Republican News · Thursday 5 October 1999

[An Phoblacht]

Osclaíonn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a gcuid doirse do gach aoinne

Ar an tseachtain deireadh de Iúil na bliana seo, reachtáileadh an chéad Scoil Samhraidh Mhic Reachtain san Áras Pobail ar an Lóiste Úr i mBéalFeirste. Ainmníodh an scoil samhraidh i ndiaidh Henry Joy agus a dheirfiúr Mary Ann Mac Reachtain, beirt a thug a saol ar son saoirse na hÉireann, chomh maith le bunú an chéad scoil Domhnaigh do pháistí bochta i mBéal Feirste, os cionn dhá chéad bliain ó shoin.
 
Tagann an dá fhadbh ón bunús céanna, ag iarraidh deighilt a choinneáil idir daoine, thuaidh in aghaidh theas, Gael in aghaidh Gall, dubh in aghaidh bán

Shílfeá, ar an chéad radharc, gur Gaeilge, stair agus cultúr amháin atá faoi réir ag an scoil samhraidh nua seo. Tá rogha agat idir dianchúrsaí Gaeilge, damhsa Gaelach, ceol agus amhráin Gaelacha (bíonn an rang deiridh gach lá ag plé le ceol, na micléinn ag foghlaim amhráin Gaeilge!), agus dráma Gaeilge. Bíonn léacht difriúil gach tráthnóna do gach aoinne ar spéis leo dhá traidisiúin an tuaiscirt (Gaelach agus Albanach), ar stair an chultúir agus téamaí teangan. Bhí imeachtaí go leor agus ranganna do pháistí chomh maith.

Tá an-taithí ag Máirtín Mac Cathmhaoil ar mhúinteoireacht, agus dár leis, tá an scoil samhraidh ag leanacht sa traidisiún de athbheochan na Gaeilge a bhí go láidir ag deireadh an naoí agus tús an fichiú céad.

``Táimid ag iarraidh an ceangal a choinneáil leis an t-am atá thart, agus ag an am céanna an Ghaeilge agus an chultúr a bhrú ar aghaidh isteach sa 21ú aois'', a deir sé.

Ní haon rún é go bé an áit is láidre anois ó thaobh fás na teanga Gaeilge ná an tuaisceart, seachas iarthar na hÉireann. Tá sí go láidir in Iarthar agus Tuaisceart Bhéal Feirste go háirithe, áit a bhfuil cúiseanna polaitiúla ag na daoine í a labhairt, ag treisiú a bhféiniúlacht trín Ghaeilge. Tá suas le 30,000 cainteoirí Gaeilge I mBéal Feirste, agus 140,000 sa tuaisceart trí chéile.

Dúirt duine des na múinteoirí ag an scoil samhraidh liom, Fionntan De Brún, go bhfuil Art Hughes, an múinteoir is mó a bhfuil tóir ar a chuid cúrsaí Gaeilge, ag múineadh ar an Scoil Samhraidh. Is léachtóir ollscoile i mBéal Feirste é Art, áit a bhfuil liosta feithimh dá chúrsa.

Ba mé an taon eachtrannach ag an chúrsa Gaeilge do thosaitheoirí ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mbliana, cé go raibh daoine ann ó Doire, Ard Mhacha agus Co. an Dúin. Fuair mé fáilte agus flaithiúlacht íontach ó na múinteoirí agus na micléinn, agus fanfaidh sé i mo chuimhne go brách. Ceaptar gur teanga deacair í an Ghaeilge, ach thóg mé cinneadh tamall ó shoin, mar go bfhuil sé socruithe agam fanacht sa tír seo, gur cheart dom taithí a fháil ar an teanga dúchasach, mar go dtugann sé tuiscint i bhfad níos fearr dom ar na daoine, agus go gcuireann siad níos mó fáilte romham chomh maith. Níl aon rud do-dhéanta dóibh siúd atá ag iarraidh foghlam, go háirithe nuair atá atmasféar chomh maith ann is a bhí ar an Lóiste Úr. B'shin Éire mar ba cheart di bheith, dianchúrsa íontach, gan aon stró, an-bharúil, go leor ceol, ag dul chuig an tabhairne i ndiaidh na ranganna, agus ag iarraidh Gaeilge a labhairt i gcónaí, fiú muna bhfuil agat ach cúpla focal.

