Republican News · Thursday 6 January 2000

[An Phoblacht]

bhfuil pleananna ar bith déanta agat do Lá caille? Dar leis an Draoi Rua tá níos mó le déanamh againn an lá sin ná bheith ag fulaingt ó thinneas poit!

Nósanna La Caille

Cé go gcreideann na Ceiltigh go dtosaíonn an bhlain úr le tús an gheimhridh i mí na Samhna, caithfidh muid a admhail nach bhfuil an domhan ar fad ar aon intinn linn.

Tá a fhios ag chách go mbíonn Lá Caille ina chúis cheiliúrtha in Alban níos mó na áit ar bith eile is dócha. Ar ndóigh, tá leithscéal ollmhór le bheith ag daoine i mbliana go háirithe, agus ní bheidh na hAlbanaigh ag ceiliúradh leo féin ach oiread.

Bhí nós ann in Alban tamaill ó shin ina mbíodh duine amháin ag caitheamh craiceann bhó ar a dhroim. Bhíodh scaifte leis an bhoc seo agus bataí acu. Ba ghnáth le giota den chraiceann a cheangail ar na bataí. Ansin, nuair a tharfadh siad cuairt ar theach, ritheadh siad thart ar an teach trí uaire agus an scaifte ag bualadh an té ar a mbíodh an craiceann bhó.

Chreid na hAlbanaigh go raibh bua iontach ins sa nós seo go mbeadh beannacht speisialta curtha ar mhuintir an tí da bharr. De reir mar a thuigimse, bhí na cuairteoirí ag tuar go mbeadh gach duine compordach, sláintiúil agus neart feola l'ithe acu i rith na bliana.

Ní dóigh liom go bhfuil an nós thuas a chleachtadh go fóill ach tá creideamh láidir ann i dtaobh cuairteoirí ag teacht chun tí Cinnte, is maith Ie comharsana athbhliain faoi mhaise a bheannú ar a chéile ach brathann an fáilte ar an duine a thagann ar cuairt.

Cuirtear failte ollmhór roimh fhear dhubh go háirithe. Deirtear go dtugann fear dubh ádh mór leis, rud a fhanfaidh sa teach don bhliain. Ba cheart dó bronntanais a thabhairt leis mar giota guail, scadain nó boinn airgid.

Ní maith le duine ar bith fear nia a fheiceáil ag teacht ar cuairt chucu Lá Caille óir ní bhíonn de thuar aige ach droch-adh. Leoga, ní theim féin ag áirneáil Lá Caille dá bharr. An Draoi Rua, an dtuigeann sibh!

Agus daoine ag déanamh reidh le fáilte a chur roimh an bhliain úr, creidtear gur cheart an glantachain tií uilig a bheith déanta oiche na seanbhliana sa dóigh nach gcuirtear ruaig ar an adh maith atá le teacht san athbhliain. Cé gur chóir an glantachain tí a bheith déanta cheana, creidtear gur cheart na simleirí a ghlanadh Lá Caille le tús úr a fhógairt. Leoga, i ndiaidh na simleirí a ghlanadh, tá gach scans ann go mbeidh glantachain ti le déanamh arís... agus cé fios nach bhfuighfea `fear dubh' mar chuairteoir má chuireann sibh glaoch ar glantóir simleirí!.

Tá nósanna eile a chleachtadh ag daoine go fóill le failte ceart a chur roimh an bhliain úr. Osclaítear an doras díreach ag meán oíche go dtig leis an seanbhliain ealú agus gur féidir leis an bhliain úr teacht isteach.

Mar aon leis sin, deirtear gur chóir gach clog sa teach a thochraisiú sa dóigh is go mbeidh rath ar mhuintir an tí. Má tharlaíonn sé go rugtar paiste i dteaghlach, creidtear go mbeidh adh agus rath sa teach go cinnte.

Má tá duine ar bith ag iarraidh adh mór a bhronnadh air féin, ba cheart dó gabhail amach agus damhsa a dhéanamh thart ar chrann Lá Caille. Ní amháin go beidh adh mór i ndán don duine sin ach beidh a shláinte aige agus éireoidh leis go hiontach i gcúrsaí grá fosta.

Ach, cibé rud atá a dhéanamh agat Lá Caille, creidtear go mbeidh tú ag gabhail dó an bhliain ar fad. Dá bhrí sin, seachain an drabhlas nó beidh bliain iomlán drabhlasach le caitheamh agat, nó seans go mbeidh mílaois iomlán le caitheamh ar an drabhlas. Seachain é sin. Déan rud deimhneach. Leigh leabhar. Scríobh litir. Teigh timpeall le postaeirí nó bileoga polaitiúla. Ní dhéanfaidh tú mórán cairde as, ach cuimhnofar ort go deo!

Draoi Rua


Tá cuid mhaith áiteanna san Iarthar báite arís i mbliana. Bhí Eoghan Mac Cormaic amuigh sna feirmeacha agus é ag macnamh ar an fhadhb. Tá an fhadhb seo inchurtha, dar leis, le tubáistí eile sa domhan nuair a déantar tomhas de ar bhonn pearsanta.

