An Phoblacht/Republican News   ·   Thursday October 26 1995

[An
Phoblacht/Republican News]

Ceart Sibhialta an Colscaradh

TÁ ÉIFEACHT CHOLSCARTHA ar pháistí ina cheist lárnach sa reifreann seo dar le Feachtas don Cheart Athphósta. Ag caint ag preas-ócáid i mBaile Atha Cliath dúirt Catherine Forde, Eagarthóir an Family Lawyers Journal go raibh an Feachtas in Aghaidh Cholscartha ag iarraidh mí-úsaid a bhaint as tuairiscí cosúil leis an Exeter Study agus an American Study le Wallerstein agus Kelly.

Dar le húdar an Exeter Study tá sé dodhéanta cruthú go bhfuil droch-éifeacht ag colscaradh ar pháistí, i gcomórtas le scaradh. Chomh maith le sin dúirt sé go bhfuil sé dodhéanta a rá go bhfuil sé níos measa do na páistí má cholscarann a dtuismitheoirí..

D'iarr Forde ar an Fheachtas in Aghaidh Colscartha bheith ag baint mí-úsáide as na tuairiscí, agus dúirt sí gur theip ar an fheachtas sin tuairisc amháin a fháil a mhol cosc a chur ar cholscaradh.

Rinne Emma Byrne an óráid is suimiúla ag an phreas ócáid. Bhí a tuismitheoirí óg nuair a phós siad agus aon bhlian déag ar aghaidh ghlac siad go raibh a gaol thart. Bhí sí ocht bliana d'aois ag an am.

Ghlac sí go raibh sé deacair ach dúirt sí gur éirigh leí saol nádúrtha sláintiúil a bhaint amach. Chuir sí cúpla ceist ar an Fheachtas in Aghaidh Cholscartha. "Cé sibhse chun a rá liom go bhfuilimse damáiste? Cé sibhse chun a rá le m'fhear chéile go bhfuil a bhean chéile damáiste? nó le mo mhac nach bhfuilimse in ann bheith ina mháthair dó.

San idirlinn tá an Feachtas in Aghaidh Colscartha ag lorg soiléiriú ón Aire Comhionannáis agus Athchóirithe Dlí, Mervyn Taylor faoi cad is brí le "bheith scartha le ceithre bliana as na cúig bliana deireanacha", ceann de na coinníollacha chun colscaradh a fháil a mbeidh ag dul isteach sa bhunreacht.

Ag tús an fheachtais dúirt an t-aire ar Liveline go bhféadfadh cúpla a bheith scartha ach ina gcónaí faoin díon chéanna. Ach ag caint ar Raidió Shannonside ar an Luain dúirt sé go mbeadh sé riachtanach don chúpla bheith ina gcónaí ó chéile, go fisiciúil agus go hintinneach. Sa deireadh áfach is é an Chúirt Uachtarach a mbeidh ag soiliériú na ceiste.


Idir Dhá Shorcas

Léirmheas le Seán Mag Uidhir

DÚIRT AN DRAMADÓIR Feirsteach Pól Mag Uidhir nach scríobhfadh sé dráma a raibh baint aige leis an choimhlint sna Sé Chontae ariamh. Chuaigh Pól, a chónaí i dTuaisceart Bhéal Feirste roinnt bliana ó shin, arais ar sin nuair a scríobh sé Idir Dhá Shorcas. Agus ba mhaith an mhaise dó é mar bhuaigh sé Gradam na hAmharclainne 1993/'94 lena léargas ar an saol i dTuaisceart Bhéal Feirste roimh an tost cogaidh agus thug sin an seans dó an dráma taitneamhach seo a léiriú ar fud na tíre.

Tagann ainm an dráma ó Shorcais Charlisle agus Chliftonville i dTuaisceart na cathrach. Níl ach dhá mhíle idir an dá shorcas sin ach maraíodh breis is 500 daoine sna ceantair eadarthu, an bunús mór acu ina sibhialtaigh náisiúnacha, is líon is mó a d'fhulaing áit ar bith sna Sé Chontae sa choimhlint.

D'éirigh go maith le hiarracht Mhig Uidhir léargas a thabhairt dúinn ar chuid de shaol an phobail sin agus bhain Gaeil a chathrach féin an-sult as an léiriú den dráma a thug Seán Mag Ardghail agus Aisteoirí na Tíre dúinn ag an deireadh seachtaine seo caite sa Chultúrlann.

Bhí an stáitse simplí ach éifeachtach mar tharla an ghníomhaíocht sa dráma in aon ghnáth sheomra suí. Bhain Mac Ardghail úsáid chliste as an teilifís mar thaca agus mar sholas.

Osclaíonn an dráma le fear ag amharc ar an teilifís. Tagann suan air agus é ina luí ar an tolg. Bogann an dráma go han-ghasta ina dhiaidh sin.

Is iad Yoyo agus Goff, Antóin Ó Doibhlin agus Déaglán de Faoite, beirt hud óga, a thagann isteach ar dtús agus rún acu an teach a robáil. Cé go raibh an bheirt rud beag OTT in amanna bhí siad i gcónaí greannmhar lena dtuairimí den saol thart orthu.

