Republican News · Thursday 15 June 2000

[An Phoblacht]

I ndiaidh Fionn Mac Cumhaill, cad é a tharla don bhradán feasa? Sin an cheist atá le plé ag an Draoi Rua an seachtain seo.

Bradáin Neamhfheasa!

Tharla go raibh mé in Alban le déanaí agus mé ag taisteal. Le linn dom a bheith ann, bhuail mé le seanchara de mo chuid, an Seandraoi Liath. I measc na scéalta a bhí ag cur as dó ná an tuairisc a tháinig amach ar na mallaibh a chuir síos ar chruachás na mbradán bhfiáin.

Tugtar le fios dúinn sa tuairisc seo go bhfuil daonra na mbrádán fiáin in Alban laghdaithe chomh mór sin go bhfuil gach seans ann go mbeidh sé ag gabháil in éag ar fad. Cinnte, níl an tairngreacht seo teoranta d'Alban amháin.

Caithfidh a admháil go bhfuil draíocht de shaghas éigin ag baint le fáinne an bheatha atá ag an bhradán fhiáin. I lár an gheimhridh, bailíonn na bradáin fásta ina bpéirí i srutháin bheaga ghlana. Beireann bradán baineann na mílte uibheabha ar ghrinneall an tsrutháin agus déanann an bradán fireann na huibheabha a thoirchiú de réir mar a bheirtear iad. Cludaítear na huibheabha le carn gairbhéil agus tosaíonn siad ag forbairt. Ní thagann na bradáin óga as foscadh na gclocha go dtí go bhfuil siad dhá mhí d'aois. Le linn an chéad dá bhliain eile, fásann an bradán óg i bhfíoruisce. Bogann sé síos an sruthán i dtreo uisce níos doimhne agus cónaíonn i spás mó de réir a chéile go dtí go bhfuil sé thart fá caoga gram de mheachán. Cuirtear `cuaralach' air ag an phointe seo agus an bradán i dtús an triú bliain dá shaol agus snámhann sé isteach san fharraige mhór. Fanann sé san fharraige ar feadh breis agus bliain agus é ag fás i bhfad níos gaiste ná mar a thiochfadh leis san fhíoruisce. I rith an tréimhse céanna, fásann sé ó c.50 gram go c.2,500 gram. Agus an bradán ag tarrainngt ar trí go leath bliain d'aois tosaíonn sé ar a thuras ar ais go dtí an sruthán ar rugadh é. Ní itheann sé a dhath ar bith agus é ar ais san abhainn ach tabharfadh sé corráladh anois is arís ar fheithid a bheadh ag gabháil thar bráid. I ndiaidh roinnt míonna de throscadh agus ceann scríbe bainte amach cúpálann sé agus sceitheann sé. Mo bhrón ach ní mhaireann tromlach na bradán le sceitheadh arís.

Ar ndóigh, níl an draíoct céanna ag baint leis na bradáin feirme a chónaíonn i gcásanna ar feadh an chuid is mó dá saol. Cinnte, níl a leithéid chomh folláin le breac ar nós a gcol ceathrair fiána ach tá sé sin intuigthe agus feirmeoirí ag caitheamh ceimicí éagsúla isteach iontu. Tugtar `bia' ar leith do na bradáin feirme sa dóigh is go n-eiríonn siad ramhar go tapaidh agus go dtagann dath dearg ar a gcuid feola. Mar aon leis sin, coinnítear soilse ag gabháil i rith na hoíche sa gheimhreadh ag chuid de na feirmeacha sa dóigh is go gcreidean na héisc gur solas lae atá le feiceáil acu agus leanann siad ag ithe leo.

Thosaigh feirmeoireacht bradáin sna seachtóidí agus tá forbairt mhór tagtha ar an tionscal céanna ó shin. Tá na mílte fostaithe sa tionscal seo sa lá inniu. Is léir, áfach, nach bhfuil saol sláintiúil ag na bradáin feirme agus agus is minic a bhíonn galair éagsúla orthu. Lena chois sin, bíonn seadáin thart timpeall orthu go minic. Gan amhras is ábhar truaillithe an `bia' agus an `cogas' atá in úsáid acu sa ghnó áirithe seo.

Leoga, tá sé deacair go leor cuntas a dhéanamh ar dhaonra éisc faoi uisce agus bíonn muid ag brath ar uimhreacha na mbradáin fiáin a bhfaigheann iascairí as na haibhneacha le slat tomhais a thabhairt dúinn.

