Republican News · Thursday 24 February 2000

[An Phoblacht]

De réir le tuairiscí tá na cúirteanna seo á liobralú, ach le trí chás mór díspeagtha le roinnt seachtainí anuas níl Eoghan Mac Cormaic sásta go bhfuil aon ní liobralach faoi mheon na mbreithiúna mar atá.

Ar son cúise

Níl ach cúpla nó trí sheachtaine ó bhí an meán cumarsáide ag céiliúradh ceapachán trí bhreitheamh nua, Ronán Keane mar Príomhghiústais; Catherine McGuinness agus Adrian Hardiman mar bhreithiúna na hardchúirte. Dúradh, ag an am sin, go raibh an rialtas ar tí liobralaithe iontaigh a thosnú sna cúirteanna agus le héirí as do chuid breithiúna eile amach anseo go mbeadh blas nua, níos liobralaí ann don mhílaois nua. Is dóigh go nglacfar leis an ainmniúchán, an tseachtain seo, den Ghiústas Hugh Geoghegan don Ardchúirt mar chuid eile den phróiseas liobralaithe sin. Ar ndóigh, ní aontóidh cách go bhfuil aon rud níos liobralaí anois faoi na cúirteanna agus, go deimhin, tá go leor samplaí ann go bhfuil na cúirteanna ag éirí níos coimeadaí seachas níos oscailte.

Ó mí Eanáir amach i mbliana tá trí chás a sheasann amach a léiríonn cumhacht na cúirte i gcoinne cearta daoine chun agóide a dhéanamh. Sa trí chás seo, chinn breithiúna éagsúla cumhachtaí `díspeagtha' a úsáid i gcoinne an lucht agóide agus i ngach cás, imríodh smacht láidir - thar fóir, déarfainn- ar na hagóideoirí.

Thosaigh an ré liobralach seo le cás na bhfeirmeoirí. San aighneas idir na feirmeoirí agus an tionscal mairtfheola, chur na feirmeoirí picéad ar na monarcána. Picéad daingin. Bhí an picéad chomh daingin sin gurbh ionann é agus cosc ar ghluaiseacht isteach agus amach as na monarcána. Thóg na monarcána an cás os comhair na gcúirteanna agus rialaigh breitheamh go mbeadh ar na feirmeoirí an cosc a scoir, rud nach raibh siad sásta a dhéanamh. Cúpla lae ina dhiaidh sin chinn an breitheamh go raibh na feirmeoirí ag léiriú díspeagtha dá chúirt agus ghearr fíneál 100 000 orthu; an píonós sin le bheith ann do gach lá a bhrisfeadh na feirmeoirí a rialú.

Liobralach? Bhuel, bhí. I dtéarmaí comparáide. Ina dhiaidh ceithre lae, ghairmigh sé na feirmeoirí ar ais os a chomhair agus mhéadaigh an píonós go leathmhilliún punt in aghaidh an lae mar phíonós ar an díspeagadh. Ní féidir ach go mbrisfí an IFA ina iomlán dá leanfaí leis an agóid mar a bhí nó mar a dúirt Tom Parlane ina dhiaidh sin, tháinig sirriam na hardchúirte go dtí ceannaras an IFA láistigh d'uair a chloig ina dhiaidh an rialaithe sin agus reoigh siad a chuid cuntaisí bainc agus ghabh smacht ar threallamh agus mhaoin na heagraíochta.

sin, an tseachtain seo chuaigh thart tháinig spotsolas na poiblíochta ar dhá chás eile a `reitíodh' le rialú `díspeagtha. Sa chéad cás bhí dlíodóir den chúirt chuarda i gCorcaigh páirteach i gcás `teaghlaigh' nuair a chinn an breitheamh gurbh fhearr an cás a phlé ina sheomra, go príobháideach, gan an pobal i láthair. Pé rud a tharla nó a dúradh sa seomra, chríochnaigh sé leis an dlíodóir curtha faoi ghlas ar rialú an bhreithimh a thug breithiúnas gur thaispeán sí (an dlíodóir) díspeagadh dá chúirt. De réir eagraíochta na ndlíodóirí i gCorcaigh ní raibh an bhean ag déanamh aon rud cearr ach an ionadaíocht is fearr arbh fhéidir lei a thabhairt, a thabhairt dá thaobh den cás. Ní fhaca an breitheamh é sna téarmaí sin. Bhí sí ag éirí tógtha, dar leis, agus nuair a nár chiúnaigh sí mar a b'áil leis an breitheamh ghearr sé fineál 2 uirthi. Dhiultaigh sí an fíneál a íoc agus mar thoradh an díspeagtha sin, cuireadh faoi ghlas í go dtí go nglanfadh sí an díspeagadh. Tá na dlíodóirí i gCorcaigh ar saghas stailc ó shin in aon cásanna a bhfuil an breitheamh sin ina shuí orthu.