Ní fada ina ndiaidh a thagann buíon dúnmharaithe de chuid an UVF ó Rath Chúil chun an tí. Téann Yoyo agus Goff i bhfolach sa teach rompu sin. Tugann Seán Ó Muireagáin taispeántas fíormhaith mar ghníomhaí de chuid an UVF, John Bennett, col cheatrar an ea den ollbhrathadóir Joe Bennett a chuir leath de UVF Bhéal Feirste faoi ghlas sna luath '80í?

Ach bíonn díomá ar Bhennett nuair a faigheann sé amach go bhfuil an targaid ar an tolg maraithe cheana féin. Leanann díospóireacht ansin idir Bennett agus a chomrádaí Taylor ar cé acu gur chóir dóibh an 'Fínín' a mharú arís!

Nuair a chríochnaíonn Bennett an díospóireacht áirithe seo le pílear eile i gcloigeann an mharbháin tagann an RUC ar an láthair.

Éiríonn an scéal iontach casta faoin am seo. Tógann Mag Uidhir ceist na comhghuaillíochta idir buíon dúnmharaithe na ndílseoirí agus seirbhísí rúnda na Breataine in agallaimh idir Bennet , ball den Bhrainse Speisialta Wilson, Seán Ó Gallchóir, agus idir Wilson agus Harris, Rónán Ó Dómhnaill, ball de MI5.

Nochtann Mag Uidhir an chomhghuaillíocht seo ach chomh maith sin léiríonn sé an iomaíocht idir sheirbhísí rúnda na Breataine, scaoil le marú, agus an cur i gcéill a leanann a leithéid.

Greann

Agus seo uilig ag dul ar aghaidh bíonn Yoyo, Goff agus an dílseoir Taylor ag éirí éalú ón sainn ina bhfaigheann siad iad féin. Cé go bhfuil ábhar an dráma trom coinníonn Mag Uidhir an ghníomhaíocht ag dul ar luas lasrach le faoiseamh don lucht féachana ag teacht ón ghreann dubh a bhfuil clú air sna Sé Chontae.

Chuir deireadh an dráma tromluí cáiliúil Bobby Ewing i nDallas i gcuimhne dom ach amháin go léiríonn Mag Uidhir an rócheangailt idir an tromluí agus an réaltacht.

Bheadh an dráma seo foirfe do dhráma teilifíse agus tá súil agam go gcuirfidh leithéidí choimisiúnaithe chláir Theilifís na Gaeilge suim ann.

Bhí 100 duine pacáilte isteach in Amharclann na Crannóige don oíche dheireanach den dráma, Dé Sathairn seo caite, 21 Deireadh Fómhair. Bhí muid inár suí ar chathaoireacha a d'fhoirfeadh do leanaí naíscoile ach ba chuma faoi sin mar bhain a raibh ann sult mhór as an dráma.

Ach is léir go bhfuil athrú agus fás ag teacht ar an lucht féachana do dhrámaíocht Ghaeilge sa chathair le hoiread na ndaoine óga a bhí i láthair. Tá uile seans ann amach anseo nach Sinn Féin amháin a bheas ag iarraidh Halla Uladh d'oícheanta móra.


DEARCADH SHINN FÉIN LÉIRITHE

D'fhoilsigh Sinn Féin bileog amach ag iarraidh ar dhaoine vótáil Tá don cholscaradh. Ag caint ag an lainseáil dúirt Joan O'Connor, stiúrthóir fheactas Shinn Féin don reifreann, go mbeadh an chumhacht ag daoine ar an 24 Samhain cearta sibhialta a thabhairt dóibh fhéin, dona gcomharsana agus dona gcomhphobail.

Tá teachtaireacht Shinn Féin leagtha amach ar bhileog i nGaeilge agus i mBéarla. Ach taobh amuigh de Shinn Féin is beag dátheangachas atá le feiscint sa reifreann seo.

Níl aon ábhar déanta ag an Fheachtas in Aghaidh Cholscartha ná ag an Fheachtas don Cheart Athphósta i nGaeilge. Níos measa fós, tá an leabhrán rialtais, "Divorce Referendum, Your Questions Answered" ar fáil i mBéarla amháin. Ag caint le AP/RN dúirt urlabhraí an Roinn Comhionannáis agus Athchóirithe Dlí go raibh leagan Gaeilge á ullmhú faoi láthair, ach nach raibh sé in ann a rá cathain a mbeidh an leagan ar fáil.

Tá Oifig an Ombudsman ag déanamh bileog Tá agus Níl, curtha le chéile ag abhcóidí, chun blas oibiachtúil a chur ar fheachtas "eolas" an rialtais. Tugtar le fios d'AP/RN go mbeidh an bileog seo ar a laghad, dátheangach.


Contents Page for this Issue

Reply to: An Phoblacht/Republican News, 58 Parnell Square, Dublin 1.