Republican News · Thursday 14 December 2000

[An Phoblacht]

Neodracht mar dhea!

`Cé a thug cead do rialtas na 26 Contae an stadas neodrachta seo a thréigeáint?' Sin an cheist atá tógtha ag An Draoi Rua.

Níl aon amhras go bhfuil stadas neodracht na tíre eo laghdaithe go mór agus páirt a ghlacadh acu anois i `bhFórsa Freagartha Gasta' (FFG). I ndáiríre, ní thig a rá go fírinne go bhfuil stadas neodrachta ar bith fágtha dá bharr. Gach seans go bhfuil an cinneadh seo ag Airí Rialtais na 26 Contae bainte leis an `Pháirtnéireacht um Síochána' agus dul chun cinn déanta acu a bheith i mbun troda agus cogaidh.

Tuigtear go mbeidh FFG an Aontas Eorpaigh i mbun gníomhaíochta faoin bhliain 2003. Mar is eol dúinn beidh 66,000 saighdiúir de dhíth ag an FFG ó bhallstáit an Aontas Eorpaigh. Tá 850 saighdiúir Éireannacha geallta ag 26 Contae cheana féin agus gach seans go mbeidh méadú ar an uimhir sin faoi 2003. Caithfidh a chur san áireamh go bhfuil sonraí le réiteach go fóill ag an FFG maidir le fórsaí aeir agus farraige. Dá bhrí sin, is cinnte go mbeidh a thuilleadh fir óga na tíre seo a lorg ag an FFG.

Cé a thug cead do rialtas na 26 Contae an stadas neodrachta seo a thréigeaint? Níor iarr siad cead riamh ón phobal maidir leis na pleananna míleata atá beartaithe acu.

De réir an tAire Gnóthaí Eachtrachta, Brian Cowen, gur ar bhun cás ar chás a bheadh aon saighdiúir ón tír seo páirteach in aon gníomhaíocht. Gabh mo leithscéal, ach ní réitíonn an ráiteas seo uaidh an fhadhb gur shocraíodh a bheith páirteach le FFG sa chéad áit. Mar aon leis sin, cé a bheas ag scrúdú na cásanna éagsúla inar chóir do shaighdiúirí na tíre seo a bheith i mbun cogaidh.

Bhí ráiteas suimiúil eile ag an Aire Cosanta Micheal Smith agus é ag rá go bhfuil cead na Náisiún Aontaithe de dhíth sula dtéann an tír seo i nbun féachtas síochána ar bith de chuid an airm úir Eorpaigh. Is cosúil go bhfuil arm na tíre seo breá sásta gabháil i mbun cogaidh ach iad ag fanacht ar chead ag teacht ó na Náisiún Aontaithe. San am céanna, áfach, déanann Airí rialtais a gcuspóirí cogaidh a cheilt agus focail mar `feachtas síochána' in úsáid acu. Creidim go raibh `féachtas síochána' ar siúl i gceart le linn na seascaidí sa chéad seo chaite agus fir agus mná fadghruaigeacha ag brú cumhacht na mbláthanna chun tosaigh.

Ní hí Éire an t-aon tír amháin a bhfuil a cuid prionsabail díolta aici. I measc na ballstáit eile de chuid na hEorpa a raibh stadas neodrachta acu ach atá sásta páirt a ghlacadh le FFG ná an tSualainn, an Fhionlainn agus an Ostair. Is é an Danmhairg an t-aon tír amháin atá tuillteanach an fhód a sheasamh lena chearta neodrachta a chosaint.

Más fórsa úr de chuid an Aontais Eorpaigh an FFG é, cad chuige a bhfuil an Túirc ag gabháil a bheith páirteach ann agus iad ag geallúint breis agus 5,000 saighdiúir a thabhairt isteach chuige? Mar atá a fhios againn, níl an Túirc ina bhallstát ach cad iad na cuspóirí atá ag an Aontas Eorpach ligint dóibh a bheith páirteach san fhórsa nua seo? Lena chois sin, cad iad na haidhmeanna atá ag an Túirc féin ann?

Is ábhar imní eile é nach bhfuil teorainn tíreolaíochta cinnte leagtha síos don FFG an Aontas Eorpaigh. Cé go dtagann siad faoi cheannas an Aontais Eorpaigh, ní ghá dóibh a bheith ag feidhmniú taobh istigh den Eoraip ach is féidir leo a bheith i mbun `féachtas síochána' suas le 2,500 míle taobh amuigh den Eoraip.

Tuigimid go mbaineann a lán de na socraithe míleata seo le cúrsaí airgid. Ach cé dó a bheas an t-airgead a chaitheamh? De réir mar a thuigimse is iad dream míleata na tíre seo a bheas sásta leis an chinneadh seo. Tá 4% den Chiste Airgeadais caite cheana féin ar airm agus ar lón airm in Éirinn. Is é seo an chuid is mó atá caite ar airm i stair na 26 Contae, is náireach an figiúir é do stát neodrach. Cinte, leanfaidh an costas míleata seo bliain i ndiaidh bliana agus 26 Contae páirteach i FFG agus Páirtnéireacht um Síochána. Cé go mbeidh suim mhillteanach airgid de dhíth ag an dream mhíleata, is dócha go mbeidh polaiteoirí na tíre seo tuillteanach cibé airgead a bhronnadh ar an arm gan ceist.

Creidim go mbeadh sé oiriúnach ár bhféachtas síochána féin a thoiseacht agus muid ag iarraidh deireadh a chur l'arm na 26 Contae. Mar chuid den fhéachtas seo, bheadh 0% den Chiste Airgeadais caite ar airm agus is dócha go mbeadh saighdiúirí le feiceáil ar stailc. Ach nach maith saighdiúirí ar stailc a fheiceáil le linn féachtas síochána?

AN DRAOI RUA


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News