Republican News · Thursday 04 May 2000

[An Phoblacht]

Má tá coinceap agus drochfhocal mar dhushlán na haoise nua seo in Éirinn, `sé ciníochas atá ann. Le seachtainí anois tá ceann granna an ghalair le feiceáil in go leor leor leibheal agus rannóga an tsochaí agus na tíre seo. Seo anois smaointe an Draoi Rua faoi.

Ciníochas agus Seicteachas in Éirinn

Caithfidh mé a admháil nár cuireadh mórán iontais orm nuair a chuala mé fán tuarascáil a d'fhoilsíodh le déanaí ó Ollscoil Uladh. De réir an suirbhé a rinneadh, fuaireas amach go raibh an ciníochas dhá oiread níos forleithne ná an seicteachas sna sé chontae. Cé go raibh an staidéar seo teoranta do na sé chontae amháin, creidim gur chóir na torthaí a mheas ar fud na tíre.

Is íorónta an rud é ach bhí dearcadh `liobrálach' go leor á léiriú ag daoine san am céanna. Dúirt 83% acu go raibh siad ar son cearta mionlaigh eitnigh a chosaint agus a chaomhnú. Mar aon leis sin, bhí 87% acu den bharúil gur cheart oideachas i dtaobh chultúir agus traidisiún na n-eachtrannach a chur ar chúrsa léinn na scoileanna.

Nuair atá an t-uachtar scríobtha, áfach, tá scéal eile ar fad le léamh. Cé go raibh an dearcadh `liobrálach' seo a nochtú ag daoine, nuair a cuireadh a thuilleadh ceisteanna orthu, bhí a mhalairt do thuairim acu. Dúirt duine as ceathrar nach mbeadh sé/sí sásta l'eachtrannaigh mar chomharsana agus bhí níos mó ná trian acu a rá go ndiúltódh siad obair leo. Mar aon leis sin, léiríodh go raibh 53% acu i gcoinne glacadh l'eachtrannach le duine dá muintir a phósadh. Cinnte, ní mór an t-ionadh é mar sin go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-ionsaithe ar eachrannaigh ar na mallaibh.

Ní gá trácht ar an eachtrannaigh amháin le ciníochas a aimsiú ar ndóigh. Léiríodh go raibh dearcadh níos measa ag daoine i gcoinne an lucht siúil go háirithe. Bhí 57% acu glan in éadan glacadh le lucht siúil mar chomharsana agus 66% a rá nach mbeadh siad sásta obair leo.

Maise, b'fhearr le cuid mhór daoine gan glacadh l'eachtrannaigh agus leis an lucht siúil ar chor ar bith sa tsochaí. Tá daoine áirithe den bharúil dá nglacfaí leo go dtitfeadh praghas a dtithe, go mbeadh níos mó salachair le feiceáil ina gceantracha agus go mbeadh coiriúlacht níos forleithne ann chomh maith.

Ba cheart an cheist a chur, áfach, cad chuige a bhfuil tuairimí chomh coiméadach sin ag daoine sa lá atá inniu ann? Is léir go bhfuil oideachas de dhíth ag an phobal i gcoitinne leis na tuairimí seo a athrú. Ar an drochuair, ní thiocfadh linn a bheith ag brath ar an institiúidí stáit ceannaireacht a thabhairt sna ábháir seo sna sé chontae ná sna sé chontae is fiche.

Tuigtear gur bhain rialtas na Breataine an-úsáid as an scoilt idir dhaoine le smacht a choinneáil san sé chontae. B'fhearr leo daoine a choinneáil scartha agus a bheith i réim go fóill. Mar sin de, cothaíodh na difríochtaí idir dhaoine agus méadaíodh an seicteachas dá réir. Ar ndóigh, nuair nach féidir leis an tsochaí glacadh le daoine ó chreideamh eile, tá sé intuigthe go mbeadh sé níos deacra dóibh glacadh le cinícoha eile.

Caithfidh a adhmháil fosta gur sheachain leis an hEaglaisí Críostaí fadhb an seicteachais a réiteach. B'fhearr leo smacht a choinneáil ar a scoileanna aonchreidmheacha ná ligint do scoileanna ilchreidmheacha forbairt.

Maidir leis an rialtas sna sé chontae is fiche tá dearcadh scannalach a léiriú go fóill i gcoinne an lucht siúil agus na n-eachtrannach.

Feictear gur cuireadh scéim nua ar bun ag an Aire Bobby Molloy le cuidiú a thabhairt don lucht siúil carbháin níos fearr a fháil ina mbeadh deontaisí de £500 agus iasachtaí de £5000 ar fáil dóibh siúd a raibh cinn úra de dhíth orthu. B'é an freagra a thug urlabhra ón Bhord Shláinte an Deiscirt, Michael Cahill, ná nár chóir a leithéid de scéim a thoiseacht ar chor ar bith toisc nach bhfaighfeadh an rialtas ar son a leasa féin amháin.

