Republican News · Thursday 26 October 2000

[An Phoblacht]

Pisreoga Oíche Shamhna

Molann an Draoi Rua dúinn a bheith ar aire Oíche Shamhna.

Tuigmid gurb é seo tús bhliain na gCeiltigh, rud a thug agus a thugann leithscéal dúinn go fóill a bheith ag ceiliúradh. Ba cheart go mbeadh gach duine réidh fán am seo do thréimhse an Gheimhridh; ní amháin gur chóir go mbeadh na barraí uilig istigh, ach ba cheart go mbeadh na hainmhíthe feirme istigh chomh maith. A fhad is a bheadh prátaí agus móin agat, bheadh do shaol ar do thóin agat.

Cé go dtosaíonn ceiliúradh mór le luí na gréine, is ag an am céanna seo a dtagann an dia Ceilteach `Samhain' i réim. Is é `Samhain' dia an bháis agus ar an oíche seo tugann sé cuireadh d'anamacha agus do spioraid damánta teacht le chéile agus smacht a ghlacadh ar an oíche. Creidtear go bhfuil an chuid is mó de na spioraid seo mallaithe leis an iarbháis a chaitheamh i gcruthanna ainmhíthe. Ós rud é go bhfuil an oiread sin olcas sa tóir ar a thuilleadh anamacha, óiche contúirteach a bhí ann riamh le bheith amuigh. Mar aon leis an mhéid sin, tá nós ag drochshíoga taisteal thart agus sméara dubha na tíre a mhilleadh agus iad ag caitheamh seilí orthu ach nuair atá siad i mbun oibre, scriosann siad na torthaí uilig atá fágtha amuigh go fóill.

Leoga, bhíodh nósanna á chleachtadh ag daoine l'iad féin a chosaint ó drochshíoga ar an óiche seo go háirithe. Tuigeadh i gcónaí go raibh roinnt síoga maithe thart ó luí na gréine go meán oíche agus fágadh bia is uisce amuigh ar a son, ag siúl go gcuideoidh siad le muintir an tí i gcoinne an olcais. Bhíodh uisce coisricthe caite ar pháistí, ar dhoirse agus ar ainmhíthe. Bhíodh giota iarainn nó aibhleog fuar curtha sa chliabhán le leanbh agus d'fhan daoine istigh go formhór. Dá mbeadh ar dhuine gabháil amach, bheadh air/uirthi taisteal i gcomhluadar agus a n-aghaidheanna a chur i bhfolach sa dóigh is nach n-aithníodh iad. Cinnte, is í sin an fáth a mbíonn fonn ar dhaoine a bheith ag gléasú suas ar an oíche seo go fóill.

Ar ndóigh, ní bheadh Oíche Shamhna ceiliúrtha i gceart gan tine chnámh a fheiceáil sa cheantar. Maise, tá an nós seo fréamhaithe i gceiliúradh na draoithe leis. Múchadh na tintí sna tithe fadó sular lasadh an tine chnámh, rud a bheannaigh an draoi. Tógadh dearga ón tine chnámh ar ais chuig na tithe agus coinníodh na tinte lasta i rith an gheimhridh. Creideadh gur chuir an tine chnámh ruaig ar spioraid damánta óir dódh iad i lasracha na tine agus bhí aibhleoga agus toit ábálta rudaí a íonghlanadh. Bhíodh dearg ón tine iompraithe thart ar pháirceanna feirme l'iad a ghlanadh chomh maith. Bhíodh daoine ar gharda thart ar an tine chnámh ar eagla go mbíodh iarracht déanta rud a ghoid uaithi agus ádh s'acusan a thabhairt fosta.

Mar atá thuasluaite agam, is é seo tús na bliana do na Ceiltigh agus dá bharr sin bhíodh nós ag na draoithe tairngreachtaí a dhéanamh don bhliain rompu. Ag an tine chnámh, ba ghnách do dhaoine clocha a chur i gciorcal aibhleoga fuara agus iad a chuardú ar maidin. Muna raibh duine in ann teacht ar a c(h)loch féin, bheadh an bás i ndán don té sin i rith na bliana.

Níl na nósanna tairngreachta ar eolas againn sa lá inniú, ach tá roinnt cluichí agus pisreoga éagsúla a chleachtadh go fóill. Cuirtear rudaí áirithe i gcupán ar tábla agus caithfidh duine siúl deiseal thart ar an tábla le dallamullóg air/uirthi sula roghnaíonn sé/sí cupán. Leoga, brathann an tairngreacht ar an rud atá sa chupán:

Fáinne - Pósadh Pingin - Saibhreas

Cnaipe - Gan Pósadh Croí - Fíor-Ghrá

Sliogáin - Taisteal Eochair - Cumhacht

Ar ndóigh, is minic a mbíonn na rudaí beaga seo curtha i bpóta prátaí brúite, i gcistí milse nó in úlla sa chaoi is go mbeidh daoine ábálta teacht orthu ar ball.

Tá pisreoga eile a chleacht mná óga agus iad ag iarraidh fáil amach nithe ar leith fána bhfir chéile a bheadh acu. Bá ghnách le bean óg úll a thabhairt a luí agus a fhágáil fána ceannadhart sa dóigh is go mbíodh radharc ar a fear chéile i mbrionglóid. Creideadh go dtiocfadh fear chéile le deoch uisce chuig bean óg i mbrionglóid fosta dá mbeadh scadán le salann ite aici roimh ghabháil a luí. Dá mbeadh fonn uirthi radharc a fháil air ina dúiseacht bheadh uirthi gabháil a luí le coinneal amháin lasta sa teach agus suí os comhair scatháin agus úll a ithe. Sula mbeadh an t-úll ite, bheadh mo dhuine le feiceáil aici thar a gualainn.

Bhí nós saoithiúil eile a chleacht mná óga fadó, ach bheadh orthu a bheith lonnaithe i bpáirc lán de chabáistí. Bheadh ar bhean óg siúl ar feadh tamaillín go dtí go dtiocfadh sí ar chabáiste ar leith ar mhaith léi a thógáil. Leoga, bhrath an tairngreacht ar an fhréamh a bhí ag an chabáiste:

Fada - Fear Ard Gairid - Fear Beag Cam - Fear Santach Creafóg Air - Saibhreas Glan - Bochtanas

Is dócha go dtig le mná óga an lae inniu smaointiú fá rudaí níos fearr le déanamh le cabáistí go háirithe nuair nach bhfuil an oiread sin muinín ag daoine i saol pósta comhaimseartha. Ach ba mhaith liom a chur i gcuimhne do léitheoirí dhá leath a dhéanamh do chloigeann cabáiste agus leath amháin a fhágáil ag an doras tosaigh agus an cuid eile ag an chúldorais. Tá sé chomh maith againn ruaig a chur ar dhrochshíoga Óíche Shamhna.

Pic caption:

Iontabhas Rámann Mhic raois ag bronadh seic 240 ar Ghaelscoil an Lonnáin agus Ghelscoil na Móna araon i mBéal Feirste. Bhailigh iarchimí poblachtacha ón iontabhas an t-airgead ina rás grinn bliantúil. Ó chlé tá: Paula McDonald agus Majella Green (Bunscoil and Lonnáin), Séanna Breatnach (Iontabhas Réamann Mhic Raois), Daithí Mac Adhaimh (Iontabhas Réamann Mhic Raois) agus Jim McCann (Bunscoil na Móna). Seacht mbunscoil nuabhunaithe a bhain tairbhe as an bhabhta deontas a thugann chun críche obair an Iontaobhais.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News