Republican News · Thursday 16 March 2000

[An Phoblacht]

Ag baint an fhód ar son na cúise

Ar an 8ú Márta, bhain an t-iar-aire Martin McGuinness an chéad fhód ar an tógra nua luach 400,000 do An Droichid i Sráid Cooke ar Bhothar Ormeau.

Ins an tógra nua seo beidh áiseanna réamhscoile, iarscoile agus chomh maith leis sin beidh spás d'imeachtaí cultúrtha is oideachas do dhaoine fásta agus spás d'oifigí freisin.

I láthair na huaire, tá naionra An Droichid i seomraí ranga atá beagnach 30 blian d'aois agus atá seanchaite ag breathnú. Séard a dúirt cathaoirleach An Droichid Pat Keenan ná:

``Eiseamhláir a bheidh sa tógra seo don Ghaeilge agus don chultúr dúchasach i ndeisceart Bhéal Feirste agus ar an Trá Ghearr. Níor cheart go mbeadh drocháiseanna ag páiste toisc go bhfuil sí/sé ag freastal ar naionra ná ar bhunscoil. Nuair a bheidh an Meán Fhomhair ann beidh áiseanna ag Naionra an Droichid a bheith ionchurtha le háit ar bith in Éirinn. Táimid dóchasach go mbronnfar aitheantas ar Scoil an Droichid agus ar roinnt gaelscoileanna eile ó Roinn an Oideachais ó thuaidh.''


Naomh Pádraig - Fíor nó Bréagach?

Shíl mé go raibh leithscéal agam an seachtain seo tagairt a dhéanamh do Naomh Pádraig agus lá mór in ónóir dó romhainn. Caithfídh a admháil go bhfuil; a lán aczéalta I dtaobh an fhir céann le cluinstin ar fud na hEireann agus ar fud na cruinne fiú. Ach cé mhéad acu atá fíor?

Leoga, ní thig linn a bheith cinnte fá rud ar bith atá ráite ina thaobh ach amháin gur scriobh sé leabhairín beag, `Confessio', agus litir gearáin fá thaoiseach Shasanach darbh ainm Coroticus. Is faoistín pearsanta atá sa shaothar `Confessio' agus cé go dtráchtann sé ar a thréimhse ar Sliabh Mís níl an oiread sin de dhírbheathaisnéis le fáil ann. Dá bhrí sin, táimid ag brath go hiomlán beagnach, ar bhéaloideas na tíre le léargas a fháil ar Naomh patrúnachta na hÉireann.

Maise, tá tuairimí éagsúla ann i dtaobh náisiúnacht Phádraig. Tuigtear nach Gael é, ach tá scoláirí áirithe den bharúil gur tháinig sé ón Bhreatain Bheag nó ón Bhriotáin agus tá daoine eile a cheapann gurb as an Róimh é toisc go raibh an t-ainm Pádraig air. Tagann an t-ainm Pádraig ón Laidin `Patricus'' a ciallaíonn `duine uasal'.

Cibé ar bith, bhí sagart dall aige l'é bháisteadh ach ní raibh uisce ar bith ann lena chloigeann a fhliúchadh. Shocraigh an sagart úsáid a bhaint as lámh an linbh Phádraig le comharta croise a dhéanamh ar a éadan. Chomh luath agus a bhí ceann Phádraig beannaithe, phléasc tobar amach as an talamh díreach in aice leo. Nígh an sagart é féin in uisce an tobair agus tháinig radharc na súl chuige ar an toirt.

Mar ghasúr, d'éirigh le Pádraig leigheas a thabhairt dá dheirfiúr a bhí i mbaol báis. Chomh maith leis sin, thóg sé a leasathair ar ais ó na mairbh. Chuir sé mactíre faoi smacht agus é ag tabhairt ordú dó uan óg a iompar ar ais chuig a mháthair óna ghoid sé é. Bhí cumasaí iontacha eile aige ina óige agus é in ann ábhar tine a dhéanamh as sioc, mil a dhéanamh as uisce agus im a dhéanamh as sneachta.