Lena chois sin, tá dearcadh úafásach á léiriú ag an rialtas i dtaobh eachtrannagh i rith an ama. Níl le déanamh ach amharc ar an dóigh a bhfuil siad á láimhseáil le seo a thuigbheáil. Tá moill millteanach l'iarrastaisí a phroiseáil agus creidtear go mbeidh breis agus 20,000 ag fanacht ar a gcuid iarrastaisí ag gabháil tríd an chórais ag deireadh na bliana. Níorbh é go bhfuil daonra ro-mhór ná go bhfuil barraíocht daoine sa tír seo ach tá leasc ar an rialtas glacadh le daoine nua. Is dócha gurbh fhearr le lucht an rialtais nach mbeadh ach lucht gnó l'airgid ina gcónaí sa tír seo. Cinnte, níl sé chomh fada sin ó bhí siad ag moladh do dhaoine dífhostaithe an tír a fhágáil sna hochtóidí.

Is é an moladh is déanaí ón Aire John O'Donoghue ná gur chóir eachtrannaigh a choinneáil ar loing go dtí go mbeadh a gcuid iarrastaisí réitithe ag an rialtais. Tá an córas seo tosaithe cheana féin agus ceithre long in úsáid acu le míle eachtrannaigh a choinneáil. De réir daoine atá ar fanacht ar loing taobh amuigh de Copenhagen le breis agus bliain, tá drochtionchar orthu ar fad dá bharr. Deir siad go bhfuil dochar fisiciúil agus síceolaíocht déanta de thairbhe a thréimhse agus a thaithí ar na loing seo. Ar ndóigh, bheadh seo ar eolas ag an rialtas ach tá siad sásta a leithéid a thabhairt i bhfeidhm cibé.

Ba cheart dúinn uilig a adhmháil go bhfuil ciníochas agus seicteachas i réim ar fud na tíre ach tá sé thar am tuairimí dearfacha a chothú. Leoga, ba chóir go mbeadh córas oideachais níos oscailte ann, go mbeadh na meáin ag tabhairt tuairiscí níos fearr agus go mbeadh na hEaglaisí Críostaí agus na hinstitiúidí stáit ag tabhairt ceannaireacht dearfach do mhuintir na tíre. B'fhéidir gur chóir dúinn uilig athléamh a dhéanamh ar an seanfhocal: ``Níl strainséirí ar bith sa tír seo ach cairde nár bhuail muid leo go fóill.''

Draoi Rua


Caitheann an Draoi Rua spleachadh súile ar nósanna Lá Bhealtaine.

Aoibhneas na Bealtaine

Agus Lá Bealtaine imithe tharainn arís chreid mé go ngabhfadh sibh mo leithscéal dá ndéanfainn tagairt do roinnt des na pisreoga a bhí á chleachtadh ag ár sinsear fadó. Leoga, bhí féile Bhealtaine ceiliúrtha sna tíortha Ceilteacha uilig.

Ba ghnách go raibh féile phágánach Lá Bhealtaine na cianta ó shin ach le teacht na Críostaíochta tháinig athrú ar sin. Níorbh é gur cuireadh deireadh leis na nósanna ar fad ach gur tugadh ainm Críostúil ar an ocáid. Bhí an sean bandia Bel/Baal bainte le torthúlacht an talaimh agus clú uirthi mar mháthair na cruinne. Cuireadh Bel/Baal ar leataobh agus tháinig an Maighdean Mhuire isteach ina háit. Níorbh é áfach, gur cuireadh deireadh le nósanna Bhealtaine ar choir ar bith.

Ba ghnách le mná gabháil amach an chead rud ar maidin Lá Bealtaine agus a n-aghaidheanna a ní i ndrúcht na maidine. Deirtear go bhfaigheadh siad radharc ar aghaidheanna a bhfir chéile sna brionglóidí a bhíodh acu an oíche sin.

Deirtear go raibh rath i ndán don té a bhfaca fáinleog ag teacht nó a chuala cuach ag scairteadh Lá Bealtaine. Cinnte is comhartha é seo go bhfuil an samhradh ar a bhealach. Ná déanaigí dearmad nach gcruthaíonn fáinleog amháin samhradh.

Tá scéalta i dtaobh mórshiúlta agus ceiliúradh Bealtaine go flúirseach i mbéaloideas na tíre seo. Bhíodh nós ag mná damhsa a dhéanamh thart ar chrann Bhealtaine. Rinneadh damhsa deiseal thart air in onóir na gréine chomh maith. Leoga, tá cuma bhall fearga ar chrann Bhealtaine ach chreid siad go raibh torthúlacht iontach do mhná ag baint leis an damhsa áirithe seo. B'fhéidir gur chóir a lua ag an phointe seo fosta go raibh túir Bhealtaine ag na draoithe fadó, áit a choinníodh tine Bel/Baal lasta. Ar ndóigh, bhíodh cruth bhall fearga ar na túir seo leis ach íorónta an rud é gur ghnách leis na manaigh túir a thógáil ar an dóigh chéanna.

