Republican News · Thursday 20 July 2000

[An Phoblacht]

Is iomaí leabhair atá scríofa ar an tír seo, cad é eile a bheadh le scríobh a fhiafraíonn an Draoi Rua?

Ábhair Machnaimh!

Tharla go raibh mé i dTír Chonaill ag deireadh na seachtaine agus le linn dom a bheith ann bhuail mé le fear ó Cheanada a d'inis dom go raibh leabhar á scríobh aige ar Éirinn. Cinnte, chuir mé spéis sa mhéid a bhí le rá ag an scríobhaí agus mé ag fiafraí a thuilleadh eolais i dtaobh an leabhair.

Dúirt sé go raibh sé seachtaine le caitheamh aige in Éirinn ag taisteal agus ag bailiú eolais ar fud na tíre agus nuair a bheadh an staidéar sin déanta aige go gcuirfeadh sé an t-iomlán síos in ord don fhoilsitheoir. Ar ndóigh, bhí gach rud socraithe cheana féin leis na foilsitheoirí agus dátaí ar leith réitithe le gabháil i mbun cló.

ois, creidim féin go bhfuil sé fíor-dheacair ábhar leabhar a chur le chéile taobh istigh de roinnt seachtaine. Bhí orm a thuilleadh ceisteanna a chur air faoin leabhar agus d'inis sé dom gur leabhar ginearálta a bhí ann fán tír.

Dá mbeadh a leithéid le déanamh agam féin creidim go mbeadh orm ábhar amháin a roghnú le staidéar a dhéanamh. Mar is eol dúinn, tá na mílte scéalta is breis ábhair éagsúla scríofa síos cheana feein agus tá méid bocht le cur ar phár go fóill.

Ní raibh neart agam air ach thosaigh mé ag smaointiú fán cineál leabhar a bheadh i gcló aige agus é réidh. Rinne mé iarracht téamaí an leabhair a shamhailt. Gach seans go mbeadh tagairtí ar leith do na hábhair seo a leanas:

...Tíreolaíocht, polataíocht, seicteachas, cineiochas, eacnamaíocht, bochtanas, feirmeoireacht, tionscalaíocht, oideachas, stair, cogaidh, na Ceiltigh, creideamh págánachta, na déithe, an Críostaíocht, na hEaglais, na Naoimh, an timpeallacht, catharacha móra, saol na tuaithe, caomhnú is truailliú an dúlra, miotaseolaíocht, laochra, síoga, béaloideas, seanchas, traidisiúin, nósanna, cultúir, pisreoga, logainmneacha, bia na nGael, litríocht, spórt, ceol...agus araile...na hÉireann.

Más leabhar ginearálta atá le scríobh ag mo dhuine, shílfeá go ndéanfadh sé tagairt do na rudaí seo ar fad.

Maise, níl sé ar intinn ag an Cheanadach áirithe seo leabhar iomlán a scríobh ar na hábhair uilig thuasluaite. Leoga, ní dóigh liom go dtiocfá leabhar iomlán sásúil cruinn a scríobh ar ábhar amháin as an mhéid atá luaite, bunaithe ar cheantar amháin, taobh istigh de pharóiste amháin i gcontae áirithe amháin. Bíonn lucht critice an-dian, mar is eol dúinn agus bíonn rud éigin fágtha ar lár i gcónaí.

Caithfidh mé a admháil gurb é an chéad rud a shíl mé nuair a bhuail mé leis an fhear seo as Cheanada ná:

`cad é mar is féidir leatsa teacht isteach anseo agus leabhar a scríobh orainne taobh istigh de roinnt seachtaine?' Bhuel, ní creidim go mbeinn cáilithe le gabháil chuig tír ar bith agus a leithéid a dhéanamh.

I ndiaidh athsmaoineamh a dhéanamh air, áfach, réitigh mé maithiúnas a thabairt dó as an `pheaca mharfach' a bhí déanta aige. Chuimhnigh mé ar an luach stairiúil a bhí i ndialainn taistealaithe éagsúla agus iad in Éirinn le linn an Ghorta Mhór. Leoga, ní raibh i gcumas na ndaoine rud ar bith a scríobh agus is trí fhocail na taistealaithe a fheictear léargas ar an tréimhse tubaisteach seo.

Is dócha gurb é an cuspóir atá ag an scríobhaí seo as Ceanada ná léargas beag bídeach a thabhairt do dhaoine ina thír féin agus eile ar dhearcadh s'aigesean den mhéid atá fáil sa tír seo. Gach seans go n-éireoidh leis spléachadh beag bídeach a thabhairt do dhaoine agus go múscóidh sé spéis iontu a thuilleadh staidéir a dhéanamh nó go mothóidh sé go mbeidh dualgas air féin gabháil níos doimhne sa scéal.

Ar aon nós, creidim go bhfuil muid féin ró-cháilithe iarracht a dhéanamh a leithéid de leabhar a scríobh. Seans nach mbeadh fonn orainn choíche rud mar seo a dhéanamh agus fiú dá mbeadh, ní bheadh muid riamh sásta leis an mhéid a bheadh scríofa againn ag deireadh an lae agus muid ag éirí leabhar foirfe a chruthú. B'fhéidir gur chóir dúinn a bheith níos foscailte inár ndearcadh féin agus fáilte a chur roimh thaistealaithe a bhfuil dialainn a iompar acu. Thig le roinnt mhaith againn a rá nach mbeadh mórán maithis i leabharthaí mar seo ach san am céanna caithfear a admháil nach mbeadh mórán dochair iontu ach oiread.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News