Republican News · Thursday 06 July 2000

[An Phoblacht]

Rinneadh ionsaí ar bhialann McDonalds sa Fhranc ag feirmeoir caora, is í an cheist atá ag an Draoi Rua ná cén fáth?

Bové V McDonalds

Caithfidh mé a rá nach bhfuil meas ar bith agam ar an chomhlacht phoncánach McDonald's. Tuigim go bhfuil na tréithe is measa de chaipitleachas le sonrú sa chomhlacht céanna seo.

Ní dhéanann McDonalds aon iarracht an dúlra a chaomhnú trí dhóigheanna a n-oibríonn a ngnó. Tuigtear nach bhfuil an fheoil atá ar fáil acu ar an chuid is sláintiúla. Sa Mheiriceá, creidtear nach ligtear formhór na beithigh amuigh faoin aer agus iad den tuairim go gcaillfeadh na ba meáchan. B'fhearr leo, mar sin, na beithigh a choinneáil istigh i sciobóil i rith na bliana go n-éireodh siad níos gaiste. Leoga, coinnítear ba, muca, cearca agus turcaithe ar na modhanna seo.

Lena chois sin, tuigtear go meascann a lán feirmeoirí Mheiriceá cuid de chac na mbó isteach san fhéar atá le ithe acu agus iad den tuairim go líonann a leithéid a mbolga níos fearr. Níorbh é go bhfuil an cac caite ar na páirceanna go díreach anseo, áit a bhfuil féar le fás go nádúrtha ach tá sé measctha leis an sadhlas ós a gcomhair. Bhuel, faoin am a thagann cac as tóin ainmhí, is cinnte go bhfuil cibé fiúntas dó bainte as. Dá mbeadh muid ag iarraidh glacadh le tuiscint na bhfeirmeoirí Mheiriceá seo, bheadh muid uilig ag ithe caca.

Maise, ní thabharfadh na scéalta thuasluaite fonn ar dhuine ar bith mórán feola a ithe ach chomh maith le drochaighdéan bheatha agus bia neamhsláintiúil ba chóir cuimhniú go bhfuil drugaí éagsúla tugtha do na beithigh fosta.

Tuigtear fosta go bhfuil McDonald's i gceannas ar chuid mhaith den talamh sna foraoiseacha báistí. Dóitear raonta móra den fhoraois ar mhaithe le ba a chur ag innilt ar fhéar. Is é seo an úsáid is measa l'aghaidh an talaimh seo óir fágtar gan mhaith í i ndiaidh tamaillín. Nuair a tharlaíonn sé sin, tréigtear an talamh sin agus leagtar a thuilleadh foraoise báistí. Scriostar gach cineál beatha sna foraoiseacha báistí idir plandaí agus ainmhithe de gach saghas. Leagtar idir 5 agus 10 milliún heicteár d'fhoraois bháistí gach bhliain de bharr comhlachtaí mar McDonalds.

Mar aon leis an mhéid seo, tuigim nach bhfuil cead ag oibrithe McDonald's a bheith ina mball de cheard cumainn ar bith. Is dócha go ndéanfadh siad iarracht brú a chur ar a chuid oibrithe cac a ithe ar nós na n-ainmhithe, dá dtiocfadh leo brabús a dhéanamh as!

Bhéinn ábalta a thuilleadh a scríobh maidir le drochnósanna atá ag an chomhlacht Mc Donald's ach bhí mé ag iarraidh cúlra beag a thabhairt orthu sula ndéanfainn trácht ar `Jose Bové'

Is feirmeoir caora Jose Bové a rinne ionsaí ar bhialann Mc Donald's áitiúil sa Fhranc thart fa' blian ó shin. Bhí sé i measc scaifte de dheichniúiur a rinne slad ar an McDonald's áirithe seo.

Is ceannaire aonta feirmeoireachta Jose Bové a rinne gearán i gcoinne chomhlacht Mc Donald's mar íomhá lofa caipitleach Mheiriceá. Is cinnte go bhfuil a lán daoine ar aon intinn leis óir bhí suas le 30 000 duine ag fanacht leis taobh amuigh den chúirt Dé Satharn seo chaite.

Chomh maith leis sin chuir grúpa feirmeoirí seastán ar bun taobh amuigh den McDonald's céanna le linn don chás cúirte a bheith ar siúl. Bhí giota mór de cháis Roquefort, gliona fíona agus suaitheantas i gcoinne lofacht an chaipitleachais ar dhíol acu ar £1. B'éigin do McDonald's druidim.

Cé go bhfuil tacaíocht suntasach ag Bové taobh amuigh den chúirt níl mé cinnte an bhfuil an oiread sin cairde sa chúirt féin. Thiocfadh leis féin agus a chomhradaithe cúig bhliain a chaitheamh faoi ghlas agus píonós £50 000 gearrtha orthu. Ní bheidh breithiúnas tugtha go dtí deireadh an tsamhraidh.

Admhaím go raibh fonn orm McDonald's a scrios go minic ach ní dheachaidh mé chomh fada sin go fóill. Ní thig cás cúirte a dhéanamh i gcoinne smaointe, áfach. Creidim dá mbeadh tuiscint níos fearr ag an phobal ar nósanna gnó McDonald's nach mbacfadh siad leo ar chor ar bith agus nach mbeadh gá l'iad a scrios. Tá lucht lofa an rachmais ag tacú le McDonald's ach is léir go bhfuil pobal na tíre ar son Bové. Leoga, beidh suim agam sa scéal seo agus mé ag fanacht ar bhreithiúnas Jose Bové i gcoinne McDonalds.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News