Republican News · Thursday 27 July 2000

[An Phoblacht]

G8,Gréithe gránna agus GM

Tá sé dochreidte gur chosnaigh sé $750 miliún leis an cruinniú G8 in Okinawa sa Seapán a réachtáil. Chaith lucht eagrú an t-airgead ar áiseana, ar shiamsaíocht agus eile a chur ar fáil d'ochtar fear agus 22,000 saighdiúir ina gcuideachta l'iad a choinneáill slán. Le fírinne, cuireadh an oiread céanna airgid amú is a ghlanfadh fiacha ollmhóra tíre sa Tríú Domhan. Cinnte, chreidfea go bhfuil an oiread sin forbairt i gcúrsaí teicneolaíochta anois go dtiocfadh leo ollchruinniú a réachtáil thar an idirghréasán idir an t-ochtar. Déarfainn nach mbeadh an costas céanna i gceist agus ní bheadh a gcuid airm de dhíobháil orthu l'iad a chosaint i réimse na ríomhairí.

Is maith le ceannairí ollchumhachta na cruinne bolscaireacht a dhéanamh as na cruinnithe móra seo agus iad á rá go bhfuil sé ar intinn acu fiacha an Tríú Domhain a ghlanadh agus teacht ar réiteach ar fhadhbanna éagsúla den bhochtanas ar fud na cruinne leis. Cé gur éirigh leo freastal ar shiamsaíocht agus a leithéid theip orthu ar fad rud ar bith fiúntach a dhéanamh ar son na mbocht.

Maith go leor, bhí clár chuidiú i bhfiacha curtha le chéile cheana ina raibh ar thíortha a chrúthú don G8 go raibh siad in ann clíonadh le coinníollacha éagsúla. B'é an rud a bhí ar bun acu ná ag iarraidh teacht ar staid ina dtiocfadh le tíortha toiseacht ar aisíocaíocht arís. Níl aon naoi dtír ón Tríú Domhan cáilithe faoi rialacha G8 go foill. Bhí 25 thír in ainm is a bheith cláraithe faoi dheireadh na bliana. Is léir nach bhfuil G8 in ann cloí lena chuid geallúnintí féin.

Cuireadh ráiteas poiblí amach faoi dóigh a raibh sé ar intinn ag G8 iarracht le gabháil chun chinn a dhéanamh i bhforbairt na teicneolaíochta i dtíortha an Tríú Domhan. `Sea, bhí tasc-forsa bunaithe le fiosrúchán a dhéanamh ar an døigh leis an idirghréasán a fheabhsú agus córas cumarsáide níos fear a chothú idir na tíortha is saibhre sa domhan leis na tíortha is boichte. Cad é a bheadh siad ag iarraidh a rá le muintir an Tríú Domhan agus an oiread sin `cumarsáide' cruthaithe acu?

`Is muidne na tíortha is saibhre sa domhan agus tá an bia ar fad againn nuair atá sibhse ag fáil bás den ocras.'

Nuair a smaointím ar a leithéid de dhearcadh samhlaím gasúr l'uachtar reoite agus é ag cur isteach ar ghasúr eile toisc nach bhfuil ceann aige.

Tá baol ann go mbeidh brú a thuilleadh a dhéanamh le forbairt bia GM. Is cosúil go bhfuil na poncanaigh ag déanamh a ndícheall bia GM a chur chun cinn sa Eoraip agus in áiteanna eile. D'éirigh leo coca cola a bhrú cad chuige nach mbeadh sé ina gcumas gréithe GM a bhrú chomh maith.

Ar ndóigh tá an teicneolaíocht ar fad acu agus bheadh ar thíortha an domhain íoc go daor as. Ní féidir síol a choinneáil ó fhómhar amháin le síol a chur san earrach óir ní fhasann sé. Caithfidh síol eile a cheannach. Deirtear chomh maith go lagdaítear coras cosanta an choirp agus bia GM ite ag duine agus go bhfuil níos mó seans ann go dtitfeadh an duine i dtinneas éigin.

Deir lucht G8, áfach, go mbeidh siad ag gabháil saineolaithe a fhostú lena cruthú go bhfuil bia GM slán. Oibríonn an pleán seo go furasta.

  1. Téann G8 le beart mór airgead chuig saineolaithe.

  2. Míníonn G8 torthaí an taighde.

  3. Tugann G8 airgead do na saineolaithe.

  4. Éisíonn na saineolaithe torthaí G8.

Bhí orm miongháire a dhéanamh nuair a chuala mé Clinton ag rá: `Nach mbeadh sé sásta choíche i bhfios domh féin ligint dona comharsáin sa Mheiricea bia drochshláintiúil a ithe'.

Ar ndóigh is iad na poncanaigh ar an dream is slántúla lena mbolga móra ramhra ag gabhail do McDonalds leis na cianta.

Chuimhnigh mé ar ionracas an fhir céanna le linn a thréimhse sa Teach Bán. Leoga, bhí uachtáran Mheiricea i gconaí mácanta mar a d'fhoghlaim muid sa stair. Is cuimhin liom George Bush ag rá: `Léigh mo chuid beola... ní bheidh a thuilleadh cánacha ann!'


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News