Republican News · Thursday 01 June 2000

[An Phoblacht]

Seansaol Nua-Aoiseach

Lá de na laethanta, uair de na uaireanta, nuair a bhí go maith is ní raibh go holc, is íomaí tithe ceann tuí in ascall an ghleanna a bhíodh le feiceáil ar fud na tíre. Tá athrú mór tagtha ar an scéal sin le tamall.

Níl mórán seantithe le feiceáil anois ar chor ar bith. Tá gach cosúlacht go bhfuil náire ar phobal na tíre seo ar na seantithe ach tá cuid mhór de na seanbhallóga leagtha ar fad agus glanta go hiomlán as cuimhne na n-óg.

Ina n-áit, tá an tír anois breacaithe le bungalónna nua-aimseatha agus iad gan mórán carachtair, dar liom. Níl mórán iarracht déanta ailtireacht ár sinsear a chomhnú. Caithfidh go bhfuil coimpléasc ísleachta de shaghas éigin ar chuid mhór againn agus muid ag iarraidh dearmad a dhéanamh de na laethanta nach raibh na háiseanna comhaimseartha go forleathan sin.

B'éigean dom a admháil go n-éir`eim féin dubh dóite ag breathnú ar an chinéal céanna tithe agus mé ag taisteal ar fud na tíre. Is cosúil gur tharla `bungaló Blitz'i ngach aon contae in Éirinn. Tuigim go mbíonn formhór an phobail bródúil as a stithe féin ach cad chuige nach ndearnadh iarracht na seantithe a dheiseú agus a chur i gceart.

Rinne mé tagairt cheana do choimphléasc ísleachta agus creidim go ghfuil meon an chailín aimsire ar chuid mhór den tír seo go fóill. Is cinnte go bhfuila lán daoine faoi thionchar no meáin cumarsáide agus iad ag breathnú ar na tithe móra a bhíonn ag poncánaigh is a leithéid. Lioga, láithreach. B'fhéidir go dtiocf`ea comparáid a dhéanamh anseo le gasúr trí ghliain d'aois a chíonn trucail uachtar reoite ag teacht ina dtreo.

Mar aon leis sin, ní dhearna ceachatar rialtais mórán iarracht leis na seantithe a chaomhnú ná daoine a spreagadh iad a dheisiú ach oiread. Dá bhrí sin, mhothaigh cuid mhór de mhuintir na tíre gur cur amú ama agus airgid cruth úr chur ar seanteach.

Tuigim go raibh deontaisí ar fáil blianta ó shin sna sé chontae le seantithe a dheisiú ach tháinig deireadh leo go tobann. Anois, tá scéim nua tosaithe i ndeiscirt an Dúin agus é mar chuspóir acu seanfhoirgnimh traidisiúnta an cheantair a athchóiriú agus san am chéanna bailte a chur ar fáil do mhuintir na háite.

Lena chois sin, creideann ceannairí na scéime seo go mbeadh sé d'acmhainn na ndaoine áitiúla na tithe seo a cheannach fosta. Ní amhaáin go bhfuil sé i gceist acu na seantithe a athchóiriú ach is léir go bhfuil iarracht dearfach a dhéanamh acu fadhb ganntanas tithe a leigheas chomh maith. Maise, beidh siad ábalta dídean maith a chur ar fáil don cheznbtar tríd an scéim agus is cosúil nach bhfuil siad ródhaor i gcomaráid le tithe eile ar an mhargadh mar éiríonn lio deontaisí measartha fláithiúla a fháil ar a son.

Tríd an scéim áirithe seo, tá ,eas á chothú ar na seanfhoirgnimh a bhí ann fadó. Níorbh é go gcaithfidh fabháil gan uisce reatha agus gan litctreachas ach is féidir gach uile áis nua-aoiseach a úsáid taobh istigh. Ar ndóigh, ni gá do muca ná cearca cónaí ann ach oiread mar a bhíodh fadó. Leoga, thig cuireadh a thabhairt dóibh más mian le muintir an tí.

Is é mo bharúil gur chóir don dá rialtas scéimeanna ar a leithéid de dheisceart an Dúin a thoiseacht i ngach aon ceantar in Éirinn. Bheinn buartha, áfach, go ndéanfadh lucht an racmais iarracht seilbh a bhlacadh de na scéimeannaseo agus na seanfhoirgnimh a dhíol mar tithe saoire agus iad ag iarraidh brabús a dhéanamh astu. Cinnte, ba chóir smacht a choinneáil ar na scéimeanna seo go mbeadh tithe ar fáil do dhaoine áitiúla gan dídeal agus do na hÉireannaigh úra atá i ndiaidh tacht i dtír, na teifigh.

Draoi Rua

Lá breá amháin coicís ó shin tháinig beirt garda go dtí an teach le barantas dó, agus an maidin dar gcionn cuireadh faoi ghlas é `go dtí go nglanfaí a dhíspeagadh don chúirte (as an síneadh tí a bheith ina sheasamh fós)'. Insíonn Eoghan Mac Cormaic scéal pleanála nach raibh ar an nuacht náisiúnta le déanaí.

Gan cara sa chúirt, gan punt sa sparán

B'í Ivana Trump, beanchéile an mhilliúnaí Nua Eabhrach, a dúirt, trath, go ndearnadh na dlithe cánacha do na `daoine beaga', rud a chiall nach raibh mórán suime aici in íocadh a cuid cánacha féin. Ní raibh sí ar na daoine beaga; an mhalairt ar fad a bhí inti, í saibhir agus in ann na dlithe a sheachaint.