Bíonn fáilte an-speisialta roimh eachtrannach a labhrann Gaeilge, go háirithe i mBéal Feirste. Dar le duine de mo chairde nua anseo, beidh buíochas síoraí ó Gaeil don duine sin. Sé an saol ar mhaith le mo chara nua a fheiceáil ná Éire ilchultúrtha, ildaite, áit a mbeadh na nÉireannach nua ón tSín, ón Rúis, nó ón Nígéar líofa i nGaeilge, díreach mar a bheadh an sean-phobal.

Agus mé ag freastal ar an scoil, bhí áthas orm a fháil amach go raibh téamaí i bhfad níos leithne ná cúrsaí Gaelacha amháin ann. Bhí Lá Ilchultúrtha le féis agus bia eagraithe ag an scoil. Bhí cead isteach saor in aisce don phobal áitiúil, agus dóibh siúd ar fad ar spéis leo é. Níl pobal mór inimircigh ag Béal Feirste mar atá ag Baile Átha Cliath, ach fós bhí tráthnóna íontach ann. Siad an pobal inimircigh is mó ná muintir na Síne, le thart ar 8,000 duine. Tháinig siad ar dtús ó Hong Kong thart ar 1962. Pobail eile a raibh grúpaí uathu i láthair ná Arabaigh, Africigh agus fiú amháin lucht Rastafarian. Bhí a mbia féin ag gach grúpa, le sestáin eolais agus daoine a thug léargas ar a gcúltúr féin. Ag an deireadh bhí damhsa Gaelach ó na gasúr áitiúla, chomh maith le ceol agus damhsa ó na cúltúir éagsúla, rud a thaithnigh go híóntach leis an lucht féachana ar fad.

Daoine eile ar casadh liom agus iad ag freastal an an Scoil Samhraidh ná bean ón Nígéar, Rúiseach agus grúpa daoine óga ón Aifric Theas a bhí ag déanamh stáidéar ar an bpróiséas síochana. Beidh grúpa daoine óga ón dá phobal ag tabhairt cuairt thar n-ais ar an Aifric Theas sa bhfómhar. Tá an saol ag athrú, cé nach raibh mórán fonn ar chuairteoirí dul go Béal Feirste, agus an droch-iomhá a fuair muid go léir ón dteilifís, tá scéal nua anois ann, agus fonn ag daoine teacht ar cuairt arís.

an oíche dheireannach dom fuair mé cuireadh freastal ar bhainis a bhí ar siúl i mbaile beag tuaithe. Dochtúr ón Nígéar a bhí ag pósadh bean áitiúil. Thaispeáin na daoine i láthair go bhfuil iliomad bealaí ann chun cur in aghaidh seicteachas, agus díreach mar a chéile a chaitheas muide i mBaile Átha Cliath cur in aghaidh ciníochas. Tagann an dá fhadbh ón bunús céanna, ag iarraidh deighilt a choinneáil idir daoine, thuaidh in aghaidh theas, Gael in aghaidh Gall, dubh in aghaidh bán.

Tá sé thar am againne anseo i mBaile Átha Cliath scoil samhraidh cosúil le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a reachtail saor in aisce dos na inimircigh agus na teifigh ar mhaith leo eolas agus taithí a fháil ar ár dtír ársa a bhfuil siad chun cónaí ann. Arís ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain as an bpáirt atá acu i dtógáil an Éire nua ilchiníoch atá amach romhainn.

Irina Malenko
(Éireannach agus Rúiseach)


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News