Cath Chionn tSáile Eile
Tuigimid gur briseadh Ord na nGael beagnach ceithre chéad bliain
ó shin an Cheann tSáile, ach tá cath eile ar siúl ann i láthair
na huaire. Is cosúil go bhfuil úinéirí cúrsagailf ag iarraidh an
ruaig a chur chan amháin ar mhuintir Uí Néill ach ar phobal na
tíre ar fad sa cheantar seo inniú.
Ós rud é go bhfuil an cúrsa gailf i lámha príobháideach, tá cosc
curtha acu ar chuairteoirí dul amach ar an cheann tíre, áit a
bhfuil an teach solais lonnaithe. Ní nach íonadh gur thug an
cúirt uachtarach cead d'úinéirí an chúrsa gailf claí a chur thart
ar an cheann tíre agus í an tacú leo gan ligean do dhaoine cuairt
a thabhairt ar an áit. Nach maith l'údarás na tíre seo tacú leis
an uasalaicme?
Bhí treoracha leagtha síos ag an Bhord Phleanála go mbeadh cead
ag an phobal i gcoitinne cuairt a chur ar cheann tíre de réir mar
is mian leo, ach níor sheasq siad leis na treoracha seo nuair a
tháinig an chás ós comhair na cúirte.
De réir an dlí anois, caithfidh £190 a íoc as cluiche gailf a
imirt ag an suíomh seo sa dóigh is go dtig le duine siúl amach
chuig an cheann tíre. Ar an lámh eile, thiocfaidh le duine
ballraíocht bliana £2,000 a íoc agus siúl amach thart ar an teach
solais chomh minic agus a ba mhaith leis/léi taobh istigh den
bhliain. Muna bhfuil an t-airgead agat, nó muna bhfuil suim agat
i ngalf, tá duine ag briseadh dlí na tíre le cuairt a chur ar an
suíomh.
Níl muintir na háite ar dhóigh ar bith sásta leis an bhreithiúnas
a thug an cúirt uachtarach ar an chás agus tá feachtas eagraithe
le seilbh an phobail a fháil ar an cheann tíre arís. Bhí
mórshiúlta ach cheana féin ina raibh breisagus trí chéad duine
áitiúil páirteach. D'éirigh roinnt acu dreapadh thar chlaí an
chúrsa gailf agus iad ag léiriú gur le gach duine an cheann tíre
seo agus ní de phribhléid ag dream beag amháin. Deir ceannairí an
fheachtais go leanfaidh na mórshiúlta is na hagóidí go dtí go
bhfuil sé de cheart ag cách cuairt a thabhairt ar an cheann tíre.
Is iad John agus Patrick O'Connor úinéirí an chúrsa gailf. Tá
siadsan den bharúil gur áis turasóireachta íontach atá acu sa
chúrsa gailf. Deir na húinéirí go bhfuil an feachtas ina gcoinne
ag scanrú turasóirí ón cheantar. Maise, níorbh é go bhfuil
airgead curtha ar ais ins sa cheantar áitiúil agus brabús mór
déanta acu de bharr an méid turasóirí a thagann le gailf a imirt.
Cad fá na turasóirí atá ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an
cheann tíre gan galf a imirt? Leoga, is é an rud atá ag cur as do
na húinéirí i ndáiríre ná nach bhfuil an oiread sin galfaraí
árdnósacha ag teacht l'imirt ar chúrsa s'acusan nuair atá an
feachtas ar siúl ina gcoinne.
Tá amhrán clúiteach a scríobh Woody Guthrie darbh ainm `This Land
is Our Land'. I véarsa amháin, deir sé go dtagann sé ar fhógra
agus é scríofa air `No Trespassing'. Deir an t-amhránaí gur
fhéach sé ar chúl an fhógra chéanna agus go ndearna sé iarracht
cúl an fhógra a léamh agus ní raibh a dhath ar bith luaite air.
Mar sin de, lean sé ar aghaidh ar a bhealach. Cinnte, ba chóir go
dtigfeadh úinéirí talaimh ar fud na cruinne an fealsúnacht seo a
léirigh Woddy Guthrie dúinn uilig.
AN DRAOI RUA
Seanfhocal na Seachtaine
`Imeacht gan cead gan cheiliúradh.'
Is féidir an frása seo a úsáid nuair a fhágann duine an
comhluadar gan oiread agus slán a rá. Deirtear fosta go bhfuil sé
do nós ag muintir na Fraince imeacht gan `Au Revoir' a rá go
minic.