Cé go raibh dráiocht ar leith ag Phádraig ní raibh sé ábálta é féin a chosaint ó Niall na Naoi nGiall a sciob é ar shiúl leis go hÉirinn agus a dhíol mar shlábhaí é do thaoiseach Ultach. Ghlac an taoiseach Pádraig go Sliabh Mís i gContae Aontroma áit ar tugadh dualgasaí dó aire a thabhairt do mhuca nó do chaoraigh. Bhí air sé bhliain a chaitheamh ann sula raibh deis aige ealú. Nuair a bhain sé a thír dúchais amach thosaigh brionglóidí saoithiúla a bheith aige inar chuala sé `glór na nGael' ag impí air pilleadh ar Éirinn. [Nuair a cluinneann duine glórtha ina chloigeann, nach comhartha é go bhfuil sé ag gabháil as a mheabhair.]

Ar aon nós, I ndiaidh dó staidár diagachta a dhánamh sa Fhranc, réitigh Pádraig teacht ar ais go hÉirinn. Shíl sé gur chóir dó toiseacht ar a mhisean agus iarracht a dhéanamh Críostaí a dhéanamh den thaoiseach Ultach a bhí mar mháistir aige i Sliabh Mís. Nuair a chuala an taoiseach go raibh Pádraig ag teacht ina threo, chuir sé é féin trí thine agus d'éag sé sular bhain Pádraig Sliabh Mís amach.

sin, shocraigh Pádraig cuairt a thabhairt ar Theamhair na Ríthe ach ní raibh cead isteach aige toisc go raibh siad ag déanamh réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhealtaine. Sula raibh seans ag an Ardrí tine a lasadh ar Chnoc Theamhair, dhearg Pádraig tine breá ar Chnoc Shláine. Cinnte, bhí an ceiliúradh págántach scriosta aige agus é ag deánamh iarracht an chreideamh úr a fhógairt. Lean comhrac idir é féin is na draoithe agus, ar ndóigh, bhí an lámh in uachtar ag Phádraig i gcónaí.

Tugadh cuireadh do Phádraig teacht go Teamhair ach ar a shroicheadh ceann scríbe amach dó rinneadh ionsaí air. Chuir sé draoi ar leith faoi dhraoíocht ina chaitheamh suas san aer é agus a cheann ag teacht anuas ar charraig, mhairigh sé é go dearfach. Sula raibh deis ag na draoithe díoltas a bhaint amach rinne sé fia dó féin agus d'ealaigh sé. Is é sin an fáth a tugtar `Faed Fiada' (Scairt an Fhia) ar an phaidir clúiteach sin uaidh ``Críost liom, Críost romham...''

D'fhill Pádraig ar Teamhair nuair a bhí fleá ag gabháil ar aghaidh ach cuireadh braon nimhe isteach ina dheoch. Nuair a chuir sé a lámh ar an deoch, rinneadh sioc dó agus thiontaigh sé a chúpán bunoscionn sa dóigh is gur thit an braon nimhe amach.

Ní raibh an Ard-draoi ar dhóigh ar bith sásta agus thosaigh comórtas idir an bheirt acu. Chur an draoi páirc mhór faoi bhrat sneachta ach theip air an sneachta a ghlanadh. Bhí ar Phádraig an brat sneachta a thógáil. Ansin, chuir an draoi ceo thart orthu uilig i dTeamhair ach bhí ar Phádraig an ceo a ghlanadh dó. Lean siad ar aghaidh lena cleasaí éagsúla go dtí gur shocraigh siad ar chomhrac dheireannach eadarthu ina mbeadh bothán curtha trí thine.

Tógadh leath den bhóthán le seanadhmad tirim agus an leath eile l'adhmad úr glas. Réitíodh go rachfadh an draoi isteach sa taobh glas agus leabhar beannaithe Phádraig ina ghlaic. B'éigean do Phádraig gabhail isteach sa taobh tirim agus léine an draoi á chaitheamh aige. Leoga, dódh an draoi go hiomlán ach bhí leabhar Phádraig slán. Shiúil Pádraig amach as an teach dóite agus léine an draoi dóite ar fad ar a dhroim. Maise, ní raibh oiread agus braon allais le feiceáil ar a éadan fiú.

Deirtear go ndeachaigh Pádraig go Caiseal le teagmháil a dhéanamh le Rí na Mumhain, Aonghus. Thóg sé seamróg le cur síos a dhéanamh ar an Chríostaíocht.

Le linn dó a bheith ag caint, bhí a mhaide draighin curtha trí chos an rí. Nuair a bhí a chuid ráite aige, thug an Naomh fá deara go raibh an cos ríoga gortaithe aige. Ghabh Pádraig a leithscéal leis an rí ach duirt Aonghus go raibh sé ceart go leor agus é den bharúil go raibh an Naomh ag iarraidh aithrí a léiriú dó. Rinneadh Críostaí d'Aonghus agus Pádraig ag tabhairt beannacht dó féin agus dá mhuintir nach bhfaighfeadh siad bás choíche de thairbhe cneá a bheith orthu.