Deirtear gur tháinig iascairí na hAlban ar 600,000 bradáin fiána tríocha bliain ó shin ach ní raibh siad ach in ann 76,000 cinn a fháil anuraidh. Is é sin 12% den mhéid a bhfuair siad tríoca bliain roimhe. Glacaim go bhfuil daonra na n-iascairí inniu ar an leibhéal céanna is a bhí agus go bhfuil a scileanna ar chomhchéim lena shinsear. Ar an drochuair, mar sin, tá gach cosúlacht ar an scéal go dtiocfadh leis an bhradán fhiáin a bheith imithe in éag roimh i bhfad.

Is cinnte go bhfuil a lán aibhneacha agus locha truaillithe ag eililteach feirme, ag eisilteach monarchan, ag séarachas agus eile. Ní amháin go maraítear na héisc iad féin idir óg is aosta ach truaillítear an bia sa dóigh is nach dtig leis an chéad ghlún eile forbairt ach oiread.

Tá fadbh eile ann mar tá na mílte bradáin ag ealú ó fheirmeacha agus tá tionchar mhór acu siúd ar na bradáin fiána. Ní amháin go bhfuil seadáin agus galair éagsúla scaipithe ag na héisc feirme i measc na cinn fiána ach crosphoraíonn siad leo chomh maith. Caileann na bradáin fiána a gcuid `críonnachta' i ndiaidh crosphorú agus ní thuigeann siad gur chóir dóibh pilleadh ar a n-áiteacha dúchais le sceitheadh as siocair nach raibh a leithéid ag na cinn feirme. Tuigtear nach bhfuil na bradáin crosphoraithe chomh láidir leis na cinn fiána ach oiread.

De réir na tuairiscí is déanaí, is in olcas atá an fhadhb seo ag dul. De réir staitisticí in Albain; d'ealaigh 95,000 bradáin feirme i 1998: 255,000 cinn i 1999 agus thar chúig mhí i 2000 d'ealaigh níos mó ná 400,000 bradáin ó fheirmeaacha. Ar ndóigh, ní in Albain amháin a bhíonn éisc ag ealú. Níl amhras ar bith ann ná gur tubaisteach an tionchar a bhéas ar na bradáin fiána as seo amach.

Ba cheart ár n-aird a dhíriú ar an `bhradán feasa' láithreach má tá sé le maireachtáil ar chor ar bith. Caithfidh timpeallacht fíorghlan folláin a chothú dóibh in aibhneacha agus i locha ar fud na tíre. Fá láthair, tá `séasúr dúnta' ar iascaireacht na mbradán ó 13 Deireadh Fómhair go dtí Lá Cáille [1 Eanair] ach ba cheart modhanna iascaigh a shrianadh níos mó agus rialú níos fearr a dhéanamh ar an mhéid a thógann iascairí. Lena chois sin, ba chóir go mbeadh ardú caighdeáin beatha taghta i bhfeidhm do na creatúir bochta i gcásanna agus an fheirmeoireacht bradáin a rialú go daingean. Maidir liom féin, agus mé ag glacadh le comhairle an tSeandraoi Liath, sílim go ndéanfaidh mé troscadh ar an bhradán ar feadh tréimhse, bhuel, go dtí go dtagann feabhas ar an scéal [seans go mbeidh troscadh fada romham].

AN DRAOI RUA


Is iomaí nuachtlitir a chríochnaíonn a shaol i ndiaidh Eagrán a hAon. Tá Relatives for Justice ag ullmhú d'eagrán a 3 faoi láthair dá nuachtlitir nua `Justice'. Bhí Eoghan Mac Cormaic ag breathnú tríd uimhir a haon agus uimhir a dó den chéad imleabhar.

Cúiseanna Gearáin

Ar na buntáistí a bhaineann le próiseas na síochána tá an t-athrú ar mhaoiniú tionscnamh náisiúnach agus an dóigh gur féidir le grúpaí deontais a fháil chun na ceisteanna deacra a phlé. Ardaíodh an cheist seo go minic faoi chaiteachas deontaisí, agus an dóigh go raibh airgead an phobail ag dul ar strae i lámha daoine nach raibh maitheas an phobail mar chuspóir uimhir a haon acu... Le tamall, áfach, tá athrú tagtha ar sin. Tá na grúpaí pobail níos eagraithe agus, faoi mhaoiniú Síocháin agus Athmhuintearas (airgead an CE) tugtar cabhair agus tacaíocht airgeadúil - tríd grúpaí mar an NIVT agus Combat Poverty - do thionscnaimh nach mbeadh an stát Briotanach sásta maoiniú dá stuaim féin.