Bhí mé ag macnamh ar sin, an tseachtain seo chuaigh thart, agus muid ar an bhealach go Príosún Caisleán an Rí chun cuairt a thabhairt ar chara linn. Faoin am go raibh muid ag tabhairt aghaidhe ar an charcair bhí trí lá caite aige ann. Ní raibh sé ag ithe (mar agóid in aghaidh a bhraighdeanais míchothroime) agus ní raibh a fhios ag a chlann cén uair a scaoilfí saor arís é.

Mar a tharla, chuir an fear bocht trí lá eile isteach faoi ghlas sular éirigh le dlíodóir a chás a bhrú ós comhair breithimh, agus é ar stailc ocrais an t-am ar fad.

Cuirimis ainm ar an fhear seo, cuirimis Tómás air ionas go dtuigfimid gur duine é, nach ficsean é, agus gur fhulaing sé go mór as a chuid taithí i gCaisleán an Rí. Cén coir a rinne Tómás a cheadaigh cumhachtaí an stáit a chuid saoirse a bhaint de ar feadh sé lá? Bhuel, thóg sé síneadh ar chistín a thí i nGaillimh.

Mhínigh sé an cás domh. Bhí teach aige i nGaillimh agus, mar a bhí go leor leor eile de lucht an dúiche ag déanamh, chinn sé ar shíneadh a thógáil ar an chistín chúl an tí. D'fhiafraigh sé ón Chomhairle faoi chead pleanála agus dúradh leis go raibh srian ar mhéad an sínte agus dá rachadh sé thar sin go mbeadh cead pleanála de dhíth. Toisc gur síneadh beag a bhí i gceist ní raibh cead ag teastail. Thosaigh sé an obair.

Chomhaimseartha le tús na hoibre, bhí tús a chur le eastat tionscadála de chuid an IDA, píosa beag síos fána ó theach Tómáis agus, nuair a cuireadh tús leis an obair sin, thosaigh scoilteanna ag síneadh tríd na tithe ar shraid Tómáis. Chun a theach a neartú, cheap sé ar urlar breise a thógáil ar an síneadh le taca a thabhairt don bhalla a raibh scoilt le feiceáil ann. Rinne sé amhlaidh agus nuair a bhí a jab déanta chuir sé iarratas isteach ag lorg cead coinneála nó retention order ar obair a bhí déanta gan chead pleanála. Shíl sé go mbeadh sin faighte aige nó bhí tithe eile, in aice leis, a bhí mar a cheanna.

Sheol sé a iarratas isteach.

I gclúdach bán.

Ní raibh clúdach donn aige, faraor.

Diultaíodh cead coinneála dó.

Diultaíodh é, toisc, dar leis na húdaráis, go raibh sé cupla lae mall ag cur a iarratais isteach. Ní féidir linn a rá gur imir dath an chlúdaigh aon tionchar ar an chinniúint sin, ach cee fios? Chuaigh an Comhairle os comhair na cúite, fuair ordú scriosta ina aghaidh agus - chun brú breise a chur ar Thómás - ordú braighdeanais ina choinne mura gcomhlíonfaí an t-ordú scriosta.

Le breis agus dhá bhliana anois tá Tómás ag iarraidh a cinniúnt sin a chealú; ag iarraidh dóigh éigin a fháil chun a chás a thabhairt ar ais ós comhair na gcúirteanna agus ag maireachtáil faoi scath an ordaithe braighdeanais. Dhá mhí ó shin chreid sé go raibh slí aimsithe aige agus bhí sé ag fanacht ar dháta ag deireadh Mí Bealtaine chun a chás a phlé os comhair breithimh. Ach bhí sé cearr. Lá breá amháin coicís ó shin tháinig beirt garda go dtí an teach le barantas dó, agus an maidin dar gcionn cuireadh faoi ghlas é `go dtí go nglanfaí a dhíspeagadh don chúirte (as an síneadh tí a bheith ina sheasamh fós)'.

Bhí Tómás faoi ghlas nuair a bhí George Redmond ag `míniú' an mhilliúin punt a ghnothaigh sé i rith a sheala ar Bharda Bhaile Átha Cliath. Bhí sé faoi ghlas nuair a bhí Fianna Fáil agus Fine Gael agus Lucht Oibre ag fiosrú caimiléireachta a gcuid comhairleoirí. Bhí sé faoi ghlas fad a's go bhfuil forbairt mhór, mídhleathach, á thógáil fós ar an taobh eile de chathair na Gaillimhe, in aghaidh tola na ndaoine áitiúla agus le 11 ordú coinneála tugtha dó cheana féin ag Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe.

Ina dhiaidh sé lae, tógadh Tómás ós comhair cúirte arís, agus gheall a dhlíodóir go leagfaí an síneadh tí taobh istigh de thréimhse ama ordaithe ag an chúirt agus scaoileadh Tómás saor. Beidh air an síneadh ina iomlán a leagadh go talamh, gan tracht ar fhortún nach beag i gcostaisí dlíthiúla agus eile. B'fhéidir gur smaoin sé ar Ivana Trump ansin chomhaith agus an t-aistriú Éireannach dá cuid focal: go ndearnadh na dlithe pleanála - agus an píonós a bhaineann le - do na `daoine beaga'.

I gcás na ndaoine saibhre is scannal nach bhfuil siad faoi ghlas; i gcás na ndaoine beaga is scannalach é go bhfuil.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News