Republican News · Thursday 13 July 2000

[An Phoblacht]

`Níl ach 3% de thalamh na tire seo faoi choillte dúchascha a deir an Draoi Rua agus é ag plé forbairt na bhforaoiseacha in Éirinn.

Coillte agus an Comhshaol

Is íomaí comhrá a bhí agam le mo chara an Seandraoi Liath agus mé ar saoire in Alban ar na mallaibh. I measc na hábhair a bhí a phlé againn ná tábhacht na gcrann lenár ndúlra a chaomhnú. Leoga, ba léir dom go raibh i bhfad níos mó crainn dúchasacha le feicéail thall ná atá ar fáil in Éirinn.

Bhuel, deirtear gurb í Éire ar an tír is lú coillte san Eoraip. Tá 7% de thalamh na tíre faoi fhoraoiseacha. Ce gur féidir a rá go bhfuil feabhas tagtha ar an sceal ó thus an chéad seo chaite nuair nach raibh ach 1% faoi fhoraoiseacha is náireach an sceal é go fóill. Is é an meán sa Chomhphobal Eorpach ná 24%.

Ní thig linn mórán gearáin a dhéanamh leis an Stát sna Sé Chontae is Fiche i dtaobh an ábhair seo, óir is leis an phobal 80% de fhoraoiseacha na tire. Is é an polasaí ata acu ná 30,000 hectár a chur faoi chrainn gach bliain. Is é an fhadhb atá ann, áfach, ná gur crainn cónaifeára 97% atá curtha ag an rialtas.

Is é an giúis Sitka ar an chrann is coitianta atá curtha ach cuirtear peinne, giúis Douglas agus giúis Lochlannach fosta. Tá buntáistí éagsúla bainte leis an tionscal foraoise óir fásann na crainn cónaifeára go furasta anseo agus tá níos mo ná 13,000 duine fostaithe ann. Is féidir na crainn óga a thógáil í ndiaidh 15 bliain. Ciallaíonn sé sin go bhfuil obair leanúnach ann í gcónaí leis na coillte agus cruthaíonn gach 1,000 hectár crainn céad post eile.

Ar an drochuair, is féidir le crainn cónaifeara tionchar aigéadach a bheith acu ar an talamh ina dtimpeallacht agus is féidir leis an aigéad áirithe seo gabháil i bhfeidhm ar srutháin is ar na aibhneacha taobh leo. Mar aon leis sin, ní thig le mórán eile fás i gcoill cónaiféir agus dá bhrí sin ní chuidíonn said le plandaí is ainmhithe dúchasacha a chothú sa tír seo. As an 7% de thalamh na tire atá faoi fhoraoiseacha, is 4% crainn cónaifeára. Dá bhrí sin, níl ach 3% de thalamh na tíre seo faoi choillte leathanduilleacha dúchasacha.

Cinnte, níl ach leathchuid den adhmad a theastaíonn uaidh ag an Chomhphobal Eorpach. Cé go holc is atá siad sa CE úsáidtear i bhfad níos mó ná mar a thairgeotar in Éirinn.

Is leir go bhfuil táirgeadh adhmaid bunaithe ar chrainn cónaifeir ach tá sé thar a bheith tábhachtach crainn leathanduilleacha a chothú. Tá na crainn leathanduilleacha iontach tábhachtach i gcóir áiteanna dúchais do phlandaí agus d'ainmhithe. Lena chois sin, beidh a leithéid de dhíth ar ball le crua-adhmad a sholáthar dúinn in ionad a bheith ag goideadh crua-adhmad ón teochrios atá ag éirí gann. Maise, ba cheart go mbeadh plean fadtéarmach ann a thuilleadh crainn leathanduilleacha a chur sa tír seo.

Níl aon amhras ann ná go gcuidíonn an fhoraoiseacht go mór le caomhnú an chomhshaoil. Ní amháin go gcothaítear éagsúlacht plandaí agus ainmhithe mar atá thuasluaite ach cabhraíonn sí le creimeadh ithireach a shrianadh agus le atmasféar an domhain a chothromú. Is féidir a rá fosta go gcuidíonn coillte le taobh tíre a mhaisiú agus go gcuireann siad áiseanna íontacha ar fáil do dhaoine mar chaitheamh aimsire. Lena chois sin, ba cheart coillte beaga a chothú in aice cathrach ar mhaithe le timpeallacht nádúrtha a fhorbairt i measc na bhfoirgneamh móra. Íslíonn foraoiseacht cathrach torann agus scagann said roinnt truailliú chomh maith. Mar sin de, tá sé tábhachtach crainn óga a chur agus crainn aibí a chosaint sna cathracha. (Ba cheart do Chomhairle Cathrach na Gaillaimhe aird a thabhairt anseo agus an Fhaiche Mhór a fhorbairt acu.)