Agus ansin tháinig na heco-throdairí os comhair na cúirte. Tá a fhios ag cách faoin am seo faoin raic sa Glen of the Downes agus go deimhin tá roinnt altanna scríofa faoi thar na blianta in An Phoblacht sna leathanaigh Béarla agus Gaeilge araon. An tseachtain seo chuaigh thart, ina dhiaidh do Chomhairle Chonta Chill Mhantáin tús a chur le leagadh na gcrann chun an bóthar úr a chur fríd an gleann tógadh 13 eco-thodaire ós comhair na cúirte arís ag iarradh barantas a fháil uathu nach gcuirfidís isteach ar obair na dtogálaithe. Nár léir don bhreitheamh nach mbeadh na heco-throdairí in ann a leithéid de gheallúint a thabhairt? Nár léir go rachadh a leithéid de choimitmint glan in aghaidh na hagóide agus an chúis lena raibh siad ag baint? Don tríú uair le sé sheachtain bhí idéalachas agus creideamh i gcearta an duine agóid a dhéanamh ar son rud a gcreideann sé nó sí ann ag dul in adharca a chéile le brod agus cumhacht na gcúirteanna agus na mbreithiúna. `Má's maith libh mairtirí a dhéanamh asaibh féin, is mise a dhéanfaidh mairtirí asaibh' arsa an breitheamh agus chuir sé faoi ghlas iad i bPríosún Monseoighe, áit ina bhfuil siad go fóill agus an t-alt seo á scríobh.

Táthar ann a deirfidh nach féidir aon rud eile a dhéanamh i gcás díspeagtha ná cumhacht na cúirte a imnirt ar an duine nach dtaispeánn an meas cuí don chúirt. Mura féidir leis na cúirteanna umhlaíocht an phobal a chur i bhfeidhm dóibh féin, dar leis an smaoineamh seo, tá an córas dlí faoi bhagairt. B'fhéidir gur fíor é sin, agus b'fhéidir gur cheart go mbeadh smacht eigin ag breitheamh nuair is léir nach bhfuil taobh amháin nó taobh eile ag cloí le hordú cúirte ach caithfear rudaí mar seo a choinneáill réasúnta. Agus is fiú a chuimhneamh, chomh maith, i gcásanna mar a luaigh mé anseo, nach raibh na hagóideoirí ag déanamh aon rud in éadán na gcúirteanna go dtí gur tháinig na cúirteanna isteach sa chás. Is teorannú í an chúirt ar cheart an duine agóid a dhéanamh agus dá bhrí sin, níor chóir go mb'ionann an píonós ar `dhíspeagadh' agus deireadh a chur leis an agóid trí an duine nó eagraíocht a chur faoi ghlas ná dímhaoinithe ina iomlán.

Má tá liobralú na cúirte mar chuspóir an rialtais tá píosa eile den bhóthar le taisteal fós.


seachtain seo scrúdaíonn an Draoi Rua modhanna feirmeoireachta an lae inniú. Is cosúil nach bhfuil sé róshásta le cuid mhór de fheirmeoirí na tíre seo.

Forbairt nó scrios na Tuaithe

Léigh mé alt i nuachtán ar na mallaibh agus an t-údar ag cáineadfh fheirmeoireacht an lae inniú. Bé an tuairim a bhí aige ná nach bhfuil an oiread sin airde tugtha ag feirmeoirí comhaimseartha ar a dtimpeallacht nádúrtha. Go fírinne, níorbh é nach dtugtar aire don dúlra ach scriostar é go minic. Caithfidh mé a rá go mothaím féin ar aon intinn leis an scríobhaí áirithe seo. Níorbh é go bhfuil gach feirmeoir ciontach as milleadh ach déarfainn go bhfuil roinnt mhaith dochar déanta ag an tromlach acu.

Ar ndóigh, tá an chuid is mó de fheirmeoirí na tíre seo faoi smacht ag an Chomhphobal Eorpach. O réitíodh glacadh le ballraíocht an CE i dtús na seachtóidí, d'fhág níos mó ná 200,000 duine an fheirmeoireacht mar slí bheatha taobh istigh de dheich mbliain sna sé chontae is fiche. Maise, tá méid na bhfeirmeoirí ag ísliú go fóill. Dá bhrí sin, tá i bhfad níos lú feirmeoirí ann ach tá míd na bhfeirmeacha féin i bhfad níos mó.

ois, ós rud é go bhfuil feirmeoirí na tíre seo faoin ordóg ag an CE, caithfidh siad glactha le cibé traoracha atá tugtha dóibh má tá siad ag iarraidh deontaisí a fháil. Ar an drochuair, áfach, níor tugadh comhairle iontach do dhaoine i gcónaí. Bhí oifigí talmhaíochta na hEorpa den bharúil gur chóir go mbeadh páirceanna i bhfad níos mó ann. Is dócha go raibh siad ag aontú leis an tuairim poncánach gurb é an rud is mó an ní is fearr. Nuair a rinneadh páirc mór as deich ngort mar shampla, ní amháin nár fágadh an oiread sin crainn ann ach fágadh na héanacha gan foscadh, gan dídean agus le ganntanas bí.

