An Phoblacht/Republican News  ·  Thursday November 30 1995

[An Phoblacht/Republican News]

Bréaga, tuilleadh bréag agus fianaise RUC

BY MARTHA McCLELAND

Lean leis an praiseach i gCúirt Ghiúistís Dhoire nuair a thug sraith d'fhinnéithe CRU fianaise sa dara seachtain den triail de 31 duine as Doire as eachtraí a tharla le linn chuairt John Major ar an chathair i Mí Bealtaine na bliana seo.

Soiléiríodh an nádúr mailíseach de chás an ionchúisimh nuair a nochtadh arís is arís eile go raibh fianaise an CRU bréagach ar fad. Thit gnéithe tábhachtacha den chás in aghaidh na gcosantóirí ar lár le linn na héisteachta.

Go tábhachtach, de na 31 ghrianghraf den eachtra a thóg an CRU, Ní thaispeánann fiú grianghraf amháin ball amháin den CRU faoi ionsaí, cé gur admhaigh an CRU gur tógadh iad ``ag ard phointe an challáin''.

Bhréagnaigh na finnéithe CRU a chéile le linn croscheistiú agus d'admhaigh gur cuireadh isteach ar an fhianaise. D'admhaigh ball amháin den CRU, Constábla Montgomery, gur athraigh sé amanna agus nótaí ina leabhar nóta, in iarracht le cur in iúl gur scríobh sé ráiteas roimh chruinniú tábhachtach inar pléadh an t-eachtra.

Ag bréagnú roinnt eile finnéithe den CRU, dúirt Montogmery nár phléigh sé mionrudaí an cháis le baill eile den CRU. In iarracht dochrach chun an fhírinne a cheilt, dhearbhaigh Montgomery gan fiú nár chuala sé an t-eachtra á phlé agus é ag taisteal i Landrover le baill eile den CRU ar an bhealach ar ais go dtí Beairic Bhóthar na Trá. D'inis Montgomery don chúirt go raibh se ag léamh leabhair a d'fhág duine éigin go háisiúil i gcúl an fheithcil. Nuair a bhain sé an beairic amach, d'fhág sé an scéal oll-suimiúil san fheithcil agus ní fhaca sé arís é.

D'éirigh Constávbla Quinn den CRU chomh trína chéile sin le linn chroscheistiú gur bhréagnaigh sé sa tráthnóna fianaise a thug sé an mhaidin sin. Uair amháin d'iarr sé ar an abhcóide cosanta go truacánta ``An abrófá arís cad é dúirt mé?'' Ag dearbhú gur chic fear amháin ball den CRU, d'admhaigh O Neill nárbh fhéidir leis sainaithint cérbh é an ball den CRU a ciceadh ná cé acu go raibh an chos shúisteála d'fhear amháin a bhí á tharraingt ar an talamh ag an CRU ag ciceadh amach ná nach raibh.

D'admhaigh Sairsint Quinn ``ollimeacht ón phróis noirmeálta'' nuair a ``theip air'' a ráiteas a fháil finnéithe agus ``dhearmad'' sé an mhéid iomlán de leathanaigh ina ráiteas a scríobh síos. Mar sin bhí sé ábalta tuilleadh a chur leis ar ball. Dhearbhaigh Quinn gur fhág sé an ráiteas go cásmhar ar an chrinlín i seomra folamh sairsinte sular imigh sé leis go ceann thrí sheachtain le tinneas.

Ba é an chuid suntais den chás go dtí seo, nuair a chroscheistigh an abhcóide cosanta Joe Brolly Quinn ar líomhaintí a rinne sé in aghaidh duine de na cosantóirí Raymond McCartney. I gcroscheistiú cuimsitheach faoi thagairtí atá in ainm bheith déanta ag McCartney thug an abhcóide gach faill do Quinn chun an fhírinne a insint. Ach lean Quinn leis ag insint leagan s'aigese den scéal go dtí gur nochtaigh Brolly go raibh criú scannánaíochta ó De Facto ag déanamh clár fáisnéise faoi Raymond McCartney agus a bhí ag scannánú le linn na hagóide. Bréagnaíonn an fístéip fáisnéise gach gné de líomhaintí Quinn. Leanann leis an chás.


Idirdhealú in aghaidh na mban go smior san fhórsa oibre

Tá ionramháil mhíchothrom de mhná i bhfórsa oibre na Sé Chontae soiléirithe arís eile i dtuairisc damanta a d'fhoilsigh an Coimisiún do Fhailleanna Cothroma. Ag díriú ar sheacht ngné tábhachtacha, ionsaíonn an tuairisc an reachtaíocht láithreach as an teip chun athruithe fíora mianacha a dhéanamh do shaoil bhan.

Dúirt an CFC gur bliain ar leith an bhliain deireanach mar tháinig tuilleadh ban ná riamh chuig an choimisiún ag iarraidh cabhrach agus eolais. Dúirt an tuairisc go raibh méid na faibhe os comhair ban san ionad oibre léirithe ag na hard leibhéil de chúiteamh íoctha amach agus an líon mór de ghearáin dhleathacha a rinneadh.

Dúirt an tuairisc go raibh an difear idir leibhéil phá idir fir agus mná ag leanúint leis. Éilíonn an CFC mionscrúdú iomlán den reachtaíocht a bhaineann le pá cothrom. agus cháin sé ``páipéir chomhairle de chuid rialtas na Breataine nár phléigh le fadhbanna bunúsacha sa reachtaíocht''.

Tógadh fosta ceist an líon díréireach de mhná atá i bhfostaíocht pháirt aimseartha. Ceist mhór buartha atá fosta san eagmas d'áiseanna pinsin in ainneoin ``réitithe tábhachtacha ó Chúirt Chóra na hEorpa ar chearta cothroma d'oibrithe páirt imseartha''. Cháin an tuairisc dearcadh rialtas na Breataine ar an phointe seo de thairbhe nach raibh sé soiléir go leor.

Tá fadhbanna eile aimsithe chomh maith: cearta máithreachais; easnamh na mban i bpoist shinsearacha; leibhéil mhéadaithe de chur isteach gnéise agus teip churaclam na scoileanna chun ``gníomhaíocht dhearfach a ghlacadh chun plé le míbhuntáistí sóisialta i gcoitinne''.

Ag caint le AP/RN, leag Joan Smyth, Cathaoirleach agus Príomh Fheidhmeannach an CFC gníomhaíochtaí an choimisiúin amach ó thosaigh an sos cogaidh. Arsa sí:

``Is é ról atá againn chun cinntiú go dtugtar cothromaíocht san áireamh sa phróiseas chun saibhreas a thabhairt isteach go dtí na Sé Chontae agus go mbaineann mná tairbhe as na tionscnaimh agus scéimeanna chomh maith le fir.''

Tá an coimisiún ag éileamh go mbeidh toise na bhfailleanna cothroma sna cláir mhaoinithe Eorpacha agus eile. Tá siad ag éileamh in athuair méadú mór i líon na mban ar na boird agus ar na coistí de na 142 comhlachtaí poiblí sna Sé Chontae. Arsa Joan Smyth:

``Tá dul chun cinn déanta ag mná ach níl le déanamh agat ach amharc ar na figiúir le feiceáil nach bhfuil cothromaíocht idir na fir agus na mná san fhostaíocht. Tá baol ann go mbeimid dallta ag an dul chun cinn don idirdhealú neamhthuairimeach in aghaidh na mban atá go fóill ann.''


Contents Page for this Issue

Reply to An Phoblacht/Republican News   ·   Archived by Irish Interest Group