Republican News · Thursday 03 August 2000

[An Phoblacht]

D'fhoilsigh Bardas Bhaile Átha Cliath liosta an tseachtain seo de chiontóirí a thruailligh an chathair. An stopfaidh sé an truailliú nó an bhfuil níos mó brú de dhíth?

Ainmnigh agus Náirigh...

Tcím go bhfuil Bardas Bhaile Átha Cliath i ndiaidh polasaí nua a thabhairt isteach agus ainmneacha a fhoilsiú de dhaoine a ciontaíodh faoi fhó-dhlíthe bruascar. Thosaigh siad an ré nua, an tseachtain seo, le fógra leath-leathánach san Irish Times ag `ainmniú agus ag náiriú' na gciontóirí leis an aidhm, is dócha, nach ndéanfaidís athchiontú agus chun rabhadh a thabhairt do dhaoine eile faoin phionós nua seo, an t-ísliú poiblí.

Chuardaigh mé an liosta go cúramach agus mé ag guí (!) nach mbeadh ainm Shinn Féin le feiceáil i measc na gciontóirí agus, ar ámharaí an tsaoil, ní raibh.

Déanta na fírinne, ní raibh ainm páirtí polaitiúil ar bith ann rud a chuir mé ag smaoineadh go mbeidh liosta eile á chraoladh ag Bardas Bhaile Átha Cliath amach anseo do pholaiteoirí a fhágann postaeirí agus a leithéid ar bhallaí, cuaillí solais agus tlacht clárach ar bith eile do na mhíonna, agus blianta i ndiaidh tóghchán.

De ghnáth, in Éirinn, crochtar an iomarca postaeirí i rith tóghchán agus feachtais phoiblí eile, agus, nuair atá an tóghchán nó feachtas thart, fágtar an bruascar gránna seo ag foluain sa ghaoth níos minice ná mar ba chóir. Agus is trua a rá, ó am go ham bíonn postaeirí Sinn Féin san áireamh.

Níl aon leithscéal dó agus tá dhá locht ann nuair a smaointear faoi: i dtús ama, níor chóir go mbeadh barraíocht postaeirí in úsáid nó is scrios agus cur amú páipéir é sin, agus ansin níor chóir go ligfeadh páirtí atá i bhfábhar timpeallachta glaine don timpeallacht céanna a thruailliú le bruascar.

I mbealach, tá ré an phostaeir páipéir thart cibé scéal. Aithníonn na páirtithe eile agus uile é seo anois, agus is minice anois a foilsítear postaer costasach ar plaisteach nó corriboard ná postaer páipéar. Tá na postaer nua seo níos measa don timpeallacht (ní ní thagann meath ar phlaisteach) ach, ar a laghad, is féidir iad a úsáid arís agus arís eile fad a's atá an teachtaireacht orthu fóirsteanach do níos mó ná tóghchán amháin.

Is cliste, mar sin, `Vótáil Sinn Féin' ná `Vótáil Joe Bloggs' mura bhfuil muid cinnte faoi pleananna fad-téarmacha Joe, nó tá na postaeirí áirithe seo daor go leor fiú má tá siad `inúsáidte' arís agus arís.

Ach ní hiad na páirtithe polaitiúla is mó atá ciontach as truailliú postaeireachta mar seo augs chruthaigh `dubhliosta' an Bhardais sin má bhí cruthú de dhíth. `Siad na comhlachtaí fógraíochta a chuireann imeachtaí chun chinn, na `promoters' a chrochann an chuid is mó de na postaeirí - idir dleathach agus mídhleathach - ar fud na háite agus is ceart go ngearrfar fineáil orthu as an truailliú sin. Ach le `ainmniú agus náiriú' an bhfuil aon cinnteacht go stopfaidh daoine óna ndrochiompar? I liosta an Bhardas bhí 60 ainm de chomhlachtaí ar gearradh fineáil orthu. Bhí ciontóir amháin (Verve Marketing) luaite sé uair, as sé chion éagsúil. Níor luaigh an fógra cén fineáil a gearradh sna cásanna éagsúil cé go bhfuil cumacht ag an Bardas suas le £1500 a éileamh ach is léir go gcaithfidh pionós níos troime a chuir i bhfeidhm in aghaidh daoine agus comhlachtaí atá ciontaithe arís agus arís. Mura dtarlaíonn sin, mura méadaíonn an píonós go pointe pianmhar, ní stopfaidh an truailliú, is léir.

Is tús maith é `ainmniú agus an náiriú'. Tá sé in am go dtabharfar an polasaí céanna isteach i ngach réim truailliú sa tír.

LE EOGHAN Mac CORMAIC


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News