Is fearr le tarrachóra móra a bheith ag tiomáint thart i bpáirceanna móra in ionad a bheith ag cur amú ama i ngoirtíní beaga. Lena chois sin, áfach, tá i bhfad barraíocht leasú tacair caite ar na páirceanna céanna atá mar nimh don talamh féin.

Mar aon leis an mheid sin, dúradh le feirmeoirí gan bacadh le glasraí is torthaí a fhás ach moladh dóibh a n-aird a dhíriú a bheithigh a choinneáil. Anois, tuigeann cách go bhfuil sléibhte ime agus feola ag méadú i rith an ama ach caitheadh suas le 370 milliúin le glasraí is torthaí a thabhairt isteach sa tír seo anuraidh. Cinnte, thiocfadh le formhór na ngasraí is na torthaí céanna a fhás sa tír seo.

Tuigtear go bhfuil neart dul chun cinn déanta thar na blianta l'innill éagsúla agus araile a fhorbairt ach ní hionann sin agus a rá gur ar mhaithe ne dtimpeallachta a tharla sé. A mhalairt atá fíor óir b'é an príomhchuspóir a bhí taobh thiar den fhorbairt teicneolaíochta seo ná airgead a shaothrú níos gaiste is níos fusa.

Caithfidh a admháil go bhfuil athrú tagtha anois ar mheon na hoifigí talmhaíochta sa CE agus iad den tuairim gur cheart an timpeallacht a chaomhnú, ach tá cuid mhór dochair déanta cheana féin.

D'eisigh an RSPB tuairisc ar na mallaibh ar stadas na n-éan sa Bhreatain agus sna sé chontae. De réir an tuairisc seo, deirtear go bhfuil contúirt cinnte ann go mbeidh méid áirithe éanacha ag imeacht in éag muna n-athraíonn modhanna feirmeoireachta. Tuigtear go bhfuil an t-éan uasal sin, an traonach, i mbaol leis na blianta agus níor chúplálaigh oiread is péire amháin sna sé chontae anuraidh. Leeiríonn staitisticí eile go raibh trí mhíle traonach i gcontae Fhear Manach amháin i 1972 ach ní raibh ach naoi gcinn le fáil ann i 1992. Leoga, níl amhras ar bith ann ná gurb iad modhanna feirmeoireachta a ba chúis leis an damáiste millteanach seo san dúlra.

Níorbh fhada ó bhí nósanna níos cairdiúla don timpeallacht a chleachtadh ag feirmeoirí na tíre seo. Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le daoine fán dóigha ba ghnách leo siúl thart gort ar leith sula dtádh an tarrachóir isteach ann. Bhíodh an feirmeoir ag déanamh cinnte nach gcuirfear an tarrachóir isteach ar neadacha ar bith agus níor bhacadh le cuideanna áirithe a bhaint dá bharr. Bhí traidisiún eile ann fosta, (agus is rud é a chleachtaím féin go fóill), ná nuair a tugadh crann faoi deara ar a raibh a lán eidheáin ag fás gur baineadh an eidheán de ar mhaithe leis an chrann a shábhailt. Ar ndóigh, déarfadh formhór de fheirmeoirí an lae inniú nach mbeadh an t-am acu a leithéid de nósanna mar seo a chleachtadh.

Caithfidh mé a léiriú anseo nach bhfuil mé i gcoinne forbairt teicneolaíochta ar dhóigh ar bith a fhad is go ndéantar é ar son na timpeallachta. Creidim gur chóir go mbeadh cothromacht ann idir na nósanna a chleachtadh ag glún romhainn leis an dúlra a chaomhnú agus an forbairt comhaimseartha seo. Mar aon leis sin, is é mo thuairim gur chóir go mbeadh feirmeoirí tuillteanach a bheith ag obair ar a gconlán féin agus ar son na tíre seo óir ní mhairfidh deontaisí na hEorpa go deo. Ba cheart dóibh a bheith ag díriú ar a thuilleadh ghlasraí/thorthaí a fhás ar son muintir na hÉireann chomh maith. Bheadh s´iontach dá dtiocfadh leo gach rud a dhéanamh go horgánach freisin.

Draoi Rua.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News