Bhí Comhairle ar leith ag an Seandraoi Liath maidir le forbairt ródaideandrón in Éirinn. Mar is eol dúinn, ní crann dúchasach é ach tá sé le fail in a lán áiteanna iargúlta anois agus is deacair srian a chur lena fhorbairt. Cé gur deas na bláthanna móra liathchorcra a fheiceáil i ngairdíní éagsúla, ní thig liom a rá nach bhfeicim mórán áilleacht iontu agus iad scaipthe thart ar shléibhte i gCiarraí, I dTír Chonaill agus eile. Ní amháin go scaipeann said go gasta ach ní le rud ar bith eile fás fúthu ná in aice leo. Is fadhb mhór í an gabháil chun cinn atá a dhéanamh ag an ródaideandrón ach níl mórán fiúntais san adhmad féin. B'é an moladh a bhí ag an Seandraoi Liath, áfach, ná gur féidir an t-adhmad a úsáid go héifeachtach le sóiithigh adhmaid a dhéanamh agus is álainn an cuma atá ar a leithéid. Cinnte, thiocfadh le tionsclaíocht iomlán a bhunú ar an mholadh seo dá mbeadh an toil agus an tacaíocht ag duine.

Tuigim anois go bhfuil deontaisí ar fáil le crainn a chur l'aghaidh foraoiseacha a dhéanamh nó a chur i bhfeabhas. Ba cheart go mbainfidh daoine aonaracha agus eagraíochta éagsúla úsáid as a leithéid. Tá súil agam go dtabharfaidh muintir na tíre aird ar fhorbairt na gcoillte ní amháin ar mhaithe le dúlra dúchasacha na tuaithe a chaomhnú ach ar son na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh.

Draoi Rua


Foras teanga i mBéal Feirste

Ag an crúinniú poiblí a heagraíodh le déanaí sa Chultúrlann i mBéal Feirste ag an scáthghrúpa POBAL, pléadh go príomha dhá rud:

. An Foras Teanga agus cá háit a bheidh a chuid oifigí buana.

. An raibh straitéis ar bith acu leis an Teanga a chur chun cinn?

Dúirt Gearóid Mac Siacais ó Sinn Féin go bfhuil stratéis sé bhliain ag an páirtí leis an Teanga a chur chun cinn, bunaithe ar na 32 chontae. I rith na cainteanna, bhí Sinn Féin ag iarraidh ioncur cothrom ón tuaisceart agus deisceart agus d'éirigh leo. Beidh dhá oifig ag an Fhoras Teanga, ceann acu i mBéal Fierste agus ceann eile i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Gearóid MacSiacas go raibh cinneadh glactha ag Sinn Féin dhá bhlian go leith ó shin dul isteach i lár na cathrach leis an oifig, mar gheall ar pholasaí an pháirtí lár na cathrach a dhéanamh níos Gaelaí agus níos náisiúnaí.

Tá dearcadh an láidir ag na nGaeil i mBéal Firste go bhfuil ceart ag na nGaeil úsáid a bhaint as lár na cathrach. Tá áit ag Conradh na Gaeilge i gCearnóg an Choláiste Thuaidh (lár na cathrach) agus bhí Oireachtais rathúil acu le himeachtaí socraithe sna háiteanna is fearr sa chathair.

Chreideann cuid mhór daoine, go háirithe iad atá i bhfábhar leis an mholadh seo, gur príomhchathair Ghaeilge na hEireann atá in Iarthar Bhéal Feirste (9 mBunscoileanna, Meánscoil agus cuíd mhór rudaí eile).

Tá díomá air an POBAL leis an deontas 20,000 a cuireadh ar leataobh dóibh in áit 200,000. De réir foinsi i mBéal Feirste an seachtain seo, tá an Poras ag súil le tuilleadh airgid a bheith acu le caitheamh roimh deireadh na mbliana. Tá 4m breise i gcéist nár íoc Stormont go fóill agus tabharfaidh seo deis de grúpaí eile iarratas a chur isteach.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News