadh bás na seanmhnéa sin `náisiún' na Briotaine le chéile. Firínne a rá bheadh níos mó feidhm ina bás ná ina saol dá mbeadh an scéal láimhsithe sa dóigh cheart ag na spindoctors. Le tonn tuile maothúcháin chomhbhroine, b'fhéidir leis an rialtas thall rud ar bith a cheilt.

This is the BBC news. The Queen Mother died today. Unemployment has reached 5 million. Cé acu an tubaiste?

Sin an tuige go gcreidim go bhfuair si bás blianta ó shin. Níl ann anois ach ionadaí, máthair thacair na banríona. Tá sí marbh agus níl na Sasanaigh ach ag fanacht ar an deis chuí leis an scéal a bhriseadh. Pleánail bheartaíochta... `sin é ainm an gameplan na laethanta seo agus le saol ná bás Mháthar Éilís níl ann ach cuspóir stráitéise eile. má tá sí beo fós, cad chuige nach mbíonn agallamh ann lei, agus deis aici insint do dhaoine rún a fadsaoil? Deirfidh mé leat cad chuige...

tseachtain seo caite nuair a fuair Jeanne Calment bás tuairiscíodh gur chreid sí gurb í cúis a fadsaoil-se ná `fíon port agus íle olóige'. Ach cad a deirfeadh seanEilís dá mbeadh seans ann leis an cheist chéanna a chuir, tuige a fadsaoil-se? Cad eile ach .... gin, cinniúint pholaitiúil, agus go leor leor formaldahyde!


Armoured Cars and Tanks and Dunnes

Níorbh aon ionadh e a fháil amach go raibh léinte a ndéanamh do Dunnes Stores i monarcha mhíleata de chuid dheachtóireact SLORC i mBurma. Bhí Dunnes mar thaca le réimeas apartheid na hAfraice Theas - ``armoured cars and tanks and Dunnes'' tráth a raibh gach duine sibhialta ina éadan. Chaith Ben Croi na Feile agus Margaret Bean nd dTri mBó go barbartha leis na daoine óga cróga a dhiúltaigh earraí ón réimeas sin a laimhseáil. Ina dhiaidh sin agus uile bhi Cathal O hEochaidh, Alan Dukes agus Dick Spring sásta caidreamh a dhéanamh leis an mbeirt agus glacadh le hairgead uathu.

Is dual do bhéascna ainmhorálta Dunnes go ndéanfaidís gnó le SLORC, réimeas a choinníonn é féin i gcumhacht trí imeagla a imirt go laethúil ar mhuintir Bhurma agus le tacaíocht eacnamaíoch ón ``domhan saor''. Tagann 65% den tacaíocht airgid sin o chomhlachtaí ola i Sasana, an Fhrainc, na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin. Le naoi mbliana anuas tá iomlán de IR£7.77 billiún d'infheistiocht i mBurma faomhaithe ag comhlachtai ón taobh amuigh. Le dáanaí bhi méadú mór infheistiochta ó thíortha ASEAN (go háirithe Singeapor, an Mhalaesia agus an Teaslainn) in earnáil na turasóireachta.

Cúpla seachtain ó shin ghlac ASEAN (comhaontas de thíortha na hAise Thoir-Theas) le Burma/Myanmar mar bhall tar éis dóibh a bheith ag iomrascáil len gcoinsias faoin gceist ar feadh i bhfad.

Tá baint dhíreach idir teacht chin cinn SLORC agus an chogaíocht atá ar siúl leis an gcuid is fearr de 50 bliain anuas leis na náisúin mhionlaigh i mBurma, na pobail Karen, Mon agus Shan ho háirithe, a chur faoi chois. Bhí gealladh faoi thodhchaí Bhurma i 1947 agus é ar tháirseach an neamhspleachais. Ach bhí Seánín Buí i mbun mioscaise mar is gnáth. Feallmharaíodh an ceannaire náisiúnta Aung San, athair an duaiseora Nobel, Augn San Syy Kyi, de thoradh comhcheilge a raibh Tóraithe Shasana taobh thiar de. Bhíodar siúd ar a ndícheall neamhspleáchas Bhurma a chosc, le lámh ládir agus beag beann ar dhlí dá mba ghá é.

Spreag siad náisiúin mhionlaigh le ionsuithe armtha a dhéanamh ar na Burmain (an pobal móraimh) agus d'imight airm agus lón cogaidh ``ar iarraidh'' ó arm Shasana i mBurma agus thit siad isteach i lámha naimhde Aung San. Bhí Aung San taghta ar chomhthuiscint leis na mionlaigh agus bhí sé i mbun comhchainteanna leis an bPríomh-Aire Sasanach Attlee maidir le haistriú seiochánta cumhachta a réiteodh an bealach do shocrú daonlach.

In éagmais Aung San d'imigh cúrsaí i mBurma ó olc go holc tar éis dóibh neamhspleachas a bhaint amamch i 1948. De dheasca na cogaíochta inmheanaí múchadh tacaí dlí an daonlathais i ndiaidh a chéile agus neartaíodh cumhachtaí an airm go dtí gur chuir coup d'état an Ghinearáil Ne Win i 1962 deireadh le pé saoirse a bhí fágtha.

O thús na 1990í i leith tá smacht glactha ag an arm ar gach gné de shaol na tíre, fiontair eacnamaíocha san áireamh, agus rinne siad iarracht pé ``sochaí shibhialta'' a bhí fágtha a mhúchadh. Tá na mílte tar éis teicheadh as an tíre - tá 15,000 díobh sa Téalainn amháin. Níl áireamh ar an méid príosúnach polaitiúla i mBurma agus bíonn tuairiscí rialta faoi bhású gan triail.

Is maith an margadh é do dhíoltóirí arm na hEorpa a easpórtálann a dtáirgí go Burma tríd an Phortaingéil agus an Pholainn in ainneoin lar iarrachtaí ar smachtbhannaí a chur i bhfeidhm. Agus tá soathar le ceannach ho han-saor sa mhargadh céanna (ar US $ 1 sa lá i monarchana áirithe). Is parthas é sin do leithéidí Texaco, Total, Rothmans, Unocal agus, ar ndóigh, Dunnes Stores.

LE COLM DE FAOITE


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News