Ar an trá folamh - istír

Timpeall deich mbliain ó shoin bhí píosa grinn ag dul timpeall a d'fhiafraigh `Caidé mar a aithníonn tú duine as an tSrath Ban? Mar gheall ar rianta an taoide timpeall a mhuinéal!' B'é sin an bhliain a bhris an Fionn a bhruacha agus gur fágadh cuid mhaith den bhaile faoi uisce ar feadh seachtaine nó gur thráigh an tuile. Nach maith an rud go raibh daoine in ann bheith ag gáire faoi; níor báthadh nó níor gortaíodh aon duine le linn an tubaiste cé gur ndearnadh go leor scrios ar thithe, agus ar mhaoin agus sheilbh lucht an bhaile.

Níl ach cúig bhliain ó tharla tubaiste ar scála níos measa fós in iarthar na hÉireann, agus arís, má's buan mo chuimhne, níor cailleadh aon duine. Ach, nuair a fágadh baile Gort Inse Guaire faoi chludach fhluich uisce, agus nuair a bhí an chuid is mó de Dheisceart Chontae na Gaillimhe faoi uisce, cailleadh na céadta ainmhithe, scriosadh go leor leor tithe agus rineadh damáiste sna milliúin punt dá bharr.

Dúradh ag an am gur de bharr polasaithe forasaíochta a tharla an tubaiste.

Dúradh ag an am nach dtarlódh a leithéid arís.

Dúradh go raibh faillí déanta ag feirmeoirí.

Dúradh ag an am nach dtarlódh a leithéid arís.

Dúradh go raibh na draenacha cosctha.

Dúradh ag an am nach dtarlódh a leithéid arís.

Dúradh go raibh fadhbanna le tithe nua agus ballaí nua á thogáil.

Dúradh ag an am nach dtarlódh a leithéid arís.

Ach tharla. Tharla sé thar thréimhse na Nollag, agus faoin am a léann sibh an t-alt seo beidh an ceantar faoi uisce i gcónaí. Don dara uair le cúig bhliain tá feirmeoirí tráite ar oileáin nua chruthaithe i mbailte fearainn idir Contae na Gaillimhe, An Clár, Luimneach...

Deirfidh daoine go bhfuil an ceantar seo lán de thúrlochanna. Tá. De ghnáth, bíonn an talamh tirim agus seasc i rith an tsamhraidh agus ansin, teacht an gheimhridh líontar na túrlochanna le huisce fearrthaine ó thaobh an leaca, ó na cnoic agus leitir maguaird. Ach tá athrú mór tagtha le glúin anuas ar meid na túrlochanna, agus ar cumas na túrlochanna folmhú an uisce breise síos na pollta slogtha. Sa cheantar seo anois, i ngleann na Sionna, faoi bhruacha na habhann Cláirín agus i go leor leor áiteanna beaga nach gcluintear iomrá futhú go dtí go mbíonn tubáiste mar seo ann, tá scrios fad téarmach déanta.

I gcásanna mar seo, caithfear gach tubáiste a chur i gcomparáid le tubáistí eile. Tá suas le 50 000 duine marbh sa Venezuela i ndiaidh sleabhnú clabair. Tá na mílte corp caillte go deo faoi na méadair d'ithir, agus ní thiocfar orthu arís. Sa Fhrainc, tá 80% den thír ar fad ina limistear tubáiste nádúrtha anois mar gheall ar na tuilte uisce thall, agus meastar go dtógfaidh sé blianta sula mbeidh an córas leitreach i gceart arís. Ach, go háitiúil agus ar bhonn pearsanta tá na fadhbanna in iarthar na hÉireann inchurtha leis na mórfhadhbanna sin le tithe faoi uisce, le bóithre scríosta, le dabhaigh shearachais pollta agus bagairt go rachaidh an séarachas isteach sa chóras uisce ólta; le hainmhithe maraithe, baite, sciobtha ag an tuile.

Cúig bhlian ó shin gealladh nach dtarlódh an leithéid arís. Bhí, mar a luaigh mé cheanna, go leor leor daoine toilteanach an locht don tubáiste a leagadh ar thairseach go leor leor daoine eile. Feirmeoirí, foraiseoirí, polaiteoirí, togálaithe, athraithe san aimsir féin; tá freagrachtaí ann, is docha, ag gach uile dream. Ach ag deireadh an lae, is fadhb inseachanta é, don chuid is mó, fadhb seo na dtuilte in iartha na hÉireann. Tá plean le foilsiú amach anseo ag Noel Treacy le fadhbanna na Gaillimhe a reiteach. Tá plean mar sin de dhíth don iarthar ar fad ina mbeidh aire tugtha do dhraenacha, bóithre agus aibhneacha chun an t-uisce a ghlanadh agus a choinneail ag sruth óna cnoic go dtí an fharraige. Tá sé thar a bheith am go raibh deireadh le rianta an taoide timpeall muinéal muintir an iarthair.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News