Mar is eol dúinn uilig, thaisteal Pádraig ar fud na tíre ag bualadh le muintir na tíre seo. Ar an drochuair, ní chreidim go bhfuil go leor spás agam i gcolún beag amháin an t-ábhar seo a chríochnú. Mar sin de, beidh a thuilleadh le léamh ar Phádraig ar an seachtain seo chugainn. Go dtí sin, beannachtaí na féile daoibh uilig!

AN DRAOI RUA


Crosfhocal Seachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seol anois agus mar chuid den chraic, cheap muid crosfhocal a chur os bhur gcomhair an tseachtain seo. Crosfhocal Gaeilge, ar ndóigh agus baineann na freagraí uilig le polaitíochtaí - a bheag ó a mhór.

Trasna

  1. `Seo iad na dúshláin is mó do gach páirtí... agus beidh Sinn Féin ag méadú a seasamh iontu ó seo amach (9)

  2. Scríobhann an duine rua seo alt Gaeilge d'APRN gach seachtain (5)

  3. Is minic a d'eagraigh Rialtas na Breataine an chabhair seo do na hAontachtóirí (9)

  4. Nuair a tháinig na Francaigh i dtí i Muigh Eo tosaíodh .....Chaisleán an Bharra don chéad uair (5)

  5. An líon vóta a faigheann iarrthóir (4)

  6. Moltaí roimh an Ard Fheis (4)

  7. .... eile: TG4 (4)

  8. Tarcaisne, drocham a thabhairt do dhaoine (3)

  9. Thig leat a rá go bhfuil vóta Shinn Féin mar seo le blianta anuas (3)

  10. Is deas é seo, ach níl aon baint ag an focal le polaitíocht faraor (4)

  11. An salachar agus deannach a fágfaí i ndiaidh loiscneoir (4)

  12. Sraith céimeanna curtha le chéile i ndamhsa traidisiúnta (4)

  13. Gabhail i seilbh mí dhleathach ar áit (5)

  14. Ligthe i bhfáillí, neamart (9)

  15. Ardaigh seo os cionn do shúile má tá aon amhras ort faoi dull chun chinn an phróisis (5)

  16. Tá an suíomh polaitiúil mar atá, mar seo: inphléasctha (9)

síos

  1. An cumhacht agus ceart rud a dhéanamh (6)

  2. Ba mhaith linn go ndéanfaí cothrom iad seo go léir, óige na tíre (6)

  3. Tuisle... mar a tharlaíonn go minic i bpolaitíocht. Níl aon réiteach ach chun éirí arís (5)

  4. Agus níl siad siúd imithe ach oiread, an bhfuil a fhios agat (5)

  5. Is iomaí acu seo a troidtear agus a cailltear sula mbuaitear an cogadh (4)

  6. Tá daoine ciníoch ag iarraidh fadhbanna a chruthú as seo in Éirinn faoi láthair (8)

  7. Eochar an chumhachta de réir chách. (5)

  8. Dubhdhóite, spíonta, mar atá polasaithe na bpáirtithe eile (5)

  9. An saghas rud a dhéanfadh Jeffrey Donaldson le cáipéis, b'fhéidir (4)

  10. An stat inar chóir dúinn a bheith: socraithe (8)

  11. An áit ina bhfuil ár n-eisimircigh: thar ....(4)

  12. Comhairle Tebbitt do dhaoine dífhostaithe: téigh ar seo (6)

  13. Aisteach, áit, iarghulta; sóisialachas Páirtí an Lucht Oibre, b'fhéidir?

  14. Imní, ana-bhuartha faoi rud éigin (5)

  15. An t-ainmhí ar 5p na hÉireann

  16. Ainm báistí Sabhat as Garraí Abhann (4)

freagraí

trasna

toghcháin, Draoi, tarrtháil, rásaí, méad, rúin, súil, íde, ata, breá, smúr, séit, áitiú, boiléagar, braoi, adhantach

síos

údarás, páistí, titim, garda, cath, inimirce, eolas, diblí, réab, ullmhóid, léar, rothar, aduain, eagla, tarbh, Seán


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News