I measc na ndeontais gur féidir a fháil ón airgead seo, tá deontais ann fa' choinne foilseachán agus nach maith an rud é gur féidir le grúpa feachtasaíochta a scéal féin a thabhairt ós comhair an domhain dá bharr.

Níos luaithe i mbliana foilsíodh an chéad eagrán de `Justice - Newsletter of Relatives for Justice' (maoinithe le cabhair an NIVT) agus níos déanaí fós tháinig uimhir a dó amach. Is bua ann féin é an dara eagrán de nuachtlitir a fhoilsiú, nó is iomaí nuachtlitir a chríochnaíonn a shaol ag eagrán uimhir a haon. Thuigfea ón mhéad ábhar atá le plé sa nuachtlitir seo gur fada uainn an uimhir deireannach den sraith.

Sá chéad eagrán tá altanna ann faoi dhúnmharú John Francis Green, faoi bhuamáil Baile Átha Cliath agus Múineacháin, alt le hEamonn Mc Cann faoi Domhnach na Fola, faoin tuairisc Patten, Ronnie Flanagan agus marú Nora Mc Cabe. Chomh maith leis sin tá tuairisc ar iniúchadh Cróinéara ar Dhiarmuid Uí Neill agus ar imeachtaí agus cuairteoirí ó Guatamala agus ón ANC a tháinig chomh fad le RFJ chun ceisteanna córa in Éirinn a scrúdú.

Taobh amuigh de sin, tá alt beag, fíor spéisiúil faoi dán a scríobh John Lennon thiar i 1973, agus a thaispeanann gur chreid Lennon agus Yoko Ono i shaoirse na hÉireann.

Faoin am gur tháinig an dara eagrán amach bhí go leor scéalta eile le tuairisciú. Ar leathanach a haon, insítear go bhfuil cásanna Gervaise Mc Kerr, Pearse Jordan, Patrick Shanahan agus an naonúr a dúnmharaíodh i Lough gCál ag dul os comhair Cúirt Eorpach na gCearta Daonna. Tá eagsúlacht ábhar agus altanna ann arís, an uair seo tá an nuacht is déanaí faoi chás Séamas Ludlow, tá gearr-alt ann faoi marú John Carty i Longfoirt i Mí Aibreán, tuairisc le Tony Doherty ar Fhiosrúchán Saville, alt faoi Pat Finucana, agus fiú alt le Seosamh Ó Cuaig faoin feachtas fada in aghaidh cinsireacht Alt 31.

Tá dhá alt fada san eagrán seo: achoimriú ar léacht a thug an tAthair Réamann Ó Muirí ar `Fhírinne' don ghrúpa Fear Manach den ainm céanna. Léacht smaointiúil a bhí ann gan amhras, `Is rud lag é an fhírinne, is féidir níthe beaga fírinne a chuir faoi cheilt, is féidir leis an duine is baoithe fírinne a ghoineadh' dar leis, agus leathnaíonn sé an fhealsúnacht sin le samplaí den truailliú, goineadh agus clúdú a rinneadh ar an fhírinne le tríocha bliana anuas.

In alt fada eile san eagrán seo scríobhann Robbie McVeigh faoi Fheachtas Rosemary Nelson go dtí seo, agus díríonn sé ár n-aird ar shamplaí den `chogadh salach' a stiúraigh Rialtas na Spainne in aghaidh ETA. Cupla mí ó shin daoradh ball sinsireach den PSOE (an Páirtí Soisialach) agus Ginearal den Guardia Civil as fuadú agus dhúnmharú beirt ball d'ETA agus molann Mc Veigh go bhfuil sé thar a bheith am go raibh Blair ag macnamh ar impleachtaí dó féin mura dtugtar cóir anois do chuimhne Rosemary Nelson.

Tá an dhá eagrán nuige seo lán d'eolas faoina feachtais eagsúla atá ar bun ag gaolta agus cairde iad siúd a maraíodh ag forsaí an stáit agus is fiú iad a léamh agus a scaipeadh ionas go dtuigfidh daoine go bhfuil go leor atá le reiteach fós.

Nuair a nach bhfuil aon eagóir stáit fágtha, thig leis an t-eagrán deireannach a fhoilsiú.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News