Bhíodh plandaithe éagsúla crochta ag daoine ar na doirse agus bhíodh leithscéal ag páistí an cheantair gabhail thart ar an chomharsanacht mar a rinne siad Oíche Shamhna, Lá an Dreoilín agus araile. Lena chois sin bhí nós a chleachtadh go mbíodh páirceanna barrthaí beannaithe, rud a dhéantar go fóill in áiteanna. Ba ghnáth go mbíodh banríon na Bealtaine tofa agus bhíodh sí i gceannas ar imeachtaí gach seasúr go dtí gur phós sí agus bhíodh banríon eile tofa. Bhíodh daoine gléasta i mbláthanna fiáine an tseasúir mar báinne bó bleachtáin, eidhneáin, lilí (ach chan na cinn bhuithe), crabhóga chuilinn is craobhóga agus bláthanna sceiche.

Cinnte, bhí agus tá áit ar leith ag an sceach aimsir Bhealtaine. Tugtar an May Tree uirthi sa Bhéarla. Cé nach dtagann bláthanna uirthi go lár Mí Bhealtaine bhíodh sí in úsáid go rialta Lá Bealtaine. Ar ndóigh nuair a rinneadh feilire úr i 1752 cuireadh sean Lá Bealtaine siar go dtí 12 bealtaine.

Bhíodh bláth na sceiche in úsáid go flúirseach i gceiliúradh Bhealtaine mar chomhartha ar theacht an tsamhraidh ach bhí cosc iomlán ar an bhláth céanna a thabhairt isteach i dteach ar bith. Deirtear go bhfuil droch-ádh i ndán don teaghlach má iompaíonn duine bláth sceiche isteach. Tá boladh milis is searbh ar an bhláth ach creidtear gurb é boladh an bháis atá uirthi. Cinnte, tá tuairim láidir ann gur féidir an bhás a fhógairt sa teach agus a leithéid istigh. Tá ainm eile ag na Breatnaigh air: Bláth Bhás Mháthair, rud nár mhaith le máithreacha a chluinstin. Chomh maith leis sin cuirtear an boladh i gcomparáid le corp atá marbh le seachtain nó le morgadh. Deirtear freisin go gcothaíonn an boladh fiabhras léana is galar scamhóga eile. San am céanna bhí sé maith go leor bláthanna sceiche a chaitheamh amuigh le linn ceiliúradh Bhealtaine. Deirtear go bhfuil boladh gnéis le boladh ón bláth fosta rud a chiallaíonn go raibh bualadh craiceann fiáin a chothú agus a mholadh ar nós ainmhithe eile an dulra. Is docha go raibh torthúlacht speisialta ag baint lena leithéid aimsir Bhealtaine.

Tá inse eile ag an scéal seo. Creidtear gurb é an sceach an chrann phágánta agus gur ghlac an Eaglais Caitliceach léi mar chomhartha do Mhuire. Dá bhrí sin ba chomhartha soiléir gur Chaitliceach an té a thug bláth sceiche isteach sa teach. Ba mhinic a bhíodh craobhóga sceiche leagtha ar leac fuineoige aimsir na bPeindlithe mar chomhartha go mbeadh aifreann le rá sa teach roimh i bhfad. Cinnte, níor ghlac sé rófhada go dtí gur thuig an t-údáras Protastúnach na comharthaí eagsúla, rud a d'fhógair go raibh droch-ádh i ndán do na tithe áirithe seo.

Rinne mé trácht cheana san alt seo ar na tréithe draíochta atá ag an sceach, go háirithe an sceach aonair. Ní amháin go raibh síoga iontach cumhachta ann lena chosaint ach deirtear go bhfuil áit ar leith ah Críostaithe dó ós rud é go ndearna Córóin Dealga Críost as.

Tá tine Bhel/Bhaal luaite thuas ach bhí a lán nósanna ag baint leis an tine aimsir Bhealtaine. Mar is eol do na Gaeil ní raibh cead ag duine ar bith tine a lasadh Lá Bealtaine go dtí gur las Ardrí na hÉireann tine ar bharr chnoc Teamhair na Ríthe. Ba ghnách do dhaoine giorria a dhó le ruaig a chur ar shíoga ar eagla go ngoidfead siad a gcuid ime. Dódh aitinn leis agus daoine den bharúil gur fúthu a chónaigh cailligh agus síoga. Bhíodh maidí chaorthainn ag mná le ba a chur idir dhá thine Bhealtaine go mbíodh rath orthu agus iad a chosaint ó shíoga leis. Bhíodh cloigne capaill curtha sa tine ar feadh tamaillín mar creideadh go raibh treeithe dhia na gréine ag an capall agus go mbíodh cumasaí speisialta ag an ainmhí de thairbhe an traidisiún seo. Ba ghnách do mhná léimeáint thar tine Bhealtaine le torthúlacht a fháil. Lena chois sin, bhíodh eIobairt Bhealtaine ann ina mbíodh ar chréatúréigin siúl costarnocht tríd tine. Is dócha gur maith an rud é nach bhfuil an nós áirithe sin a chleachtadh go fóill.

Draoi Rua


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News